Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1616

M1616.0

AOIS CRIOST, 1616.

Aois Criost, mile, Se chéd, a dech, a Sé.

M1616.1

O Néll Aodh mac Firdhorchae (mic Cuinn Bhacaigh, mic Cuinn, mic Enrí, mic Eocchain) ro badh barún ó mharbhadh a athar gusan m-bliadhain a m-baoí an Parlement oirrdearc i n-Áth Cliath, 1584, & dia ro goireadh iarla Tíre h-Eoghain ar an Parlement sin, & dia ro goireadh O Neill iar t-trioll do écc iar c-cian aoís iar c-caithemh a ree, & a reimhis go sona sénamhail, go n-ágh, go n-airbert go n-onoir, go n-uaisle. Bá h-ann dna ro écc-somh isin Roimh an 20. Iul, iar n-aithrighe thoghaidhe ina phecthoibh, & iar m-breith bhuadha & ó dhomhan, & o Dhemhan. Ger bo cian o Ard Mhacha (o othairlighe a shinnsear) at-bath-somh ro badh comhardha gur bhó buidheach Dia dia bhethaidh nár bhó mesa an Rómh adhnaicthe in ro dheónaigh an Coimdhe a adhnacal .i. an Rómh cenn na c-Criostuidhe. Tigherna tend tóthachtach


p.2374

go n-gaoís, go n-gliocas, & go n-amhainsi indtleachta, & aigneadh an t-í testa annsin. Tighearna coccthach conghalach airccthech ionnsaightheach, ag díden a irsi, & a athardha fri a bhiodhbhadhaibh. Tighearna diadha, dércach cendais coindircil fri cairdibh, ainmín éccennais fri naimhdibh co t-tabhradh fó umhla, & fó aididin dia réir. Tighearna ná ro shanntaigh forbann ná fairbrígh neich oile do beith occa, acht in ro badh dia shinnseraibh ó chein mhair, Tighearna go b-forsmacht, & go t-testtmoltaibh flatha, & ná ro léicc goitt ná meirle, aitheadh na éigen, fíoch ná fala do éirge ina reimhes acht no congbhadh cách fó reacht amhail ro ba téchta do fhlaith.