AOIS CRIOS[T], 1600.
Aois Criost, mile, Se céd.
An t-iarla of Essex (.i. Roberd) a dubhramar do thocht i n-Erinn i m-Beltaine na bliadhna so do-cuaidh torainn, & do dhol h-i Saxaibh fo shamhain na bliadhna cedna. Ba h-athchosanach, imdherccthach, fiomach, forgruamdha an fiadhucchadh fuair ó chomhairle Shaxan iar t-tocht dó dia saighidh. Ro tubhadh fris céttus tláithe, & time a fhoghnamha don bhainrioghain an c-cein baí i n-Erinn, & na baí aidhilcce neith fair ro bhadh lainn lais docum choccaidh & cathaighte. Araill ele dna ro tubadh friss, a dhol gan ced gan ceilebhradh don comhairle thoir no abhus go Saxoibh don chur sin. Iar na radh sin friss, & iar c-cor dál n-iomdha 'na leith dóibh, ro forcongadh fair d'eiliughadh re gach dignite, re gach gairm, & re gach onóir baoí occa on m-bainríoghain, & ro furailedh for a aos iomcoimhetta giall, & eidire na cúirte, a congbháil aca budhein go ro shíothlaídhed fercc an prionnsa
Iar sin tra ro cinnedh leo aitherrach oifficeach, & armála do leiccen i n-Erinn .i. Sir Serlus Blunt Lord Mountioy ina Iustis, uair ni baí Iustis i n-Erinn fri ré da bliadhain gusan tan sin, & Sir Seoirsi Cary ina Presidens os cend da Chóicceadh Mumhan. Ro h-ullmaigheadh cobhlach i m-bátar lion badh lia oldát se míle fer n-armach co na c-congaibh techta do thocht ar aon lás na h-oifficceachaibh sin go h-Erinn & iad-sidhe uile do thocht do mhuir, & do tír go Coicceadh Uladh an t-sainrith. Ba im fhéil Pattraicc dna do-ronadh na cinnte sin la comhairle Shaxan.
Duine uasal do thigh Uí Concobhair Duinn .i. Diarmait, mac an Dubháltaigh, mic Tuathail, baí-sidhe h-i c-cendus ar dhruing moir do shaighdiuiribh gaoidhealacha batar i n-amhsaine acc iarla Desmumhan, isin Mumhain fri ré na bliadhna so anall. Do-thaéd Diarmait i n-deireadh na bliadhna cédna a t-tosach mis December for cuairt i c-cenn Uí Neill, & fuair failte occa. Iar c-criochnucchadh a cheilidhe dó amhail ro badh lainn lais, ro chedaigh d'Ua Neill sóadh ina frithing a t-tosach mis Ianuary na bliadhna so, & dol isin Mumhain. Ro fhoráil Ua Neill fair a aisneis is na tíribh i raghadh go m-baoí fein co na shloghaibh ina dhiúidh d'fios Midhe, Laighen, Mumhan, & an taoibhe ba dhes d'Eirinn, dus cia diobh baí h-i c-cairdine no h-i f-frithbert friss. Iar rochtain do Dhiarmait co na drongbhuidhhin go h-aentaidh Ghaidhelaigh Airther Mumhan, Ro triall i n-aithgiorra gaca conaire do dhol go h-iarla Desmumhan, & do-bhert a aghaidh ar Uaithnibh, & ar Cloinn Uilliam bhruaich na Sionna .
O't-cualaidh Barún Chaislein Uí Chonaing Risderd, mac Tepoitt, mic Uilliam, mic Emainn a Burc, Diarmait do thocht an dú sin, Ro chruinnigh-sidhe & a
Slóiccheadh la h-Ua Neill .i. Aodh mac Firdorcha, mic Cuinn Bhacaigh, a mí Ianuary na bliadhna so do dhol ar in taoibh bu dhes d'Eirinn do chengal a charattradh le a comhrann coccaidh, & d'aithe a anffoladh ar a eassccaerdibh. Iar f-faccbháil Choiccidh Uladh d'Ua Neill assedh do-luidh h-i c-cóiccrich Midhe, & Breifne & do Dhealbhna Móir go n-derna dioghbala mora ar fud an tíre, go t-taratt barún Delbhna .i. Criostoir, mac Risdeird, mic Criostora a riar fein d'Ua Neill. Ro lainmhilleadh lais Machaire Cuircne, & gach ní dar bhen le Tepoitt Diolmuin mar an c-cédna. Do-thaéd iaramh O Néill go dorus Bhaile Atha Luain don taoibh thes do Cloinn Cholmáin, do Chenel Fhiachach h-i f-Feraibh Ceall. Baí-sidhe naoí n-oidhce h-i longport isin tir h-íshin, & do báttar Fir Cheall, Uachtair Laighen, & Iarthair Midhe dia oighreir, & acc naidhm a c-carattradh friss.
Acc fáccbhail na tíre sin d'Ua Néill assedh luidh tar muinchinn Shlebhe Bladhma siar, & ro leicc tri scceimhelta i n-aén ló fo dhuthaigh Ele ar dháigh a bhiodhbanais re h-Ua c-Cerbhaill tighearna Éle .i. an Calbhach mac Uilliam Uidhir, mic Fir Gan Ainm a n-dioghail an duine marbhtha daorchlanda, & na derccmartra díofhulaing ro
Do-thaéd iaramh Ua Neill remhe go bruaichimlibh Bhealaigh Móir Mhaighe Dala, do Ross Cré, do Uibh Cairín, do Chorco Theinedh on f-foslongport go a chéle dó amhlaidh sin go rainicc go dorus Mainistre na Croiche Naoimh. Nir bo cian doibh hi-suidhe an tan tuccadh an croch naomh chuca dia c-comdha & dia c-comairce, & do-bertsat na Gaoidhil toirbearta troma, almsana, & offrála iomdha da maoraibh, & da manchoibh i n-onóir in Coimde na n-dúla. Tuccsat tra termonn, & tairisecht don mainistir co na muraibh, & co na fearonnaibh foghnamha, & dna dia h-uile aittreabhtachaibh ar cena.
Airisidh din Ua Néill athaidh do mí fhebru h-aimsire so in imlibh Ele Deisceartaighe, iarthair Buitilérach, Choiss Siuire, & Coille na Manach.
Baí iarla Urmumhan .i. Tomás mac Semus, mic Piarais Buitiler, iarla Chille Dara .i. Gearoitt, mac Eduaird, mic Gearóitt, & barún Delbhna .i. Criostóir, mac Risdeird mic Criostora co na m-baoí a f-foghnamh & i n-umhla ag an m-bainrioghain ó tá sin go Baile Átha Cliath ag baccar ammass & ionnsaighidh do thabhairt ar Ua Neill gach n-oidhche, & ge ro choccairsiot in ní sin, ní ro criochnaigheadh leo hé.
Do-dheachaidh O Neill iar sin go dorus Caisil. Tainic dia shaighidh gusan maighin sin, an t-iarla Desmumhan ro h-oirdneadh for a fhorcongra-somh & as a ughdarrás budhein in aghaidh statuite an prionnsa roimhe sin .i. Sémus mac Tomais Ruaidh, mic Semais, mic Seain, & batar faoilidh cach diobh fri aroile. Ro asccnátar rempa iaramh tar Siúir siar, do Chnamhcoill do Shleibh Muice,
Do-choidh tra Ó Néill tar Corcaigh, & tar Laoí (.i. abhann) ba dhes go ro suidhighedh longport lais etir Laoi, & Banndain (.i. abhann) i t-torann Musccraighe
Mag Uidhir .i. Aodh mac Con Connacht bai-sidhe i f-farradh Ó Neill an tan sin. Laithe n-aén (a mís Marta na bliadhna so, gar becc ria f-feil Patraicc) dia n-deachaidh-sidhe díorma marcslóigh, & araill do throighthechoibh do chor cuarta na n-oirer i n-imechtair an longpuirt, & ni ro h-airiseadh lais go ráinicc go dorus Chinn t-Sáile, & as-sidhe go Rinn Chorráin .i. Baile an Bharraigh Óicc h-i c-Cenel Aodha. Soaid iaramh cho n-airccnibh & co n-édalaibh, co lion f-fadb & f-feolmaigh. O ropdar sccithigh diúdlaoí iar c-cian astar la h-aidhble a n-airccne & a n-édala, ba sedh do-ronsat muinnter Mhég Uidhir airisemh isin maighin ba coimhnesa doibh do chomhda a c-creach & a n-edala, & Ro triall Mág Uidhir gan anadh gan airisiomh do dhenamh go rochtain dó go longport Uí Néill. An tan ro fáccaibh Mág Uidhir an foslongport tosach an laoí sin fein do-dheachaidh sgéla go Corcaigh do shaighidh Sir Uáram Salender (fer ionaid Presidens dá Choiccidh Mumhan) dia aisneis dó Mag Uidhir do dhol as an longport i n-uathadh sloigh amhail do-choidh, & an leth i n-deachaidh. Ni thard Sir Uaram i f-faill in ní sin, acht ro tecclamadh lais gasraidh do mharcsloigh merdha fo chedóir, at iad armdha eidighte, & ro gluais a Corcaigh amach do shaighidh enaigh iomchumhaing in rob' erdhálta lais Mág Uidhir do rochtain dia shaighidh acc sóadh dó tar a ais. Cian,
At-berat araile na soífedh O Neill as an Mumhain go Beltaine ar c-cind munbadh oidheadh Mhég Uidhir amhlaidh sin. Conidh edh do-roine gabhail don taoibh budhes soir do Chorcaigh, do dhúthaigh an Bharraigh Móir, do Crích Roisdech, & do Chloinn Ghiobúin. Ceileabhrais do Mhuimhneachaibh iar sin, & ro gheall dia c-caomhsadh ón c-coccadh baí fair acc Saxanchoibh tocht doridhisi deidirghleódh a n-imresain & do chrúdh a c-caingen, & dia síodhucchadh fri aroile. Rucc dna drong dia saérclannaibh i n-geillsine, & i n-geimhlibh lais go riacht go Tír Eoghain. Ro fháccaibh araill ele diobh i n-orláimh iarla Desmumhan, & Rémainn mic Seain a Burc. Do-rad a ughdarrás fein, & barántas ar bhuannacht da míle fer do Diarmait Ó Choncobhair, & do cloinn t-Seain a Burc i n-Geraltacaibh ar daigh a c-conganta, & a f-follamnaighthe do beith acc iarla Desmumhan. Luidh Ua Neill iarttain a reidh dírghe gacha róid do Cliaidh Máil mic Ughaine, do Shiúir, laimhdhes le Caiseal, gé ro baoí an Iustis, & an Presidens go n-armáil iomdha do mhuir, & do thír iar t-techt go h-Ath Cliath is na céd laithibh do Márta & gé ro baí iarla Tuadhmumhan & iarla Urmumhan h-i Luimneach i n-oirchill ar a ghabhail-siumh a n-des do-choidh-siumh tarsa hi f-friothroscc, & a f-frithing gacha conaire in ro ghabh ag dol don Mumhain go rochtain dó tar a ais i t-Tír Eoghain gan turbaidh gan teccmháil, gan amus bealaigh, rá bernadh, gan echt, badh ionmaoidhimh d'fagbháil uadha, acht Mág Uidhir a aénar amhail remhebertmar.
iarla Urmumhan, & iarla Tuadhmumhan do dhol o Luimneach i c-cois Siuire i n-iarimóirecht Í Néill, & ar n-dol dó tairsibh gan tacar, gan teccmail, ro loiscceadh arbhar & foirgnemh h-i c-Cloinn Ghiobúin i n-duthaigh in Ridire Find lá h-iarla Tuadhmumhan. Do-choidsiot an da iarla sin i m-Buitilerachaibh, & go Cill Chainnigh conidh innte-sidhe do-ronsat an Chaiscc, & lottar iar saoire na cáscc co h-Áth Cliath d'fiadhucchadh, & d'onorucchadh na n-oiffhicceach nua sin tangatar i n-Erinn .i. Lord Mountioy an Iustis, & Sir Seoirsi Cary Presidens
Nir bó cian iar sin go ro gabhadh lá coinne etir iarla Urmumhan & Uaitne mac Rudhraighe Óicc Uí Mhordha go c-coimhlíon daoíne, airm, & éidedh la ceachtarnae isin iomaccallaimh ishin. Rucc iarla Urmumhan an President & iarla Tuadhmumhan dia leith fein isin c-coinne sin. An tan rangatar do díbh leithibh gusan tulaigh iomaccalmha ro toghadh etorra a c-comhfochraibh Bheóil Átha Raghat. Báttar ag ceassnucchadh a c-caingen, & ag aighnes ima n-accarthaibh for aroile
Do-dheachaidh tra an President, &
iarla Tuadhmumhan isin t-sechtmain iar n-gabhail
iarla Urmumhan o Chill Chainnigh go
Portlairge, ais-sidhe go h-Eochoill, & o Eochoill go
Corcaigh. O't-chualaigh iarla Desmumhan & Fínghin mac Donnchaidh még Cárthaigh a t-tocht an dú sin, tangatar go lion a t-tionoil go ro ghabhsat longport fairsing fianbhothaigh go m-báttar ina c-ciorcaill bodba ar gach taoibh do Corcaigh thes & tuaidh. Bátar fri ré coictidesi comhlaine amhlaidh sin go ro gabhadh ossadh miosa etir Fhínghin Mág Cárthaigh, & an Presidens, & iar naidm an ossaidh etorra do-deachaidh iarla Desmumhan ar fud an tíre do chuinghidh bídh dia bhuandadhaibh. O ro fhidir an President, &
iarla Tuadhmumhan go ro sccaoilsiot an lucht battar ina n-aghaidh o aroile, & go m-baoí an chonair ó Corcaigh go Luimneach soimthechta aca, Ro asccnátar a dó nó a trí do chédaibh marcach go mile nó dó shaighdiúir ó Chorcaigh go Mhaigh Eala, ó Mhaigh Eala go Cill Mochellócc, & o Chill
Ba isin tan sa do-rala accallaimh incleithe etir an President, & iarla Tuadhmumhan do thaoibh, & Diarmait mac an Dubhaltaigh Uí Concobhair don taoibh araill. Neach ei-sidhe baí ag creic a amhsaine la h-iarla Desmumhan tar cenn tuillmhe, & tuarustail, séd, & somhaoine fri ré m-bliadhna rias an tan-sa & batar amhsa iomdha iolardha fó a smacht, & fó a chumhachta an tan sin. Asseadh airecc ro thionchoiscc a ainshén do Dhiarmait, iarla Desmumhan do thairbert don Presidens, & d'iarla Tuadhmumhan dar cenn ionnmais, & edala, & ar shaoirsi, & ar shochar dúthaighe do fein, & dá gach aon no gebhadh lais, & ro fhaoídh
O't-cualatar Gearaltaigh gabhail an iarla & a beith isin eiccendáil i r-raibhe ro thionoilsiot Sliocht Muiris mic Gearailt as gach airm i m-bátar i na roile laithe i c-comhfochraibh Chaislein an Lissin. Tánaicc ann din Mac Muiris Ciarraighe .i. Pattraicin, mac Tomais, mic Emainn Ridire Carraighech .i. Uilliam, mac Seain, mic Uilliam, Ridire an Ghlenna Emann, mac Tomáis, mic Emainn, mic Tomáis, An Ridire Fionn .i. Emann, mac Seain & derbrathair don iarla budein .i. Sean, mac Tomáis Ruaidh, & duine uasal do Bhúrcachaibh d'iar bho h-ainm Uilliam, mac Seain na Semar mic Riocaird Shaxanaigh baoí ar fosdadh i f-fochair an iarla ó ro h-oirdneadh é ina iarla go n-uicce sin. Iar t-tocht doibh-sidhe uile h-i c-cenn aroile nír bó cian ro bátar i n-iomaccallaimh an tan ro chinnsiot iad fein do roinn ar chethramhnaibh an bhaile, & dol da fhobairt fo chédóir, & gan d'eghain do ghrádh a c-corp, nó a c-caomhanmann go m-bendaís an t-iarla as d'áis no d'eiccen. Ro cheimnighset as a h-aithle for a c-certaghaidh go rangatar go múraibh an bhaile, & ní ró ráthaighsiot éiccen, no anfforlann da f-fuairsiot, & do-ronsatt brigh m-bicc dia ro marbhadh, & dia ro mudhaighedh dia muinntir go ro gabhadh an baile for an m-bárda leo fo dheóidh, & go t-tardsat an t-iarla ass d'aimhdheóin gan fuasccladh uadhaibh dia
Do-chóidh thra an ghabhail sin iarla Desmumhan a mímhes, & a míonóir do Dhiarmait O Choncobhair seachnón ereann, & iar n-dol don iarla i mescc a muinntire tucc foccra do Diarmait, & dá gach Connachtach baí ina fhochair, & da c-ceithearnaibh an tír d'fáccbháil. Do-ronsat iaramh fo chédóir innsin, & lotar a Geraltachaibh go n-iomat n-ionnmasa & n-édala, n-imirgedh, & n-airneisi co nár bhurusa ariomh a ruccsat Connachtaigh dilchenel gacha h-édala riamh & iaramh a Geraltachaibh fri h-eedh a n-esaonta fein fri 'roile gó sin.
A t-tosach mís Iul as a h-aithle do ghluais an Presidens, & iarla Tuadhmumhan go t-tionol t-taidbseach do shaighdiuiribh ó Luimneach don taobh ba tuaidh do Shionainn siar tré Chonntae an Chláir go rangatar Baile Még Colmáin i t-triocha céd Chorcobhaiscind Airtheraighi. Do- chóidhsiot annsin i n-imloctadh tar Sionainn go Cloich Ghlenna baile ei-sidhe fil for bruach na Sionna don taoibh thes, & ro badh do bhailtibh Ridire an Ghlenna é, & bá on n-glenn sin ina b-fuil an baile .i. Glenn Corbraighe ro h-ainmnighead an Ridire, & an chlochsoin gus ar chruinnigh an congháir mór dia saighidh. Tánaicc ordanás mór ó Luimneach i n-arthraighibh i c-coinne an Presidens, & iarla Tuadhmumhan don bhaile cedna. Ar suidhe doibh re na aghaidh do-chuaidh aca ar in m-baile fo chenn dá lá, & do bhrisettar bladh de las ar ordanás mór. Ro lingsiot é da gach taoibh as a h-aithle, & ro marbhsat fiche, nó dó shaorchlannoibh, & daorchlannoibh do mhuinntir an Ridire bátar ag bardacht an bhaile go sochaidhe do mhnaibh & do mhiondaoinibh. Ro marbhadh beos drem do mhuinntir an phresidens, & an iarla lás an m-bárda, & nír bo sodhaing an baile sin do ghabháil munbhadh sccaoileadh a mhuintire rias an tan sin ó iarla Desmumhan.
O't-chualaigh O Conchobhair Ciarraighe .i. Sean mac Concobair Uí Chonchobair armáil an tíre ar t-tanucchadh, & Cloch Glenna ar na gabhail gan guin, gan guasacht do-choidh i c-cenn an Presidens & an iarla, & do gheall a bheith d'aoin leith
An tan din ro fhidir an President, & an t-iarla (.i.Tuadhmumhan) go ro theichsiot an tír uile d'urmhor ar gach taebh d'Féil, & do Chasán do chuirsiot saighdiuiri go Leic Snamha a i n-garusún. Longport Mheic Muiris ei-sidhe, ionnas go m-baoí garasún uátha i Licc Shnámha, i c-Carraicc an Phuill h-i c- Cloich Glenda, i n-Eass Geibhtine, i fFianaind, i t-Tráigh Lí, i n-Ardferta, i l-Lios Cathain, & i m-bailtibh Cloinne Muiris ar chena cenmotá Lios Tuathail. Ro fhill ar Presidens, & iarla Tuadhmumhan go Luimneach iar m-breith buadha for an turus sin, & tainicc dia saighidh urmhor Chonallach Conntae Luimnigh & Caonraighe ar n-eirghe doibh i n-aghaidh iarla Desmumhan go m-bátar d'aoinleith la a b-prionnsa.
Mac Muiris Ciarraighe .i. Patraiccin, mac Tomáis, mic Émainn, mic Tomáis do écc h-i medhón a aoísi, & a aimsire iar m-beith dó i n-aéntaidh iarla Desmumhan isin c-coccadh remhraite. Rob' adbar eccaoine fer a chrotha, a fhola, & a fhialchaire d'écc inellmha amhlaidh sin. A mhac Tomás do ghabháil a ionaid.
An Róisdeach .i. Muiris, mac Dauid, mic Muiris, mic Dauid do écc a mí Iún na bliadhna so, macaémh soithim, soidhealbda, foghlamtha i l-laidin, i n-gaoidhilcc, & i m-bérla ei-sidhe. A mhac .i. Dauid do ghabhail a ionaid.
O Cerbhaill .i. an Calbach mac Uilliam Uidhir, mic Firganainm, mic Maolruanaidh do marbhadh a mí Iúl le fodhaoínibh uaisle do Shiol c-Cerbhaill, & do Shiol Mechair. Fer colgdha, cosantach an Calbhach sin, uille chruaidh la a chomharsanaibh Gall, & Gaoidhel, Ridire d'ainm & d'onóir a h-ughdarrás an phrionnsa.
Iomat canghlec, & conghal, derccmartra, & dortadh fola in ro diothaighitt drongbhuidhne dírímhe do thabhairt etir Saxanchaibh & Gaoidhil Laighen isin samradh so.
Uaitne O Mordha do leiccen iarla Urmumhan amach a mí Iún & se braighde décc do ghabhail dó ass do chédmacaibh, & d'oidhredhaibh na saérclann rob' onóraighe bátar fomhamaighthe don iarla a n-gioll le comhall gach coingell, & gach airteccal dar h-iomnaiscceadh air ina fhuasccladh.
An t-Uaitne cedna mac Rudhraighe Óicc mic Rudhraighe Caoích Uí Mordha, ro ba duine uasal oirdeirc, adbclosach, iomraiteach re h-athaidh, do mharbhadh la muinntir na bainrioghna i n-anfforlann iomairicc ettualaing ro feradh etorra dibhlinibh a c-comhfochraibh Laoighisi a mí August na bliadhna so. Ba mór tra ro chuir an marbhadh sin do ghail do ghaiscceadh, & do ghérraitteacht Gaoidhel Laighen & Ereann uile for c-culaibh. Duine ei-sidhe baí ina aén oidhre o chert ar a duthaigh, & do-bhen urlamhas a atharda a los a lamha, & a cruas a croidhe a dornaibh Danar, & deóradh ag a m-baoí a remhdísle ag dol i rudhrachus re h-athaidh roimhe sin go t-tard-somh í fó a smacht, & fo a chumachtoibh budein, fo breith a maor, & a bhuannadh do reir gnathaithghe Gaoidheal cona baoí aon baile dia athardha ina fhéccmais ó or go hor genmothá Port Laoighisi na má.
Iar sgaoileadh dá dibherccachaibh eachtarcheneóil ó iarla Desmumhan do-chóidh gusan uathadh slógh do-rala ina fhochair go Caislen na Mainge. Ní baí eimh do dhagh-dhaoinibh Geraltach d'aon aonta friss, no ag congnamh lais acht mac an Mheic Muiris sin sa h-écc ro aisneidh-siom .i. Tomás, mac Patraicin & Ridire an Ghlenda, & Piarus Ócc Doles.
Sgribhenn do theacht a Saxoibh don Mumhain i mí Iúil no bliadhna so, & ba he a tothacht, Mac ócc iarla Desmumhan .i. Semus mac Geroid, mic Seain, baí i n-giallnus ag an m-bainrioghain (a c-cionaidh a athar, & derbrathrach a athar do dhol h-i c-coccadh fuirre) do leigen as a chimidhecht lasan m-bainrioghain iar n-dol fá na grasaibh dó, iar m-beith bliadhain ar fhichit i c-cuimrech lé. Baoí bheós isin sgribhenn sin a erfhuaccra h-i c-comhdhálaibh & i m-bailtibh mora Mumhan go raibhe an t-ócc mac sin .i. Sémus mac Gearoitt ag teacht anoir ina iarla onórach a h-ughdarrás an prionnsa, & go f-fuiccheadh gach aon dia dhuthaigh baí
Inghen iarla Tuadhmumhan Onóra inghen Choncobhair mic Donnchaidh Uí Briain, ben an Mheic Muiris sin a dubhramar do thocht ar teichemh foghla, & dibeirge a fir dia duthaigh ar protexion an Presidens & iarla Tuadhmumhan & a h-écc iar sin i n-Daingen mheic Mathghamhna, & a h-adhnacal i Mainistir Innsi.
Ard chonsapal Geraltach .i. Ruaidhri, mac Maghnusa, mic Emainn, mec Sithigh d'écc.
Ar f-faccbháil Geraltach do Dhiarmait mac an Dubhaltaigh, mic Tuathail Uí Choncobair iar n-gabhail iarla Desmumhan Shemais, mic Tomais amhail a dubhramar, & a bhein de go h-aimhdeonach doridhisi, tánaicc an Diarmait sin go duthaigh Uí Concobair Ruaidh do na cluaintibh. Fuair protexion ón Iustís (baoi acc denamh seirbhísi, & acc fognamh don bhainrioghain i l-Laighnibh & i n-Ulltoibh i f-foghmar na bliadhna so) no go t-tainicc an t-iarla ócc Desmumhan so tar a t-tangamar go h-Erinn .i. Sémus mac Gearóitt. Ar t-techt dó-suidhe do chuir toghairm ar Dhiarmait, uair ro pós Diarmait deirbhsiúr don iarla sin ar a chuairt choccaidh i n-Geraltachaibh an bliadhain roimhe sin & at-bearatt aroile gurab di tainicc gabhail Sémais, mic Tomáis ar dhaigh gomadh usaide a derbhrathair fein d'faghbail ón ei-siumh do thairbhirt dia chionn. O do ruacht sgribhenn an iarla go Diarmait ro triall tocht fo na thogairm maille le ced & le protexion an Iustis & Presidens da Chóicceadh Mumhan. Ag gabhail dó siar tuaidh tre Choicceadh Connacht do dhol tar Sionainn go Luimneach Ro len Tepoitt na Long mac Risdeird an Iarainn, & Dauidh mac Uillicc an Timchill é tre bhiodhbanus, & ruccsat fair i n-uathadh buidhne i c-comhfochraibh Guirt Innsi Guaire, & ro díchendadh Diarmait leó, iarna faghbáil ar bhecc m-buidhne & ge ro frith é amhlaidh sin ba gar uair rias an tan soin nár bó doigh don lucht sin ionnsaighidh, ar ba codhnach-somh for chóicc céd decc fer, & ba h-anghlonn é budhein, acht namá na cumhaing neach iomghabhail écca cecib tan dus ficc tiughlaithe n-eich.
Ticcherna Slébhe Árdachaidh d'écc i n-geimhreadh na bliadhna so .i. Sémus, mac Piaruis mic Semuis Buitiler.
Remann a Burc mac Seain na Semar, mic Riocaird Shaxanaigh, do beith ina dhuine uasal, oirdeirc, iomráiteach do reir gnathaighte Gaoídhel ar tan so. Baoí-sidhe co na dherbraithribh (Sean Ócc, Uilliam, & Tomás) isin dá Urmumhain & i n-Éle i samhradh, i f-foghmar, & i n- geimhreadh na bliadhna so. Baoí do lerdhacht & do lionmhairecht sloigh, & sochaidhe ag an c-cloinn sin t-Seain a Búrc gur fásaiccheadh, & gur folmhaigheadh na tíre, & na cenntair fa coimhnesa doibh leó. Ro gabhadh dna bailte caisléin iomdha i n-Éle, & in Urmhumhain leó don chur sin. Ba dibh-sidhe Suidhe an Róin, Bel Atha Dúin Gair, & Cúil o n- Dubháin i n-Eilibh, & Port a Tolchain i n-Urmhumhain.
Iar t-tuitim Uaitne mic Rudhraighe Óicc Uí Mordha (amhail ro aisneidhsiom) do lingedh Laoighis la Saxanchoibh go ro ghabsat acc athnuadhucchadh a n-aitreabh aolcloch, & acc suidhe h-i sen áitibh Slechta Conuill Chernaigh diar bó domhgnas duthaighe Laoighis, doigh ni raibhe a diol d'oidhre badh h-ionnsamhail d'Uaitne agá h-imdhíden orra.
Siol c-Concobhair Fhailghe .i. Sliocht Briain mic Cathaoir mic Cuinn mic an Chalbhaigh do beith h-i c-commbáidh Gaoidhel fri ré a trí no a cethair do bliadhnoibh gusan tan-sa. Ro brissedh, & ro gabadh leó an airett sin urmhor chaislén Ua f-Failge, acht namá an Daingen, & beccán ele a maille friss. Tánaicc dna ardiustís na h-Éreann dia saighidh fá Lughnasadh na bliadhna so go n-iomat cliath & prácadh, go n-iomat speal, & corrán, go t-tucc sgrios & sgothbuain ar bharraibh aipche, & anaipche an tíre, & táinicc de-sidhe a haittreabhaigh do dhol ar tofonn, ar teicheadh, & ar ionnarbadh i n-Ulltoibh & i t-tíribh oile go diuibh na bliadhna so.
Domhnall Spáineach, mac Donnchaidh, mic Cathaoir Carraigh Chaonmhánaigh do siodhughadh ris an Iustis isin foghmar do shonradh. Clann Fhiachach, mic Aodha, mic Seain do shiodhucchadh ris mar an c-cédna.
An cobhlach Saxanach ro h-ordaiccheadh lás an m-bainríoghain, & la comhairle Shaxan do chor go h-Erinn do shaighidh Choiccidh Uladh. An tan ro hordaiccheadh Lord Mountioy ina Iustis ós Erinn im Fheil Patraicc do shonnradh amhail a dubhramar, ro bás gan fuireach, gan eassnadhadh ag fúr, & acc ullmughadh an chobhlaigh íshin in gach congaibh rainicc a les amhail as déine & as deinmneadhaighe forcaémhnacair h-i Saxoibh don chur sin, uair ba tocrádh mor menman la bainrioghain Saxan, & lás an c-comhairle thoir, & abhus an cosnamh & an cothucchadh do-ronsat Cenél c-Conaill, & Eoghain go n-Ulltoibh archena & i m-baoí d'aon rann friú ina n-aghaidh do ghrés, & dna ba cuimhneach leo bheos & ro bai ra ghalar incleithe ina c-cridhe in ro marbadh, & in ro mudhaighedh dia muintir, & in ro thochaithsiot dia n-arccat, & dia n-ionnmhus la coccadh na h-Érenn go sin. Conadh é airecc ar rangatar an cobhlach remraite do chor go h-Erinn go ro ghabhsat cuan i n-Áth Cliath a mí April na bliadhna so. Ro faoidhitt assidhe i urthosach samhraidh
Iomthusa Uí Domhnaill o ro airigh-sidhe a nemhtathaighe as a sccoraibh sechtair la faitches & omhan, ba sedh do-roine nemhni do dhenam diobh, & ro tecclamaitt a sloigh lais do dhol i n-deiscert Chóiccidh Connacht d'ionnradh na t-tuath bádar ar gach taebh do Sleibh Echtge, & Tuadhmumhain do shonradh. Deithbhir ón ar báttar iad na h-iarladha .i. iarla Cloinne Riocaird & iarla Tuadhmumhan ro fhurail for an Iustis, & for an c-comhairle an tasccar tromsloigh sin do chur cuicce-siumh
Ar n-dol d'Ua Domhnaill co na sochraitte a h- Ulltoibh i n-dáil ra c-Connachtach sin go Baile an Móthaigh ro asccna don Chorann, tre lár Maighe h-Aí an Fhindbhendaigh, do Cloinn Connmaigh, do Chrích Maine mic Eachdhach, & d'urlár Cloinne Riocaird gan cath gan coinnsgle gan guin duine uadh, ná lais co ro ghabh sosadh & longport i n-iarthar Cloinne Riocaird i n-Oireacht Rémainn im tráthnona Dia Sathairn & an Fheil Eoin ar an Mairt ar c-cind. Rangattar raibhte roimhe i t-Tuadhmumhain an tan sin, & ro badh doigh leó na gluaisfeadh as an ionad i t-tárrustair oidhce Domhnaigh go sorcha maidne Dia Luain. Nír bho h-edh sin
Ro éirigh Ua Domhnaill ar a bharach isin madain Dia Luain go fosaidh ionmall, gan tograim, gan tinnesnas co na shloghaibh as a b-pupallbhothaibh belscáláncha & gabhait occ asccnamh na conaire fiartarsna Tuadhmumhan sairtuaidh gach n-díreach d'oirther Ó c-Corbmaic, d'orlár Cheneoil f-Fermaic, & do Bhoirinn go rangatar ria n-adhaigh go Mainistir Chorcomodruadh, & go Carcair na c-Cléireach co na c-creachaibh, & co na n-gabhalaibh leó. Batar na slóigh ag túr & acc
At-raghatt na sloigh im Ua n-Domhnaill ar a bhárach dia mairt, & lotar tar beilgibh bennchairrgidhe na Bán Bhóirne, & tar an c-Carcair c-cumhaing c-caolródaigh gan troid, gan tachar, gan tóraighecht, gan tograim go rangatar go mendata maighreidhe Medhraidhe. Airisitt an adhaigh sin ar Cnoc an Gerráin Báin eittir Chill Cholgan & Gaillimh. Ro eidirdheilighsiot a c-creacha & a n-gabhála fri aroile, ar a bharach an dú sin, & ro baí gach drong diobh iarttain ag dírgheadh & acc dlúithiomáin a shelbha saindísle budeisin h-i séd shlightibh caomhchoighidh Connacht. Nir bo foda an uidhe ruccsat an ló sin eiccin, ar robtar scíthigh tuirsigh, & ní ro thuilsiot a samhchodladh an adhaigh riamh ar uamhan a fobarta ó a m-biodhbhadhaibh iar n-indreadh a t-tíre társa. Do-ghniatt longport i c-comhfochraib dóibh an adhaigh sin ó ro laiset in imeccla dhíobh. Ro gabhsat a n-gille, & a n-aradha acc urgnamh a b-proinne go ro thóchaithsiot iaramh a m-biúdh gomtar sáithigh, contuilsiot h-i sáimhe gó ar a bharach. Atrachtatar an slogh as a suan & tiaghait h-i c-cenn t-séda. Ro chedaigh Ua Domhnaill do Mhac Uilliam, & don lucht du-s-fangatar a h-Iarthar Connacht soadh dia t-tighibh. Luidh feisin soir gach n-díreach is na conairibh coitchenna go ráinicc deoidh laoí go Conmaicne Cúile Tola i n-eidirmedhón an choiccidh. Airisit ann an adhaigh sin.
Ro forchongair Ua Domhnaill ar a bharach for a muinntir a n-innile creiche archena, & a n-édala do leiccen uadhaibh dia t-tighibh, a n-giollanraidh, a n-aés di-airm, & gonta do leiccen leó. Ro badh don druing roptar athghaoite dia maithibh an tan sin. Tadhcc Ócc, mac Neill, mic Neill Ruuidh, mic
Néill, mic Toirrdhealbhaigh Óicc, mic Toirrdhealbhaigh
Bhernaigh Uí Bhaoighill, &
Duibhgionn, mac Mheccon, mic Con
Coiccriche
Ro leicc trá Ua Domhnaill drong mór dia mhiledhaibh & dia amhsoibh las na crechaibh, & lasan lucht remraite do shéducchadh conaire doibh. Ro comhairleicc d'Ua Ruairc, & dia muinntir toidhecht dia t-tighibh, & do Chonnachtoibh archena. Fostais trá Ua Domhnaill cóicc céd laoch do roighnibh a mhileadh ina fhochair co sesccat marcach dia shainmhuintir badein a maille friú. Airisit isin longport i m-bátar in adhaigh riamh go h-iar medhón laí. Lottar iaramh tres an c-coicceadh soirdhes go m-báttar acc Loch Riach i c-crepuscul na maidne ar a bharach. Ba he-sidhe port aireachais iarla Cloinne Riocaird. Ro leiccsiot a scceimhelta ar gach leith diobh d'indreadh na criche, co ro thionoilsiot ina m-baoí do crodh, & d'innili in gach aird ina n-iomfochraibh, & do-ratsat leo go h-aon maighin. Tiaghait co na c-crechaibh leo tres ar c-coicceadh soir gur gabhsat longport i n-imel an tire fri Suca i n-des, adhaigh an Domhnaigh do shonradh, airisit hi-suidhe co madain an Luain. Lottar ar a bhárach tar Ath Liacc f-Fionn for an Suca, & tre Magh Naoí mic Allgubha go rangatar gusan Seghais im tráth nóna, gabhait longport fris an abhainn a tuaidh in adhaigh sin. Tiaghait ar a bharach tar Coirrshliabh na Seghsa, & tre Criocaibh an Corainn & co Baile an Mhótaigh. Scaoilit na sloigh dia t-tighibh iaramh, co n-édálaibh & co n-ionnmasaibh.
Mac Uí Neill .i. Sir Art, mac Toirrdhealbhaigh Luinigh, mic Neill Conallaigh, mic Airt mic Cuinn, do dhol h-i c-cenn na n-Gall (ro gabh port i n-Dún na Long) do choccadh ar Ua Neill, & an t-Art cédna-sa d'fághail báis i f-farradh na n-Gall rémraite.
Imthusa Uí Dhomhnaill, baí co na shloghaibh gan fogluasacht o do ruacht a Tuadhmumhain iarsan turus remraite go September ar c-cinn. Iar léccadh a
O't-ciad na Goill d'eiliucchadh a n-eoch friú éirgitt fo chédoir, & gabhaitt a n-arma, & do leiccet i n-deadhaidh Ui Dhomhnaill. Do-deachaidh an general Sir Henry Docura co na mharcslogh for a n-eochaibh (do neoch ro fostt a n-eocha i n-ionadhaibh innilli diobh, & na ro sccar friú don chur sin), & tiaghait isin tograim amhail as déine ro fhedsat. O't-connairc Ó Domhnaill marcsluagh na n-Gall for dianimrim ina dheadhaidh anais i n-deóidh a mhileadh troightheach co na diorma marcslogh ina fochair co ruccsat marcslogh na n-Gall fair. Do-beratt
Baí imorro Ua Domhnaill i f-forbhaissi forsna Gallaibh gan fogluascht as a thír go deiredh October. Ro thionnsccain ann-sidhe dol go Tuadhmhumhain doridhisi dia h-indreadh. Ro tecclamadh a slogh lais iar c-cinnedh for an c-comhairle sin, & ní ro airis co rainicc tar Slicceach siar, & co Baile an Mhótaigh. Ro fháccaibh Niall Garbh, mac Cuinn, mic an Chalbhaigh, mic Maghnasa Uí Domhnaill dar a éisi isin c-crích dia h-iomcoimhett forsna Gallaibh arna tiostaís dia h-indreadh.
Gabhaitt na Goill ag áil & acc atach Neill Gairbh Uí Domhnáill go hinchleithe, & acc eráil ríghi an tire fair diamadh iad badh cosccrach. Ro thingheallsat asccadha iomdha, & maoine mára dó frissin dia t-tíosadh ina c-commbáigh. Baí-siumh ag coistecht frisna comhtaibh athaidh fhoda co ro dheónaigh a ainshén dó fo dheóidh dul dia saighidh la mí-airle an aésa feigh for uallaigh bátar im ar aen friss, & rop' aithreach dó ciodh iar t-trioll. Do-dheachatar a thriar derbhraithreach lais isin coimheirghe sin .i. Aodh Buidhe, Domhnall, & Conn. Ro ba feirde ón do Ghalloibh a n-dol-somh dia n-ionnsaighidh, uair roptar scíthigh, meirtnigh gan codhladh
Ro fhaccaibhsiot an t-aés coimhetta an port sin fás la h-uamhan & imeccla ó ro ráthaighsiot na Goill chuca, & gan ó Domhnaill do beith ina f-foccus. La sodhain tangattar na Goill don port, & ro thoccaibhsiot múir moraidhble & dumhadha criadh, & cloch for a sccath gur bo daingen fri cathucchadh eistibh i n-acchaidh a namhat.
Luidh araile fer do shainmhuinntir Uí Dhomhnaill ina dheadhaidh go fios sccél an tíre, & at-féd dó ina n-dernadh innte dia éisi. Ba h-iongnadh mór, & ba machtnadh menman la h-Ua n-Domhnaill a bhrathair, & a chliamhain d'iompúd fair, uair ba sí deirbhsiur Uí Domhnaill Nuala, ro ba bainséitigh don tí Niall. Impaís Ua Domhnaill a Coicceadh Connacht, ar ní rainicc tar Baile an Mótaigh siar an tan ruccsat sgela fair, & iompaíd a slógh amhail as deine ro fhédsat. Acht cena ni ruacht la a mhíledhaibh O Domhnaill do fhrestal, acht madh uathadh dia mharcslogh go rainicc h-i c-comhfochraibh don Leithbher rémhráite. Ní thairnic las na Gallaibh crecha, na airccne do dhénamh resiú ráinicc O Domhnaill for c-cúlaibh, acht a beith ag daingniucchadh a longport, ag claidhe múr, & o't-chualattar Ó Domhnaill do thoidhecht, ní ro leicc a eccla doibh an port i m-báttar d'fáccbháil for cenn aoin neith dia m-baoí d'esbhaidh forra.
Airisidh Ua Domhnaill i n-ionadh nar bhó h-eidirchian o na Gallaibh co ruccsat
Tiaghaitt na Goill dia t-tighibh iarttain, & do-thaétt Ua Domhnaill co na mhuintir dia sccoraibh, & ba go f-fuasnadh, & go f-ferg luinne luidh Ua Domhnaill ainn-sidhe ar ba mela lais gan a shlogh do thocht chuicce an lá sin, uair ba deimhin lais dia m-beittís occa an ionbaidh sin na digsitis Goill uadha feibh do-dheachatar. Ro dlúthaighestair Ua Domhnaill as a h-aithle a n-iomshuidhe forsna Gallaibh iar m-breith dia mhiledhaibh fair co leicc, & gabais longport fo dí mile ceimenn don Leithbher at-rubhramar for scáth a oesa trebhtha go ro erlamhaightís na h-arbhanna batar i n-iomfhoiccsi do na Galloibh. Nó laadh-somh aés braith, & taisccélta forsan m-baile gach n-oidhce ar na ro leiccedh nech anonn nach alle muna roistis darsan abhainn budheass & dna ní ro fhaccaibh conair na eassrus éludha fo míle ceimenn don bhaile ar na ro lá forairedha; & edarnaidhe forra do coimhett, & do fhriothaire forsna Gallaibh na tíostais tairsibh gan ráthucchadh, & for chloinn Chuinn Uí Dhomhnaill sainridh, & for a mhuintir, ar
Baoi-siumh fri ré triochat laithe an dú sin co t-tairnic la lucht na criche a n-arbhanna dullmhughadh go ro cuirsiot é a minchliabhaibh & a menbholccaib dia t-tarrúdh, & imhfedhain for eachaibh, & caiplibh dia bhreith n-ionadaibh daingnibh bhail na rístaís a namhaitt chucca.
In araile aimsir d'Ua Doimhnaill ria siú ro fháccaibh an longport h-isin co n-deachaidh for ammus na n-Gall dus an c-caomhsadh a c-cealgadh as na múraibh amach forsan maighreidh. O do-dheachatar muintir Uí Domhnaill for ionchaibh an bhaile, ro batar na Goill acca f-fairccsi, & ní ro shaighsett forra uair at-gensat gur bó do chuingidh ughra, & deabhtha do-dechattar. Iompaidhitt muintir Uí Domhnaill tar a n-ais doridhise ó na fuairsiot an ní for a t-tardsat iarraidh. Do-ghniatt airisemh for ur na h-abhann alla tuaidh dianidh ainm an Daol edh goiritt on m-baile. Tiaghait dronga móra díobh dia sccoraibh, & fri aroile tosccadh, ar ní ro shaoilsett na Goill dia lenmhain an la h-íshin. O't-chonairc Niall Garbh Ó Domhnaill, muintir Uí Domhnaill co h-esraoíte anfúirithe at-bert friss na Gallaibh gur bhó cóir dóibh ammus do thabhairt forra. Gabaitt na Goill occá n-eidedh for a eráil-siumh co taoi taoithenach in eitirmedhón a múr ar na badh fodherc dia naimhdibh comtais armtha éidighthe. O robtar erlamha iaramh dus ficcett darsna múraibh seachtair i n-urd catha. La sodhain do leiccet for amus muintire Uí Domhnaill fon reim sin & an tí Niall i remthús co na braithribh, & co na muintir i maille friss.
At-chí O Domhnaill chucca iatt, & ba fó lais a f-faiccsin dia shaighidh, & ro shuidhighestair a mhiledha ina n-ionadhaibh erdhalta fo a n-erchomair co na n-iodhna áigh & ní-s-relcc a n-diubraccadh co m-bátar forsan m-bruach alltarach don abhainn. Ima comrainicc dóibh iarttáin co m-bátar mescc ar mhescc, & ferthar gleo ainmín éccrattach etorra díbhlinibh. Scuchait a marscloigh do chum aroile co m-bátar acc tuinnseamhadh a chele do mhanaoísibh móirleabhra, & do chraoiseachaibh cennghlassa. Do-ratt Niall Ó Domhnaill tuinnseamh don t-sleigh seimnigh siothfoda fo ioctar a slinnéin for dherbhrathair Uí Dhomhnaill for Maghnus go ro clannastair an c-craoisigh inn go ro threghdastair a inmedhoncha trias an éideadh do-rala uime. O't-connairc Rudhraighe Ó Domhnaill
Dala na n-Gall ind airett bátar an marcshlogh occ iomrubhadh aroile do-radsatt a n-aighthe i n-aoínfeacht for traighteachaibh Uí Domhnaill go ro sóaitt rempa biucc, acht namá ní ro gonta uadhaibh, achtmadh uaite, uair ní ro lensat na Goill tarsan c-cathlathair seachtair, & ba sedh fo dera doibh gan a lenmain, uair ro gonadh a t-taoíseach isin tachar & rob' eiccen doibh iompodh leis go Leithbher go f-fuair bás iarttain. Ro lensat drong mór do mhuinntir Uí Domhnaill iad edh cian, & gabhaitt aga n-diubhraocadh, & acca c-cloidhmedh go ro marbadh, & go ro gonadh sochaidhe díobh. Ro badh doigh la h-aos na tograma go sraoinfidhe forra dia lenadh an slogh iad ni ba sia. Acht namá ni ro leicc an aithmeile don lucht fors ro sraoíneadh cedamus a lenmain doridhisi.
Iompaidhis O Domhnaill do na sccoraibh iar n-imthecht do na Gallaibh. Ba triamain toirseach ro bás isin longport ind adhaigh sin fo daigh mheic a f-flatha, & a ríoghdhamhna (dia maradh d'eis a bhraithreach) do beith fri h-iomgno
Ro baí a athair-siumh .i. Aodh mac Maghnusa, mic Aodha Duibh ina sheandataidh aga ghoire a fus don mainistir. At-cuas do-séin a mhac do epilt ro lá fair go mór go m-baí h-i siurcc athaidh iarsin. Battar trá a anmcairde aga thioncoscc-somh im les a anma do ghrés.
An t-Aodh so mac Maghnasa, mic Aodha Óicc, mic Aodha Ruaidh, mic Neill Ghairbh do écc an 7 do December. Tighearna Cenél c-Conaill Innsi h-Eoghain, & Iochtair Chonnacht fri ré sé m-bliadhan f-fichet go ro h-einirtnighedh lá Gallaibh go t-tárd a thighearnas co na bhennachtain dia mhac do Aodh Ruadh iarna éludh ó Ghallaibh, fer fuair tighearnas gan fheill, ghan fionghail, gan coccadh, gan comfuachadh an t-Aodh mac Maghnusa h-ishin iar n-ecc a dherbhrathar an Calbhach. Fer aghmar ionnsaightheach go m-buaidh t-troda, & tachair i t-tigernas, & ria t-tigernass, Indrightheoir, & aircctheóir na c-coiccrioch & na c-comharsan diar bó
Imthusa Uí Dhomhnaill iar f-forbadh dó an triochait laithe sin h-i f-forbhaissi for na Gallaibh, Ro triall an longport i m-boí friss an ré sin d'fáccbhail & dol go h-ionad ele nar bó h-eissinnille ro badh sia biucc o na Gallaibh for ur na Finne alla thiar, etorra, & Bernas, uair rop' uamhan lais uacht na gairbhsine geimhriota dia fheindedhaibh ag friothaire & ag forcoimhett for na Ghallaibh gach n-oidhche dóigh ba i n-ionam na Samhna an tan sin, & ba mithid lais a slogh do breith i n-ionadh cumhsanta iarna mór shaothar, uair ní ro thuilsiot a saimhe fri h-athaidh fhoda. Lottar na sloigh gusan maighin remraite. Gabhait longport hi-suidhe i f-fosccadh na fiodhbhaidhe i n-iomfochraibh na habhann. Do-níad fianbotha & foirccnemha as a haithle, & gabhaitt acc t-esccadh an fhedha ina n-uirtimceall co n-dernsat daingen airbhe etorra & a namhaitt co nar bó sodhaing a saighidh treimhit. Ro thóchaith samhlaidh co rangattar sccéla dia shaighidh dí luing do theacht on Spáinn d'ionnsaighidh na n-Gaoidhel báttar isin c-coccadh i m-baoí argatt & arm, púdar & luaidhe. Ba h-ann ro gabhsiot-sidhe port h-i c-cuan i n-Inbhir Mhóir h-i c-Connachtaibh. Ro fhaoídhsiomh na sccéla cédna co h-Ua Néill, & do-chóidh badhéin go Connachtaibh i mí December do shonnradh & fáccbhaidh a dearbhrathair Rudhraighe Ua Domhnaill go n-urmhór a shlóigh isin longphort at-rubhramar dia éis acc iomchosnamh na criche. Iar rochtain dó-somh go Tír Fhiachrach Muaidhe ro-lá a thechta gusan luinges réimhebertmar dia oráil forra teacht go cuan na c-Ceall m-Becc, & ro airis feisin i n-Dún Néill ar bá Féil Geine an Choimdheadh ann an tan sin, & do-róine na céd laithe don t-sollamain d'airmitniucchadh amhail ro badh dír. Rangattar sccéla chuicce-siomh co t-tainicc Ó Neill ina dhiaidh don tír, & ní ro airisiomh ní badh síre acht triall a c-comdháil Ó Neill conus ralattar dia 'roile tul h-i t-tul for an c-conair. Tiaghaitt gan
Tanaig trá an loinges a dubhramar go cuan Teilionn lá taobh na c-Ceall m-Beg. Do-radadh i m-baoí inntibh d'argatt, & dá gach n-adhailcce (ro faoídheadh gus na h-aireachaibh) dia saighidh go Dún na n-Gall, & ro rannadh a n-dó .i. leth d'Ua Néill, & dia comhrann coccaidh, & an leth naill d'Ua n-Domhnaill, & dia m-baoí for a raint.
Siubhan inghen Mhég Uidhir Cú Chonnacht (dia n-goirthi an comharba) mac Con Chonnacht, mic Briain, mic Pilip, mic Tomais ben an bharuin Uí Néill .i. Ferdorcha, mac Cuinn, mic Cuinn, mic Enrí, mic Eoghain, & bá h-i-sidhe mathair Uí Neill .i. Aodh, & Chormaic a dhearbrathar, & iar marbhadh an bharúin ro pósadh i-sidhe le Hénrí mac Feilim Ruaidh mic Airt mic Aodha mic Eoghain, mic Neill Óicc, & rucc mac soinemhail dó .i. Toirrdhealbhach. Bean ro badh port cothaighthe & congbhala truagh & trén, dámh & deóradh, fedhb & dilleacht, eccailsi & ealadhan, bocht & aidhilccneach, bean ro ba cenn áthcomhairc, & comhairle d'uaislibh, & d'oireachaibh Chóiccidh Conchobhair mic Neasa, ben bíthe bannda dhiadha, dhéarcach chennsa, choinnircleach go c-caondúthracht, & co seirc n-Dé & coibhnessamh do écc i Machaire na Croisi 22. Iunii, & a h-adhnacal i Mainistir Duin na n-Gall iar c-caithemh cuirp Criost & a fhola, iar n-ongadh, & iar n-aithrighe iar t-tiodhnacal almsan n-iomdha d'urdaibh eccailsi Dé, & go sonradhach d'ord .S. Fronseis ar dáigh a h-éccnairce do ghabhail etir mharbhaibh.
Slóiccheadh lá h-Ard Iustis na h-Ereann Lord Mountioy a mí September do dhol i t-Tír Eocchain. Do-cuas lais cetus co Droichet Atha, assaidhe go Dún Dealgan, & go Bealach an Maighre. Tainicc Ó Neill isin c-cenn oile don bhealach. O Ro fhidir an Iustís Ó Neill do theacht an dú sin bá sedh do-róine campa do shuidhiucchadh don taobh a t-tarla é badéin don bhealach go m-baoí an chonair sin gan athaighe, gan iomadhall etorra athaidh fhada. O ro ba cian lasan Iustis
Fuair an Iustis a c-cenn trill iar sin ell & elang a f-forcoimett Uí Neill ar an m-bealach go n-deachaidh treimhit gan troit, gan tachar, a mí October do shonradh. An tan ro ráthaigh Ó Neill an ní sin do-thaot for an sligedh riasan Iustis co m-báttar in dá campa eineach i n-ionchaibh fri aroile go diúidh na míosa cedna. Ní ro léicceadh tra an Iustis seacha sin i t-Tír Eoghain don chur sin, gur bhó h-éiccen dó filleadh don taobh thoir do Bhealach an Maighre do leithimel na n-Oirthear. Do-thaod iaramh i n-artraighibh a cuan Cairlinne co Fine Gall, & assaidhe co h-Áth Cliath. Ní ro triall dna an Iustis dol tar Bealach an Maighre asteach go cenn athaidh iar sin.
Sir Seón Chemberlin corinel do Ghallaibh Doire do dhol slogh mor for Ua n-Dochartaigh dia indreadh & dia orccain, do-rala Ua Dochartaigh (go n-uathadh slóigh ina fharradh) fris na Gallaibh. Ro fighedh erghal amhnas etorra go ro sraoíneadh for na Gallaibh go ro marbhadh an corinel lá h-Ua n-Dochartaigh go n-druing ele a maille fris.
Niall Garbh Ó Domnaill trá, baí-sidhe co na bhraithribh, & co na Ghallaibh a maille fris h-i Leithbhear amhail ro aisneidhemar, & do-rónadh slóiccheadh leó go h-Oirecht Uí Chatháin do chuingidh creach oircne, & ní ro h-anadh leó go rangadar go Dianait. Do-ralattar drechta déarmhara do muinntir & Nell dóibh. Fechar iomairecc etorra go ro gonadh sochaidhe uadhaibh adiú & anall go ro mheabhadh
Fecht n-aile iar sin do-choidh Niall co na braithribh, & co na Ghallaibh i t-Tir Eoghain go ro crechadh Glend Aichle go leir leo.
Bresmaidhm ele leo ar chloinn an Fhirdoirche mic Eoin mec Domhnaill ag Cnoc Buidb la taobh an t-Sratha Báin, & daoine do mharbhadh leo. Tóirrdhealbhach Ócc Ó Coinne go n-druing ele do ghabhail, & tri fichit marcc do bhein d'fuasccladh ass.
An Baile Nua h-i t-Tír Eoghain, & Caislen na Deircce do ghabháil lá Niall, & la Gallaibh, & a m-bein diobh doridhisi gar becc iar sin.
Rudhraighe mac Eiccnecháin, mic Eiccnechain, mic Nechtain, mic Toirrdhealbhaigh an Fhiona Uí Domhnaill d'écc.