Corpus of Electronic Texts Edition
Fragmentary Annals of Ireland (Author: [unknown])

Annal FA 340

FA 340

866 K. iii. Isin bliadain si ba marbh Tomrur Iarla, namha Brénainn, do dhásacht i Purt Manann, & ba h-eadh ad-chíd Brenainn 'ga mharbadh.

Annal FA 341

FA 341

Isin tan so do ronsad Ciarruighe forbaisi for mhuintir an Tomrair sin, & ar n-attacht dóibh Brénainn ar bhrú an mhara, & ro bhaoí an Coimdhe ag furtacht dona Gaoidhiolaibh: uair baoí an mhuir og badhad na Lochlannach, & na Ciarraighe 'ga marbhadh. Congal an seanóir, Ciarraighe, rug búaidh isin congail chatha sa. As uaitheadh tra lomnocht & gonta tearna dona Lochlannachaib; bá mór n-óir {MS page 49} & airgid & ban caomh ro fagbhaid ann sin.

Annal FA 342

FA 342

867 K. iiii. Isin bliadain si dno tangattar sloigh Lochlannach ó Phurt Corcáighe d'argain Fear Maighe Féne, acht cheana ní ra cheadaigh Dia dhóibh. Úair is an tan sin tangattar na Dési ar creachaib 'sin f-fearann cédna tré remhfheghadh Dé, úair ba deargnamhaid reimhi sin na Dési & Fir Maighe. O ró conncuttar iaram na Dési na Lochlannaig og orgain & og innradh an tíre, tangattar d'ionnsaighidh Fear Muighe, & do ronsat sídh dhainghin thairisi, & ro chuadar a n-aonfeacht i c-ceann na Lochlannach go garg béodha commbagach, & ra cuireadh go crúaidh cródha leith for leath eatturra. Gidh eadh ro meamhaidh forsna Lochlannachaib tré miorbail an Coimdheadh, & ra cuiriodh a n-deargár.

Rá chúaidh imorro a t-táoisioch, .i. Gnim Cinnsiolaig a ainm, go rainig caistial daingean baoí a g-comfhocraibh dhóibh, & ro fuabhair a ghabhail, & as eadh bá diomháin dó, úair ní rá fhéd a fhulang ar iomad faga & cloch 'gá n-díubragadh dhó. Is eadh do rigni-siomh, Ceannfaoladh do ghairm chuige, uair bá dóigh leis bá cara é, & aisgeadha iomdha do gealladh dhó ara anacal; & as eadh bá diomháoin do-somh, úair ro tairrngead-somh amach tria impidhe na soichaidhe ro foghnaidsiot dhó reimhe, & ro marbadh go truagh é, & ro marbhaid a mhuinntear uile. Ba gairit imorro iar t-tain go t-tangas dochum an chaistéol in ro caith-siomh a bheathaidh go sártholach, & ro díosgáoilead uile e. Sic enim placuit Deo.


p.126

Annal FA 343

FA 343

866 K. iii. Dineartach, ab Lothra, .m.

Annal FA 344

FA 344

866 K. iii. Loch Lebhinn do shoudh i f-fuil, go raibhe 'na phairtibh cró amhail sgamha.

Annal FA 345

FA 345

866 K. iii. Sruthair, & Slebhte, & Achadh Arglais d'argain do gentibh. d'Osraighibh A.D. an. 864.

Annal FA 346

FA 346

?867 K. iiii. Isin bliadain si, .i. sexto anno regni Aodha mc. Neill, maidhm ré Laighnibh for Uibh Néill, i t-torchair Maol Muadh mc. Dunchadha, & Maol Murthemne mc. Maoil Brighde.

Annal FA 347

FA 347

867 K. iiii. Teagmhail eidir Óisle, mac gh Lochlann, & Amlaoibh a brathar. Trí meic battar ag an gh, .i. Amlaoibh & Iomar & Óisle. Óisle bá sóo ar n-aois díobh, & as é bá móo ar aoí eangnamha; úair rug dearsgughad mór i n-diubargan fogha & i n-niort ga do Ghaoidhealaib. Rug dno dearsgughad do Lochlannachaib i n-niort cloidhimh, & i n-diubhragadh saighead. Ro bhaoí a dubhfhuath go mór 'ga bhraithribh; as eadh as mó ro bhaoí ag Amlaoibh; ní innisin cuisi na miscean ara libri. Ra chuadar an dá bhrathair, .i. Amlaoibh & Iomar, i g-comhairle 'má caingin in mhic oig, .i. Óisle, ge ró {MS page 50} bhattar cúisi dichealta occa da mharbadh, ní h-íad tugsat ar aird, acht cúisi eile ro thogbhattar ar aird as a n-dlesiod a mharbhadh, & rá chinnsiot iaramh a mharbadh.

O ró fhidir Amlaoibh dál an brathar ba miosgais leis do thuidheacht, as eadh do righne, teachtaireadha tairisi do chur ar ceann na ritaire bá sonairte & bá béodha aige, go m-beittís astigh ar cheann Óisle. Tainic iaramh an t-Óisli, .i. an duine as fearr cruth & eangnamh baoí an tan sin 'san domhan; uaitheadh dna tainig-siomh i t-teach a bhrathar; úair níor sháoil an ní fúair ann, .i. a mharbadh. Is eadh imorro ro chuinnig ann ní ná ro sháoil. As eadh ro íarr o thús diolmainius labhartha do thabhairt dhó. Tugadh do-somh sain. As eadh imorro ro labhair-siomh, .i. ‘A brathair,’ (ar sé) ‘muna f-fail gradh do mhna, .i. ingean Cinaoth, agad-sa, cídh na leigi damh-sa úait í, & gach ní ro dioghbhais ría, do bear-sa dhuit.’

O ro chúala an t-Amlaibh sin, ro ghabh éd mór é, & ro nocht a chloidheamh, & tug buille dhé i g-ceann Oisle, .i. a brathar, gur ros marbh. Ro choimheirigh cách ar amus a chéile iar t-tain, .i. muinntear an gh, .i. Amlaoibh, & muinntir an bhrathar ro marbadh ann; battar stuic & comhairc 'ma seach ann-saidhe. Rá chúas iar sain fa longport an brathar ro marbhadh ann, ar c-cur deargáir a muinntire. Rob iomdha maithios isin longport sin.


p.128

Annal FA 348

FA 348

867 K. iiii. Isin bliadain si dno do chuadar na Danair go Caer Ebroic, & do radsat cath crúaidh dona Saxanaibh ann. Ro maidh for Saxanuibh, & ro marbadh righ Saxan ann, .i. Alle, tré bhrath & meabhail ghiolla óig da muinntir féin. Tugadh tra ár mór isin chath sain, & ra chúas iar sin for Chaer Ebroic, & tugadh iomad gach maithiusa eiste, úair bá saidhbhir an tan sin í, & marbtar na f-frith do dheaghdhaoine innte. As as sin ro fhás gach dochonach, & gach imneadh d'Innsi Breaton.

Annal FA 349

FA 349

867 K. iiii. Isin bliadain si tainig an Cennedigh airdhirc, .i. mac Gaithin, námha chlúuch na Lochlannach, d'ionnsoighidh longpoirt Amloibh, na Lochlannach (& as esidhe reamhainn do marbh a bhrathair), gur ro loiscc [gap: extent: one and a half lines] Tangattar na Lochlannaig 'na dheaghaidh, & mur tug-somh a aighid forra, ro maidh reimhe dibh gonige an longport cédna, & ro marbh a n-deargár na sáorchlann. Sic Deo placuit.

Annal FA 350

FA 350

Isin bliadain si dno tainig Bárith íarla & Háimar, días do chinel soichinelach na Lochlannach, tré lár Connacht d'ionsoighidh Luimnigh, amhail na dearndáis ní do Connachtaibh. Gidh eadh ní amhlaidh do rala, uair ní 'san iomad ro tairisnighsiod, acht ina m-brighaibh féin. Ro fuaprattar na Connachtoigh tria chelcc a f-foruaisliughadh-somh: uair do rala areile Muimhneach sonairt crúaidh {MS page 51} & glic i n-imirt arm eaturra an tan sin, & bá glic dno a c-comairlibh an Muimneach sin. Ro ioraileattar iaramh Connachta fair-sidhe dola ar amus na Lochlannach, mar badh do thabhairt éoluis dóibh, & do marbadh Bárith.

Mar ránaig-sidhe gonige in ionad i rabha Háimar, tug buille do leathgha go sonairt i n-Haimar, go ros marbh. Mílídh imorro Connachtach do chúaidh maille ris ar tí marbhtha an Bárith, ní tharla dó-saidhe amhail bá dúthracht lais, uair ro gonadh é tréna shlíasaid, & ra cúaidh as ar eigin iar t-tain. Ra ghabhsat dno na Connachtaigh fona Lochlannachaib gur chuirsiod deargár na Lochlannach, & ní h-amhlaidh ro bhíadh muna beith an chaill & an adaigh i f-fochraibh. Is eadh ro chúattar iar t-tain conige an ionad asa t-tangattar, & ní do Luimneach.

Annal FA 351

FA 351

867 K. iiii. Máol Dúin mc. Aoda, Ailigh, in clericatu obiit.

Annal FA 352

FA 352

867 K. iiii. Robhartach, epscop & sapiens Fionnglaisi, .m.


p.130

Annal FA 353

FA 353

867 K. iiii. Cosgrach Tighe Telle.

Annal FA 354

FA 354

867 K. iiii. Conall Cille Scire epscop quieuit.

Annal FA 355

FA 355

867 K. iiii. Cormac .H. Liatháin, epscop & anchoire, quieuit.

Annal FA 356

FA 356

867 K. iiii. Oigheadhchair, ab Coindeire & Lainn Eala, quieuit.

Annal FA 357

FA 357

867 K. iiii. Guaire mc. Duibh dha Baireann .m.

Annal FA 358

FA 358

867 K. iiii. Muireadhach mc. Cathail, .H. Criomhthainn, longa paralisi extinctus est.

Annal FA 359

FA 359

Dúnchadh mc. Dungaile .m.