Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1611

M1611.0

AOIS CRIOST, 1611.

Aois Criost, míle, Se chéd, a dech, a h-aon.

M1611.1

Conchobhar O Duibheanaigh epscop Dúin, & Coindeire ro badh brathair .S. Froinseis do Choinuent Dhúin na n-Gall céttus, & ro tocchadh iaramh do cum na h-epscopóitte cédna ar a decchairilleadh, Ro h-erghabhadh eisiomh lá Gallaibh, & baoí fri ré fhoda aca fó dhaoíre, & fó pennaind, & do rairngertsatt Maoíne & asccadha iomdha dó dia sóad for a n-eris. Ro obsamh dna indsin ar ro dínsidh-siomh an maith n-erchradhach ar an f-flaith suthain. Ro fhuaslaicc Dia dhó ó Ghallaibh don chur sin, & ro gabhadh ei-sidhe doridhisi & as é ro ba Iustis i n-Erinn in ionbaidh sin Sir Artuir Chicester, & ro cuireadh eisidh do chum báis, Ro dicendadh céttus, & ro tesccaitt a bhoill ina cethramhnaibh fodhalta, feóil-gherrtha i n-Áth Cliath an ced la do Febru.

M1611.2

Ni bhaoí éimh criostuidhe i t-Tír n-Ereann ná ro criothnaigh a chroidhe lá h-uathbhas na martra ro fhulaing, & ro fhodhaimh an t-erlamh ógh egnaidhe, & an firén foircthe fírchendais ar daigh fhocraicce dia anmain. Nír bhó cuma lá h-aon do na criostuidhibh báttar c-cathraigh Atha Cliath an ionbaidh sin cia h-aca las a m-beith ball dia bhallaibh, & nír bhó h-iad a bhoill namá acht bháttar líonanarta soinemhla i n-erlaimhe aca ag gabháil a fhola intibh-sidhe co ná léiccdís go lár hí ar bá dearbh leó gur bhó h-aon do mhairtiribh naomhdha an Coimhdeadh e-sidhe.


p.2372

M1611.3

Giolla Pattraicc Ó Luchairén saccard dearscaigthe baoi i f-farradh in epscoip an tan sin, o ro chinnsett Goill iatt-somh ina n-dís do bhásucchadh, bá h-uamhan lasan epscop go n-gébadh uathbhás & imegla ei-sidhe lá faicsin na mi-imberta do bretha for a corp-somh ina fhiadhnaise conadh airesin ro cuindigh gus na básairighibh an saccart do bhásucchadh riamh. At-bert an saccart nách ráinicc-siomh a les uaman do bheith fair ar aoisiomh, & go lenfadh é gan nach n-uireccla, & att-bert nár bhó comhadhais epscop onórach do beith gan saccart ina caoimhtheacht. Ro comhaill-siomh indsin ar ro fhodhaimh & ro fhulaing an diach cédna do thabhairt fair ar flaith nimhe dia anmain.

M1611.4

Niall Ó Buidhill epscop Rathaboth do écc i n-Glionn Eidhnighe an seiseadh Februari, & a adhnacal i n-Inis Caoil.