Corpus of Electronic Texts Edition
Egerton Annals: Mionannala (Author: Unknown)

Annal 649

649.0

649

649.1

I sechtmad bliadain flatha in Diarmata-sa do-rónad tinól leo d' innsaigid Guaire Aidhne arna incháined co mór ó Shinig Chró ar m-breith a bó do Ghuaire Aidne. Ocus iss ed at-beiredh sí fri Diarmait Ruanaid ac tabairt imchosáite eturru ocus Guaire:-

    1. A Dhiarmait a mall-chobair
      uamain Guaire fon-fodair:
      ár it anmann cláite cath
      tair chucainn a dhuinebath.
    2. {folio 59b}
    3. Lec do Dhiarmait ná ráid fris
      in cath ní h-órd i r-radais:
      déna coirm dó mar atá
      fóidh chuga dotoidebá.
    4. Ruanaid as-berti co se
      fris-sium ar méit a áine:
      indiu is lobrán cen áille
      Diarmait mac Aeda Sláine
    5. Tríocha tinne tríocha bó
      fuirec Chiníl Fhergusó:
      icdai dartaid i g-ciunn gait
      inna forreith do Diarmait.
    6. Bet fir mhóir ar macáin bhic
      co tí ár cobair ó Ghrip:
      bud daim riata láig ár mbó
      co tí cobair Dhiarmató.

Ro ic ní di-si in chosáit-sin. Ránaic Diarmaid Ruanaid cona


p.397

shluagaib co Sinainn. Ro búi dana tinól mór ac Guaire Aidne ar a chiunn.

Ro chuir dana Guaire Cuimín Fota mac Fiachna comarba Brénainn d' innsaigid Diarmata do chuinncid cháirde cheitre n-uair fichet fair cen tuidecht tar Sinainn siar, is ann imorro do-rála Diarmait do Chuimín ar in cleith oc leith na Sinna ocus ro ráid Cuimín a aithesc fris. Ro frecart dono Diarmait co subach forbfáilid ocus ro ráid: ‘Ní mór na cuingi. Ocus ciamad ní bud mó chuindigfitheá fo-gébthá. Más edh dana’ ar Cuimín ‘impa conice in m-bruach alltarach’. ‘At-beirim-se mo bréithir ám a chinn ecna ocus crábaid Eirenn’ ar Diarmait ‘ná rag for cúla nó co faghar síd nó cath’. ‘Tair dono’ ar Cuimene ‘conice in m-bruach aile’. ‘Toingim do Dhia’, ar Diarmait, ‘dá tecmaigtheá-sa ní as faite sair dam ní ticfainn dar do shárugud fria ré na cáirde-sin chuingi’.

Bátar a n-dís ann sin co matain in ocus in cléirech. Iss ed dana do ráid Cuimine fris-sium: ‘Is ingnad lem-sa a do choscraige-se i g-cathaib ocus i g-coimlengaib ocus uaitecht ocus éitche in t-sluaig-se at-chím acut. Uair cid imda in sluag-sa is rólia int sluaig fuil at agaid. Is áilne dono ocus is socraidhe co rómór’. ‘Nach fetradhais-se a chléirig,’ or Diarmait, ‘nach ar líon na cruth brister cath acht amail as áil ra Dia. Ocus dono amail at-beiri-se ar sluaig-ne do beith dodelb nochan iat na crotha caema bhrisios cath acht na crideda cruaide. Ocus dana ní i n-dáinib namá sin acht i n-anmannaib aile uair cid in t-aen-mhac tíre marbaidh ocus taifnidh trét imda na caerach. Ocus ní namá acht taifnidh na táinte bó ocus marbaidh ilimda díob. In segh dana ocus in sebac taifnidh na h-eonu cidat mó ocus cidat áilne indát-som’. ‘A ’, ar Cuimín, ‘cia fáth ara n-debartais-se conid mar as áil ra Dia brister cath’. ‘Cid ón, a chléirig. Nach fíor conid in tí acá m- bí in fhírinne bhrisios ar fer na bréice nó na h-ainbfírinne uair Críost amail at-bertái-se is uaitedh ro búi in n-agaid diabail ocus na n-Iudaidedh ocus cidedh ar a ái is do-sum ro ba chalma uair as aice ro búi in fhírinne. Is lór dam-sa diu in sluag fuil acum in n-agaid Chonnacht uair as iat atá ar ainbfírinne’.

Ro chomraicset tra Connacht im Ghuaire ocus Diarmait Ruanaid cona shluag ocus ro ferad cath cruaid feochair fíochda eturru ar a ái tra memaid in cath for Guaire ocus ro marbad ár Connacht ann ocus ár fer Muman im in dá Chuan tháncatar na sochraide. Tré bréithir Cháimín tra ro brisedh in cath-sin for


p.398

Guaire uair ro búi Cáimín trí tráth ina throscud for Ghuaire. Dia n-debairt Cáimín: ‘mad cóir la Dia in tí fil ac comthairisium frium-sa {folio 60}ní ro thairissiu fria naimtiu.’ Conid ann at-bert in t-aingel re Cáimín in so co n-debairt:-
    1. In cath a n-Inis Cheltra
      fiche lobar fa nerta:
      is é in lobar bus trén
      is é in trén bus techta.

Tánaic dono Guaire ocus tuc a óighréir do Cháimín ocus do slécht do. ‘Ní fuil festa’ ar Cáimin, ‘a chumang dam cen buaid do breith dot naimtib díot. Acht chena is comluath sin ocus do-bérat do réir féin duit’. Coníd an is-pert Cáimín:-

    1. A m-biat faebra fri faebra
      ocus indna fri h-indna
      bidat aithrech a Ghuaire
      cléirchen fristarlais tinne.
    2. Do-arbart mac Dé
      fri h-athlath uaire
      cride Guaire fó na triuna
      inna triuna fó Guaire.

Ro teich dana Guaire Aidne as in chath remráidte iar cur áir a muinntire ocus tánaic a aenar co mainistir m-bic i r-raibe aen-bannscal cráibdech. Ocus ro búi in bannscal acá fhiarfaigid de cuich é. At-bert Guaire ro ba fer gráda do Ghuairiu é. ‘Is truag linn,’ ar sí, ‘in as mó dérc ocus einech in n-Eirinn do beith i madhmaim ria naimtib ocus derg-ár a muinntire do chur’. Ocus ro-chuaid in bannscal conice in sruth comfochraib ar chenn uisce dar cosa inn aeighed thánaic dá h-innsaigid. At- chonnairc in m-bratán mór isinn uisce ocus nír fhét a marbad co táinic d' innsaigid inn aeiged bhúi aici. Táinic iarum Guaire immach ocus ro bris góilmech in bratáin co tric isinn uisce ocus tuc leis é istech ocus ro irlamaig é ocus ruc a bhuide ra Dia beith ar aen-bratán ind oidche-sin ocus co m-bátar deich mairt aice adaig eile. ocus do-róine in rann:-

    1. At-lóchur do Dia an étad
      anocht dom féis éin-écad:
      rom-búi-se adaig aile
      dom-bert deich m-bú Mac Maire.

Ro airg dana Diarmait a h-aithle in madma Connachtu. Ocus do-rat íc a bó do'n chaillig ro aer é .i. do Shinich Chró conid aire-sin ro chan Sinech Chró:-

    1. Cach mac tigern timchraide
      tathat airle lim-sa de:
      do-thaet deisel in broga
      leis fuigell mo ruanoda.
    2. Ní for braigtib dam ná bó
      cláiter colg mo ruanadó:
      is for rígaib fo-cherfait
      indiu in duibgen lá Diarmait.
    3. Guaire mac Colmáin in
      ro chac for craeba Aidní:
      ro lá bualta mét chinn bhó
      ar uaman mo ruanadhó.

    4. p.399

    5. O ro breca braenán cró
      léine dhenn-gorm Diarmató:
      errad fir chlóus catha
      ní coimthig cin ildatha
    6. O ro breca braenán cró
      bruinne gabra Diarmató:
      uisce asa n-eghar Grib
      ní lusta oc in sacairbic
    7. O léicither immásech
      cranna fianna for cach leth:
      ní bad ecmaing casal cró
      for crunn a durn Diarmató
    8. O ro sernathar gái bic
      i tosuch in imairic:
      is iat dias céta-ric
      a ghabar ocus Diairmit

Do-rónad ann sin comairle ac Guaire ocus ac Connachta in cathugud beus do-géntáis nó in braigte do- bértáis do Diarmait ocus Guaire do giallad do rinn ghái do. Ocus iss í-side comairle do-rónsatar-som. Táinic iarum Guaire d' innsaigid Dhiarmata. Ro gab dono in chaillech na runnu remráidte i fiadnaise Ghuaire. Is ann ro ráid Guaire:-

    1. A tnúu ón atnúu
      dorís Sinech comlúu:
      nochus-fuigéba lá biu
      ata-biu comlúu

Is ann is-pert sí:-

    1. A tnúu ón atnúu
      ní ric Sinech co crúu:
      ní fil occa cá imfochaid
      cid nach cidfiter núu

Iar sin tra ro ghiall Guaire do chinn chloidim do Dhiarmait. Is é in giallad-sin .i. rinn in ghái {folio 60b}nó in chloidim do thabairt i m-bél itir i fhiaclaib in neich no ghiallus ann ocus sé faen.

Ind uair bhúi Guaire amlaid-sin is-pert Diarmait: ‘ro fionnfam-ne innos’ ar sé ‘in dar Dia nó in dar adbchlos chena do-gní Guaire in n-einech mór so’. Ro iráil ar druth dá muinntir ocus ar bhocht-chlam thruag ní d' iarraid ar Ghuaire. ‘Ní dam-sa’ ar in clam. Do-beirt a delg óir do ár ní raibe innmus aile aice. Téit uad in bocht. Tic fer do muinntir Dhiarmata i n-degaid in boicht ocus beirid in delg uad ocus do-beir do Diarmait. Tic in bocht arís co Guaire co geránach ocus innisid do in delg do breith uad. Ocus tic cride Guaire fair ocus atn-aid a chrios co n-ór do'n bocht. Ocus imthigid in bocht. Tic fer do muinntir Dhiarmata ina degaid ocus beirid in crios uad ocus atn-aid do Diarmait. Tic in bocht doridise co Guaire ocus Guaire faen ocus rinn cloidim Dhiarmata itir a fhiaclaib. Ocus ó 't-chonnairc in m-bocht co tuirsech ro máid sruth mór dér dar a ghruadaib. Ro fiarfaig Diarmait de-sium: ‘In ar a thróige let beith fóm chumachtain-se chii’. ‘Do-beirim mo bréithir’ ar Guaire ‘nach aire acht ar thróige lem in bocht út’. Is ann sin ro ráid Diarmait: ‘éirig’ ar sé ‘ocus ní bia tu fóm chumachtaib-se uair atá tu fó smacht ríg as ferr indú-sa .i. fó smacht Ríg nime


p.400

ocus talman ocus ní bia smacht uaim-siu fort. Acht chena ná h-airg dam muintir mo máthar’. Do-rónsat amlaid síd Diarmait ocus Guaire. Ocus adubairt Diarmait ris-sium: ‘Tair do aenuch Thaillten co tucar-sa mo thigernas duit i b-fiadnaise fher nEirenn.’ Conad amlaid-sin ro comallad briathar Cáimín.

Téit iarum Guaire do aenuch Thaillten ocus miach mór aircit lais dá fhodail do fheraib Eirenn. Tuc imorro Diarmait ar feraib Eirenn ná ro lámair truag ná trén díob ní do chuingid for Guaire issin aenach. Ro shuid iarum Guaire for laim Dhiarmata i farrad ríg Eirenn issinn aenach. Dá lá dó amlaid- sin. In tres lá is ann adubairt Guaire fri Diarmait: ‘Epscop chucum’ ar sé ‘co ndernar m' fháisitin do ocus co r-rom-ongthar’. ‘Can ón’ ar Diarmait. ‘Bás im chomfocus’ ar Guaire. ‘can as tuici-se ón’ ar Diarmait. ‘Ní annsa’ ol Guaire: ‘Fir Eirenn i n-aen-inadh ocus cen truag díob dom atchuingid’. ‘Ní thairmescfaidter im chách a fecht-sa ní do chuingid fort-sa’ or Diarmait: ‘Ac so miach arcait uaim-se duit’. ‘Ac’ or Guaire: atá arcat co lór acum féin.

At-rácht Guaire iartain ocus ro thairbir do chách as a dhíb lámaib. Ocus at-berat-som ro ba lethfota in dara lám dó acá síned ar amus na m-bocht óuair-sin. Ocus tuc Diarmait a chenn i nn-ucht Ghuaire ocus ro ghabsat fir Eirenn uile do aen-chiunn comairle Guaire ó shin immach.

Ba rómór tra la Connachta einech Guaire ocus ba mór leo no thidnaicedh do chrud dar tír immach. Ro bátar acá rád ra Cáimin Innse Celtra tairmesc in tidnacail-sin imbe. At-bert Cáimín: ‘Ní thairmeisciub-sa imbe. Acht chena guidim-se in Coimde co tí dá shíol nech thinóilfios ó fheraib Eirenn immuig na tibra-sum immach’. Ocus iss ed ón ro comallad. Uair do-rat Mac Lonán ar a dhán ó fheraib Eirenn ní nach lugha iná a tuc Guaire immach.

Is é in Guaire-sin ro búi lá i n-Inis Cheltra isind eclais ocus Cuimín Fota ocus Cáimín. Eclais mór ón do-rónad la Cáimín dar éise Choluim. ‘Crét dámad maith lat a l- lán acut{folio 61} isind eclais-si a Ghuaire’ ol Cuimín Fota. ‘Ní annsa’ ol Guaire: ‘ro bud maith lium a l-lán óir ocus aircit acum. Ocus ní dá thaiscedh acht dá tidnacul ar m' anmain do bochtaib ocus adailcnechaib in Choimded. Ocus tusa a Chuimín ’ol Guaire: ‘Cid diamad maith lat a l-lán do beith acut’. ‘Ro bud maith lium ’ol Cuimín ‘a lán do lebraib do beith acum ocus a tuidecht do aes léighinn co ro for-chaintáis in cined daenda’. ‘Ocus tusa a Cháimín’ ol iat-sum: ‘Cid diamad maith lat a


p.401

lán ocut’. ‘Ní annsa. Ro bud maith lium a lán do shaeth ocus do ghalar fám churp’ ol Cáimín ‘co ná digsedh cnáim re chéile i talmain díom’.

Do-rigne Dia amlaid-sin .i. do-rat Dia in saegal co h-imda do Ghuaire ocus ba shái ecna ocus foirchetail Cuimín. Acht chena ní raibe rath foirchetail for Chuimín ó ro escain Mo Chúta Lis Móir é tria foirchetal a muintire féin ina fhiadnaise isin meithil co m-bátar ina test co n-debert Mo Chúta: ‘cid mór a saethar foirchetail Chuimín’ ar sé ‘nírab lia indás bó mael odar i m-buaile na tibra trít foirchetal ó'n t- saegul’. Cáimín imorro ro gab teine buirr é ocus ní dechaid cnáim dia chnámaib rá chéile i talmain.

Aena mac ú Laigse comarba Ciaráin is é rop anmchara do Ghuaire. Ro gabad mac baintrebthaige la Guaire Aidne ina lubghurt. Tic in baintrebthach d' innsaigid Aena d'accáine in imnid-sin ris. ‘Ní fuil acum-sa’ ar Aena ‘ní aile duit acht geib in rann so dó’. Tánaic in chaillech reimpi co Guaire ocus ro ghab in rann do:-

    1. A Ghuaire in imráidi
      imghlasad iar n-imbáini:
      seis duit t' aenarán cin nech
      in n-úir Chille Meic Duach.
    2. A mendocán imráidim
      ocus dna cáin innláidim:
      cech aen darráinic a les
      ní dechaid cin domainches

‘Is é mo domainches-sa’ ar sí ‘m' aen- mhacán’. ‘Fo-gaba-sa sin dana’ or Guaire ‘ocus digéltair sin for Aena’. ‘Ba fíor són’. Ro marb bachlach do muinntir Chluana ech Aena ocá thafunn as a ghort. Ro gabad in bachlach oc Aena co r-ro naidmed cét m-bó ar in m-bachlach i n-íc in eich. Táinic in bachlach ar sin co Guaire dá faighde. ‘Gab in rann-sa do Aena’ ar Guaire. Tánaic in bachlach reime co h-Aena ocus do gab in rann .i.

    1. Do mac Laigse ba mór gó
      in aen-chenn ar in cét m-bó:
      in mór do dul ar in m-bec
      in fubann in t-sacairbec

‘Is fuba imorro’ ol Aena: ‘ní iarrub-sa fort-sa acht aen-bhó’. Ro búi dana a leithéite-sin co meinic itir Aena ocus Ghuaire.