Corpus of Electronic Texts Edition
Egerton Annals: Mionannala (Author: Unknown)

p.390

{folio 57}

Annal 615

615.0

A.D. 615

615.1

[gap: acephalous text/extent: unknown]lá dana do Shuibne Mhenn ina ghilla óg ina thig féin ro búi acá rád re a mhnái: ‘Is ingnad lem’, ol sé, ‘a laighet ro gab Cinél n-Eogain tigernas for chách innosa’. Is ed ro ráid in ben tré chinél fochuitbeda: ‘Cid duit-siu’, ar sí ‘cen chruas do dénum ocus dul rempu do chogud for cách ocus coscar do breith co meinic’. ‘Is amlaid sin bias’, ar eisium.

Tánaic-sium ar sain immach ocus sé armtha sin matain arna márach. Ocus do-rála óclách do lucht in tíre do ocus sé armtha. Ocus do-róine comrac fris corro ghiall do rinn ghái do. Ocus is amlaid-sin ro thionóil sluag do ar éicin ocus ro gab Suibne ríge Eirenn

Is rá ré-side ro búi cogad itir na dá Fhiachna .i. Fiachna mac Demain ocus Fiacha mac Baetáin. Is sí máthair in Fhiachna-sin


p.391

ro ráid in tan tucad máthair í ac faicsin di in mic thíre ac dulu fó na caeirib ocus acá marbad: ‘Ro bud maith lium’, or sí, ‘mac do gheinemain uaim ocus uait-siu do-béradh in aradhain út for do chinedh-sa’. ‘Ní thí ar in saegal in mac-sin’, ar in t-athair. Cid edh tra rug sí Fiachna iartain ocus tucad for altrum.

Tánic fecht n-aen ann do thig a athar ocus a máthar acht nír ba h-inmain risin n-athair é ar a dhúire ocus ar aicniud a máthar do beith aice. Beiridh iarum a máthair lé h-é i nn-aracul fó leith ocus fritháilter ann é ocus a aite. Tic in mac iar sin immach ocus a fhuigell feola ar biur ina láim do maccaemaib aile. Ocus iss ed thánaic dochum in taige rígda i r-raibe a athair. Mar a-chonnaic in t-athair é chuige ro oslaic do choin ghairc ro búi aice ocus ro ghrés fá a mhac é. Is isin uair chétna tánaic in seig chuige ar tí na feola. Ro fritháil-sium imorro in coin ocus in seig .i. do-rat buille don bhiur cona fheoil i craes in chon co ránaic i cride in chon. ocus ro gab din láim aile in seig. Ar faicsin imorro dá máthair in chon don dara leith dá mac ocus na seige din leith aile ro bíodc, ocus is é méit na bíodca co ná ro choimpert riam ina broinn ó shin illé.

In cocad tra rómhór ro búi itir na dá Fiachna remráidte ba h-é Fiachna mac Baetáin ro beiredh coscar do ghrés. Ocus ní namá no beired coscar do Fhiachna mac Demain acht ro beired coscar do na h-uilib rígaib no thecmad ris. Mac don Fiachna mac Baetáin-sin in Mongán erdairc, cia at-berad gú-shenchaidi comad mac do Mhanannán é ocus co n-digsed i r-rechtaib imda ní creidte sin acht rob fer fesa mhóir in Mongán ocus ro ba gér gaeth glic a intlecht.

Lá tra thánaic in Mongán-sin ocus a máthair ris ocus buidne móra immaille friu ar fut trága. At-chonnaic in máthair cloich n-álainn co n-dathaib imda 'sin tráig. Ocus ro thócaib in chloich ocus ro thaisilb don mac. ‘In chloch-sin at-chí-siu a máthair’, ar in mac, ‘ is di muirbfidter meise’. Ro bíodc in máthair co mór acá chloistecht-sin ocus do-rigne min uile don chloich. Iss ed ro ráid in mac: ‘Is dímáin in saethar- sin a máthair uair gé do-ghnéis luaithred di ocus cia chuiri fó thalmain is di muirbfidter do mac-sa’. Ro chuaid in máthair iar sin i l-luing ocus in chloch ina luaithred immedón ind bhréite {folio 57b} le edh radairc issin muir co ná faca tír ná talam uaithe. ocus ro chuir isin muir in brét cona luaithred inn.


p.392