Corpus of Electronic Texts Edition
Fragmentary Annals of Ireland (Author: [unknown])

Annal FA 220

FA 220

731 K. ii. Eochaidh mac Colgan, ab Ard Macha.

Annal FA 221

FA 221

?733 Cath do briseadh do Aodh Allain mc. Feargail for Flaithbeartach mc. Loingsigh, Eireann, go t-tug Flaithbeartach loingius a Fortreanoibh chuige a n-aigidh Ceneil Eogain. Acht cheana ra baidheadh earmhor an chobhlaigh sin. Mors Flaithbeartaigh féin 'sin bliadain sin, & sgartain righe n-Ereann re Cenel Conaill go fada iar t-tain.

Annal FA 222

FA 222

733 K. u. Isin bliadain si {MS page 15} ad-cheas an bhó, & se cosa fúithe, & da chorp aice, & áoin cheann, & ro bligheadh fo thrí, .i. in Delginis Cualann.

Annal FA 223

FA 223

734 K. ui. Aodh Allain mc. Feargail do gabail righe n-Eireann.

Annal FA 224

FA 224

732 K. iii. Flann Sionna .H. Colla, ab Cluana m. Nois.

Annal FA 225

FA 225

732 K. iii. Princeps nó pontifex Maighe Eó na Saxon, Garolt, obit.

Annal FA 226

FA 226

732 K. iii. Sebdann, inghean Chuirc, abatissa Cille Dara.

Annal FA 227

FA 227

732 K. iii. Cath Connacht i t-torchair Muireadach mc. Indrachtaigh.


p.88

Annal FA 228

FA 228

735 K. uii. Cath do bhrisiodh d'Aodh Allain for Ultoibh, i t-torchair Aodh Róin, Uladh, i Conchad, Cruithne, a f-Fochaird Muirthemhne; i t-teampall Fochard ata ord Aodha Róin.

Annal FA 229

FA 229

733 K. u. Cath dorídhisi edir Aodh Allán & Cenel Conuill, i t-torchair Conaing mc. Congaile m. Feargasa Fánad.

Annal FA 230

FA 230

733 K. u. Cath Cathail do Dhomhnall i t-Tailltin.

Annal FA 231

FA 231

735 K. uii. Oegheadhchar, epscop n-Aondroma, quieuit.

Annal FA 232

FA 232

735 K. uii. Beda sapiens .lxxxuiii. anno aetatis suae quieuit.

Tertium fragmentum ex eodem codice, per eundem Ferbisium extractum. Incipiens ab an. 5. regni Maol Seachloinn MC. Maol Ruanaigh; seu (ut habent A. Dung.) 849.

Annal FA 233

FA 233

851 K. u. Forchoimhedaighe imorro na Lochlannach mar ro bhattar go frithgnamhach ag feaghadh an mara uatha, ad-chonnchattar an murchobhlach mór muridhe dá n-ionnsoighidh. Ro gabh uamhan mór & eagla íad: acht dream díbh as eadh ad-berdís conidh Lochlannaig da f-furtacht-sam, & da f-foirighin. Dream oile—& as fearr ra tuigsiot-saidhe—conidh Aunites, .i. Danair, ra battur ann da n-airgain-siomh & da n-indreadh; & as eadh ón bá fíre ann. Ra chuirsiot na Lochlonnaigh long lánluath 'na n-aighidh da f-fius.

Tainig dna long lánluath an giolla óig reimraidhte a énar résna longoibh oile, go t-tarlattar na da loing d'aighid it aighid, go n-ebeart stiurusman na loinge Lochlannaighe: ‘Sibh-si, a fhiura,’ ar sé, ‘ga tír asa t-tangabhair ar an muir si? An ra sidh tangabhair, nó an rá cogadh?’ As é fregra tugattar na Danair fair-sin: fross romhór do shaighdibh fotha. Cuirid a c-cédóir ceann i c-ceann lucht na da long sin; ro fhorúaisligh long na n-Danar long na Lochlannach, marbaid na Danair lucht loinge na Lochlannach.


p.90

Leangait a n-aoinfheacht uile na Danair i c-ceann na Lochlannach gur ro batar 'sin traig. Cuirid cath go crúaidh, & marbhaid na Danair a t-trí coimhlíon fén díobh, & ra dhícheannsad gach áon ro marbsat. Tugsat na Danair longa na Lochlannach leó go port. Ra gabsat tra na Danair ar sain mna, & ór, & uile mhaithius na Lochlannach; go rug an Coimdhe uatha amhlaidh sin gach maith rugsat a ceallaibh & nemeadaibh & sgrínib naomh Eireann.

Annal FA 234

FA 234

851 K. u. Isin aimsir sin dono ra chuir Maoil Seachloinn teachta ar ceann Cionaoth meic Conaing, Cianachta —& as eisidhe ro loisg cealla & dirthighe na naomh (amhail rá innisiomar reamhainn)—amhail bidh do chomhairle ris cionnas do ghéndaois im caingin na n-Danar, úair rá bhaoi amhail bídh sídh eidir Maoil Seachlainn & Cionaoth, & cia ra bhaoí Cionaoth i n-galar súla, as eadh do righne, tuidheacht d'ionnsoighidh Maoil Seachlainn, & slúagh uime mar badh da chóimhéad.

Ra comhraighsiot iaramh Maoil Seachlainn & Cionaodh a n-aoin ionadh, & Tigearnach, Breagh. As eadh rab áil do Maoil Seachlainn, é fén & Breagh do marbhadh gh Ciannachta. Ni dhearna dno Maoil Seachlainn a c-cedóir sin, uair ba sochaidhe do Chionaodh, & rab eagail leis comhmarbhadh do dhénamh ann. As eadh do róine, a fhuireach go maidean arnabharach. Ro dheilbh dno Maoil Seachlainn cuisi bréagach go t-tiosdaoís gonige an ionadh cédna arnabharach, & ra fhuagair dona sluaghaibh imtheacht. O rá imthigh a shlúagh ón Chionaodh, tainig Maoil Seachlainn go {MS page 34} slúagh mór lais d'ionnsoighidh an Chionaodh, & níor bó la go maith ann & as eadh ra ráidh Maoil Seachlainn o ghuth mór cródha naimhdighe fría Chionaodh: ‘Cid,’ ar sé, ‘mara loisgis dirthíge na naomh, & cid mara mhillis a nemhadha & sgreaptra na naomh, & Lochlannaig lat?’

Ra fhidir imorro an Cionaodh na tarmnaighfeadh ní dhó earlaphra cáoin do dhénamh; as eadh do righne, bheith 'na thocht. Rá tairgneadh iar sin an mac saorchlannach soichinelach sonairt sin imach, & ro baidhead é tre comhairle Maoil Seachlainn i sruthán shalach; & fuair bás amhlaidh sin.

Annal FA 235

FA 235

852 K. ui. Isin bliadain si, .i. an coigeadh bliaghain flatha Maoil Seachlainn, rá thionolsat dhá thoiseach loingsi na Lochlonnach, .i. Zain & Iargna, slóigh mora as gach aird a n-aighidh na n-Danar. Tionolaid iaramh go rabadar .x. longa & tri fichid, & teaghaid go Snámh Aighneach, & is annsaidhe bhattar na Danair an tan sin. Comraicit ann sin leith for leath, & cuirit cath crúaidh duaibhsioch leath for leath: úair ní cualamar reimhi


p.92

sin a n-ionnadh oile riamh ár mar an ár rá chuirsiot eaturra ann so, .i. eidir Danara & Lochlannaig. Acht ceana as forsna Danaroibh ro mhaidh.

Ra thionoilsiot na Danair íar sin, ar m-briseadh madhma forra, & an gorta 'ga marbhadh, & as eadh ra ráidh a t-tiagarna, .i. Horm, fríu, & conige so bá fear crúaidh cosgrach eisidhe: ‘Rugsabhair-si conige so’ ar se ‘cosgair imdha, cia ra foruaisligheadh sibh sonn tré iomarcaidh slúaigh. Estidh risna briathraibh ad-ber-sa ribh: gach búaidh & gach cosgar, & gach blad fúarabhair tríd sin, ra malarteadh ra bloigh m-big aonláoi sin. Féghuidh libh iaramh an cathughadh doridhisi do gheantaoí risna Lochlannachaib, uair atád bur mná, bhar n-uile maithius aca, & bur longa; & as subhach iad-sum do breith buadha & cosgair úaibh-si. As eadh as cóir duibh anosa, dul go h-aonmeanmnach 'na g-ceann, amhail na saoileadh sibh far m-beathadha, acht na beith sibh og iornaidhe báis; & far n-dioghail fén forra; & gen go raibh cosgar sainmheach duibh-si desin, & bíaidh do berad ar n-dee & ar d-toicthe dúin; muna raibhe maith dhúin ann, biaidh commarbhadh coitcheann leith for leath ann.’

‘Ag so comhairle oile leam dhuibh: an Pádraicc naomh sa as airdepscop & as ceann naomh na h-Eireann, risa n-dearnsad na naimhuid faileat ogainne uilc imdha, guidhmidh-ne go diocra, & tabhram almsana onorach dó ar bhúaidh & cosgar do breith dona naimhdibh sin.’ Ra freagruttar uile é, & as eadh ra raidhsid: ‘Ar comaircce,’ ar síad, ‘antí naomh Phadraicc, & an Choimdhe as tigearna dhó sin fén, & ar c-cosgar dhá eaglais & ar n-iondmhus.’

Teaghaid iar sin go h-aonmeanmnach, feardha & fearamhail, i n-aoineacht i g-cionn na Lochlannach, & cuirit cath.

Isin uair sin tainig Zain, leithrí {MS page 35} na Lochlannach, & Matodan, Uladh, d'ingrim na n-Danar do mhuir & tír; gion go rabha a fhios sin remhe ag Zain Lochlannach, tainig, & an t-uaitheadh ra bhaoi 'na fharradh, d'ionnsoighid na n-Danar don dara leith, agas Iargna, leithrí oile na Lochlannach, don leith eile dona Danaroibh. As cruaidh trá ra cuireadh an cath sa. Ra chlos ar leith sgeamhgal na sleagh, & gloinnbhemneach na c-cloideamh, & tuairgneach na sgiath 'ga mbualadh, & beiceadach na milead ag imirt eccomhloinn orra. Acht trá cidh fada ra bhás imi sin, as forsna Lochlannachaib ro maidh, & is íad na Danair rug búaidh & cosgar tria rath Padraicc, ge ro badar na Lochlannaig tri chuttruma risna Danaroibh, nó ceithre cudruma.

Tiaghaid na Danair iar sin for longport na Lochlannach, & marbhaid dream ann, gabhaid dream eile, & cuirid dream oile i t-teitheadh, & gabhaid gach maithius óir & airgit, & gach maithius ar cheana, & a mná, & a longa. Acht cheana ní raibh Zain fén ag cur an chatha, uair ní thainig maille ra mhuinntir ar ammus an longpoirt, uair rá bhaoí aige comhairle a n-ionadh


p.94

oile. An uair tainig dochum an longpoirt, as síad na námhuid ad-chonnairc ann, & ní h-íad a mhuintir féin.

A n-égmais anneoch ro marbhadh dona Danaraibh fén, as eadh ra marbhadh dona Lochlannachaib .u. .m. fear soichinelach. Sochuidhe imorro do mhileadhaibh ar cheana, & do dhaoínibh i n-gach áird ra marbadh a n-égmais na numhire sin.

As in tand sin ra chuir Maoil Seachlainn, Teamhra, teachta uadh d'ionnsoighidh na n-Danar. As amlaidh ro bhattar na Danair, ag luchtaireacht ara g-cionn, & as iad ba gabhla do c-coireadhaibh, cairn do corpaibh na Lochlannach, & cidh na beara ara m-biodh an fheóil, as for corpaibh Lochlannach no bhídis a leithcinn, & an tine ag losgadh na c-corp, go m-biodh an fheóil & an meathradh ra chaithsiot an adaigh remhe ag maidhm asa n-gailibh amach. Ra battar dna teachta Maoil Seachlainn 'ga f-féghadh amhlaid sin, & ra battar 'ga thathaoír um na Danaraibh sin. As eadh ra raidhsiot na Danair: ‘As amhlaidh sin budh maith leo-sum ar m-beith-ne.’ Clas mór lán aca do ór & da airgead da thabhairt do Pádraicc. Uair as amhlaidh ra bhattar na Danair, & cinele crabhaidh aca, .i. gabhaid sealad fri fheóil & fri mhnáibh ar chrabhudh.

Tug tra an cath so meanma maith do Gaoidhealaibh uile ar an sgrios so do thabhairt ar na Lochlannachaib.

Annal FA 236

FA 236

852 K. ui. 'Sin bliadain seo dna ro bhris Maoil Seachlainn cath forsna paganaibh, & dna ro brisisit Ciannachta cath fá dhó forsna gentib.

Annal FA 237

FA 237

849 K. iii. Forbaisi Maoil Seachlainn i c-Crufaid. Unde Maoil Seachloinn cecinit:

    1. Mithid dul tar Boinn m-báin
      i n-dáil moige Midhe mín;
      as andsa beith fria gaoith n-gluair
      isind uair i c-Crufaid crín.

Annal FA 238

FA 238

{MS page 36} 849 K. iii. Indreachthach, ab Ia, do thiachtain i n-Eirinn go mhionnaibh Coluim Cille lais.

Annal FA 239

FA 239

Isin m-bliadain si bhéos, .i. in sexto anno regni Maoil Seachlainn, tainig Amhlaoibh Conung, .i. mac rígh Lochlann, i n-Eirinn, & tug leis


p.96

erfhuagra cíosa & canadh n-imdha ó a athair, & a fagbhail-sidhe go h-obann. Tainig dno Iomhar an bhrathair ba sóo 'na deaghaidh-sidhe do thobhach na c-cios ceadna.