Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1608

M1608.0

AOIS CRIOST, 1608.

Aois Crios, mile Se cett, a hocht.

M1608.1

Eassaonta & imresain anffoil do eirghe etir an n-gobernóir baoí i n-Doire Coluim Chille .i. Sir Seoirsi Palet, & Ua Dochartaigh Cathair mac Seain Óicc.


p.2360

Nír bhó h-edh namá ro imbir an gobernóir tár & tarcusal fair ó bhreithir, acht do-bhert fris sin pennaintt dia chorp gur bhó ferr lais a bhás inas a bhetha ria siú nó fhoidhemhadh an dí-miadh, & an easonoir fuair, & nó léiccfedh for dáil nó for cairde gan a dioghail, go ro líon d'feircc & d'innire gur bhó suaill ná deachaidh for fualang & dásacht conadh edh do-róine a comhairliucchadh fri a thairisibh ionnas no digheladh an sár do-rattadh fair. Bá sedh cétus ro chinnsiot

p.2362

a h-aon chomhairle an 3. Maii Caiptin Hart baoi isin c-Cúil Móir (baile sin fil for ur Locha Feabhail alla thíos don Doire a dubhramar) do thochuireadh ina dhochum, & a ghabháil go f-fuair an baile as. Do-thaod fo chedóir isin dedhoil go Doire, & do-bert uardhúsccadh namhatt for fianlach an bhaile. Ro marbhadh an gobernóir lá h-Eócchan mac Neill mic Gerailt Uí Dhochartaigh, & leutenant CorboiiSean mac Aodha, mic Aodha Duibh Uí Domhnaill. Ro marbhadh dna sochaidhe oile cenmothát-somh. Do ghabhadh caiptin Henri Ueghan, & ben epscoip an bhaile. Ro crechoircceadh, & ro loiscceadh an baile leó iarttain & tucsat ettala aidhbhle ass.

M1608.2

Monuar amh gídh nar bhó machtnadh an t-uasal aireach daithe a easanora, Ro badh dírimh do-aisneisi na h-uilc ro shiolaigh, & ro chlandaigh i c-Coicceadh Uladh uile tres an c-comhthogbháil choccaidh sin ro triall i n-acchaidh rechta an rígh, uair bá de-sidhe tainic a bhás-somh badhéin (18. Iulii ar c-cionn) lá h-Ard marascal na h-Eireann, Robert Uincuel, & lá Sir Oliuer Lambert, & a roinn ina chethramhnaibh comhroinnte etir Doire & an Chuil Mhór, & a cenn do bhreith a t-taisealbhadh go h-Ath Cliath, & bás sochaidhe d'uaislibh, & d'airechaibh an chóiccidh ro badh eimhilt d'faisneis. Bá de eiccin, & do imtheacht na n-iarladh att-rubhramar, tainicc a n-domhnus & a n-dúthaigh, a f-forba, & a f-fearann, a n-dúine, & a n-diongnadha, a c-cuanta caomhthurcarthacha, & a n-inbeara iaiscc iomdha do bhein do Gaoidhelaibh Chóiccidh Uladh, & a t-tabhairt ina f-fiadhnaisi do eachtair chenélaibh & a c-cor-somh for athchur, & for ionnarbadh in aile criochaibh comhaigthibh go ro éccsat a n-ermhór.


p.2364

M1608.3

Niall Garbh O Domhnaill co na dearbraithribh, & co na mhac Neachtain do ghabháil im Feil Eóin na bliadhna so iarna tubha friú go m-baoi comhaonta etorra, & Ua Dochartaigh, a c-cur iarsin co h-Ath Cliath Niall, & Neachtain do chor assaidhe co tor Londan iar saoradh Néill ó bhás do breith dlicchidh, & a m-beith i l-laimh isin tor co diuidh a m-bethadh. Aodh & Domhnall do légadh as a m-braighdenas iarttain .i. isin m-bliadhain ar c-cind.

M1608.4

iarla Tire Conaill Rudhraighe mac Aodha mic Maghnasa, mic Aodha Duibh mic Aodha Ruaidh Uí Domhnaill do écc isin Róimh 28. Iul, & a adhnacal i Mainistir .S. Froinseis isin c-cnoc in ro crochadh Naoimh Peattar apstal, iar c-caoí a chionadh, & a thargabhal, iar f-faoísidin, & iar n-aitricche thocchaidhe ina pheacthoibh, & tairimtheachtaibh, iar n-airitin cuirp Chríost & a fhola a lamhaibh sruithibh psailmchetlaibh eccailsi na Romha. Ro badh liach gar secle, & muich erchra do beith occ an t-í tesda ann sin. Ar bá fer cródha cosantach aghmar, ionnsaightheach, iorghalach ei-sidhe, ro badh meinic i m-beirn bhaoghail ag imdhíden a irsi, & a athardha acc congnamh lá a dearbhrathair Aodh Ruadh riasiú ro ghabh-somh feisin tighearnas Thire Conaill, Tighearna tabhartach tiodhlaictheach d'uas mhór deigheinigh dá nar bhó ní oidhrecht a shinnser andarlais ar a chaithmighe, & ar a chonghairighe, fear ná tard a mhenma, na a inneithemh, i maoínibh nách a seódaibh saoghalta


p.2366

acht a f-fodhail, & a sccaoíledh for gach n-aon da rigedh a leas do thrén, nó do thruagh.

M1608.5

Mag Uidhir Cu Chonnacht Ócc, mac Con Chonnacht Óicc, mic Con Chonnacht mic Con Chonnacht, mic Briain, mic Pilip, mic Tomais tighearna Fearmanach nech fuair tighearnas gan mheing, gan mheabhail, gan fheill, gan fhionghail acht a thogha i f-fiadhnaisi fear n-Uladh i n-ionadh a dearbhrathar Aodh. Saoí erccna il-dhealbhach menmnach móraiccentach, aisdreach essadhal co m-buaidh c-céille, & c-crotha, & gacha maithesa ar chena do écc i n-Genua isin Etail an .12. August.


p.2368

M1608.6

Semus mac Eimhir mic Con Uladh Még Mathghamhna do écc isin lo cedna & a adhnacal isin maighin remhraite.

M1608.7

Cathbharr mac Aodha mic Maghnusa, an t-aon mac tighearna ro badh mó ainm & oirdearcus, alladh, & ardnós, ar aoidhechaire, ar fhéile ro bhaoí i n-Inis Eiremhóin. Aithghin Chuana meic Cailchini, & Ghuaire mic Colmáin ar dearlaccadh & ar oineach, fear ná tard neach a dhruim fris riamh iar ná éra do écc isin Róimh in .17. September, & a adhnacal ar aon lá a dearbhrathair lasin iarla.

M1608.8

Aodh O Neill mac Aodha, mic Firdorcha barún Dúinghenainn oidhre an iarla Ui Neill do écc, aon t-saoileachtain Chenél n-Eoghain dho gabháil ionaid a athar diamadh beó ina dhedhaidh do écc, & a adhnacal i n-aoin ionad la dearbhraithribh a mathar .i. lasan iarla Ua n-Domhnaill & la Cathbharr.