Corpus of Electronic Texts Edition
Egerton Annals: Mionannala (Author: Unknown)

Annal 643

643.0

643

643.1

Ro ghuidset na náim co faghbad-som bás 'siu bad Belltaine ocus comad ó dhroch-dáinib ocus comad do armaib delóirib ocus comad i g-cuithe shaluch ocus do-rála amlaid-sin uile. I nn-imorach Belltaine imorro do-rála agh allaid arna lot ocus sé ina rith ina chenn-som isin innse i m-búi Raigellach ocus sé ac coimét na h-innse. Mar at-chonnaic chuige ind agh n-allaid ro gab a ghái ocus tuc buille de isin agh ón t-slios co a chéile do. Ro-chuaid in t-ag ar snám uad. Ro-chuaid-sium i nn- ethar i n-degaid ind aighe. Ro-chuaid in t-ag sel fata ón loch co tárla é dochum bachlach ro bhátar oc buain mónadh ocus ro marbsat ind ag ocus ra rannsat eturru. Tánaic in dá n-innsaigid ocus do-róine bagar mór orra i r-roinn in aige allaid eturru. Ocus adubairt riu do chur uatha feola ind aige. Iss ed imorro ro chinnset na bachlaig acu marbad ind ríg Raigellaig riasiu do-bertáis dó in fheoil ar éicin ocus iss ed ón ro chomaillset. Ro ghabsat leit do na ruamaib bátar ina lámaib ina chenn co fargsat cen anmain é amail ro ghellsat na náim. Ba de ro chan Muirenn in bhen ro búi aice-sium .i. muime Diarmata:-

    1. Bái uile orba Briuin ba Rogellach
      co dé domnaig luide do aisnig
      cách dia comarbus
      iar m-breith ind ríg do baislic
    2. Nochon cechar do mac
      céin no m-beo etir laecha
      's iss ed laithi sinsiti
      bruinne ríg selge saetha