Corpus of Electronic Texts Edition
Fragmentary Annals of Ireland (Author: [unknown])

Annal FA 161

FA 161

Initium regni Fogartaigh.

Annal FA 162

FA 162

Kl. Ceallach mc. Geirthide i righe Laigean.

Annal FA 163

FA 163

724 K. uii. Fogartach arís do gabail righe aoinbliadna, go t-torchair i c-Cath Cinndelgtin la Cinaoth mc. Iorgalaig.

Annal FA 164

FA 164

{MS page 54} 704 K. iii. Sluag la Fogartach i Laignibh, go t-tugsad Laigin cath dhó, .i. Cath Claonta, & ro mhaidh re Laignibh an cath, & ro marbhadh deargár muintire Fogartaigh im Bodbcar mc. Diarmada Ruanaid. Unde Orthanach:

    1. Uinche Claonta, cosgar cruaidh,
      fáon foclaontais catha gráin,
      co t-torchair lasan sluagh
      Bodbchar bile buidhen báin.

Annal FA 165

FA 165

704 K. iii. Mors Flainn Fiona mc. Ossa, Saxan, an t-eagnaid amhra, dalta Adamnáin, de quo Riaguil Beanncuir cecinit:

    1. Iniu feras Bruide cath
      im forba a senathar,
      manad algas lá mac Dé
      conid é ad genathar.
    2. Iniu ro bíth mac Ossa
      a c-cath fria claidhmhe glasa;
      cia do rada aithirge,
      is h-í i nd-h-Í iar n-assa.
    3. Iniu ro bíth mac Osa,
      Iasa m-bidis dubha deoga;
      ro cúala Críst ar n-guidhe
      roisaorbut Bruide bregha.

Annal FA 166

FA 166

{MS page 31} 703 K. ii.

Celeabhradh na Casg so.

Isin bliadhain si ro fhaomhsad fir Eireann aonsmacht & aoinriagail do gabhail ó Adhamhnan um celeabhrad na Casg ar Dhomhnach, an ceathramhadh dec esga April, & im coronughadh Peadair do bheith for cleirchibh Eireann uile. Uair bá mór an buaidhreadh ra bhaoí i n-Eirinn gonige sin, .i. buidhean do chleircibh Eireann ag celeabradh na Cascc ar


p.56

Dhomhnach an ceathramhadh deag esga April, & coronughadh Peadair Apstoil ar sliocht Phatricc. Buidhean eile dno ag secheamh Colom Cille, .i. Caiscc do celeabhrad ar ceathramad déc esga April gibe laithe seachtmuine ar a m-beith an ceathramhadh décc, & coronughudh Simoin Druadh forra. An treas buidhean niorb ionann uile iad re seichthidibh Patraicc, nó re seichthidibh Coluim Cille. Go m-bidís seanadha iomdha og cleirchibh Eireann. Agus as amlaidh tigdis na cleirigh sin sinna seanadhaibh, & a t-tuatha leo, go m-bídís comhraicthe catha & marbhtha iomdha eattorra; go t-tangattar uilc iomdha i n-Eirinn tríd sin, .i. an bóár mór, & an gorta romhór, & teadhmanna iomdha, & eachturchineadhoigh do lot na h-Eireann. Battur amhlaid sin go fada, .i. go h-aimsir Adhamhnain. Eisidhe an nomadh abb ro ghabh Ia tar éis Coluim Cille.

Brad mór do breith do Saxanaibh a h-Eirinn. Adhamhnan do dhul do h-athchuingidh na braide. Agus amhail innisis Béid 'san Stair Bhéid, ra tionoilsit earmor epscop Eorpa uile do dhamnadh Adhamhnain ar an Caisg do cheleabradh ar sliocht Coluim Cille, & ar choronughudh Simóin Druadh do beith fair, .i. ab aure ad aurem. Ad-beir Béid gér ba h-iomdha eagnaidhe 'san t-seanadh sain, & ro fhoruaisligh Adamnán íad uile a h-eagna & a h-earlabhra. Agus as eadh ro ráidh Adamnán, niar aithiris Simoin Druadh ro bhaoí an coronughudh úd fair, acht ar aithiris Iohannis Bruinne, dalta an t-Slainiciodha, & as e súd coronughudh ro baoí fair-sidhe; & cíar bo annsa re Peadar a Slainicidh, rob annsa risin Slainicidh Iohan; & dno as ar ceathramadh décc esga April, gibe lá seachtmaine ara m-beith, ro celeabrattur na h-abstail an Chaisg.

As ann sin ra eirigh seanoir ann, & ro ráidh: ‘Cia é Colom Cille féin ro beith ar aird sunna, ní gebmaois-ne uadh go m-beith fó aoinriaghuil rinne. Sibh-si imorro ní gebhtar uaibh go m-beithi fo aoinriaghail frinn.’ Tug Adamhnán freagra fair, & as eadh ra ráidh; ‘Bíad-sa,’ ar sé, ‘fo aoinriaghuil fribh.’ ‘Coirníghthear thú desidhe,’ ar na {MS page 32} h-epscoip. ‘As lór,’ ar Adhamnán, ‘acom mainistir fén.’ ‘Acc,’ ar iad-somh, ‘acht a cédóir.’ Do nithear trá coirniughadh Adamnáin ann sin, & ni tugadh do dhuine onóir as moo ina a nt-tugadh do Adamnán ann sin, agus adnagur an bhrad mór sain dhó, & tig reimhe gonuige a mhainistir fén, go h-Ia.

Ro bá machtnughadh mór ra coimthionól a fhaigsin fón coronughadh sain. Ra baoi-siomh 'ga ioráil ar an coimthionól an coronughadh do ghabhail, & níor fhéd uatha. Sed Deus permisit conuentui peccare, .i. ipsum Adamnanum expellere qui misertus est Hiberniae. Sic Beda dixit. (Úair ra bhoi Beid maille re h-Adhamhnán cein ro boí i s-Saxain. Tainig tra


p.58

Adamnan i n-Eirinn iar t-tain, & ro iordharcaigh sain for Eirinn, & ní ro gabhadh uadh an t-aonsmacht sain na Cascc & an coronaighthe gonuige an m-bliadain si.

Annal FA 167

FA 167

704 K. iii. Ba marbh dno Adhamhnan 'sin bliaghain si, .lxxxiii[ordm ]. anno aetatis suae.

Annal FA 168

FA 168

716 K. iiii. Fogartach .H. Cearnaigh doridhisi 'na righe; unde dicitur:

    1. Sessaid Fogarthach an flaith
      aní esda, os bith bís;
      an tan as m-beir ní bí ní,
      iar sin as rí ria cinn mís.

Annal FA 169

FA 169

717 K. ui. Cumuscc Aonaigh TaillteanFogartach i torchair mac Maoilrubha & mac Duindsleibe.

Annal FA 170

FA 170

?715 Kl. Anastasius Augustus pellitur.

Annal FA 171

FA 171

718 K. uii. Fros meala pluit super fossam Laginorum. Pluit etiam fros craithneachta i n-Othain m-Bicc. Tunc natus est Niall Condail mc. Feargail; unde Niall Frosach uocatus est.

Annal FA 172

FA 172

718 K. uii. Coronucchadh Peadair Apstol do gabhail do mhuinntir Íae forro; úair coronucchadh Simóin Druadh ro bhaoí forro connicce sin, amail as eadh ro bhaoi for Cholom Cille fein.

Annal FA 173

FA 173

?716 720K. ii. Kl. Teodosius imperat anno uno.

Annal FA 174

FA 174

721 K. iiii. Leo imperat annis .ix.

Annal FA 175

FA 175

721 K. iiii. Indreadh Maighe Breagh la Cathal mc. Fionnghuine, ri Mumhan, & Murchadh mc. m-Brain, Laigean.


p.60

Annal FA 176

FA 176

721 K. iiii. Inreadh Laighean la Feargal mc. Maoildúin. I n-arailibh leaphraibh airisean foghabham comadh isin treas bliadhain reamhaind, .i. an deachmhadh bliadain flaithiusa Feargail, do gnithea an t-innradh sa Laigean, & gommadh 'na dhigail do berad Murchadh mac Finguine go fearaibh Muman d'indradh Maighe Breagh. Gibe bliadain dibh sin trá, do rigne Feargal indrada móra i Laignib, .i. a losgadh & a n-dódh & a marbadh, & ra gheall nach anfadh de sin no go t-tugtha dhó an Boromha ro mhaith Finnachda do Moling, & go d-tugtha braighde dhó re tighearnas, & résin chius. Do radsat Laigin braighde dhó, & ra geallsat an cís.

Annal FA 177

FA 177

721 K. iiii. Isind aimsir sin do rigne Feargal faistini dá macaib, .i. d'Áodh Allain & do Niall Cundail, & as as so ro ás do-somh on, .i. lá tancuttar chuicce co h-Aileach Frigreann; .i. Áodh, an mac ba móo, cédoclach glic amhnus béodha adacomnaic-sidhe, as amlaidh táinig, go m-buidhnibh móra dagarmtha ime dochum Aligh. As amlaidh imorro tainig an mac bá sóo, go ciúin & go measardha, go sídamhail, & co n-uaitibh, & ass eadh ro ráidh ar a narighe féin & ar onóir da athair: ‘As córa dhamh-sa,’ ar sé, ‘dol ar aoidheacht amach iná airisimh da aigidh agad-sa anocht.’ ‘Cid dia t-tá dhuid-si, a mic,’ ar an t-athair, ‘sin do rádh? & an mac as siniu taoi, agas ata-saidhe tri coimhlíon frit-sa, gan danacht agad im thairisim i n-Aileach inocht amhail ata-som ag tarisim cona muinntir?’ ‘Rapadh maith leam-sa,’ ar Níall, ‘co n-dearnadh-som inaile chedna frit-sa.’ ‘Ni ragha idir anocht, a mic,’ ar Feargal, ‘& biadh i f-farradh t'athar & do máthar.’

Ruccadh iar sin an mac budh sine, .i. Aodh, 'sin rigtheach mor cona muinntir. Ruccadh dno an mac og, .i. Niall, i t-teach n-aoibhinn n-derrid. Rá frithaighid iad iar t-tain; & rab áil don athair a n-dearbadh maille, & tainicc a n-deireadh oidhche dochum an taighe i raibhe an mac bá sine, & ra bhaoí acc cloisteacht frisin teach sin: as dígáir tra salach ra bhás 'san taigh sin. Rá bhattur fuirseoiri & cainteadha & eachlacha & oblóiri & bachlaigh ag beceadhoig & acc buireadhaigh ann. Dream ag ól, & dream 'na c-codladh, & dream og sgeathraigh, dream occ cusleannaigh, dream oc featcuisigh. Timpanaigh & cruithiri og seanmaimh; dream og imarbhaghadh & oc reasbagaibh. Ad-chuala Feargal amlaidh sin íad. Agas tainig iar sin d'innsoiccidh an taighe dherrid i rabha an mac as sóo, & rá bhaoi ag cloisteacht risan teach sin, & ní chuala nach ní ann {MS page 6} acht atluccadh buidhe do Dhia gach ní fuarattar, & cruitireacht ciúin bínd, & duana molta an Coimdheadh 'ga n-gabail. Agus ra airigh an rí co mór


p.62

úamhon & grádh an Coimdheadh isin taigh sin. Tainig an rí asa h-aithle sin dá leabaidh féin, & tucc go mór dá úidh suidhiuccadh an dá theach sin.

Táinic madain mochtrath 'san teach mór i rabha an mac bá sine & as inbeachtain ra fhéd tadhall an taighe ra imad sgeathraighe & salchair, & breantatadh, & imad con oc ithe sgeathraigh. Cách imorro uile 'na sreandfadhoigh istaigh amhail bheittis mairbh, genmotha mac an gh féin; as amlaidh imorro ro baoi-sidhe ina chodladh: amail ra beith ag irnaidhe catha, & sé 'na ríghleabaidh, & sgiath mhór dha leith clí, & da leathgha lánmhóra dha leith dhes, claidheabh mor intlaisi órdhuirn fora shlíasaid, analfadach mór imach & isteach da chur dhó amhail nach ada duini da chur ar threisi & ar tricce.

Níor fhéd dno fuireach fair istaigh rá méd rob elneighthe an t-áer istigh sin, & tainig isteach i raibhe an mac ba sóo, & gidh foill tainicc, ra airigh an mac óg e, uair nírbho codladh dhó, acht acc guidhe an Coimdheadh ra bhaoí. Ra eirigh fo chédóir i n-aighidh a athar don dérgudh rioghdha i raibhe, uair as amhlaidh ra bhaoí, & inar sróill ime go c-ciumhsaibh óir & airgid, & ro oslaig an teach réna athair, & ó thainig an t-athair isteach, do rad da laimh fo bhraghaid a mic, & do rad póg do, & táncuttar maille gur ro suidheadar for an dergudh ríoghdha, & ra saigh an mac comradh ar tús ar an athair. Agus as eadh ra ráidh: ‘A athair,’ ar sé, ‘andar línn as imsnimach neamhcodoltach rugais an adaig 'réir as; as eadh as leat anosa, codladh 'sin leabaidh sin go tráth eirghe do ló.’ Do righne an t-athair amlaid, & mar tainig trath eirghe do ló, ra ergheador imaille; & ra ráidh an mac fria a athair: ‘A athair ionmain,’ ar sé, ‘as eadh as cóir dhuit, fledhuccadh male dhuinn fria ré súnn, uair maraidh ogainn leath na d-tuccadh do bhíadh & do lionn uaidh-si arér dhúin.’ Agas ní tarrnaig dhó sain in uair tugsad timthirdhi amach leasdar mór lán do mhiodh, & bhiadh lainiomdha, & ra fleaghaidhsiot go taoí feitheamhail imaille and sin.

O ro éirigh cách, tainig an rí amach 'na theach féin, & ro innis i f-fiaghnaisi cáich amail no biadh toichthe na da mac úd. Agus adupairt go n-gebhadh an mac pa sine ríghe, & go madh treabair cródha béodha creasach sartholach a righe. An mac ba lúgha imorro, co n-gebhadh righe go craibhdheach condail, & go madh clúach riogdha a chlann, & go n-gebhdaoís righe an dara seal. Is dono sin ro comalladh conuigi sin.

{MS page 7} Ingean dno Congail mc. Feargusa Fánad mathair an meic ba sine, & fo chlith rug si an mac sin, .i. Aodh Allain. Agus rob é so adhbhar beithe fo clith na h-ingine og Feargal, a h-athair, .i. Congal, da h-idhbhairt don Coimdidh, & a beith a caillcheacht. Agus do rad a h-athair iomad óir & airgid & cruidh di ar choimhéd a geanusa. Gidh eadh tra ra mheall námha choitcheann an chiniudha dáonda, .i. Diabhal, í; do rad gradh


p.64

d'Fheargal mhac Maoildúin, & do rad Feargal gradh dhi-si. Ro comraigsead dono maille Feargal & ingean Congail Cindmhagair. Rigdhomhna Eireann an tan sin Feargal. Eireann imorro Congal.

Ra inis an fear ra bhaoi eaturra sin do Congal. Ba doiligh imorro co mór lá Congal an sgél sin, .i. a ingean do mealladh, & adubhairt nó mairfeadh fear an sgéoil muna f-faghbadh féin deimhin an sgéoil sin. Ro bhaoí iaramh fear an sgéoil og irnaidhe go m-beittis a n-aoin ionadh Feargal & ingean Congail, & mar ra battar i n-aoin ionadh Feargal & ingean Congail, tainig fear an sgéoil d'ionsoighid Congail, & ra innis do a m-beith i n-aoin ionadh. Tainig Congal remhe d'ionnsoiccidh an tighe i raphattar, & mar ra airigh ingean Congail eision cona muintir dochum an tighe—uair ro ba glic amnus aingidh isi, amail rob eadh a h-athair—ra fhoiligh fon édach Feargal, & ra shuidh féin for an édoch iar t-tain. Tainig cat mór baoí istaigh d'ionnsoiccidh Feargail co n-duaidh a chosa Feargail, & go ro shluig an cat ploiti móra do chosaibh Feargail. Do rad Feargal an lamh seacha, & ra gabh 'ma shlucait an cat, & ros marbh. Ro fegh tra Congal an teach ime, & ní faca Feargal ann. Tainig roimhe d'innsoighidh fhir an sgéoil, & ro baidh é i n-abhainn. Tainic iar t-tain d'ionsoighidh a ingine féin, & ra bhaoí ag iarraidh loghtha fuirre, amhail bídh ógh isi, & na bettis cionta fair-siomh fria. 'San comrac clithi sin tra ro coimpreadh Aodh Allain.

Arna breith imorro Aodh Alláin, ra earb a mathair e do dibh mnaibh raba tairisi lé da bhadhadh, na fionnadh a h-athair fuirre, & na feargaidheadh an t-áthair fria. Bean do Cenel Conaill bean dibhsidhén dono, & bean do Cenel Eogain. An bean Eoghanach tra, mar ra gaiph 'na laimh an naoídhin m-big n-álainn, ra líonadh ó gradh & o sheirc na naoídhin í; is eadh ra raidh ra mnaoí comhtha: ‘A shiúr ionnmain,’ ar sí, ‘nocha malairt na naoidhin si as cóir, acht as a choimhéd go maith.’ As eadh ra raidh-sidhi: ‘Annsa lat-sa é iná rena mathair féin, & is i-sidhe rá iráil fhoirne a bhádhudh, ar iomomhan feirgi a h-athar’. Ra gaph fearg hi-sidhe, & ra chuir an leanam for lár, & ro deabhthaighsiot maille, .i. an dara dé 'ga anacal, & an dí oile 'ga bhadhudh. Gidh eadh ro foruaisligh an bhean Eoganach an mnaoí oile, & ra ghabh a h-ubhall slugatan, go rá fhaomh cách ní ma raphattar, .i. an leanamh do leasuccadh. Rá leasaigheadh leó mar áon iar sin an leanamh.

Tarla tra feacht n-áon mathair an leanaimh isteach i rabha an leanamh a c-cinn ceithre m-bliadan, & gan a fhius di a bheith a m-beathaidh. As ann ro bhaoi an macaomh 'ga chluichi. {MS page 8} Do rala meanma a mathar fair, & ro fiarfuidh, ‘Cía áos an macaoimh úd?’ ar si. As eadh ra ráidh cách gurbo mac ceithre m-bliadan. Ro gairm-si na mná tairisi úd ara h-amus, & as eadh ra ráidh riu: ‘As mór an col do rignius-sa,’ ar sí, ‘ar imgabail feirge mh'athar, .i. mac na h-aoisi úd do malairt.’


p.66

As ead ra ráidhsiot na mná fria-si: ‘Na déna toirsi itir,’ ar síad; ‘as é sud an mac sin, & sine ra comhéd é.’ Do rad sí aisgeadha iomdha dona mnáibh iar t-tain, & ruccadh uaithe an mac go dicelta d'innsoiccidh a athar féin, .i. Feargal.

Ingean imorro gh Cianachta mathair in Neill Cundail, & hi-sidhe bean as cáoini & as sochraidhe baoí a n-Eirinn 'na h-aimsir. Acht cheana bá h-aimbritt í go foda, go t-tainig gusan c-cailligh naoimh, go Luathrinn, d'iarraidh fuirri-sidhe ernaighthe do denamh fuirre fris an Coimdidh da furtacht; & do rinne Luaithrinn sin, & ro coimpredh Niall iar t-tain i m-broinn ingine righ Cianachta, & rugadh iar t-tain, & as í ba ríoghan Eireann an tan so ag Feargal.

Cidh fil ann tra acht o ro labhair dona macaibh amail ad-ruphramar, ra aslaigh & ra furáil fhorra & ar chách uile léirthinol do dheanamh 'san bliadain budh neasa d'innsoigidh Laighean do thobhach na Borama forra, uair nír comhaillsit Laighin amhail ro geallsat.

Annal FA 178

FA 178

722 K. u. Ab initio mundi .u.m.dccccxxiiii. Ab Incarnatione Domini .dccxxii.

Cath Almhaine idir Laigniu & .H. Néill. In tert-íd Decimbris ra cuireadh an cath sa. Cáuis an chatha sa .i. an Boromha ro mhaith Finnachta do Moling, a tobhach d'Feargal, & iss ead ón na ra fuilngeador Laigin. Nis tuccsat Laighin do Loingseach mc. Aongusa, & ní tucsat do Congal Cinnmhaghair, cía ro fuilngeattur mór d'imnidh ó Congal, & ní moo dono rob ail doibh a thabhairt d'Feargal, uair ro tairisnighsiot i m-briathraibh Moling, ra geall na bertha uatha tré bítha an Boromha o Laignib. Bá trom tra la Feargal sin, .i. Laigin do neamhchomhall a n-geallta fris, go ro fuacradh sluaigeadh direacra dimór úadh for Leath Cuinn, .i. for Connachta & for Conall & for Airgiallaibh & Mídhe, an ceathramadh bliadain déc a flaithiusa féin, no i treass bliadain déc, ut quibusdam placet, do thobhach na Boromha.

Ba fada tra ro bhás og an tinól sain; uair ass eadh ad-beiredh gach fear do Leith Cuinn gusa roicheadh an fuaccra: .i. ‘Dá t-tí Donnbó ar an sluagadh, raghad-sa.’ Donnbó imorro mac baintreabthaighe eisidhe d'Fearoibh Ross, agas ní deachaidh lá na aidhche a taigh a mathar imach ríamh, & ní raibhe i n-Eirinn uile {MS page 9} budh cáoimhe, no budh fearr cruth no dealbh no deanamh inás. Ni rabha i n-Eirinn uile budh griubhdha, no budh segaine inás, & as uadh budh fearr rann espa & righsgéla for domhon; as é budh fearr do ghlés each & do indsma sleagh & d'fighe folt, & budh fear righaichni 'na einech, de quo dicitur:


p.68

FA 178

    1. Aille macaibh Donnbo baidh,
      binne a laidh luaidhib beoil,
      aine ogaibh Innsi Fáil,
      ra thogaibh tain trillsi a threóir.

Niar licc dono a mathair Donnbo la Feargal go t-tuccadh Máol mc. Failbhe mc. Erannain mc. Criomhthainn, comarba Coluim Cille, fria aisic béo, & go t-tucc-saidhe Colum Cille dono dia chionn go riseadh Donnbo slán da taigh fein a crích Laigean.

Tocomla dono Feargal for séd. Ra battar dna lucht éolais reimhe; nirbó maith an t-éolas do radsad dó, .i. i c-cumhgaibh gacha conaire, & i n-aimhredhibh gacha conaire, go rancuttar Cluain Dobhail i n-Almaine. As ann buí Aodhan, clamh Cluana Dobhail, ara chinn. Do ronsad dono na slúaigh michostadh, .i. a aonbhó do marbadh & a fuine ar bhearaibh 'na fhiaghnaisi, & a theach do bhreith da chinn & a losccadh; co n-earbeart an clamh comba digal go bráth for Uibh Neill an digal do beradh an Coimdidh far sin. Agus tainicc an clamh remhe go puball Feargail, & battar rioghradh Leithe Cuinn uile ara chinn 'sin phuball in tan sin. Ro baoí an clamh ag acaoine a imnidh 'na f-fiaghnaisi; ní tainig cridhe neich dibh fair, acht cridhe Con Breatan mc. Congusa, f-Fear Ross, & as eadh on na ba h-aithreach do Coin Breatan, uair ni tearna do neach ro bhaoí isin phuball acht Cu Breatan mc. Oengusa a áonar asin chath. Conidh ann ad-bert Cu Breatan:

    1. Ad ágar cath fordearg flaind,
      a fhir Fhergaile ad glionn;
      badh bronaigh muintir Maic Maire
      ar m-breith an taighe dar cionn.
    2. Bo an chlaimh
      ro gaod a n-deaghaid a daim;
      mairg laimh ra toll a m-brad,
      ar ní thimcomart mac Brain &c.

As and sin aspert Feargal fria Donnbó: ‘Déna airfideadh dúin, a Doinnbó, fo bith as tú as deach airfidhidh fail i n-Eirinn, .i. i cúisigh agas


p.70

i cuisleandoibh & i cruitibh & randaibh & raidseachoibh & righshgealaibh Eireann, & isin madin si imbarach do beram-ne cath do Laignib.’ ‘Ac,’ ar Donnbó, ‘ní cumhgaim-si arfidheadh dhuit-si anocht, & nimthá aongniomh dibh sin uile do taidbhsin anocht; & cipsi áirm i rabhai-si amarach & i m-béo-sa do dhén-sa airfidheadh duit-si. Dénadh imorro an rioghdruth .H. Maighléine airfideadh dhuit anocht.’

Tugad .H. Maighleni {MS page 10} chuca iar t-tain. Ro gabh-saidhe og indisin cath & comramha Leithe Cuinn & Laigean, o thoghail Tuama Teanbath, .i. Deanda Rígh, in ra marbhadh Cobhthach Caol Bhreagh, conigi an aimsir sin; & ní bá mór codalta do rinneadh leó in aidhche sin rá méd eagla leo Laigean, & la méid na doininne, .i. uair aidhche Fhéle Finniain gaimhridh sin.

Imthús Laigean do lottar-saidhe i Cruachán Claonta, dáigh ní mhaidh for Laigniu da n-dearnat a comairle ann, & gurob as-saidhe tíusad dochum an chatha. Lottur iar sain go Dinn Canainn, as-saidhe dochum an chatha. Conrancuttur tra isin maidin arnamarach na catha ceachtardha, naoí míle do Laighnibh, mile ar fichit imorro do Leith Cuinn. As crúaidh & as feochair ra cuireadh an cath sa leith for leath, & ra ghabh cach 'na chomraicibh ann. Ra ba dimór rá innisi comrama na laoch Laigean & laoch Leithe Cuinn. As breth go f-facas Brighid ós cionn Laigean; ad-cheas dono Colum Cille ós cionn .H. Neill. Ra mheamhuidh iaramh an cath ría Murchadh mhac m-Brain, & re n-Aodh mend mc. Colgan, Laigean Deasgabair. Ra marbhadh Feargal ann. Aodh Mend & Dunchadh mc. Murchada ro marbhsat Feargal fadesin, & Bile mc. Bain, Alban; as uaidh ainmnighthear Corr Bile i n-Almaine. As é dno Aodh Mend ra marb Donnbó. Ní torchair imorro Feargal go t-torchair Donnbó. Ra marbadh dono seasca ar céd amhus in dú sin. A coimhlín féin ro marbhaid Laighin 'san chath sin do Leith Cuinn, .i. naoí mile, & naoí n-gelti dibh do thol for geltacht, & cét righ do righaibh. Atá Cnoc Feargail ann sin. Ra chuirsiot Laighin ilaigh commaidmi and dono, unde dixit:

    1. Deodh laithe Almaine,
      ar cosnamh búair Breaghmaige,
      ro la badbh beldearg biorach
      iolach im cenn f-Fergaile.

    2. p.72

    3. Scarais Murchadh ra midlaigh;
      brogais a triuna i t-talmuin;
      do soí faobhar fria Fergal
      go f-fein dearmair des Almuin.
    4. Ad-bath ann céd ruirech rathach,
      cruadhach, costadach, carnach,
      im naoí n-gelta gan míne,
      um naoi mile fear n-armach.
    5. Ceithri céd cabhsaidh a Cruaich
      lasan amsaigh, gaod 'san n-glíaidh,
      la trí cedoibh Conaill cruaidh
      a sé
      [...]

Ra gabhadh ann sain an druth .H. Maighleine, & do radadh fair geim druith do dhénamh, & do rigne; bá már & bá binn an gheim sin, go mair geim .H. Magleine ó sin ale oc druthaibh Eireann. Ra gadadh a ceann iar t-tain d'Feargal, & ra gadadh a ceann don drúth. Ra baoi mac alla gheimi an druith 'sin aeior go ceann tri la & tri n-oidhche. As de as m-bearar ‘geim .H. Maigleine og tafan na fear 'san monaidh.’

Do luidh dono Aodh Laighean mc. Fithcheallaigh, rí .H. Maine Connacht, i ráon madhma & teichidh, go n-epert fria {MS page 11} macoibh: ‘Nacham faccbaidh, a maca, budh fearrde bur mathair fribh mo breith-si libh.’ ‘Nit berad,’ or Laighin. Conadh ann sin ro marbadh Aodh Laigean, rí .H. Maine.

Ra siachtattar imorro a mc. Aodha Laighean im Aodh Alláin mc. Feargaile go Lilcach, airm a m-buí Modichu mc. Amargin, & an Gall craibhdheach. Conidh ann sin claidhisit .H. Néill & Connachta cladh na cille, & iad i riocht na g-cléireach, & as amhlaidh sin ra saoraid tri miorbuile na naomh, go f-fuil cotach .H. Néill & Chonnacht ó shin ale sin chill 'sin; unde Aodh Allain cecinit:

    1. Ni f-fuaramar ar talmain
      Almain badid redithir;
      ni rangamar iarsin cath
      Lilchach badid nemethar.


p.74

FA 178

Ba buadhach tra an lá sin do Laighnibh. Ra h-anact imorro Cu-breatan mc. Congusa, f-Fear Ross, arna runna do righne an aidhigh reimhe. I Condail na Riogh battur Laighin an aidhchi sin ag ól fína & meadha ar c-cur an chatha go subhach soimheanmnach, & cách diobh ag innisin a chomramha, is íad meadraig meadarcaoin. As and sin ra ráidh Murchadh mc. Brain: ‘Do bearainn carpat cethre cumala, & mo each, & m'earradh don láoch no raghadh isin n-ármach, & do béradh comhartha chugainn as.’

‘Ragad-sa,’ ar Baothghalach, laoch di Mumain. Gebhidh a chathearradh catha & comhladh uime, go rainig go h-airm i m-boí corp Feargaile, go c-cuala ní in easgairgaire isin áeor osa cinn, co n-d-epert ar clois uile, ‘Timarnadh duibh ó Righ seacht nimhe. Denaidh airfideadh da bar t-tigearna anocht, .i. d'Feargal mc. Maol Duin, cia do rocrapair sunn uile in bhar n-áois dána, eidir cuisleandchu & cornaire & cruitire, na tairmeasccadh erfhúath no h-éccomhnart sibh d'airfideadh anocht d'Feargal.’ Go c-cuala iaramh an t-oglach an cuisigh & an céol sireachtach, go c-cúala dano 'san tum luachra bá neasa dhó an tórd fiansa bá binne céolaibh. Luidh an t-oglach 'na tochum.

‘Na tair ar m'amus,’ ar an ceann fris.

‘Ceasc, cia thú?’ ar an t-oglach.

‘Ni h-annsa, mise ceand Duinnbó,’ ar an ceann, ‘& naidm ro naidmeadh form aréir airfidheadh an gh anocht, & na erchoididh dhamh.’ ‘Caidhe corp Feargail sunn?’ ar an t-oglach. ‘As e do aithtne frit anall.’ ‘Ceisc, andad bér leam?’ ar an t-oglach. ‘As tú as deach lim nom béra,’ ar an ceann, ‘acht ráth Críst dod chinn da nom ruga, go d-tuga me ar amus mo colla doridhisi.’ ‘Do bér égin,’ ar an t-óglaoch.

Agus impoi an t-oglaoch & an ceann lais conige Condail, & fuair Laigniu ag ól ar a cheann 'sin aidhchi cédna. ‘An t-tugais comurtha lat?’ ar Murchadh. ‘Tugas,’ ar an t-oglach, ‘ceann Dhuinnbó.’ ‘Furim ar an fhuaithne úd thall,’ ar Murchadh. Tugsat an slúagh uile aithne fair gurb é ceann Duinnbó, & as eadh ra raidhsid uile: ‘Dirsan dhuit, a Duinnbó; bá cáomh do dhealbh; déna airfideadh dhuinn anocht febh do rignis dot tigearna imbuarach.’ Impoighthear a aighidh dono, & attracht a dord fiansa attruagh {MS page 12} ar aird, go m-battur uile ag caoí & ag tuirsi. Idhnaicidh an láoch cédna an ceann dochum a cholla amail ro geall, & coirghidh é ar a mheidhe. Cit tracht rainic Donnbó go teach a mathar. Uair as síad tri ionganta an chatha sa, .i. Donnbó do rochtain 'na bheathaidh gonige a theach dar cheann breithre Coluim Cille, & géim an druith


p.76

.H. Maigleine trí la & tri h-aidhche 'san áeor, & na naoí mile do forusaislig an mile ar fhichit. Unde dicitur:

    1. Cath Almaine, ard an gein,
      mór an gniomh Decembeir;
      ro m-bris Murchadh morda crech,
      mac Brain, la laochraidh Laighnech.
    2. Memhaidh ar Fergal Fail,
      ar mac Maoili Dúin dermair,
      go meltis muille fo leircc
      ar lintibh fola fordercc.
    3. Ocht righ ochtmoghad, iar f-fior,
      naoí míle, gan imarriomh,
      do Leith Cuinn, comal n-gnaoi,
      do rochair ann ar aenchaoi.
    4. Naoi n-geilte for gealtacht de;
      lottar diobh for Fidh n-Gaibhle;
      ra claocloidhsit dath iar t-tain,
      ara glethea Cath Almain.
    5. C.

Haec sunt nomina regum qui interfecti sunt in hoc bello. Hi sunt quidem do Shíol g-Cuinn:

  1. Feargal mc. Maoili Duin cum .lx. militibus suis.
  2. Forbasach, Bogaine.
  3. Feargal .H. Aitheachdha.
  4. Feargal mac Eachach Leamhna, rí Tamhnaigh.
  5. Congalach mc. Conaincc.
  6. Eicneach mc. Conaing.
  7. Coibdeanach m. Fiachaidh.
  8. Conall Cráu.

  9. p.78

  10. Feargas Glut.
  11. Murgheas m. Conaill.
  12. Leathaitheach m. Con Charat.
  13. Anmchaidh m. Con Carat.
  14. Aedgein .H. Maithe.
  15. Nuada Uirc, ri Guill & Irguill.
  16. x. nepotes Maoili f-Fitrigh.
It e sin righ .H. Neill an tuaiscirt.

Hi autem qui sequuntur .H. Neill an desgirt.

  1. Oilill mc. Fearadhaigh.
  2. Suibhne m. Congalaig.
  3. Aod Laigean .H. Cearnaigh.
  4. Nia m. Cormaic.
  5. Clothna m. Colgan.
  6. Tadhg m. Aigthide.
  7. Dubh da Crioch m. Duibh dha Baireann.
  8. Meancossach m. Gammaigh.
  9. Elodhach m. Flainn ó Sgigi.
  10. Dunchadh .H. Fiachrach.
  11. Mc. Con Loingsi.
  12. Mc. Maoile Móna.
  13. Doiriadh m. Conla.
  14. Flann m. Aodha Odhbha.
  15. Mc. Con Coingelt.
  16. Mc. Tuathail m. Fáolchon.
  17. Indrachtach m. Taidg.
  18. Mc. Garbhain.
  19. Dá ua Maoilcháich.
  20. Da mc. Aileni.
  21. Fócarta .H. Domhnaill.
  22. Ailill m. Conaill Graint.
  23. Fidhgal mc. Fithcheallaigh.
  24. Duibdil .H. Daimine et fratres ejus.
  25. Da mc. Mureadhaigh m. Indreachtaigh.
  26. Nuadha m. Duibh Dunchuire.
  27. Reachthapra .H. Cumusccaigh.
  28. Ua Maine Cear Cear Ceara4.
  29. Feargas .H. Eogain Leogain.

  30. p.80

  31. Flaitheamhail m. Dluthaigh.
  32. Donghalach .H. Aongasa.
  33. Conall Meann, Ceneil Cairbre.
  34. Mc. Earca mc. Maoili Dúin.
  35. Tri h-ui Nuadhat.
  36. Flann m. Irgalaig.
  37. Aod Laighean m. Fithcheallaigh.
  38. Niall m. Muirgeassa.

Dolore autem et frigore mortui sunt .clxxx. tar eis Cath Almaine i t-torchuir Feargal mc. Maoili Dúin, .c.

Annal FA 179

FA 179

{MS page 13} Initium regni Chionadha mc. Iorgalaigh, secundum quosdam.

Annal FA 180

FA 180

Kl. Ro ghabh dno Fogartach mc. Néill ainmniughadh righe Éireann fo cédóir i n-deaghaidh Feargail. As fair ro meamhaidh an cath i t-Tailltin ra Laighnibh. Aoinbliadain nó a dó, iuxta quosdam, go ro marbhadh la Cionaodh Leithcháoch mc. Iorgalaig.