Corpus of Electronic Texts Edition
Egerton Annals: Mionannala (Author: Unknown)

Annal 625

625.0

625

625.1

I ciunn bliadan imda iartain tra táinic coblach mor a Bretnaib corro aircset na fearannu comfochraibe dóib co tánaic Mongán co sluagaib immaille fris co tuc maidm forru. ocus ro cuirit ar éicin ina longaib iat. Ro gab imorro aen díob cloich assin tráig ocus do-rat urchor di co tarla i cenn Mongáin co torchair, ocus ba h-í cloch búi ann in chloch út arna cur do na tonnaib rempu conice in tráig ocus arna dénum don luaithred út ro búi issin bréit. Tucad iarum aithne ar in chloich ocus ba marb Mongán de sin .i. i n-aenmad bliadain déc Shuibne Minn ocus tuc in Mongán ria n-éc in chloich i l-láim a máthar ocus tuc in máthair aithne fuirri. Ro búi dono in fer ro marb eisium ocus lucht a luinge uile for cumus ocus ní ro léic Mongán duine díob do marbad acht a l-lécon as. Acht chena ciarbo mhór in coblach ní ránic díob uile gan marbad ocus gan bádad dar muir soir acht aen-duine namá.

Adubairt dono Mongán ac éc ria máthair: ‘Biat-sa beo i ceirt-chiunn bhliadna im adnacul ocus oslaic-se in adnacol’. Ro mellad dana in máthair uair ní thuc aithne ar in m-bissex uair ba bhliadain bhissexa in bhliadain ocus ní issind ló chóir thánaic. In ló thánic imorro fuair tes i curp a meic ocus allus teg triana thaeb ocus fuil ac siledh dar a srónaib ocus sé ag fuabairt éirge (si verum est). Bliadain co fuillium iartain dá athair ina bethaid.