Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1607

M1607.0

AOIS CRIOST, 1607.

Aois Criost, mile, Se ced, a Seacht.

M1607.1

O Baoighill Tadcc Ócc, mac Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh d'écc i n-Druim Arc lá taobh Baile Uí Bhaoighill an 3. Maii, & a adhnacal i n-Dún na n-Gall.

M1607.2

Mág Uidhir Cuchonnacht, & Donnchadh mac Mathgamhna, mic an espuicc Uí Bhriain do thabhairt luinge leó go h-Érinn gur ro gabhsat i c-Cuan na Súilighe. An t-iarla O Neill Aodh mac an Fhirdoirche, & an t-iarla O Domhnaill Rudhraighe mac


p.2354

Aodha, mic Maghnusa co n-druing móir do maithibh Choiccidh Uladh do bhreith leó a h-Érinn. It iatt do-dheachattar lá h-Ua Neill an chontaoís Cateríona inghean

p.2356

Meg Aonghusa
, a triur mac Aodh (.i. an barun). Sean, & Brian, Art Óg mac Corbmaic, mic an bharúin, Fer Dorcha mac Cuinn, mic Uí Néill, Aodh Ócc mac

p.2358

Briain mic Airt Uí Neill
go n-druing móir dia thairisibh cenmothat. It iat do-chotar lasin iarla Ua Dhomhnaill Cathbharr a dearbhrathair co na dheirbhshiair Nuala, & mac an iarla Aodh tesda tri sechtmhuine gan a bheith i n-aoís a bhliadhna. Rois inghen Ui Dhochartaigh ben Cathbhairr co na mac Aodh i n-aois da bhliadhain & ráithe. Mac a dhearbhrathar Domhnall Ócc, mac Domhnaill. Neachtain mac an Chalbhaigh, mic Donnchaidh Chairbrigh Uí Dhomhnaill go n-dreim móir dia tairisibh bheós a maille friú. I f-Feil na Croiche isin f-foghmhar do-chóidhsiot isin luing. Bá maith an lucht aon luinge battar ainn-sidhe ar as dearbh deimhin ná ro thaoscc muir, & na ro fogluais gaoth a h-Éirinn is na deidhenchoibh lucht aon luinge báttar ferr, & báttar airegdha & bá h-uaisle ar aoí n-geinelaigh, bá ferr gníomh & gart, engnamh & oirbhert ináitt dia n-deónaigheadh Dia airisiomh ina n-athardha go soisedh lá a n-aos aoidedhach rochtain go h-aois fherrdhata. Maircc croidhe ro sccrúd, maircc menma ro miodhair, maircc aithescc ro fhuighill an chomhairle trias a t-tainicc dul na druinge do-dheachattar for an echtra sin & gan dáil a rochtain for c-cúlaibh ina n-iomláine dia n-domhnas duthaighe, nó dia n-athardha bhunaidh co foircenn an bhetha.