AOIS CRIOST, 1603.
Aois Criost, mile, se cétt, a trí.
O Neill Aodh mac an Fhirdhorchae, & urmór Gaoidheal Leithe Cuintt do thocht fó shídh cenmotá Ua Ruairc ar ro h-erfhuaccradh sith coitcenn, & aisecc a fhola,
Mac Suibhne Fánatt Domhnall do tocht fó dhliccheadh d'ionnsaicchidh Neill Uí Dhomhnaill.
Mac Suibhne na t-Tuath Maolmuire mac Murchaidh, & Cathbharr Ócc mac Cathbharr, mic Maghnasa Uí Domhnaill do dhol h-i t-Tír Chonaill co na muintearaibh, & co na c-crodh do choccadh fri Niall Garbh & fri Gallaibh, & ní ro h-anadh leó go rangattar do na Rosaibh, & dona h-ailénaibh. Nír bhó cian doibh samhlaidh an tan ro creachadh iatt lá Niall co na bhraithribh, & ro h-erghabhadh Cathbharr Ócc go m-baoí h-i láimh leó.
Muintir Rudhraighe Uí Domhnaill co na uile chrodh & cethraibh, & iolmhaoínibh do dhol h-i t-Tír Chonaill isin c-ceid mhí d'earrach, & Rudhraighe badhéin co na thionól, & co na thóicestal Gaoidheal & Gall im captin Guest do dol (ria t-teacht aniar dia mhuintir) do dhioghail, & daithe dí-miadha & a easanora ar Ua Ruairc, Brian Ócc amhail ro bhaoí ina mhenmain athaidh rias an tan sin, go ro airccsiot, co ro innirsiot an Breifne etir ith & arbhar, & gach a t-taithaiter dia c-crodh ar ro teichsiot a n-urmhór fo diamhraibh & droibhelaibh na críche. Ro marbhaitt uathadh daoíne eatorra im Eoghan mac an Fhirdhoirche Uí Gallchubhair, & im Thoirrdhealbhach mac Mec Lochlainn torchrattar comhthuitim ré roile don chur sin. Ro faccbhadh drong do Ghallaibh i n-garasun i n-Druim Dá Eithiar ar dáigh aidhmillte
Dala Neill Ghairbh Uí Dhomhnaill do riacht sgribhenn o Ath Cliath dia shaighidh dia chuinghidh fair teacht do lathair an Iustis & na comhairle do ghlacadh paiteint ar Tir Conaill a lógh a sheirbhise, & a fhoghanta don choróin. Ro léicc-siomh hi
Do-rala tra Rudhraighe Ua Domhnaill i n-Ath Cliath i n-ionbhaidh sin, & ro gairmedh é do lathair an Iustis, & na comhairle. Ro faoidhedh litre & sccribhenna lais go Sir Henry Docura dia fhurail fair Niall Garbh do erghabhail, & ro cuireadh araill do captinibh ina chaoimhtheacht, du-s-ficc imorro Rudhraighe go Doire, & ro chuir an gobernoir drong do toíseachaibh, & do chaiptinibh Doire [gap: extent: two and a half lines in autograph (left blank to be filled in later)] Gabhthar dna Tuathal mac an deccanaigh Uí Ghallchubhar, Aodh Buidhe mac Seain Óicc, & Feilim mac Seain Óicc go n-druing ele genmothát don chur sin. Ro ela Niall Garbh becc iar sin, & do-chóidh féin co na bhraithribh, & co na muintearaibh fó choilltibh Chinn Maghair.
Do marbhadh Maghnus Ócc O Sruithéin an tan sin lá Domhnall mac Cuinn Uí Domhnaill a n-dioghail a dearbhrathar ro marbhadh lais-siumh feacht riamh .i. an Calbhach mac Cuinn. Bá ferr do ná dingenadh an gniomh sin ar du-s-fangattar uilc iomdha dóibh-siomh fó a bithin. Dóigh ro forchongradh for Rudhraighe Ua n-Domhnaill co na m-baoí lais do Ghaoidhelaibh, & for na caiptinibh tangattar lais don tír, & for chaiptín n-Guest baí ina chaoimhtheacht h-i c-Connachtaibh lenmhain Neill a dearbhraithreach, & a muintire dia c-creachadh, & dia n-ionnradh. Do-rónadh lais-siomh amhail ro h-erfhuaccradh n-dó co ná ro fáccbhadh míl n-innile ag muintir Néill, & go t-tartsat il-mhíle do crodh leó go n-deachattar dréchta dearmhara dár creachadh ann d'écc d'fhuacht & do ghorta. Ro rann Rudhraighe na creacha, & do-rad a t-téchta do na h-uaislibh do riachtatar ina shochraide. Do crechtnaicceadh Aodh Buidhe mac Cuinn ina mughdorn & ro cuireadh dia leighes h-i c-Crannóicc na n-Duini is na Tuathaibh i r-Ros Guill do shonradh é. Ra gabhadh an t-Aodh cédna lá Gallaibh, & ruccadh é i l-láimh go Doire. Ro gheall an gobernoir ná leicfeadh amach é go t-ticceadh an t-í do-roine an marbhadh (Domhnall mac Cuinn) a f-fuasccladh as. Do-chuaidh Niall & Domhnall ar focal do lathair an gobernora. Do léicceadh Aodh Buidhe & do gabhadh Domnall.
Téid iarttain Niall Ó Domhnaill go Saxaibh d'iarraidh maithmhe ina choiribh & d'faghail lóghaidheachta a sheirbhíse, & a fhoghanta do choroin t-Saxan ón Righ Semus. Do-dheachaidh Rudhraighe Ó Domnaill go Saxaibh on modh c-cédna gion gur bhó h-ionann a f-foghnamh a n-dís don choróin, & baoí gach aon aca acc foillsiucchadh a cheirt ar Thír Chonaill, conadh ann ro ordaigh an rí & an comhairle Rudhraighe Ó Domhnaill ina iarla ós Tír Chonaill, & a dhúthaigh féin do Niall .i. o Leachta Siubhaine siar, gusan Sesccann Lúbánach thall, & abhus ar gach taoibh don Fhind
Niall Garbh mac Rudhraighe, mic Eiccnecháin, mic Eiccnecháin, mic Neachtain mic Toirrdhealbhaigh an Fhíona Uí Dhomhnaill d'écc.
Conchobhar mac Donnchaidh, mic Murchaidh, mic Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain d'écc a mí December.
Gorta diofhulaing seachnóin Ereann.