Corpus of Electronic Texts Edition
Egerton Annals: Mionannala (Author: Unknown)

Annal 649

649.0

649

649.1

Is i nn-aimsir na ríg-so ro marbad Raigellach mac Fuatach Chonnacht .i. in sexto anno. Is amlaid imorro ro búi in Raigellach ocus sé sár-tholach meblach. Mac bráthar dono aice ocus cia ro ba h-áil do a marbad ní ruc fair co n- derna {folio 58b}a thruagugud féin tria nemchaithium bíd. Uair ní chaithed di biud acht mad luaba caerach ocus ro ráid is i n- galar ro búi. Ocus ane ba mór in galar i r-raibe-sium .i. in format .i. in pian as mó isin t-saegul ifus in format uair as é iráilios ar in m-bráthair in bráthair aile do marbad.

Ro líon imorro re caeile in Raigellach amlaid-sin triasin format ocus triasin nemchaithium bíd cor ba chomfocus bás do. Ro chuir techtairi d' innsaigid a bráthar co tísedh dá acallaim amail bad ré n-éc. In bráthair imorro ní dechaid fó chétóir ind uair ro gairmedh uair rop aithnid do celga a shinnsir bráthar. Acht ro irnaidh re tinól sochaide leis. Ocus is amlaid tánaic istech i r-raibe Raigellach ocus a claidme nocht fó a coim acá shluag ocus siat immá g-cuairt i timchiull a tigerna.

Raigellach imorro ciar ba h-imda do féin de sluag ní h-inntib ro thairisnig acht is ina chelgaib féin. Ocus iss ed ro ráid: ‘Uch uch tra’, ol sé, ‘is mór in t- olcus ocus in tróighe i b-fuilim-se in tan ná tabair mo bráthair ocus in tí dúthracur do ghabáil ríge im degaid ocus as mó grád lium do dháinib taeb frium nó go fuil sluag acá choimét. Amail tra at-lóchur-sa do Dia do beith-siu dom chiniud féin ocus do beith dingbála do gabáil mo flaithesa im degaid. Acht méit na h- aingidechta duit sluag lat dot choimét forum-sa ocus mé re bruinne báis ar n-dula as mo chuirp ocus ma cholna’. Ó ro chuala im bráthair óg na briathra-sin táinic a chride co mór fair ocus ro theilg frosa móra do déraib.

Tánaic arna márach ní as uaithe dia fhius. Tánaic in tres lá co


p.395

lán-uaithed. Ro scinnset imorro muinnter in Raigellaig fair-sium ann sin ocus ro marbsat é. Ro éirig Raigellach iarum amail bad i sláinte. Acht chena is ann sin nár ba shlán-som eitir ar marbad a bráthar. Ocus ro gab oc fledugud co subach forbfáilid.

Mairenn dana ben Ragallaig ro fiarfaig dá druid uair ro ba reimfhisid ar todóchaide é: ‘In fhechtnaige mór,’ or sí, ‘i fuil Ragallach ar tuitim a námat uile lais ocus ar m-beith a sainmige lánmóir innosa’. Ocus is aire ro fiarfaigsidi ar dáig for-fitir co fuigbedh Raigellach a aidhed ó námait éicin cen co fitir cia h-é. Ro fhrecair in fáith ocus iss ed ro ráid: ‘In ro marb a bráithre uile tiocfaidter ó a chlainn féin ris cen co sáilenn. Ocus tusa féin imorro tiocfaidter ret rath co l-luath ocus bid é torad do bhronn tiocfus riut.’ Iss ed imorro adubairt Raigellach riasi in chlann do-béradh sí a marbad co díchelta arna breith fó chétóir co ná tíosadh in t-imnedh út dóib triana claind.

Nír ba chian tra iartain co r-ruc Mairenn ingen. Ocus adubairt rá muicide a breith leis dá marbad. Ó 't-chonnaic in muicide gnúis na náiden tánaic a cride fuirri ocus ro chuir isin téig chétna arís í ocus ro idhnaic co dorus mná cráibdige ro búi i gcomfochraib do. Ocus ra fácaib ann sin í ar chrois i b-farrad na h-ecailse. Tánaic in fhedb chráibdech immach mochtráth. Ocus fuair in téig ar beinn na croise ocus ro fégh crét bhúi innti. Ó 't-chonnaic in náidin m-bic innti ro grádaig fó chétóir í ocus ro ail co h-eclasta {folio 59}í. Ocus ní raibe in n-Eirinn uile bud chaeime atás. Ránaic clú a socraidechta go cluasa Raigellaig. Ocus ro chuir Raigellach techta uada d' innsaigid mhuime na h- ingene do chuinchid na h-ingene uirri ocus ní thuc in mhuime do í. Rucad chuige-sium ar éicin iartain í as in neimiud i r-raibe. Ocus ó 't-chonnaic in í ro ró ghrádaig ocus ro búi a ingen féin co colach aice. Ro gab dana Mairenn ac a déitchiugud in ghníma-sin ocus acá ardarcugud. Ocus ro élaid d' innsaigid Dhiarmata Ruanada ríg Eirenn dar Sionainn ar snám co h- Ailech Muirinne. Ocus is ó' n Muirinn fuair in t-Ailech a ainm.

Ránaic tra fó Eirinn clú ind uilc-siu. Ropo tochrád tra do naemaib Eirenn sin. Tánaic Féichín Fabhair d' innsaigid Raigellaig dia chairiugud. Ocus táncatar náim imda immaille ris co ro scaradh ocus ní derna forru uile a legun. Ocus ro throiscset fair. Uair is é-so mét in ghráda do- rat di dámad táisecha a carpat-si comad éicin di-si a h-agaid do impód fris-sium. Dámad túisecha a charpat-som


p.396

no impád-som a agaid fuirri-si. Ar dáig imorro ná dernad nech aile in Eirinn a lethéite- sin.