698 K. iii. Mors Forandáin, ab Cille Dara.
698 K. u. Cath Fearnmaighe i t-torchair Aodh Airead, rí Dáil Araidhe, & Conchobhar Machae mac Maol Dúin, qui cecinit:
- As me Concupar creachach
for Loch Eachach iomadhbal;
mercle ria gail imrethiur,
is for techiut donadbut.
700 K. u. Tres parmae in coelo quasi bellantes uisacorr sice sunt ab oriente in occidentem in modo undarum fluctuantes in tranquilissima nocte Ascentionis Domini. Primi niuea, secunda ignea, tertia sanguinea, quae ut arbitratur tria mala sequentia praefigurabant: nam in eodem anno armenta bouilia in tota Hibernia fere deleta sunt, non solum in Hibernia, sed etiam per totam Europam. In altero anno pestilentia humana tribus continuis annis. Postea maxima fames, in qua homines ad infames escas redacti sunt.
699 K. iiii. Cath Fiannamhla mc. Osene.
698 K. iii. Mors Muirghiusa mc. Maoildúin, ri Ceneil Cairpri.
?695 K. ui. Iustinianus Augustus pellitur.
698 K. iii. Leo imperat annis .iii.
700 K. u. Quies Aodha, epscop Slebhte.
700 K. u. Fiannamail .H. Dunchadha, rí Dail Ríada, .m.
700 K. u. Isin bliadain si do rala eidir Iorghalach mc. Conaing & Adhamhnan, ar sárugadh Adamhnáin do Iorgalach im marbadh Neill a bhrathar dhó ar comairge Adamhnáin. As eadh do
ghníodh Adamhnán: trosgadh gach n-oidhche & gan codladh, & bheith i n-uisgibh uairibh, do thimdhibhe saoghail Iorgalaigh. As eadh imorro do gniodh an chóraid sain, .i. Iorgalach: a fhiarfaighid do Adamanán, Créd do géna-sa anocht, a chleirigh? Ní ba h-áil do Adamanán brég do radha fris. Ro inniseadh dhó go m-bíadh a t-trosgadh gan chodladh i n-uisge úar go maidin. Do gniodh an t-Iorgalach an cédna, .i. da sháoradh ar easguine Adamhnáin. Acht cheana, ra mheall Adamnán esiomh: .i. rá bhoí Adamnán 'gá rádh ra clereach dá mhuintir, Bí-si sunna anocht um riocht-sa & mh'édachsa iomad, & da t-tí Iorgalach da iarfaighid dhiot créd ra ghéna anocht, abair-si budh fleadhugadh & codladh do ghéana, ar dháigh go n-dearna-somh na cédna. Uair assu ra Adamnán bréag da fhior muintire quam do fén.
Tainig iaramh Iorgalach {MS page 28} d'ionsoigidh an clerigh sin, & andar leis ba é Adamhnan baoi ann. Ro iarfaigh Iorgalach dhe, Créd do geana-sa anocht, a cleirigh? Fleadhughadh & codlad, ar an clereach.
Do roine dno Iorgalach fleadhughadh & codlad an aidhchi sin. Do rigne imorro Adamhnán áoine & friothaire & bheith 'san Bhóinn go maidin. An tan dno ro bhaoi Iorgalach na chodladh, aseadh ad-connairc,
Rá érigh iaramh Iorgalach mochtráth arnabhárach, & do rala Adamnán 'na aighidh. As eadh ra raidh Adamnán ris: A mic mhallaighthe, ar se, & a dhuine as cródha & as meassa do righne Día, bíoth a fhioss agat gurob gairid gur rod sgerthar rit flaithius, & ragha dochum n-ifrinn.
Ó do chúala bean Iorgalaigh sin, tainig ar amus Adamnáin, & ro luigh fo chossaibh Adamnáin; ra attaigh Día riss gan a clann d'easguine, & gan an ghein ro bhaoí 'na broinn do lot. As eadh ro ráidh Adamnán: Búdh rí go demhin, ar sé, an ghen fail id bhroinn, & as briste a leathshuil anossa tré easguine a athar. Agas as amhlaid sin do rala. Rugadh fo cédóir iar sain an mac, & as amhluidh ro bhaoí & sé leathcháoch.
701 K. uii. Feidhlimid mc. Maoile Cathaigh.
701 K. uii. Ailill mc. Con-gan-máthair, ri Muman.
701 K. uii. Orgain Neill mc. Cearnaigh ut Adamnanus prophetauit.
- Orgain, omand dreises fraigh,
dia lass daigh do mullach righ,
dia ffesair go forbar cuain
dia luain i n-Imlioch Fích.
Irgalach mc. Conaing occidit illum.
702 K. i. Faoldobhar Chlochair obiit.
702 K. i. Tiberius imperat annis .uii.
702 K. i. Isin bliadain si ro marbadh Iorgalach mc. Conaing, .i. i seachtmadh bliadain flatha Loingsigh, tre easguine Adhamhnáin, & ro connairc fén i n-aislinge an adhoigh réna mharbhadh amhail ro marbadh. Tainig iaramh Iorgalach an lá iar f-faigsin a aislinge ar carraig amach, & ad-chuala an guth árd, .i. Fana fearannaibh comhfhoigsi duibh, ar sé, & doóidh & loisgidh & airgidh íad. Agus ra chonnaic asa h-aithle sin na
703K. ii. Colman mc. Fionnbhairr, ab Lis Mór, .m.
703 K. ii. Mórshluagh la Loingsioch mc. Aongusa i g-Connachtaibh d'argain agas d'innreadh Connacht. Ro bhattar filidh Loingsigh ag aoradh rígh Connacht, .i. Ceallach mc. Raghallaigh, & do bhidís 'ga rádha nárbo cubhuidh do sheanrigh criothanach mar Ceallach comhthogbhail nó combuartus re righ n-Eireann, & ge do neath, roba fair búdh maidhm. Acht cheana ní h-amhlaidh sin do rala, acht a chodarsna. Uair o do connairc an Ceallach, rí Connacht, a thír & a thalamh 'ga lott & da h-innreadh, ro ghairm chuige na dá Dúnchadh, .i. Dúnchadh Muirisge & an Dunchadh eile, & ra cind aige reimhe go madh iad ra gebhadh righe Connacht 'na dheaghaidh féin. Ro bhaoí fén imorro ar na fothruccadh, & ar c-cur ola & luibhe iomdha ríoghda faoí. Do rad fear don dís reamhraite (.i. dona dá Dhunchadh) da leith deis, & fear da leith clí, & ra choraigh Connachta uime dochum an chatha. Ra ling fén, .i. Ceallach, asa charbad amach go tric & go fada ón charpad, & ad-cúaladh brisgleach chnámha an t-seanorach og léim as an charbad. Agus ro ráidh íar sin o ghuth mór, og leim dochum an chatha comhaithigh: A Chonnachta, ar se, didnidh & coimhedoigh fein bur sáoire, úair ní sáire & ní beodha an cineadh fail in bur n-aighidh iondáthísi, & ni mó do rónsad do mhaith gusaniu. Agus amlaidh ra bhaoí 'ga rádh sin, & a ghuth for crioth & a shuile for lasadh.
Do radhsad iaram Connachta da n-uidh sin; & ra ghabh an rí criothanach sin reampa a g-ceann chatha rígh Eireann, & ra mhaidh reimhe for rígh Eireann, & ro marbhadh Loingsioch, rí Ereann, ann, & deargár a mhuinntire, & a thri mac, & da mc. Colgan, & Dubdibhearg mc. Dungaile, {MS page 30} & Eochu Leamhna, & Feargus Forcraidh, & Conall Ghabhra. I quart Id. Iuil ro cuiread an cath sa, .i. Cath Corainn. As triasna rannaibh si imorro ra cuiread an cath. Conall Mend cecinit:
Ra chuaidh iar t-tain Ceallach mc. Ragallaigh d'eacclais, & ro fagaibh an da Dunchadh 'na righe. Agus ba marbh an Ceallach i g-cionn dá bliadain iar t-tain.
- Bá-sa adhaigh i c-Corann,
bá-sa uacht, bá-sa omhunn,
manaba dagocu lasmba
i Corann mac n-Dunchadha.- Da t-ti Loingsioch do Bannai
cona tri céduibh céd ime,
giallfaidh, cidh leabhor a liach,
Ceallach liath Locha Cime.- Teacsaigh Ceallach ceirtli chruinne;
cro trí rinne;
Bodb moslinge;
la righ laimdhercc Locha Cime.- Ba h-uilg thuilg
maiden ra baoi ag Glaiss Chuilg;
beo-sa Loingsioch ann do chailg,
airdrigh Eirenn ime chuird.
703 K. ii. Cath Maighe Cuilinn eidir Ultuibh & Breathnuibh i n-Ard .H. n-Eachdhach, i t-torchair mac Radgund aduersarius Ecclesiarum Dei. Ulaidh uictores erant.
695 K. ui. Bran mc. Conaill, rí Laigean, .m.