626
Fiachna mac Demain imorro arna foruaisliugud co meinic ó Fhiachna mac Baetáin ro fiarfaig de sochaide. Ocus ro fiarfaig dono co sunnradach do bráthair óc dó ro búi i n-daltus Chomgaill cid fodera a foruaisliugud in mheince seo ocus a mélachtnugud ó Fiachna mhac Bhaetáin. Iss ed ro fhrecair dalta Comgaill: in fetar, ar sé, cia uaib as deithitnecha ar a n-dein Comgall érnaidhte .i. in dar muintir a athar do-gní in dúthrachtacha indás foirr-ne ocus sinn dá fhaemad co dúthrachtach chucainn. Is fíor sain, ar in rí, ocus ní léigfither do-sum in fad-sain.
Tánic ind rí fó chétóir co sluag mór maille ris do innsaigid Chomgaill. Ocus ro fhiarfaig do Chomgull Cia uainn ris nat mó ghuidi in Coimdid a chléirig, ol sé. Guidim foraib maraen, or Comgall, .i. ar chiniud mo athar ocus ar chiniud ro fhaem mé co dúthrachtach. Cia uainn dana, ar in rí, ris nat mó do-beiri dúthracht do chride at érnaidhte. Re ciniud m' athar, ar Comgall. Truag truag sin, a dhuine náim, ar sé: Is sochaide d'ár saer-chlannaib-ne ro marbad ocus ro gabad trít sin. Meise féin imorro ar sé, Ro bad ferr
Ba tuirsech tra Comgall do'n sgeol-sin. Ocus ro gairmedh Fiachna mac Baetáin chuige ocus iss ed ro ráid ris: cá rogha bheiri-siu, ar sé: In coscar do breith mar rucais anallana ocus nem thall do ghait fort. Nó do marbad i g-cath le mac n- Demain ocus do beith i flaithes nime tria bithu. Is ferr lium, arsa Fiachna mac Baetáin, saegal gairit acum i fus ocus beith i flaithius nime tria bithu. Ro altaig Comgall a buide-sin re Dia. Ro bui dana druth Fiachna meic Baetáin oc cloistecht risin comrád-sin ocus a chluas risin tech. Ro altaig iartain Comgall comad in n-aen-fecht foghabad-som bás ocus a tigerna isin chath. Ocus amail búi i comaentaidh a tigerna ifus isin t-saegul co m-biadh immaille fris i flaithius nime. Ro ráid Comgall: do-ghéna Dia amlaid. Ocus amail atái-siu ifus ac molad do thigerna bia- su co h-onórach ac cloistecht re ceol m-binn muinntire nime ac molad Mheic Mhuire.
Ro thinóilset tra leth for leth in dá Fiachna ó a n-uilib brígaib dochum in chatha. In Fiachna imorro no beiredh buada conice-so ro foruaisliged sin chath-so. Ocus in Fiachna ro cláitea ann is é ruc in coscar. Ocus ro marbad Fiacha mac Baetáin rí Ulad amlaid-sin la Fiachna mac nDemain. Nír bha chian imorro iartain saegal Fiachna meic Demain. Uair ro thinóil-sium tinól mór lais in Ultaib ocus ro marbad-som tria inntledhaib a námat. Innistir imorro co m-bíodh fer síde oc acallaim in Fiachna meic Demain sin. Acht chena ropo deman iar fíor in fer síde sin. Ro fiarfaig Fiachna dá deman in tan táncatar na námaid i gcomfochraib do: Cate órd in t-sluaig-se ocus mo órd-sa orse Fiachna. Iss ed ro ráid in deman: cia de na dá fót shalcha-sa at-chí ar in deman. Beir rogha cá fót ar a d-tuitfi ár is ar nechtar díob fo-gabai bás amail ro airlestair th' airledh. Conid de-sin atá in senfhocal airdirc .i. amail ro airlestair a deman Fiachna. Ro marbad iarum amlaid- sin Fiachna mac Demain.