675
Cenn Faela mac Crunnmaeil meic Blathmaic ina dhegaid-sin ceithre bliadna. Co r-ro marbad la Finnachta mac Dúnchada meic Aeda Sláine i n-Aircheltra i cath. Finnachta Fledach mac Dunchada ro gab iar sin fichit bliadan co torchair la Congalach ocus la h-Aed mac nDluthaig i n- Grellaig Dolluid.
In Finnachta tra ba dhaidbir do chonáich ar tús é. Ocus ro búi ben aice {folio 61b}ocus tegh. Ní raibe imorro do sheilb aice acht aen-damh ocus aen-bhó. Fecht n-aen do- rála rí b-Fer Rois for sechrán ocus merugud i comfochraib a boithe-sium. Ní raibe reimpi riam adaig ba mesum indás in adaig-sin de ghaillim ocus do shnechta ocus do dorchataid. Ocus in teg dar ba h-áil do'n ríg cona mhnái ocus cona muinntir dola ní raibe a chumang dóib ra méit na dorchatad ocus na doininne rochtain. Ocus ba hé a n-imráidte tairisem fó bunaib na crann. At-chuala dana Finnachta in t-imrádhad-sin uair nír bo chian uaidib a both Fhinnachta. Ocus tánaic ar a chiunn ar in sligid ocus iss ed ro ráid riu bad chóra dóib tuidecht dá tig boicht sium indás imtecht na h-oidche doirche ocus mét na doininne. Iss ed ro ráid in rí ocus a muinnter: Is cóir na n-abra. Is maith linn a rád frinn. Táncatar iarum lais dia thig ocus ro ba mó mét in tige indás a shaidbre. Do-rat imorro Finnachta buille i cenn a dhaim ocus in buille aile i cenn a bó. Ro irlamaigset imorro muinter in ríg féin co tric ocus co tinnesnach do biur ocus do choire. Ocus ro chaithset corbat sáithich. Ro chotlaigset ar sin co tánaic in maiten.
Ro ráid rí Fer Rois rá mhnái féin sin maitin: Ná fetar a bhen or sé ciarbo daidbir anallana in teg-sa gurab daidbre innosa ar marbad a aen-bhó dúinne. Is fíor tra sin ar in ben ocus is cóir a saidbriugud uaim-se do réir mo midemnais-se. Ocus cid mór laighet do-béra-sa do'n fhiur do-bér-sa in cutruma cétna do'n mnái. Is maith na n-abrai ar flaith Fer Rois.
Do-rat tra rí Fer Rois airge lán-mhóir do buaib ocus muca{folio 61c} imda ocus cáirig imda cona m- buachaillib do Fhinnachta. Do-rat dana a ben do mnái Fhinnachta in cétna do buaib ocus mucaib ocus cháirib. Ocus do-ratsat dana dóib étaige maithe ocus eich derscnaigte ocus capaill chalma ocus cach ní archena ráncatar a les di'n t-saegul.
Nír ba chian tra iarum in uair thánaic in Finnachta marc-shluag mór do thaig shethar do arna chuired ó'n t- siair ocus frithaigid aici fair. Oc tuidecht dóib ina n-imrim is ann do- rála dóib Adamnán
O 't-chonnairc Finnachta é ro máid a fháitfedh fair ocus ro búi cá rád: Do-géna sin fáilid díot-sa arís ár isim comraithnech-sa fri cach n-imnedh ocus díchumang. Fogéba-sa a fhoglaintich ar sé coimdhídnad uaim-se. Ocus ro búi dá rád re hAdamnán: Ná bí co dubach. Is ed ro ráid Adamnán: A degduine ar sé atá a dhamna ocum. Uair trí meic léiginn maithe atát in n-aentaig ocus atám-ne trí gillai oco ocus iss ed bís gilla ar timchell ocainn oc iarair neich do'n chóiciur aile. Ocus dam-sa ránaic indiu. Ro chuaid dana in tirdhálta ro búi acum-sa dóib fó lár. Ocus ind ni is doilgiu in ballán iasachta do bhrised ocus cin a íoc acum. {folio 62} Íocfat-sa in ballán ar Finnachta. Ocus tuc-sa lat in triur mac léiginn fuil ar do scáth anocht cin biad ocus in dá gilla conice in tech dá tiagam ocus fo-gébat biad ocus lionn ann. Do-rigned samlaid-sin. Tuc leis Adamnán na cléirig ocus ro cóirged in tech lenna. A leth do chléirchib ann ocus ind leth aile do laechaib.
Aite imorro Adamnáin ro líonad é ó rath in spirta náim ocus ó spirut fháistine ocus iss ed ro ráid: bud airdrí Eirenn in fer dá tucad in fhled-sa innocht. Ocus bud cenn crábaid ocus ecna Eirenn Adamnán. Ocus bud é anmchara Finnachta. Ocus biaid Finnachta i b-fechtnaige móir nó corro ailbéimnige sé do Adamnán.
Nír bo chian d' aimsir iarum co tánaic Finnachta ocus rí Fer Rois a chara féin leis d' innsaigid bráthar a athar .i. Chinn Faelad d' iarraid fherainn fair. Do-rat dana Cenn Faelad ardmaeraigecht na Mide uile ó Shionainn co fairrce dó .i. ar ceithre tuathaib fichet. Ro búi Finnachta fri ré n-aimsire amlaid-sin ocus tánaic dá chomairle lá ann fria charait féin .i. fri ríg Fer Rois dá fhiarfaigid de créd do-génad uair nír bo lór lais beus beith immara bí. Do-rat-saide dna comairle cruaid cróda do ocus iss ed ro ráid fris: Nach roinnenn Slige Asail for sé, Mide for dó? Déna-sa in dara leth do'n Mide combad tairise dúthrachtach duit í. Ocus mar bus tairise duit in leth-sin déna comdáil frisind leth aile ocus marb a n-degdáine ocus a suinn chathaigte. Ocus ní namá bias ríge na Mide
- Ro iadsat im Finnachta
fianna iarthair in tíre:
ro maelad mór a choire
im Chenn Faelad a ríge.