Corpus of Electronic Texts Edition
Fragmentary Annals of Ireland (Author: [unknown])

Annal FA 360

FA 360

867 K. iiii. Cananan mc. Ceallaigh interfectus est per dolum ó mhac Gaithini.

Annal FA 361

FA 361

867 K. u. Connmac, ab Cluana m. Nois.

Annal FA 362

FA 362

867 K. iiii. Maidhm re mac Gaithini for longus Atha Cliath, i t-torchair Odolbh Micle.

Annal FA 363

FA 363

867 K. iiii. Dubhartach Bearrach, sáoi eagna, quieuit.

Annal FA 364

FA 364

867 K. iiii. Aedacan mc. Fionnachta, ollamh Leithe Cuinn, quieuit.

Annal FA 365

FA 365

?868 K. u. Isin bhliaghain si, .i. in septimo anno regni Aodha, ra greannaighsiod Laighin Cearbhall mc. Dunlaing um chath. Ra iorlamhaigh dno Cearbhall ar amus an catha sain. Ro comraic da marcsluagh go n-dearnsad deaphaidh, go ro marbhadh sochaidhe eaturra. In tan imorro ro comraic acht beag don chath ceachtardha, as ann tainig Sloigeadhoch ua Raithnen, comharba Molaissi Leithglinne, deocain an tan sain é, epscop imorro & comharba Ciarain, .i. Saighre, íar t-tain; tainic-sidhe gona [gap: extent: one and one third lines] eagnaidh, & go n-dearnad sidh thairisi eattorru.

Annal FA 366

FA 366

{MS page 52} 868 K. u. Isin bliadain si dno do ronadh mórshlúagh la h-Aodh Finnlíath mc. Néill, righ Eireann, d'ionnsoighidh Ciannachta da n-argain & da n-indradh.


p.132

┌ar tug Ciannachta, .i. Flann mc. Conaing, mac a dherbhsheathar féin, dínsiomh mór for righ Eireann. Ní rabha imorro i n-Eirinn uile bá moó eneach na cáonfhúarraighe ionás an Fland sa, & dno gen gorob bhúidheach Aodh an tan sain dhe, & ┴odh 'na airdrígh Eireann, ro ba maith greim Flainn dhó an tan rainig a leas, .i. an tan ro bhaoi cogadh eattorra & Maoil Seachlainn mc. Maol Ruanaidh: úar is tríd sin ro ionnarb Maoil Seachlainn an Flann asa thír. An trath imorro do rad an Flann mc. Conaing an dinsiomh sa do rígh Eireann, as ann sin ro bhoí Flanda, ingean gh Osraighe, .i. Dunlaing—& isidhe ba bean d'Aodha Finnleith an tan sa, ar m-beith reimhe ag Maoil Seachlainn, & is í rug Flann dó, an mac ón is fearr tainig i n-Eirinn 'na aimsir, & ba airdrí Eireann iar t-tain; as í an Land cédna mathair Cennédigh eirdhairc mc. Gaithini—is ann, ad-beirim, ro bhaoí an rioghan sa ag denamh teampuil do naoimh Brighid i c-Cill Dara, & sáoir iomdha aice 'sin chaillidh og teasgadh & ag snaidhe chrann. Rá chúala trá an rioghan sa comhradh & uga Laighean 'má fear, .i. um Aodh Finnliath, & imá mac, .i. im Fhlann mc. Maoil Seachlainn, & ní raba ar mac oile ríamh a chlú na a alladh an tan sin, & o ró fhidir sí coimherge LaigheanFlann mc. Conaing, Ciannachta, tainig rempe gonige bail i rabha a fear, & ra innis dhó, & ro neart go sochraide é im thionol catha 'na n-aghaidh.

Cuiridh trá Aodh iar sin a shlúagh fo Ciannachta, & airgid & loisgid go n-ár mór daoine do marbhadh dhoibh. Ní tainig imorro Flann fo cédóir da n-ionsoigidh, úar rá bhaoí cobhlach mór an tan sin ag inbhear Bóinne, & ro chuir-siomh fios ara n-amus-saidhe go d-tiosdáois da foirithin, & tangattar-somh ón, & dno tangattar Laighin d'foirighin an Fhlainn. Tangattar uile iar t-tain i n-deaghaidh righ Eireann, & a chreacha reimhe. Ro chúaidh Aodh ar árd & ro bhoí ag feaghadh na mórsocraide baoí 'na dheaghaidh [gap: extent: one line] se & a lucht comhairle, ‘Ní ar líon óg bristear cath, acht is tré fhurtacht an Coimdheadh, & tre fhirinne flatha; an diomus imorro & an iomarcraidh slúaigh, ní h-eadh as ionmhain ra Día, acht inisle aignidh & craidhe daingean. Sochuidhe iaramh don lucht so, & as díomsach teaghaid. Tionolaidh-si uile imum-sa anosa, & na biodh meanma teichidh agaibh, {MS page 53} uair as fada uaibh gonuige bar t-tighe féin, & ní caraid leanfas sibh, ní h-anacal na coigill foghébhthaoi. Denaidh tra na n-dearnsad bhar n-aithreacha & bhar seanaithreacha, fuilngidh tra frosa i n-ainm na Trionóide do thealgudh duibh. Mar adachichisthi misi ag eirge, eirghidh uile i n-aoineacht fotha mar faillseachus Día dhuibh.’ Dia lúain ar áoi laithe seachtmaine sin.

In Flann imorro mc. Conuing isin rainn eile as eadh rá raidh-sidhe fria mhuinntir: ‘As uathadh an lucht úd, & as lionmhar atáim-ne, & cruaidhighidh-si céim dá n-ionnsoighidh.’ Agus do righne tri coirighthe dhe, .i. é fein


p.134

ar tús, & Laighin iar t-tain, na Lochlannaigh fá dhéoigh, & ro bhaoí 'ga n-agalladh uile: ‘Tuitfid an lucht úd libh-si,’ ar sé, ‘& berthaoi búaidh & cosgar diobh, ar ní budh fíu leo teicheadh reamhaibh-si, & atáoi-si líon as móo; úair ní ar fháth oile atú-sa ag an chathugadh sa acht do ghabhail ríghe Teamhrach, nó dom marbadh 'ga cosnamh.’ Robttar áille trá na tri coirighthi sin; rob iomdha meirge álainn ioldhathach ann, & sgiatha gacha datha. Tangattar iarumh fón c-cuma sain d'ionnsoighid Rígh Eireann.

Ro bhaoí imorro Eireann 'ga n-iornaidhe, & sé meirge rá bhaoi aige, croch an Choimdheadh & bachall Iosu. O thangattar tra na slúaigh naimhdighe i g-comhfocraibh do ┴odh, rá suidh & rá coruigh uime Uladh don dara leith, & Midhe don leith oile; & ro ráidh riu: ‘Na h-iomraidhidh teicheadh, acht tairisnighidh isin Choimdhidh o f-fuil cosgar dona Criostaidhibh; narab banda bar n-aigeanta, acht gurob feardha, & brisidh go h-obann cath ar bur naimhdibh gur ro mhara bhur c-clú tre bhiothu.’ As eadh ra raidhsid uile, go n-diongnaidís.

Ní tháirnig imorro do Rígh Eireann deireadh na m-briathar sin do rádh, an úair tangattar a namhaitt i f-foccus; & ro diubairgsiod frossa diomóra do sháighdibh ar tús, & frossa d'faghaiph iar t-tain, & an treas fross do leathgaibh, ionnus gur eirghe an Rígh cona mhuinntir 'na n-aighidh, gur caithighsiod go cródha fríu. (Fo ríor ní fhaghuim as in t-seinliobhar ata briste iomláine na h-imtheachta do ronsat cách 'san chath so Cille h-úa n-Daighre, náid na briathra breaghdha do labhair Rígh Eireann go h-uilidhe do dhiorgadh a mhuinntire féin: gidh eadh tátham gur brisiodh leis in Rígh ara námhaid.)

Agas ann sin ro ráidh an Rígh (an tan baoí an mhaidhm ré na mhuinntir): ‘A mhuintir ionmhain, legidh dona Criostaidhibh, & imridh for iodhaladharthaibh ó táid a madmaimm reamhaibh.’ Níor bó diomháin do-somh sin do radh, úair do {MS page 54} rónsad in fair-siomh, ionnus nach móo iona ceathramhadh diobh ráinig slán. Ternattar Laighin iomlán da n-áthardha fein, úair do ronsad cipe daingean ceangailte díobh féin tre comairle an taoisigh treabhair bui aca, .i. Maol Chíarain mc. Ronain. Flann imorro mc. Conaing ro theich cona shocraide, & rugsad muinntir an Rígh fair, & ro fhagaibh a cheann, & tugadh é do lathair aireachta an Rígh; & ro bhaoí an ann sin ag iomcháoineadh fair, & ro bhaoí cách 'ga rádha ris nar bó cóir dhó a chaineadh tre goire a n-gaoil, & ar adhbharaibh eile nac f-faighuim asin t-senleabhar, .&c.


p.136

Annal FA 367

FA 367

869 K. uii. Niallan, epscop Slaine, obiit.

Annal FA 368

FA 368

869 K. uii. Cormac mc. Elothaigh, ab Sáighre & sgriba, .m.

Annal FA 369

FA 369

869 K. uii. Ailill Clochair, scriba & epscop & ab Clochair.

Annal FA 370

FA 370

869 K. uii. Dubhthach mc. Maoil Tuile, doctissimus Latinorum totius Europae, in Christo quieuit.

Annal FA 371

FA 371

869 K. uii. Martra Eodusa mc. Donngaile ó Ghentibh i n-Disiurt Dhiarmada.

Annal FA 372

FA 372

869 K. uii. Dunlang mc. Muireadhaigh, Laighean, .m.

Annal FA 373

FA 373

869 K. uii. Maol Ciaráin mc. Ronáin, righnia airthir ╔reann, .m.

Annal FA 374

FA 374

869 K. uii. Orgain Ardmacha d'Amhlaoibh, & a losccadh cona dearrthighibh, .i. dearthach mór maic Andaighe. Deich c-céd eidir braid & marbadh, slad mór olcheana.

Annal FA 375

FA 375

869 K. uii. Donnacan mc. Cédfadha, .H. Censiolaig.

Annal FA 376

FA 376

869 K. uii. Cían mc. Cumasgaigh, .H. m-Bairrche Tíre, .m.

Annal FA 377

FA 377

?869 Isin bliaghain si, .i. in octauo anno regni Aodha Finnleith, ra ionnarbsad Laighin táoisioch dá t-táoisiochaibh uatha, úair ba miosgaiss leó é: .i. baoí formad aca ris ar méd na c-cosgar no beireadh dona Lochlannachaib, no dno úair bá tuilithe aca é, úair do Chiarraighe Luachra a bhunadh, no dno ar méd a dhíomais ba miosgais leó é. ┌air ná ro fhéd didiu bheith i c-cinn mhaithe Laighean, & ri Laighean, tainig rá muinntir leis ar ionnarba d'ionnsoighidh Rígh Eireann, & ar m-béd a bhlaidhe eangnamha ro ghabh an chuige go honorach é, & tug a ingin dó do mhnaoi, .i. Eithne.

Rob é méd imorro an smachta & an nirt tarraidh se for Lochlannachaib, conach lamhdaois nach gniomh moghdha do dhenamh isna Domhnaighibh: ro ba sgél mór ría innisin na t-tabhradaois do chíusa dhó...8 Is ar thnuth & ar fhormad ro ionnarbsad Laighin uatha féin é, & dno ara bheith d'fearuibh Mumhan. Tainig tra iar sin go sochraidhe leis i Laighnibh, go n-dearna airgne {MS page 55} & ionnradh iomdha & loisgthe & marbhta intibh. Acht cheana atá a f-fágbaluibh náomh ná bádh reidh don tí no


p.138

raghadh a Laighnibh amach ar ionnarba tuidheacht ar c-cúla do chogadh intibh dorighisi, na badh reidh dó [gap: extent: three lines (left blank)] fír fear no comhlann dhó, acht ro gabadh dhó as gach aird do gháibh & do thuaghaibh & do chlaidhmhibh, go n-dearnsat mionta beacca dhe, & gur ro beanadh a cheann de. Ro marbhait didiu a muinntir uile. Rugadh a cheann iar sin dochum na Lochlannach, & ro chuirsiod-saidhe for chuaille é, & ro ghabhsat seal fora dhiuburgan, & ro chuirsiot 'sin muir iar t-tain é.

Annal FA 378

FA 378

870 K. i. Suairdleach Ineidnén, epscop & anchore & ab Cluana Ioraird, optimus doctor religionis totius Hiberniae, quieuit.

Annal FA 379

FA 379

870 K. i. Gearan mc. Diocosca, ab Saighre, obiit.