Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1604

M1604.0

AOIS CRIOST, 1604.

Aois Criost, Mile, Se chétt, a cethair.

M1604.1

Ua Ruairc Brian Ócc mac Briain na Murtha, mic Briain Bhallaigh mic Eocchain do écc i n-Gaillimh an 28. Ianuarii, & a adhnacal i Mainistir Ruis Iriala ag braithribh S. Fronseis. Ro ba dainimh écc an t-í tesda annsin, ar bá h-ei-sidhe Post Congmhála, & gabhal fulaing Catha Aodha Find, tuir catha ar chalmatas, Rinn agha & iomghona Ua m-Briuin, fer crodha, cosantach ná ro léicc an Bhreifne


p.2350

do baoghlucchadh ina ré, fer fosaidh forniata, cennais fri cairdibh, niata fri naimhdibh, fer ro badh dearscaightech iocht & eineach, uaisle & oirbert, anadh & oirisiomh ré h-athaidh don chenél dia m-baoí.