662 K. uii. Maonach mc. Fingin, rí Mumhan, .m.
663 K. i. Seigine, .i. mc. .H. Cuind, ab Beannchair, quieuit.
663 K. i. Mors Guaire Aidhne, rí Connacht. Unde:
- Carn Conaill:
mor sluag file 'na comairr;
bid marb uile ciata-bi,
dursan do Guaire Aidhni.
663 K. i. Guin da mac Domnaill, .i. Conall & Colga.
663 K. i. Tuathal mc. Morgainn .m.
663 K. i. TuEanoc mc. Fiontain, ab Fearna Moire, quieuit.
664 K. ii. Baodan, ab Cluana m. Nois.
665 K. iiii. Mortluidh mc. Aoda Slane, .i. Blathmhac [gap: extent: space for one word left blank], .i. i c-Calatruim. Ba marbh Diarmaid dno isin ionad cédna, & se sinte re crois 'na sheasam ag faigsin sluaigh Laigean chuige da marbhadh. Ra chuaidh a ainim as. In quibusdam libris inuenitur quod hi duo reges, .i. Blatmhac & Diarmaid, .xii. annis. In quibusdam autem ...2 annis, quos nos sequimur. Marbh tra don mortluid sin, .i. don Bhuidhe Conaill, na da rígh si Eireann, .i. Blathmac & Diarmaid.
665 K. iiii. Fechin Fobhair.
665 K. iiii. Ailearan an Eagna.
665 K. iiii. Colman Cas & Aongus Uladh.
666 K. u. Ceithre abaid Beanncair, .i. Bearach, Cuimine, Coluim, & Aodhán.
{MS page 18} 665 K. iiii. Cú-gan-mathair, rí Mumhan, & cum ceteris tam plurimis.
666 K. u. Eochaidh Iarlaithe, rí Dáil Araidhe, do marbhadh do chomhaltoibh Maoil Fotharlaigh mc. Ronáin. Úair ingean d'Eochaidh Iarlaithe ro bhaoí ag Ronán, ag rí Laighean. Óg an ingean, & sean an Ronan, go t-tug sí grádh do mc. Ronáin, .i. do Mhaol Fothartaig, & go raibh si 'ga ghuidhe go fada, & ní fhuair uaidh a faomhadh, & ór ná fuair, as eadh do righne: cumhdach a cinn do mhionughadh, & a h-aighidh do sgríobadh, & fuilreadh 'ma h-aighidh, & toidheacht d'ionnsoighidh Ronáin amlaidh sin. Cread sin, a ingean? ar Ronán. Do mhac súgach-sa, ar sí, Maol Fathartaig, dom sharughad, & mo bhrisiodh dhó, & comhrac frium.
Marbtar lá Ronán iar sin. Tiaghaid dno comaltadha Maoil Fothartaig iar sin gonuig báil i raibhe Eochuidhe Iarlaithe, & gairmid léo amach é ó chách, & marbhaid i g-cionta na n-dearna a ingean. Unde Flaittir cecinit:
- Indíu dellioghair lige
Eochaidh mac Fiachach Lurgan
n-úir cille Coindeire;
ro gabh roithes a ghulban.- Ra gabh Eochaidh aoncaimse
iona linn leaboirthe;
brónan file for Dhún nÁis
ata for Dhún Sobhairche.
665 K. iiii. Initium regni Seachnasaigh mc. Blathmaic .u. annis.
666 K. u. Mors Oilella mc. Domhnaill mc. Aodha mc. Ainmhirioch. Kl.
666 K. u. Maol Caich mc. Scandal, rí Cruithne, .m.
666 K. u. Baoithin, ab Beannchuir.
669 K. ii. Criotán, ab Beandchuir, quieuit.
669 K. ii. Cuimin Fionn, ab Iae, quieuit.