Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1609

M1609.0

AOIS CRIOST, 1609.

Aois Criost, mile, Se chéd, anaoí.

M1609.1

Cathbarr Ócc mac Cathbairr, mic Magnusa, mic Aodha Duibh Uí Domhnaill do chor do cum báis i n-Áth CliathGallaibh an 18. Iul. Nír bhó dí-miadh do Cenel c-Conaill meic Néill an daigh fer sin do oirdneadh i c-cennas forra dia léiccthi dia saighidh a c-cennas ittir, ar uaisle a fhola ar airde a aignidh ar bhrígh, ar bhorrfadh, ar thuaichle, ar trebaire ar comhnart, ar chothucchadh fris an c-cách do cuirethar ina chentt.

M1609.2

Brian na Samhthach mac Airt, mic Briain na Muicheirge do marbhadh lá Gallaibh.

M1609.3

Mac an Bhaird Eoghan mac Gofradha, mic Eoghain, mic Gofradha ollamh Uí Dhomhnaill i n-dán saoí erghna inntleachtach, & fear tighe naoidheadh coitchinn do écc iar c-cian aoís, iar m-buaidh n-aithrighe.


p.2370