Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1605

M1605.0

AOIS CRIOST, 1605.

Aois Criost, Mile, Se ced, a cúicc.

M1605.1

Sir Artur Chicester Iustis na h-Erenn, & iarla Tire h-Eoccain Aodh mac an Fhirdhoirche do thocht ar an Srath m-Bán, & ro bhaoí Ua Neill ag agra blaidhe don dúthaigh fuair Niall Ó Domhnaill on rígh .i. an Moentacht. Tucc Niall do lathair an Iustis na dearbhtha baoí aicce ar lorcc a shinnsear ar an Moentacht, & dna frissin na cartacha do bhen Maghnus Ó Domhnaill d'Ua Neill do Chonn Bhacach a f-fuasccladh Enri mic Seain buí i laimh ag Ua n-Domhnaill (Maghnus) go f-fuair na cartacha sinn ass, & iar t-tuicsin a sccéil ar gach taoibh don Iustis Sir Artur Rucc do bhreith an Moentacht do Niall, & at-bert ná ro cumhaing Ua Neill an fearann d'agra ó chert, ar do-chóidh i rúdhrachus fhoda ó do-chóidh tar shesgat m-bliadhan. Rob' éiccen dóibh díbhlínibh airisiomh for an m-breith sin.

M1605.2

O Ruairc Tadhg mac Briain mic Briain mic Eoghain tigherna na Breifne, fer fuair mór n-imnidh, & n-éttualaing acc iomchosnamh a athardha fri a dherbrathair Ua Ruairc Brian Ócc, fer na ro saoileadh a ecc fri h-adhart, acht a oidheadh do rinn no d'faobhar, fer fuair deabhta duilghe, & gáibhthe guais iomdha acc saicchidh oidhreachta a athardha, & ionaid a athar gur ro léicc Dia ticcernas chuicce fo dheoidh, & gur ro ecc, & a adhnacal i Mainestir .S. Fronseis i c-Carraicc Phattraicc go n-onóir amhail ro badh díor.


p.2352