Corpus of Electronic Texts Edition
Fragmentary Annals of Ireland (Author: [unknown])

p.1


p.2

Annal FA 1

FA 1

573 K. i Cath Feimhin in quo uictus est Colman Beag mc. Diarmada, et ipse euasit.

Annal FA 2

FA 2

572 K. ui. Brenainn Bioror quieuit in Christo .clxxx. anno aetatis suae.

KKKKKKK. Leigim na seacht Kla. sin seacham.

Annal FA 3

FA 3

582 K. u. Cath Manann in quo Aodhán mc. Gabrain uictor erat.

Annal FA 4

FA 4

583 K. ui. Marbhadh Fearadhaigh Fimi mc. Duach, Osairghe. As é so imorro an treas re ré Coluim Cille do chuaidh dochum nimhe, & as é so an fáth, amail ro innis Colum Cille d'Aodh mc. Ainmireach: Treblaid mór da gabhail an Fearadhaig. Clann Connla do toigheacht do ghabhail taighe fair; uair do Chorca Laoighdhe d'Fearadac mc. Duach, uair seacht rígh do gabhsad Osairghe do Corco Laoighdhe, & seacht rígh do Osairghe ro ghaph righe Chorca Laoighdhe. Coccadh iaramh do-somh re Cloind Connla; & as ann ro baoi-sium 'na thulg & a shéoid uile aige ann; amail bá bés dona righaibh tuilg umpa d'iobhar, .i. sdiall ar chapur, a c-cránn & a c-crannoca airgid, & a c-copain & a n-easgrada, do tabhart d'fhognamh 'san oidhche, a m-branduibh & a f-fithcealla & a c-camáin credumha ra fognum an láoi. Rob iomdha imorro séoid ag Fearadhach, & rapa mór a n-grad lais; & dano as olc fríth íad, óir ní chuala-somh a bheag nó a mhór óir no airgid og trén no ag trúagh a n-Osairghe, na h-irgabtha aigi-siomh do tarraíng an innmus sin úadh do chumhdach na séd sain. Tangattar trá a mic d'ionnsoiccidh Fearadhaigh conige an tolcc do bhreith na séd léo. ‘Créd as áil dhuibh, a maca?’ ar Fearadhach. ‘Na séoid do breith linn,’ ar na mic. ‘Ní bearthaoi,’ ar Fearadhach, ‘úair olc frith íad; & sochaide ra craidhius-sa 'gá t-tinól, & ceadaigim-si mo crádh féin dom naimhdiph umpu.’

Ro imchighsiot a mhic uadh, & ro gaph-somh ag aithirghe dhícra. Tancuttar iaramh Clann Connla & ro mharbhsad Fearadach, & ruccsad na séoda; & do cúaidh Fearadhach dochum nimhe.

32 Kl. seachom.


p.4

Annal FA 5

FA 5

595 K. uii. Agus as i so an ceathramhad Kl. .xx. don 32 Kl. testa ag an deest. Quies Coloim Cille .lxxui. anno aetatis suae. Unde Fedhelm cecinit:

    1. Uch, iar fír,
      an th-e gabtha isin lín,
      h-e brecc baoi i m-Boinn,
      Boand bruinnius in mur míl,
    2. Mur míl timcealla Iasconn,
      Iasconn do h-eimed a eithre;
      uch ar n-eccoibh mic an righ;
      uch iar n-díth meic Eithne.

Annal FA 6

FA 6

{MS page 2} 603 K. iii. Anno Domini. dcx. Fiontan moccu Echdach, ab Cluana Eidhneach, ceann monach na h-Eorpa, quieuit in quinta feria; unde Colman m. Feargusa cecinit:

  1. Dia dardaoin ruccadh Fiontan
    is ro gined ar talmain;
    as dia dardaoin ro beba
    ar mo sliastoibh coimhgela.

Annal FA 7

FA 7

605 K. ui Initium regni Aodha Uairiodhnaigh.

Annal FA 8

FA 8

605 K. ui. Aodh Allain no Uairiodhnach incipit regnare .uiii. annis, .i. Aodh Allain mc. Domhnaill mhic Murcheartaigh mhic Muireadhaigh mhic Eoghain.

Annal FA 9

FA 9

Feacht n-aon da t-tainic sé 'na righdhamhna dar lár Othna Múrra, ra indail a lámha asan abhoinn atá dar lár an bhaile. Othna ainm na


p.6

h-abhann; as úaithe ainmníghthir an baile, .i. Othna. Ra ghaph mám don uisce da chur 'má aighidh. Ra gaph fear da muintir fris: ‘A ,’ ar se, ‘na cuir an uisge sin fot aghaidh.’ ‘Ceadhón?’ ar an . ‘As nár leam a rádh’, ar sé. ‘Cá náire atá dhuit ar an fhirinde do rádh?’ ar an . ‘As eadh so,’ ar sé, ‘as fair an uisge sin atá fialteach na clereach.’ ‘An ann,’ ar an , ‘teid an clereach féin ar imthelgudh?’ ‘As ann go deimhin,’ ar an t-ócclach. ‘Ní namá,’ ar an , ‘cuirfead fom aighidh, acht cuirfead um bél, & ibhad’ (ag ól trí m-bolgoma de), ‘úair as sacarbaicc leam an t-uiscce i t-téid a imthelgun.’

Rá h-innisiodh sain do Mhúra, & ro altaigh búidhe do Dhía ar iris mar sain do bheith ag Aodh Allain, & ro gairmeadh cuicce iar dain Aodh Allain (& Aodh Úairiodhnach ainm oile dhó) & as ead ro ráidh Múra ris: ‘A mhic ionnmain,’ ar sé, ‘lógh na h-airmiden sin tugais-si don eaglais, geallaim-si dhuit i f-fidhnaisi Dé ríghe n-Eireann do gabáil go gairid, & go m-béra búaidh & cosgar dod naimhdibh, nid béra bás anabaidh, & caithfe Corp an Choimdheadh as mo láimh-si, & guidhfead-sa an Coimdhidh lat, go m-ba críne bérus tú don bhioth.’

Níor búdh cían trá iar dain co ro gaph Aodh Alláin ríghe n-Eireann, & do rad fearanna suthacha do Mura Othna. Rucc iaramh Aodh Allain, cosgair iomdha do Laighnibh, & da naimhdibh ar cheana. Ro bhuí trá ocht mbliadna i righe n-Éireann, & ra ghaph gallar báis and sin Aodh Allain, & ra chúas úadh ar ceann Mura. Tainig Múra, & ro ráidh an rí ris, ‘A chleirigh,’ ar sé, ‘rar meallais, uair do radsum faill ar ar n-aithirghe, uair do sháoileamar tréad bhreithir-si beith go m-ba crín me im bheathaidh; & andar linn atá bás i f-faccus damh.’ ‘As fír,’ ar an cleireach, ‘atá bás i f-fogus dait, & ra {MS page 3} timdhibheadh do shaogál & tuccais feircc an Choimdheadh, & innis gach ní do righnis in ra chráidis an Coimdidh.’ ‘Indisfead,’ ar an , ‘an ní búdh dóigh leam do crádh an Coimdeadh. Ra fhuabhras,’ ar sé, ‘fir Éireand do thinól dochum an t-sléibhe si thair, .i. Carrláogh, dá chomarduccadh thúas, & teach dimór do dheanamh ann, & as eadh rob áil, go faicstea tene an tighi sin gach tráth nóna i m-Breathnaibh & i n-Airiur Gaoidhiol, & ra fheadar roba diomas mór sain.’ ‘Rab olc sin,’ ar an cleireach, ‘& ni h-eadh sin ro thimdhibh do shaoghal.’


p.8

‘Ra fhuaibhrius dono,’ ar an , ‘droichead do dhéanamh i c-Clúain Iraírd, & a dhéanamh go miorbalta rium co ro mairead m'ainm-si fair go bráth.’ Ra innis neithi imdha amlaidh sin. ‘Ní ní dibh sin,’ ar an cleireach, ‘timdhibhius do shaoghal.’ ‘Atá dono águm ní oile,’ ar an , ‘.i. an mhisgais fuil agom do Láighnibh; uair as eadh rob áil damh: a f-fir uile do timargain dochum catha, & a marbad uile ann; a mná & a moghaidh do thabhairt fri fhoghnamh do Uibh Néill. Sinni tuaisceirt n-Eireann do taphart for Mídhe, & fir Midhe for Laighnibh.’ ‘Uch, uch, tra,’ ar an cleireach, ‘as eadh sin ro timdhibh do shaoghal-sa, úair an cineadh sin as mioscais lat-sa, .i. Laighin, ataat naoimh og earnaigthe léo i f-fiadhnaisi an Choimdheadh, & as moo atá Brighid, as trese da n-irnaighthe andás dom irnaighthi-si. Acht cheana as trócar caonuarrach an Coimdhiu, & déana h-iodhpairt féin do dar cheann na h-ainngidheachta sin ro bhaoí id chruíthe do Laighnibh, go rabhais a f-flaithius as búaine inás an flaithius aimsiordha.’ Rá h-ongadh an sain an , & ro chaith Corp an Choimdeadh, & fúair bás fo céduair, do chuaidh dochum neimhe.

Seacht Kl. seachom.

Annal FA 10

FA 10

612 K. uii. Initium regni Maoilchobha.

Annal FA 11

FA 11

612 K. uii. Maol Cobha mc. Aodha mc. Ainmireach regnauit tribus annis.

Annal FA 12

FA 12

614 Stella uisa hora tertia diei. K. iii.

Annal FA 13

FA 13

615 K. iiii. Guin Maoilcobha mc. Aodha la Suibhne Meann mc. Fiachrach.

Annal FA 14

FA 14

615 K. iiii. Quies Diarmada, tertii abbatis Cluana Iraird.

Annal FA 15

FA 15

615 K. iiii. Initium regni Suibhne Minn.

Annal FA 16

FA 16

615 K. iiii. Suibhne Meann ro ghaph ríghe n-Éireann i n-deaghaidh Maoilchobha .xiii. bliadna go t-torchair la Congal Caech mc. Scanlain.


p.10

Annal FA 17

FA 17

Laa n-aen d'Fiacraich, d'athair an t-Suibne sin, ag dul d'fius a arathair—uair níor bo ri-siomh itir—do rad da mheanmain amhail ro ghabh cách a ndeaghaidh a chéle ríghe na h-Eireann. Tainicc miadh meanman & indoccbala móra fae, & saint righe na h-Eireann do gabail do, & tainig reimhe da thaigh, & rá innis da mhnáoi, {MS page 4} & as eadh ro ráidh a bhean ris: ‘Uair nach ra fhuabhruis gusandiu sin,’ ar si, ‘ní fhaicim a chuibhdhe re fear th'áosa & do sheantattadh i f-feact sa cosnamh ríghe. Úair ní
[...]
’ ‘Bí i tost,’ ar seisiomh; ‘na tairmisg imum, acht tuctar lind & bíadh istigh,’ ar sé, ‘& tinoltar maithe immach cuccainn, & tabair a lór dóibh.’ Agus gairmidh a mnaoi chuicce and sain, & comraicid fría, & gac imradadh ra bui reimhe 'na mheanmain ra chuir ra coimpert úadh, & as ac an mnáoi ra bhaoí an t-imradhudh ra bhaoí aici-sium íar sin, & as and sin ra coimpredh an Suibhne Meand sa a m-broinn a mhathar.

In tan tra ra eirig-simh ó mhnáoi, ad beart an bhean, ‘An dtinolfaidhear cách isteach?’ ar sí. ‘Acc,’ ar Fiachra; ‘ní dingnim ar f-focuidbeadh féin, .i. righe feasda do chosnamh.’ Tuigtear as sin iaram conid da aigniudh mor remhtheachtach na d-tuistighthidh do berad na clanna aigeanta móra.

Lá dno don t-Suibhne si 'na gilla og 'na thaicch & a bhean, ra raidh ría mhnáoi, ‘As iongnadh liom,’ ar , ‘a laighead ro ghaph ó Ceníul Eoghain tighearnas for chách inossa.’As eadh ra ráidh an bhean, tre cenél fochuidbidh: ‘Cidh duid-si,’ ar sí, ‘gan crúas do deanamh, & dul rompu do coccadh fria chách, & cosgar do bhreith go minic.’ ‘As amlaidh sin bhias,’ ar eisiomh. Tainig-sim iar sin amach, & sé armtha 'sa maidin arnabharach, & do rala occláoch dhó lucht in tíri & eisidhe armtha, & do roine comhrac fris go ro gíall an t-óglach do rind gae dhó; & ro ghíall sluagh mór dó amlaid sin, & ro gabh righe n-Eireann.

Annal FA 18

FA 18

628 K. ui. Mors Suibhne Minn.


p.12

Aliud fragmentum ex eodem codice extractum per eundem: incipiens ab anno circiter 661

Annal FA 19

FA 19

662 K. uii. Cuimin Foda quieuit .lxxii. anno aetatis suae. Unde Colman úa Clúasaigh, aide Chuimin, cecinit:

    1. Marbh friom andeas, marbh antuaidh,
      nibttar ionmuini athshluaigh;
      do foir, a Rí nimhe glais,
      a n-dochairte tatharlais.
    2. Marbhain inna bliadna sa—
      ní bo caointe ni occa—
      Maol Dúin, Becc mac Fergusa,
      Conainn, Cuimine Foda.
    3. Ma ró dligthe fer dar muir
      seisedh i s-sruithe n-Griogoir,
      madh a h-Eirinn ni baoi
      inge Cuimine Fodo.
    4. Sech ba h-epscop-som, ba ,
      ba mac tigirna mo Chuimini;
      tendál Eirenn ar shóas;
      ba h-álainn, mar ro choas.
    5. Maith a cheinél, maith a chruth,
      bá lethan a comslonnadh;
      ua Coirpre & ua Cuirc,
      ba saoí, ba h-án, ba h-oirderc.

Annal FA 20

FA 20

662 K. uii. Cath Ogamain du i t-torchair Conaing mc. Congaile, & Ultán mc. Ernine, ri Ciannachta. Blathmac mc. Aoda Sláne uictus est a sociis Diarmada.


p.14