Corpus of Electronic Texts Edition
Fragmentary Annals of Ireland (Author: [unknown])

Annal FA 420

FA 420

906 K. iiii. Mors Glaisine mc. Uisine, .H. mac Caille.

Annal FA 421

FA 421

906 K. iiii. As do bhás Eiccneacháin, Indreachtaigh, Flainn, & Ciarmacain at-rubradh:

    1. Écc as eitigh foraccaibh
      sluagha saighes iar séttaibh,
      'marochloí denn ní séitrech;
      mór liach Eccnech i n-éccaibh.
    2. Eccnech ba dodhaing d'óccaibh,
      Ceiniúil Conaill cétaigh,
      dirsan gnúis credbas mídhend
      fo thuinn irenn iar n-éccaibh.
    3. Indrechtach Bendchuir buidhnigh,
      Ciarmac Gabhra, gairm sobhraigh,
      Flann Feabhail, fial frí dodhaing,
      Éccnech síl Conaill caingnigh.

Annal FA 422

FA 422

908 K. ui. Iste est trigesimus annus regni Flainn mc. Maoil Seachloinn.

Annal FA 423

FA 423

908 K. ui. Anni Domini .dcccc. Ra tionaladh mórshlúagh f-fear Mumhan lasin dís cédna, .i. la Flaithbheartach & la Cormaic, d'iarraidh bráighid Laighean & Osraighe, & ra bhattar fir Mumhan uile i n-aon longport. Do rala Flaithbeartach ara eoch ar fud sráiti 'sin longport; torchair a each i g-clais n-domhain fáoi, & bá cél olc do-somh sain. Sochuidhe da mhuinntir fén & don t-slúagh uile danarbh áil dol an t-sluaghdha asa h-aithle sin; úair bá cél duaibhsioch léo uile an tuitim si an duine naoimh.

Tangattar tra teachta úaisle ó Laighnibh, ó Chearbhall mc. Muireagain, d'ionnsoighidh Chormaic ar tús, & rá labhrattar teachtaireacht síodha im méide ad-cheass do ó Laighnibh: .i. aoinsidhe do bheith i n-Eirinn uile go Béaltoine ara c-cionn, uair coicthigheass d'foghmhar an tan sain, & braighde do thabhairt a n-earláimh Maonaighe, an duine náoimh eagnaidh chraibhdhigh, & dháoine eile craidhbheacha; séoid & maithiusa iomdha do thabhairt do Fhlaithbeartach & do Chormac.


p.152

FA 423

Bá fáilidh go mór la Cormac an t-sidh sin do thairgsin dó, agas tainig iar sin da innisin do Flaithbeartach; & ra innis do-saidhe amhail tugadh chuige ó Laighnibh. Amhail ro chúala Flaithbeartach sin, ro ghabh adhuath mór, & as eadh ro ráidh: ‘Faillsighidh,’ ar sé, ‘do beagmeannmnaidhe, & dearoile do chineoil tréod, uair mac comaithigh thú’—& ra raidh briathra iomdha searbha tarcaslacha as fada re n-innisin.

{MS page 60}

FA 423

As é freagra tug Cormac fair-siomh: ‘As demhin leam-sa dno,’ ar Cormac, ‘anní bhías de sin, .i. cath do chur, a dhuine náoimh,’ ar se. ‘Cormac bíasa fo mhalachtain de, & as dócha bás d'faghail dhuit.’ Agus ó ttubhairt sin, tainig da phuball féin, & sé tuirsioch dobronach, & o ro shuidh, ro ghabh siotal ubhall tugadh dhó, & ro bhaoí 'ga f-fodhail da mhuinntir & as eadh ro ráidh: ‘A muintir ionmhain,’ ar sé, ‘ní thiodhnacaibh-si ubhla duibh ón an uair si amach go bráth.’ ‘And edh, a thigearna ionmuin talmhanda?’ ar a mhuinntear. ‘Cidh 'ma n-dearnais brón & dubha dhúin? Is minic do gní miochélmuine dhúinn.’

As eadh dno ro raid-siomh: ‘Cidh ón, a mhuinntir ionmhuin, cá ní duaibhsioch ro raidhius? Úair beg an iongnadh gen go t-tugainn-si ubhla dhuibh as mo laimh fén, úair biaidh neach éigin uaibh-si um' fharradh tiodhnaicfeas ubhla dhuibh.’

Ro ordaigh forairead iar t-tain. Ro gairmeadh cuige ann sin an duine craibhdheach eagnaidh, ardcomharba Comgaill, & do rigne a fhaoisidin & a thiomna 'na fhiadhnaisi, & ro chaith Corp Críost asa laimh, & do rad laimh ris an saoghal 'na fhiadhnaise in Maonaigh, úair ro fhidir go mairfithe 'sin cath é, acht níorbh áil dó sochuidhe dá fhios fair. Ro bhaoí dno 'ga rádha a corp do bhreith go Cluain Uamha, da m-beith a s-soirbhe, muna beith dno, a bhreith go relic Diarmada ua Aodha Róin, bail i rabha ag foghluim go fada. Bá lanshant leis imorro a ádhnacal i c-Cluain Uama ag Mac Lénín. Ba fearr imorro la Maonach a adhnacal isin Disiort Diarmada, uair ba baile la Comhgall Disiort Diarmada, & fa comharba Comgaill Maonach; as é as eagnaidhe ro bhaoí 'na aimsir, .i. Maonach mc. Siadhail, & ba mór ra shaothraigh an tan sa ag dénamh siodha eidir Laighnibh & fiora Mumhan da f-fédadh. Ro imthigheattar sochoidhe do shlúagh Mumhan go nemcheadaighthe.

Ro bhaoí dno glór mór & seastan i longport f-fear Mumhan an tan sa, úair chualadar Flann mc. Maoil Seachloinn do bheith i longport Laighean go slógh mór do chois & for eoch. As ann sin ro ráidh Maonach, ‘A dhaghdhaoine Mumhan,’ ar se, ‘bá cóir dhuibh na braighde maithe targus duibh do ghabhail i n-earlaimh dáoine craidhbheach go Béalltoine, .i. mac Chearbhaill, righ Laighean, & mac gh Osraighe.’ Ra battar fir Mumhan uile 'ga rádh gurob é Flaithbeartach mc. Ionmainen a áonar ra choimegnigh iad im thoidheacht i Laighnibh.


p.154

FA 423

A h-aithle an ghearáin mhóir do ronsad, tangadar tar Sliabh Mairge iníar go Droichead Leithghlinne. Ro thairis imorro Tiobraide, comharba Ailbhe, & sochaide do cleirchibh ime i Leithglinne, & giolladha an t-slóigh, & a c-capoill lóin i l-Lethghlinn.

Ro sennid iar sin stuic & caismearta ag fearaibh Mumhan, & tangattar reampa go Magh n-Ailbhe. Ro battar imorro & a n-druim ra coillidh n-daingin og iornaidhe na námhad. Do ronsad fir Mumhan tri catha commora coimmeide diobh: Flaithbeartach mc. Ionmainen & Ceallach mac {MS page 61} Cearbhaill, Osraighe, resin chéd chath; Cormac mc. Cuileannain, an Mumhan, re cath meadhóin Mumhan; Cormac mc. Mothla, na n-Déisi, & Ciarraighe, & righ chiniudh eile iomdha iarthar Mumhan isin treass cath. Tangattar iaramh amlaidh sin ar Magh n-Ailbhe. Ba gearanach íad ar iomad a námhad & ara n-uaiteacht féin. As eadh innisid eoluigh, .i. an lucht ro bhaoí eatturra, go rabhadar Laighin cona sochraidibh tri cudruma no ceithre cudrumo, nó ní as líu ré fearaibh Mumhan.

As ettreabhair anorduightheach dno tangattar fir Mumhan dochum an chatha. Ba truagh mór an nuall ro bhaoí isin chath sa, amhail inisid eoluigh, .i. an lucht ro bhaoí isin chath, .i. nuall an dara sluaigh 'gá marbhadh, & nuall an t-slóigh eile ag commaoidhim an mharbhtha sin. Dá chúis imorro ro iomfolaing maidhm obann ar fhearaibh Mumhan, .i. Celeachair, brathair Cinngegain, do léim go h-obann ara each, & mar do ling ara each, as eadh ro ráidh: ‘A shaorchlanna Mumhan,’ ar só, ‘teichidh go h-obann ón chath adhuathmar so, & léigidh eidir na cleirchibh fein, na ro ghabhsad comhairle eile acht cath do thabhairt.’ Agus ra theich iar t-tain go h-obann, & sochaidhe mór maille ris. Agas dno fáth oile an mhadhma: Ceallach mc. Cearbhaill, mur ad-connairc-sidhe an cath i rabhattar maithe muinntire rígh Eireann ag tuargain a chatha fén, ro ling ara each, & ro ráidh ré a mhuinntir féin: ‘Eirgidh ar bhar n-eachaibh, & ionnarbaidh uaibh an lucht fuil in bhar n-aighidh’; & ge ad-rubhairt-simh sin, ní do chathugadh a bunadh ad-rubhairt, acht as do theicheamh. As eadh tra ro fhás dona cáuisibh sin, teicheadh i n-aoineacht dona cathaibh Muimhneachaibh.

Uch tra, ba trúagh & ba mór an t-ár ar fud Maighe Ailbhe iar t-tain. Ni coigiltea cléireach seach láoch ann sin; ba coimméd ra marbhdaois & ra dicheandaoís; an tan ro h-aincthea laoch no cleireach ann, ní ar thrócaire do nithea, acht saint da imfulang d'faghbháil fúaslaigthe uadhaibh, nó da m-beith ag foghnamh dhóibh.

Terna tra Cormac an Ri a t-tosach an céd chatha. Acht ro ling a each i c-clais, & ra thuit-siomh don eoch; o ró chonchattar dream da mhuinntir sin, & síad a maidhm, tangattar d'ionnsoighidh an , & ra chuireattar ara each é. As ann sin ad-chonnairc-siomh dalta dhó fén, saorchlanda d'Eoganacht é, Aodh a ainm, saoí eagna & bhreitheamhnachta seanchasa


p.156

é, & Laidne; as eadh ra ráidh an fris: ‘A mheic ionmhain,’ ar se, ‘na lean diom-sa, acht nod beir as amhail as fearr cotniocfa. Ro innisius-sa dhuit-si remhe so go muirbhfidhe misi 'sin chath so.’

Ro thairis uaittheadh i f-farradh Chormaic, & tainig remhe ara each ar fud na sligheadh, & ba h-iomdha fuil dáoine & each ar fud na sligheadh sin. Scitlit dno cossa deireadh a eich-siomh ar an slighidh{MS page 62} sleamhain, i sliocht na fola sin; tuitidh an t-each dara h-ais síar, & tuitidh an Rí dara ais síar, & briseadh a dhruim & a mhuinél ar dhó, & ra ráidh ag tuitim; ‘In manus tuas Domine commendo spiritum meum.’ Agus faoidhidh a spiorad, & teagaid na maic mallachtacha eccraidhbheacha, & gabhaid gaae da colainn, & gadait a ceann dá colainn.

Gerbo iomdha an marbadh ar Mhaigh Ailbhe ra Bearbha anair, níorbo saitheach cródhacht Laigean de sin, gur ro leansat an mhaidhm tar Sliabh Mairge siar, & ro marbhsad saorchlann iomdha don leanmhain sin.

I f-fíorthosach an chatha fo cédóir ro marbadh Ceallach mc. Cearbhaill, Osraighe, & a mhac. As sgáoilteach imorro ro marbhaid ó sin amach eidir láoch & chleireach: as mór do cleirchibh maithe ro marbadh isin chath so, & as mór do rioghaibh & do thaoisiochuibh. Ro marbadh ann Fogartach mc. Suibhne, in suí fheallsomhdhachta & diadhachta, Ciarraighe, & Ailill mc. Eogain, an t-airdeagnaidh ócc & an t-ardsaorchlann, & Colman, ab Cinnetigh, ardollamh breitheamhnachta Eireann, & sochuidhe ar cheana, quos longum est scribere.

Na láoich imorro: Cormac, na n-Déisi; Dubagan, f-Fear Maighe; Ceannfaoladh, Úa Conaill; Connadhar & Aineslis d'Úibh Tairdealbaigh; & Eidhean, Aidhne, ra bhaoí ar ionnarbadh a Muman; Maol Muadh; Madudan; Dub da Baireann; Congal; Catharnach; Fearadhach; Aodh, Úa Liathain; & Domhnall, Dhúin Cearmna.

As iad dno ra bhris an cath so, .i. Flann mc. Maoil Seachloinn, rígh Eireann; & Cearbhall mc. Muireagan, Laighean; & Tadhg mc. Faolain, ; Úa c-Cionnsiolaig; Teamenán, Úa n-Deagha; Ceallach & Lorcan, dá fear na Cinel; Indeirge mc. Duibhghiolla, Úa n-Dróna; Follamhan mc. Oilella, Fotharta Fea; Tuathal mc. Ugaire, Úa Muireadhaigh; Ugran mc. Cinnedig, Laoighsi; Maol Challann mc. Feargaile, na f-Forthuath; Cleirchen, Úa m-Bairche.

Tainig iar t-tain Flann, Eireann, marcshluagh mór rioghdha gur ro iodhnaic Diarmaid mhac Cearbhaill i righe Osraighe.

As ann sin tangattar dream a n-aighid Flainn & ceann Cormaic an aca; as eadh ro raidhsiod re Flann: ‘Beatha & sláinte, a cumachtaigh cosgraigh, & ceann Cormaic againn dhuit, & amhail as bés dona rioghaibh, togaibh do shliasad, & cuir an ceann so foithe, & fordhing é dod shliasaid.’ ‘As olc imorro,’ ad-rubhairt Flann riu-siomh, {MS page 63} & ní buidheachas do


p.158

rad dhóibh. ‘Mór an gniomh,’ ar sé, ‘a cheann do ghoid don epscop náomh; a onóir imorro as eadh do ghén-sa, & ní a foirdhing.’ Ra ghabh Flann an ceann 'na laimh, & ro phóg é, do rad 'na thimchioll fo thrí an ceann coisreaca, & inn fhíormairtireach. Rugadh uadh iar t-tain an ceann go honorach d'ionnsoighidh an chuirp bail a rabha Maonach mc. Siadhail, comharba Comhghaill, & rug-saidhe corp Cormaic go Disiort Diarmata, & ro honorach ann sin é, bail a n-dénann fearta & miorbhaille.

Cia tra nach tigh cride, & nach cían in gniomh mor sa, .i. marbhadh & teascadh (d'armaibh adhétchidhibh) an duine naoimh as móo eangnamh táinig & tiocfa d'fearaibh Eireann go bráth? Elogia Saoí na Gáoidhilge & na Laidne, an t-airdepscop lánchraidhbheach láiniodhan, miorbhulda i n-geanus & i n-earnaighthe, an saoí reathardhachda, & gach eagna, gach feassa, & gach eolais, saoi filiachta & fhoghluma, ceann desheirce, & gach sualcha, & saoí foircheadail, airdrí da choigeadh Mumhan uile re ré[gap: extent: one line]

Ro iompa tra Flann, Eireann, ar f-fágbhail Diarmada i righe Osraighe, & ar n-dénamh siodha a comair eaturra & a bhraithre. Ra iompattar dno Laighin go m-buaidh & cosgar. Tainig Cearbhall mc. Muireagan, Laighean, remhe go Cill Dara & buidhne móra i n-earghabhail aige, & Flaithbeartach mc. Ionmainen eattorra-saidhe. Na n-earbailt aroile scoluighe Laighneach d'ulc ra Flaithbeartach, as nár re a innsin, & ní cóir a scribheann.

Tugad iar t-tain Flaithbeartach go Cill Dara, & tugsad cleirigh Laigean athcosan mór dó, uair ro fheadattar gurob é a aonar ra neart an sluaigheadh & an cath, & gurap a n-aighidh a thoile tainig Cormac. Ar n-écc imorro Cearbhaill, Laighean, ra léicceadh Flaithbheartach ass, & go madh i c-cionn bliadna sin íar f-fairinn. Ro iodhnaic Muireann, comharba Brighde, é, & slúagh mór cleireach uimpe & mionda iomdha, go rainig go Magh n-Airbh; & ó rainig Mumain do roine sidh innte. Ra chuaidh iar t-tain da mainistir go h-Inis Cathaigh, & ro bhaoi seal go craidhbheach inti, go t-tainig amach doridhisi do ghabhail righe Caisil, go rabha dhá bhliaghain triochad righe Mumhan.


p.160

FA 423

As don chath so ra chan Dallán mc. Moire, ollamh Chearbhaill, Laighean:

    1. Cormac Femhin, Fogartach,
      Colman, Ceallach crúaidh n-úghra,
      go sé mhíle do rochrattar
      i c-cath Bealuigh múaidh Mughna.
    2. Aineslis din Borumha,
      Feargal, féig iomon Scribh linn,
      Cormac fionn a Femhen-mhaigh,
      & Cennfaoladh a Frigrinn.
    3. Connadhar din Adhar-mhaigh,
      & Eiden a h-Adhne
      la Cerbhall do rochrattar
      dia máirt ar Maigh Ailbhe.
    4. {MS page 64}
    5. Maol Muadh & Madudan
      —uch, rob alainn an fhairenn—
      Dubhacan ó Abhainn Móir,
      Dubhlaech, & Dubh-da-Boirenn.
    6. Congal & Catharnach,
      & Feradhach Fásaidh;
      Domhnall a Dún Cermna caomh,
      & Aodh ó Charn Tasaigh.
    7. Flann Temra don Tailten-mhaigh,
      is Cerbhall don Charmain chithach—
      i sept December clóisiodar
      cath go céduibh iolach.
    8. Tadhg mac Fáoláin, Temenan,
      Ceallach, is Lorcan lórglan,
      Indeirge mac Duibhgiolla:
      ro diongbhatar cóig nónbhair.

    9. p.162

    10. Maol Callann mac Fergaile,
      Domnall is Lorcán Liamhna,
      Úgaire a Dún Dermhaighe:
      nochar chethrar tíamdha.
    11. Ugran Mairge mórghlonnach,
      Cleirchen ó Inis Failbhe,
      Follamhan mac n-Ailella,
      Dub da Boirenn a Daimne.
    12. Tadhg, an triath a Desgabhair,
      go sustaibh bruthe borrshlat;
      as ré cách ro escomhail
      do chlódh catha for Cormac.

      Cormac.

    13. Ro ba gniomh go t-tiumargain,
      & as lór rar medhrann;
      rob úabhur, rob iomarcraidh
      tuidhecht 'na chrích ar Cherbhall.
    14. In t-epscop, an t-anmchara,
      an saoi soichearna fordharc,
      Caisil, rí Iarmhumhan,
      a Dhé, dirsan do Cormac.

      Cormac.

Comhalta comhaltroma & coimhleghinn Cormac mac Cuilennáin agas Cearbhall mac Muireagan. Unde Cormac cecinit:
    1. Taile dham mo thiompán,
      go n-dernar a h-ershinm
      tré shainserc do Ghelsheirc
      ingin Derill.
.i. Gelshearc ingean Deirill, righ Frangc, ra ail iad maraon, unde Forod Geilsheirce.

Annal FA 424

FA 424

909 K. i. Cearbhall mc. Muirigen, Laighean, .m. Unde Dallán cecinit:


p.164

FA 424

    1. Mór liach Life lonngalach
      gan Cerbhall cubhaidh ceileach,
      fer fíal fosaidh forbharach
      dia f-foghnadh Ére eimheach.
    2. Liach lem-sa Cnoc Almaine
      & Aillenn gan óga;
      liach liom Carman —nocha cel—
      & fer dara róda.
    3. Níor bo cían a shaoghal-somh
      a aithle Cormaic ro cuilled:
      lá go leith, ní maoilriaghail,
      is aoinbhliaghain gan fuilledh.
    4. Ermach righe roghlaine,
      Laighen linibh laochradh,
      dursan all n-árd n-Almaine
      do dhul i séd serbh saothrach.
    5. Saoth la séoda sorchaidhe
      flaith nár Nais —noithech iarsma—
      ra chroth drunga dorchaidhe;
      móo liachaibh an líach sa.

      Mór.

Gormfhlaith ingean Fhloinn cecinit:

    1. Ba congbhaidh Cearbhall do gres;
      ba sobhraigh a bhés go bás;
      an ro bhaoi da chiort gan cios
      taircheall asa niort fri Nás.
    2. Olc orm-sa cumaoin dá Ghall:
      marbsat Niall & Cerbhall,
      Cerbhall la h-Ulbh—comall n-gle—
      Niall Glúndubh la h-Amhlaidhe.


p.166

{MS page 65}

FA 424

Dream 'ga rádha as amlaidh ro loiteadh Cearbhall: .i. ag dola dhó i c-Cill Dara ar fud sraite in cheime chloichi sair, & each diomsach fáoi, in úair thainig áird an árd ré ceardchae ciormhaire; ann sin uair sin ro chuir an ciormhaire a chongna amach, & an t-each 'na urchomhair amaigh, & ro sceinn an t-each diomsach data h-ais, go t-tarla a gha fén a l-láimh a ghiolla fén baoí 'na dheaghaidh (gombad é ainm an ghiolla gain Uille, nó ainm an chiormaire). Ba marbh tra Cearbhall don lot sin i c-cionn bliadna, & ro adhnaiceadh é inter patres suos i relicc Náis. Unde dicitur:

    1. Failed naoí riogh—reim n-agha—
      i c-Cill Náis fó neimh niamhda,
      Muiregan maoín, gan merbhall,
      Cerbhall is Ceallach ciolldha,
    2. Colmán, Bráon, is Bran béodha,
      Fionn, Fáolán, Dúnchadh dána,
      i c-Cill Corbain ro chúala
      ro claoítte a n-úagha agha.

Annal FA 425

FA 425

909 K. i. Bécc .H. Lethlobhar, Dhail Araidhe, moritur. Unde dicitur:

    1. Ard sgél, sgailte long lir,
      ó fúair mór n-imnidh
      nad mair orgas druach dil,
      clothruire Thuaighe Inbhir.

Annal FA 426

FA 426

909 K. i. Caitill mc. Rutrach, Breatan.

Annal FA 427

FA 427

Caireog mc. Dunog, .H. Feargusa.

Annal FA 428

FA 428

909 K. i. Mughron mc. Sochlachain, .H. Maine, .m.

Annal FA 429

FA 429

?907 K. u. Ro innisiomur remhe so, .i. isin ceathramadh bliaghain reamhainn, na slúaigh Lochlannca d'ionnarba a h-Eirinn. Agas tré rath áoine &


p.168

ernaighthe an duine náoimh, .i. Chele Dabhaill, Céle Dabhaill, ab Beannchoir & comharba Comhgaill fo Eirinn, obiit Romae an. Christi 927. Die 14 Septemb. A. Dung. uair ba duine náomh craidhbheach esidhe, & ét mór aige 'ma na Críosdaighdhibh, & ra taobh neartadha dó láoch n-Eirionn i g-ceann na Págánda, ro saothraigh fén re h-áoine, & re h-ernaighthe, & ro chuingidh sáoire d'eagailsibh Eireann, & ro neart fir Eireann 'ma fhoghnamh go dáor don Coimdhidh, & do chur fheirge an Choimdheadh uatha. Úair as ar fheirg an Choimdheadh do bheith fríu tugadh eachtairchineadhaigh da milleadh, .i. Lochlannaig & Danar, do inradh na h-Ereann idir cill & tuaith.

Ra cuadar tra na Lochlonnaigh a h-Eirinn, amhuil adubhramar, & ba taoisioch dóibh Hingamund, & as ann ra chuadar a n-Inis Breatan nó i mBreathnuibh. As é ba Breatan an tan sin .i. mc. Caitill mc. Ruadhrach. Ro thionoilsid Breatain doibh, & tugadh cath crúaidh sonairt doibh, & ra cuirid ar eigin a críochaibh Breatan íad.

Tainig iar sin Hingamund cona shluaghaibh d'ionsoigid Edelfrida, bainrioghan Saxan; úair boí a fear-sidhe an tan sa i n-galor, .i. Edelfrid. (Na h-increachadh neach mé ge ra innisius reamham écc Edelfrid, úair taoisiocha so ionás écc Edelfrid, & as don galor sa as marbh Edelfrid, acht níorbh áil dhamh a fhagbhail gan a scribheann na n-dearnsad Lochlannaig ar n-dul a h-Eirinn.) Ro bhaoí iaramh Hingamund ag iarradh fearainn ar an rioghain a t-tairisfeadh, & i n-dingneadh croadh & treabadh, ar ba tuirsioch{MS page 66} é an tan sin do chogadh. Tug iaramh Edelfrida fearainn a f-fogus Castra dó, & ro an seal ann sin.

As eadh ro fhás de sin, ó do chnairc an cathraigh lánshaibhir, & an fearann toghaidhe impe, tugadh mían a teachtadha dhó. Tainig Hingamund iar sin d'ionsoighid thaoisioch Lochlannach & Danar; ro bhaoí og gearán mór 'na f-fiadhnaise, & as eadh ro ráidh, nach maith ro bhadar gan fearann maith aca, & gur bo cóir dhoibh uile toidheacht do ghabhail Castra, & da teachtadh cona maithius & cona fearannaibh. Ra fhás tra tríd sin catha & cogadh iomdha mora. As eadh ro ráidh: ‘Guidheam & aitcheam íad fén ar tús, & muna f-fagham íad amlaidh sain ar áis, cosnam iad ar éigin.’ Ro fhaomhsattar uile taoisigh Lochlannach & Danair sin.

Tainic Ingamund iar t-tain dá thaigh iar n-dal tionóil 'na deaghaidh. Cidh deirrid do ronsad-somh an chomhairle sin, fuair an rioghan a fhios. Ro thionóil an rioghan iaramh slógh mór impe sáncán, & ro líon an chathraigh Castra óna slóghaibh.

?918 As beag nach isna laithibh si ro chuirsead Foirtreannaigh & Lochlannaig cath. As cruaidh imorro ro cuirsiot Fir Alban an cath so, úair baoí Coluim Cille ag congnamh leó, úair ra ghuidhsiod go diochra é, úair ba h-e a n-apstol é, as tríd ro ghabhsad creideamh. Úair feacht oile, an uair ro bhaoí Imar Conung 'na ghilla óg, & tainig d'inradh Alban, trí


p.170

catha móra a líon, as eadh do ronsad Fir Alban eidir láoch & chléireach, bheith go maidin i n-áoine & a n-iornáidhe ra Día, & ra Colam Cille, & éighmhe móra do dhenamh risin Choimdhidh, & almsana iomdha bídh & édaigh do thabhairt dona h-eagalsaibh & dona bochtaibh, & Corp an Choimdheadh do chaitheamh a l-lamhuibh a sagart, & gealladh gach maithiusa do ghénamh amhail as fearr nó ioralfaidís a c-clerigh forra, & comadh eadh ba meirge dhóibh i g-ceann gach catha Bachall Cholaim Cille; gonadh aire sin ad-berar Cathbhuaidh fría ó sin alle; & ba h-ainm cóir, úair is minic rugsad-somh búaidh a c-cathaibh le, amhail do rónsad iaram an tan sin, dola a muinnighin Cholaim Cille. Do ronsad an modh cédna an tan sa. Ra cuiriodh iaramh an cath sa go cruaidh feochair; rugsad na h-Albanaigh búaidh & cosgar, & ro marbhaid imorro na Lochlannaig go h-iomdha ar maidhm forra, & marbhthar a rígh ann, .i. Oittir mc. Iarngna. As cían iar t-tain ná ro saighsiod DanairLochlannaig orra, acht ro buí sídh & comhsanadh doibh. Acht iompam don sgéol ro thionsgnamar.

Ro thionolsat slúaigh na n-Danar & na Lochlannach d'ionsoighidh Castra, & ó nach f-fuarattar a f-faomhadh tré atach nó guidhe, ro earfhuagradar cath ar ló dhairithe. Tangadar 'san ló sin d'ionsoighidh na cáthrach; & ro {MS page 67} bhaoí slógh mór go n-iomad saorchlann 'san c-cathraigh ara c-cionn. O ro conncattar na sluaigh ra bhattar isin cathraigh, do mhúr na cáthrach, slóigh iomdha na n-Danar & na Lochlannach da n-ionsoighidh, ro chuirsiod teachta d'ionsoighidh gh Saxan, ro bhaoí a n-galor & ar bhrú écca an uair sin, d'iarraidh a chomhairli-siomh & comhairle na rioghna. As i comhairle tug-saidhe, cathugadh do ghénamh a f-fogus don chathraigh allamaigh, & doras na chathracha do bheith oibéla; & slógh rithaire do thogha & a m-beith-sidhe i f-folach alla anall; & an budh treisi do lucht na cathrach ag an chathughadh, teicheadh doibh dara n-ais isin chathraigh mur ba i maidhm, & an uair nó thiocfaidís earmhór slóigh na Lochlannach dar dhorus na cathrach asteach, an slogh bhías a f-folach thall do dhúnadh an doruis dar éis na dreimi sin, & gan ní as móo do leagean orra, gabhail fon dreim sin tiogfaid isin chathraigh & a marbadh uile.

Do rónadh uile amlaidh sin, & ro marbadh deargár na n-Danar & na Lochlannach amlaidh sin. Cidh mór dna an marbhadh sin, ní h-eadh do rónsad na Lochlannaig, fagbail na cathrach, úair ba cruaidh aindgidh íad; acht as eadh adrubhrattar uile, cliatha iomdha do ghénamh acca, & gabhla do chur fótha, & tolladh an mhúir fotha; & as eadh ón na ra fuirgead, do rónadh na clíatha, & ro bhadar na slóigh fotha ag tolladh an mhúir, uair ba saint léo gabhail na cathrach, & dioghail a muinntire.

Is ann sin ra chuir an (& é fochraibh do bhás) & an ríoghan teachta uatha d'ionsoighidh na n-Gaoidhiol ro bhattar eidir na paganaibh (ar ba


p.172

h-iomdha dalta Gaoidhealach ag na paganaibh), da radh risna Gaoidhealuibh, ‘Beatha & sláinte o gh Saxan atá a n-galor, & ó na ríoghain, 'ga f-fuil uile neart Saxan, duibh-si, & ro dheimhnighsiod conadh fíorcaraid tairisi doibh-siomh sibh-si. As amlaidh sin as gabtha dhuibh-si iad-somh; úair gach oglach & gach cleireach Gaoidhealach tainig cuca-somh a h-Eirinn, ní tugsat-som a iomarcraidh onora d'óglachcleireach Saxan: uair as coimmét as namhaid duibh maille an cineadh naimhdidhi si na paganda. Is eadh didiu as libh-si, amhail as caraid tairisi sibh, a f-fortacht-somh an chuairt si.’ Amlaidh so ón a radh riu-som, ‘Gonidh ó chairdibh tairisibh dhuibh tangamur-ne da bhar n-agallad, do radh dhuibh-si risna Danaraibh: cidne comhadha fearainn & ionnmhais do berdáois don lucht nó braithfeadh an chathraigh doibh. Ma ro foemabhait-siomh sain, a m-breith dochum luighe a f-fail i m-bía soirbhe a marbhtha, & mar bheid-siom ag tabhairt an luighe fa c-claidhmhibh & fa sgiathaib, amhuil as bés doibh, cuirfitt uatha a n-uile arm soidiobraigthe.’

Do righneadh uile amlaid sin, & ro chuirsiot a n-arma uatha. Agus as aire is risna Danaraibh do rónsad na Gaoidhil sin, úair ba lúgh ba caraid doibh iad {MS page 68} ionáid na Lochlannaig. Sochaidhe iaramh diobh ra marbadh amhlaidh sin, ar lecadh carrag mór & sabhadh mór 'na g-ceann. Socuidhe mór oile do ghaibh & do shaighdibh, & ó uile acmoinge marbtha dáoine.

Ro battar imorro an slógh oile, Lochlannaig, fóthna cliathaibh ag tolladh na múr. As eadh do rónsad na Saxan & na Gaoidhil ro bhattar eatorra, cairge díomhóra do lecudh anúas, go t-trasgraidis na cliatha 'na c-ceann. As eadh do ronsad-sumh na 'aighidh sin, columhna móra do chur fona cliathaibh. As eadh do ronsad na Saxain, na f-fuaradar do lionn & d'uisge sin bhaile do chur a c-coiribh an bhaile, & fiuchadh forra a legan i mullach in lucht ro bhaoí fona cliathaibh, go ro scomha i leathar dibh. As é freagra tugsad na Lochlannaig air sin, seicheadh do sgáoileadh ar na cliathaibh anúas. As eadh do rónsad na Saxain, gach a rabha do cliabhaibh beach isin bhaile do sgáoileadh fo lucht na toglu, na ro léicc dhóibh cosa na lámha d'iomluadh ra h-iomad na m-beach 'ga t-teascadh. Ro leigsiod iair t-tain don chathraigh, & ro fhagsad í. Ní cían iar t-tain arísi do chathughadh[gap: extent: one line left blank]

Annal FA 430

FA 430

910 K. ii. Isin bhliadain si tainig tionol mór Brefne ar creachaibh. Ra h-innisiodh sin do Righ Eireann & da mhaccaibh. As ann sin ro raidh Eireann, ‘As deireadh n-aimsire ann,’ ar sé, ‘an tan lamhuid comhaithigh mur so eirge a n-aighidh sáorchlann.’ Do rónadh tionól difreagra


p.174

fo cédóir la gh n-Eireann & la mhacoibh, & tangattar reampa go Druim Chriaich, & ro battar og féccadh thionol na m-Brefneach ann sin. Ní facus remhe sin tionól do aitheachuibh. Do chuirsiod ceann i g-ceann iar t-tain, & gen go rabha reampu do fuabradar go cruaidh Righ n-Eireann. Ro chonncattar meic gh Eireann cath sealad o chách amach; tangattar da ionsoighid-sidhe, & ro chuirsiod fríu. Ro mhaidh re macaibh an gh ar an chath sin, & ro maidh ar na cathaibh oile fo cédóir, ro cuireadh a n-deargár, & ro gabhadh sochaide diobh, gur ceannaigit íad do chionn ionnmhais. Tainig an go m-buaidh & cosgar do bhreith óna aitheachdhathuibh ar marbhadh gh na m-Breifneach, .i. Flann mc. Tigearnain.

Annal FA 431

FA 431

?910 annus .xxxi. regni Flainn. Diarmaid, Osraighe, & Aodh mc. Duibhghiolla, Úa n-Dróna, do mhilleadh desgirt Maighe Raighne, & millead doib Cill na g-Cailleach, .i. Sinchi & Rechtín, & muinntir Aodha do marbadh sagairt an bhaile, & as eadh ón ro dhioghail Día for Aodh mc. Duibhghiolla sain, úair ro marbhsad araile comhaithigh d'Osraighibh é ag impodh dá thigh. Úa n-Dróna an t-Aodh sin, & na t-Trí Maighe, & righdhamhna Úa Cinnsilaig. Unde dicitur:

{MS page 69}

FA 431

    1. A óga Ailbhe áine,
      caoinidh rig Sláine sáoire;
      ercbaidh Aodh m-buidhnech m-Berbha
      go ro fhóid Ferna fáoine.
    2. Fearna Mhór milibh doghrath,
      nis ráine, armbad cuimhnech,
      marbhan budh ergna a alladh,
      o ro bith Brandubh búindnech.
    3. Ro fháoidh mo dhíon, mo dhítte;
      Rí na ríogh redhigh róda;
      as suaithnigh for Ráith Édain
      Áodh i n-éccaibh, a óga.

Annal FA 432

FA 432

?910 Uallachán mc. Cathail, righdhamhna Úa Failge, .m.

Annal FA 433

FA 433

Ugaire mc. Oilella do rioghadh for Laighnibh.


p.176

Annal FA 434

FA 434

?910 Buadach mc. Mothla, righdhamhna na n-Déisi, .m.

Annal FA 435

FA 435

911 K. iii. Airdhe iongnadh, .i. na dí grén do rioth maille in uno die i prid noin Maí.

Annal FA 436

FA 436

911 K. iii. Dunlong mc. Coirbre, righdhamhna Laighean, .m.

Annal FA 437

FA 437

911 K. iii. Domhnall mc. Aodha, Ailigh, do ghabhail bachla.

Annal FA 438

FA 438

?911 K. iii. Maol Mordha, princeps Tíre da Glas, .m.

Annal FA 439

FA 439

?912 K. iiii. Gáithin mc. Ugrain, righdhamhna Laoighisi, moritur.