Corpus of Electronic Texts Edition
Fragmentary Annals of Ireland (Author: [unknown])

Annal FA 260

FA 260

858 K. uii. Isin bliadain si, an dara bliadain deg flatha Maoil Seachlainn, do ronadh mórsluagh la Maoil Seachlainn i n-Osraighib & i m-Mumhain, arna rádh d'fearaibh Mumhon ná tibhridís braighde dhó; gonadh airi sin ra fhugair Maoil Seachlainn cath forra; & fáth mor oile ag Maoil Seachlainn, .i. Cearbhall mc. Dunnlaing, Osraighe, duine on garbo dingbála Eire uile de bheith ar fheabhus a dhealbha & a enigh & a eangnamha, císa móra bliadnaidhe do bhreith dhó, .i. óna tuathoibh do Laighnibh rá bhattar aige. In lucht imorro rá chúaidh do thobhach an chíosa sin, .i. máoir Chearbhaill mc. Dunlaing, imcosnam mór do dhénamh dhóibh ag tobhach an chíosa, & tarcossal mór do thabhairt dhoibh for Laighnibh. Laighin do dhola ar soin go gearánach d'ionnsoighid Maoil Seachlainn, & a indsin do Maoil Seachlainn. Fearg mhór do ghabhail Maoil Seachlainn, & an tionól mór sa do breith d'ionnsoighidh Cearbaill & fear Mumhan bhattur ag congnamh la Cearbhall.

Tangattar iar soin Maoil Seachlainn cona shlóigh go Gabrán, & as ra bruinne Gabrain ra bhattur na slóigh oile. Gér bo líonmhaire imorro do Maoil Seachlainn, ní h-eadh ra chúaidh 'na c-ceann; acht as conair oile na ra saoileadh a n-dola rá chuattar, go rangattur Cárn Lughadha, & ro bhaoi Maoil Seachlainn armtha eidighthe ann sain ar cheann cháich. O d' choncudar fir Mumhan sin, rá fagsat a longphort & rá rainnsit a slúagh ar dhó, & tainig ri Mumhan, .i. Maol Guala, co marcsluaghaibh móraibh ime a n-aighidh Maoil Seachlainn. Cearbhall imorro & a Dhanair —do neoch ra thairis do mhuinntir Horm ra thairis i f-farradh Cearbhaill—as eadh ba longphort dhoibh, caill drisioch dluth aimhréidh, & rá bhaoí tionól mór ann sin um Chearball. As eadh ra innisit na h-eolaigh, go rabha búaidhreadh mór ann sin for Chearbhall, ar n-imirt draigheachta do Thaircealtach mc. na Cearta fair, go m-badh lughaide nó dhigsid dochum an chatha, go n-erbeart Cearbhall as codladh do ghénadh ann sin, & ní dochum an chatha do raghadh.

In cath tra i rabha ri Mumhan tugsat maidhm ar tús ar muinntir Maoil Seachlainn. Tangadar dna a choisigheadha da fhoiriththin-sidhe, .i. Maoil Seachlainn cona mhuinntir, go t-tugadh maidhm for fearaibh Muman, & ra cuireadh a n-deargár. Ro marbhaid sochaide do sháorchlannoibh ann sin. Indisit eolaigh conadh h-í numhir an t-slóigh ar a t-tugadh {MS page 40} an maidhm .xx. milium.


p.104

FA 260

As i comhairle do rinne Cearbhall mar ra chúala sin, braighde do thabhairt do Maoil Seachlainn, & gan a thír do lot; & ro ghabh Maoil Seachlainn braighde úadh. Uair Land ingean Dunlaing, derbhsiúr Chearbaill, bean Maoil Seachlainn.

Ra chúaidh Maoil Seachlainn don Mumhain, go rabha re ré mís og ionnradh Mumhan a nn-Eimli, go t-tug braighde Muman ó Comur tri n-Uisge go h-Innsi Tarbna ar n-Eirinn. Cath Cairn Lughdhach sain. Isin chath soin ro marbadh Maol Croin mhac Muireadhaig, leithrígh na n-Déisi. Gen go t-tíosadh Maol Seachlainn an turus so do ghabháil ríghe Mumhan do fén, ro bo thuidheachta do mharbadh an ro marbadh do Ghall-ghaoidhealaibh ann, úair daoíne ar t-tregadh a m-baiste iad-saidhe, & ad-bertais Normannaigh fríu, uair bés Normannach aca, & a n-altrum forra, & ger bó olc na Normannaigh bunaidh dona h-eaglaisibh, bá measa go mór iad-saidhe, .i. an lucht sa, gach conair fo Eirinn a m-bidís.

Annal FA 261

FA 261

858 K. uii. Foghmur gortach isin bhliadhain si.

Annal FA 262

FA 262

858 K. uii. Inriudh Laighean uile la Cearbhall mc. Dunlaing, & níor f-fearde braighde úadh a laimh Maoil Seachlainn, gur ghabh Cearbhall mc. Dunlaing braighde Laighean um Chorpri mc. Dunlaing, & im Shuitheamhan mc. Artúir.

Annal FA 263

FA 263

858 K. uii. Maidhm re Cearbhall mc. Dunlaing & re n-Iomhar for Ghall-ghaoidhelaib i n-Aradhaibh Tíre.

Annal FA 264

FA 264

859 K. i. Anno Domini .dccclu. Maol Guala, rí Caisil, do ghabhail do Normannoibh, & a écc a l-laimh acca.

Annal FA 265

FA 265

859 K. i. Slúagh mór la Cearbhall mc. Dunlaing & slúagh Lochlannach lais i m-Midhe, & ni ra deigh [gap: extent: space for one word left blank] a braighde battar ag Maoil Seachlainn, go rabha ra trí míosaibh ag innradh fearainn Maoil Seachlainn, & ní ro an gur ro fhalmaigh an tír uile 'ma maithius. Is sochaidhe tra d'fearaibh dána Eireann do ronsat dúana mholta do Cearbhall, & taithmead gach cosguir rug inntibh; &as mó do ríne Aongas, an t-airdeagnaidh, comarba Molua.

Annal FA 266

FA 266

Uch thra an ní ad-bearam go minic: as truagh dona h-Eireannchaibh


p.106

an mibhés doibh tachar eaturra féin, & nach a n-aoineacht uile eirgit a c-ceann na Lochlannach.

Annal FA 267

FA 267

861 K. iiii. Ra eirghe dna Aodh mc. Néill, arna aslach do gh Ciannachta fair, eirge i ceann Maoil Seachlainn. Uair Maoil Seachlainn ra baidh dearbrathair rígh Ciannachta, .i. Cionaodh, ut praescripsimus.

Annal FA 268

FA 268

859 K. i. Ríghdhál maithe Eireann og Rath ┴odha, um Maoil Seachlainn, Eireann, & um Fhethgna, comarba Padraicc, & um Shuairlioch, comarba Finniain, do deanamh síodha {MS page 41} & cáonchomhraic na h-Eireann uile. Gonadh isin dáil sin tug Cearbhall mac Dunlaing a oighréir do Maoil Seachlainn do réir comarba Phadraicc, ar m-beith do Cearbhall reimhi sin a n-Irarus, & mac gh Lochlann maille fris, ra ceathrachait aidhche og milleadh fhearainn Maoil Seachlainn.

Annal FA 269

FA 269

862 K. u. Aodh Finnliath mc. Néill do innradh Midhe, & Flann mc. Conaing, Ciannachta, maille fris, & is eisidhe ra aslaigh ar Aodh an t-innriudh do dhénamh. Fáth oile dno, úair ra innreastar Maoil Seachlainn fearann Aodha re tri bliadnaibh [gap: extent: space for one word left blank] i n-diadh. Mac ingeine dno Neill an Flann. Do róna dna Aodh ar an f-Flann an cogadh sa, úair ní rabha a fhios aca an ní ra bhaoí dhe; & ar eagla na coimheirghe sin do righne Maoil Seachlainn sídh re Cearbhall, amail adubhramar romhainn.

Annal FA 270

FA 270

855 K. iii. Orgoin Locha Ceand iar n-aighreadh rommhor i t-torchair .cxx. do dhaoínibh.

Annal FA 271

FA 271

856 K. iiii. Sioc dofholochta, go n-imthighthea locha Eireann edir chois & each.

Annal FA 272

FA 272

856 K. iiii. Derthach Lusca do losccadh do Lochlannachaib.

Annal FA 273

FA 273

856 K. iiii. Suibhne mc. Roichligh, ab Liss Móir, quieuit.

Annal FA 274

FA 274

856 K. iiii. Cormac Latraigh Briúin .m.

Annal FA 275

FA 275

856 K. iiii. Sodomna, epscop Sláine, do marbadh do Lochlannachaib.


p.108

Annal FA 276

FA 276

856 K. iiii. Cathasach, ab Arda Macha, .m.

Annal FA 277

FA 277

860 K. ii. Lucht da chobhlach do Normannaibh do thoidheacht i f-fearann Cearbhaill mc. Dunlaing da innradh. An úair thangus da innisin sin do Chearball, as ann ro bhaoí Cearball for meascca. Ra battur daghdhaoíne Osraighe 'ga rádha ris go h-aloinn & go socraidh 'ga neartadh: ‘Ní h-adhbhar measga do bheith for dhuine i n-Osraighibh do níad na Lochlonnoighibh anosa, .i. an tír uile do lot. Acht cheana go ro coiméda Dia thu-sa, & go ruga búaidh & cosgar dot naimhdibh amhail rugais go minic, & amhail béra bhéos. Léig as tra do mheasga, uair namha an mheasga don eangnamh.’

O do chúala Cearbhall sin rá chúaidh a mheasga uadh, & ra ghabh a arma. Tainig imorro trían na h-oidhche an tan sin. As amlaidh táinig Cearball immach asa grianán & rioghchainnel mhór reaimhe, & rá bhoí soilsi na caindle sin go fada ar gach leith. Ra ghabh úamhan mór na Lochlannaig; & ra theichsiot fona sleibhtibh faigsibh dhóibh & fona cailltibh. An lucht imorro ra thairis ra h-eangnam díobh ra marbadh uile.

O thainig maidin a m-mucha arnamharach, ra chuaidh {MS page 42} Cearbhall gona shochraidhe 'na c-ceann uile, & ní ra ghabh uatha ar marbadh a n-deargáir, go ra cuirit a m-madhmuim, & go ro sgaoilit íad for gach leith. Ra immir Cearbhall féine go crúaidh isin ammus sain, & tainig ris go mór a méd attibh an aidhche remhe, & ra sgé go mór, & tug sonairte mór do-somh sain; & ra ghreiss go mór a muinntir go diochra forsna Lochlannachaib, & as móo ina leith an t-slóigh ra marbadh ann, & na t-tearna ann ra theichsit ar ammus a longa. Og Achadh mc. Earclaighe tugadh an maidhm si. Ra impu Cearbhall iar t-tain go m-búaidh & go n-eadáil móir.

Annal FA 278

FA 278

Isin aimsir sin tainic Hona & Tomrir Torra, dá thoiseach soichinélach, & drui an t-Hona, & fir bhéodha crúaidhe go m-blaith móir íad eittir a muinntir féin; lán saorchlanna dno iad d'erchiniudh Lochlann. Tangattur tra an dias sin gona sochraide go Luimneach, & ó Luimneach go Port Lairge. Acht cheana as mó ra tairisnighsit ina m-brioghaibh féin ina 'na sochraide. Ra thionoilsit Eoganachta & Araidh Cliach dóibh, & ra chuirsit ceann i g-ceann, & ra cuireadh treas crúaidh eattura, go ra cuirit na Lochlannaig i m-baile beag & cloch dhaingean ime. Ra chúaidh dna an draoí, .i. Hona, & fear ba sine díobh, ar an chaisiol 'sa bhél oslaigthe, og atach a dhée & og denamh a draoigheachta, & 'ga earail ara mhuinntir adradh na n-dee. Tainig fear d'fearaibh Mumhan chuige go t-tug buille do cloich mhóir dara mhant dhó, go t-tug a fhiacla uile assa cheann. Ra impa iar sin a aigidh ara mhuinntir fén, & ass eadh ro ráidh ag cur a fhola teassaidhe dara bhél amach: ‘Bam marbh-sa de so,’ ar se; & ra thuit ar ais,


p.110

& ra chúaidh a anam ass. Ra gabhadh dhóibh iar t-tain do chlochaibh gona ra fedsat a fhulang, acht fagbhaid an ionad sin, & tiaghaid fon seisgeann ba neassa, & marbhthar ann-saidhe an taoiseach oile; go ro marbat amlaidh sin an dá thaoiseach, .i. Hona Luimnigh, & Tomrir Torra. Ní tearna dna da maithibh acht días namá, & uaitheadh beg leó; & rugsat fir Mumhan búaidh & cosgur amhlaidh sin.

Annal FA 279

FA 279

860 K. ii. Isin bliadain si do ronadh mórshluagh la Maoil Seachlainn, righ Eireann, & Cearbhall mac Dunlaing lais go Magh Macha. Ra ghabhsat longphort ann sin. Ba eagail imorro la Maoil Seachlainn ammus longpoirt do thabhairt do Aodh mc. Neill fair; ciadh alainn an freagra síodha tug Aodh fair {MS page 43} trésan duine náomh, .i. Fethgna, comarba Padraicc.

As eadh do righne Maoil Seachlainn: Laighin & fir Mumhan & Connachta & Ulaidh & fir Bhreagh do thabhairt a t-timchioll a phubla, & a n-airm nochta 'na lamhaibh. An rígh féin, .i. Maoil Seachlainn, ra bhaoí go faitteach fuireachair gan chodladh ar eagla Aodha, gé do rad luighe a f-fiadhnaisi comarba Padraic. Gidh eadh tainic Aodh gona shluaghaibh do thabhairt ammus longpoirt ar Maoil Seachlainn, & ní mur ra shaoilsit ra fuarattar, úair ro bhattur a n-airm uile a laimhibh slúaigh Maoil Seachlainn, & ra eirghisit a n-aoineacht fan lucht tainic da n-ionnsoighidh, go ro cuirsit a maidhm íad ar marbadh an n-deargáir.

Ra ghabh dna dasacht faireann oile díobh, & as eadh tangattur d'ionnsoighidh puible Maoil Seachlainn, andar leó rab iad a muinntir féin. Ra bhattar ann go ro marbhait uile iar t-tain: & ar an eithioch do radsat do rigne Día sin. Ra impu Maoilseachlainn da thigh a h-aithle an cosguir sain. Ra bhaoi dna Amlaibh i f-farradh Aod 'sin maidhm sa.