Corpus of Electronic Texts Edition
Fragmentary Annals of Ireland (Author: [unknown])

Annal FA 440

FA 440

?912 K. iiii. Buadach mc. Gossain, righdhamhna ┌a m-Bairrche, .m.

Annal FA 441

FA 441

?912 K. iiii. Dianim inghean Duibhghiolla, bean Dunluing, .m. Unde dicitur:

    1. Díanim, díon ar n-daoíne,
      ros cacht greim Rígh na n-dúile;
      dursan táobh seda súaithnigh
      do bheith i n-uairthigh úire.

Annal FA 442

FA 442

Inreadh Osraighe la Cormac, na n-Déisi, & cealla iomdha milleadh, & ceall manach. Ro marbhsat Osraighe dearbhrathair an Chormaic, .i. Cuileannan. An tan ro bhaoí Cormac ag millead Osraighe, táinig Maol Ruanaidh mc. Neill, mac an gh ro bhaoí remhe forsna Déisibh, & dream do Osraighib leis, dar éis Chormaic, go dunadh an Cormaic, & tainig an Cuileannan adruphramar reamhainn 'na n-aighidh & do rad deabhaidh doibh; & ro marbadh Cuileannan 'san deabhadh sain. Ag iompodh do Cormac ro chúala an sgél sin, & ad-chonnairc fén édach a bhráthar a láimh an lochta ro marbh é; ba dubhach dobrónach iar t-tain Cormac.

Annal FA 443

FA 443

Isin m-bliadain si ro marbhadh Domnall mc. Bráonáin mc. Cearbhaill go trúagh ar lár a dhaingin fén, & gér sháoil Díarmaid gomadh fearde dhó


p.178

marbad mic a bhráthar, ní amhlaidh do rala dhó, úair do eirgheattar Clann Dungaile uile tríd sin i c-ceann Diarmada, & amhail na eirgeadh Ceallach air, as amlaid ro eirghe Maol Mordha, mac brathar dó, 'na cheann, & sé cuimhneach in ancraidhe do righne Diarmait re a athair, & sé 'na seanoir ann: & ro eirghe an Maol Mordha sin go feochair béodha i c-ceann Diarmata, & rónait dá Osraighe d'Osraighe trésan chogadh sin. Ro bhaoí marbadh mór eattarra. Tainig dna mac ┴odha mc. Duibhghiolla, mac ón ingine Cearbhaill mc. Dunlaing, i n-aighidh Diarmada, ar ba goirt leis mac brathar a mhathar & a dhalta do mharbhadh la Diarmaid. Mór saorchlann ro marbait 'san chogadh sa, & mór ceall ro fasaighit.

Annal FA 444

FA 444

912 K. iiii. Sarughadh ┴rdmacha do Cearnachán mc. Duilgen, eadh ón, {MS page 70} cimidh cimidh .i. bráighe do bhreith este asin c-cil, & a bádhagh i l-Loch Cirr. Cearnachán iar sin do bhádhagh do Niall Glúndubh in eodem lacu, i n-dioghail sharaighthe ┴rdmacha.

Annal FA 445

FA 445

912 K. iiii. Maoil Brighde imorro mc. Maoil Domhnaigh, ab Lis Móir, .m.

Annal FA 446

FA 446

?913 912 K. iiii. Flann mc. Laoighe, ab Corcaighe, .m.

Annal FA 447

FA 447

?913 Cormac, epscop Saighre.

Annal FA 448

FA 448

913 K. ui. Tiobraide, ab Imleacha, .m.

Annal FA 449

FA 449

913 K. ui. Maol Brighde mc. Tornáin, comharba Phádraicc & Coluim Cille, go n-iomad cleireach Eireann leis, i m-Mumhain d'athchuingidh ionnmhais ar maithibh Muman, da thabhart i fuaslagadh braide Breaton; & fuair-siomh sain; & tug lais an m-braid t-truaigh sin ar m-bádhadh a long, & arna c-cur-siomh i t-tír, & ar t-toidheacht dóibh ar iomgabhail Danar & Lochlannach.

Annal FA 450

FA 450

?913 Maol Moedhoc, princeps ab Drommór, .m.

Annal FA 451

FA 451

?913 Tiobraide, epscop Chluana Edhneach, .m.

Annal FA 452

FA 452

?913 Líothach, ab Chluana Eidhneach.


p.180

Annal FA 453

FA 453

913 K. ui. Cathraoineadh ré Maol Mithig mc. Flainn11 & re n-Donnchadh .H. Maoil Seachlainn for Lorcán mc. n-Dunchadha & for Fogartach mc. Tolairg, dú i t-torchair ile.

Annal FA 454

FA 454

Lachtnán mc. Cearnaigh, Duin Nar Laoighsi, .m.

Annal FA 455

FA 455

?913 Maol Patraicc mc. Flathróe, Ratha Domhnaigh, .m.

Annal FA 456

FA 456

?913 912 K. iiii. Etalbh, Saxan tuaisgirt, .m.

Annal FA 457

FA 457

914 K. uii. Flaithbheartach mc. Ionmainen i righe Caisil.

Annal FA 458

FA 458

914 K. uii. Cobhlach lánmhór Lochlannach do ghabhail ag Port Lairge, & fochla Osraighe, .i. tuaisgeart Osraige, d'ionnradh dhóibh, brad mór & iomad bó & eallaigh do bhreith dhóibh gonuige i longa.

Annal FA 459

FA 459

Tángattar san bliadain sin slóigh móra Dubhghall & Fionnghaill doridhisi d'ionsoighthe Saxain, ar rioghadh Sitriuca .H. Iomair. Ro fuagrattar cath for Saxain, & as eadh ón na ro fuirgeattar Saxain, acht tangattar fo cédúair d'ionsoighthe na b-págánach. Ro cuireadh cath cruaidh feochair eattorra, & ba mór brígh & bruth & cosnamh ceachtar n-ae. Ro todhaileadh mór fola saorchlann 'san cath sa; gidh eadh is iad Saxain rug búaidh & cosgar ar marbadh deargár na b-paganach. ┌air ro ghabh galor gh na b-paganach, & rugadh asin chath é go coill baoí comhfhocraibh dóibh, & ba marbh ann sin é.

Oittir, dno, an t-íarla ba móo muirn 'san chath sa, ó ro connairc ár a mhuinntire do chur dona Saxanaibh, as eadh do righne, teicheadh fo caillidh n-dlúith bhaoi i comhfocraibh dhó, & in neoch ro mhair da muinntir leis. Tangattar dronga diomhóra Saxan 'na dheaghaidh, & ro ghabhsat 'mun c-caillidh 'ma c-cuart. Ro iorail imorro an Riogan orra an chaill uile do theasgadh da c-claidhmhibh & da t-túaghaibh: & as eadh ón do righneadh amhlaidh. Ro trasgradh an caill ar tús, & ra marbhad uile na paganaigh ro battar 'san c-caillidh. Ra marbhaid tra amlaid sin na paganda lasin Rioghan, go ro leath a clú ar gach leith.

Do rigne Edeldrída tría na gliocas{MS page 71} féin sidh fria Fiora Alban, & re Breathnuibh, gibé tan tiugfáidís an cineadh cédna da h-ionsoighidh-si, gur ro eirghidis sin do congnamh lé. Damadh chuca-somh nó tháosdaois, gur ro eirgeadh-si leo-sumh. Céin ro bhás ime sin, ro lingsiot Fir Alban & Breatan fo bhailibh na Lochlannach, ra mhillsiod & rá airgsiod íad.


p.182

FA 459

Tainig Lochlannach iar t-tain, & ra airg Sraith Cluaidhe, & ra airg an tír. Acht ní ro cumaing namaid do Sraith Chluaidhe. non plus