Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1598

M1598.0

AOIS CRIOST, 1598.

Aois Criost, mile, cúicc céd, nochat, a h-ocht.

M1598.1

An t-ab caoch .i. Uilliam, mac Dáuid, mic Emainn, mic Uillicc a Búrc dia ro ghair fhein Mac Uilliam iar n-écc an Mheic Uilliam baí na thighearna roimhe .i. Risderd mac Oiluerais, mic Seain. Nir bó soinmhech fuair-siumh an ghairm


p.2048

thigherna sin uair ro h-ionnarbadh é as a athardha la Sir Risderd Bingam go m-baí ina ionnarpthach ó thír do thír go ro écc h-i c-Cloinn Cuilein h-i mí september, & ro h-adhnaicedh é h-i c-Cuinnche i r-óimh adhnacail shíl Aodha. As e Mac Uilliam bai ann an sin Tepoitt mac Uateir Ciotaigh, mic Seain, mic Oiluerais dia ro ghair Ó Domhnaill Mac Uilliam amhail ro sccriobamar remhainn.

M1598.2

O Cathain Ruaidhri, mac Maghnusa, mic Donnchaidh, mic Seain, mic Aibhne d'ecc an cethramhadh la decc do mí April, & a mhac Domhnall Ballach d'oirdneadh ina ionad.

M1598.3

Riocard, mac Seain, mic Tomáis, mic Riocaird Óicc a Búrc ó Dhoire mic Lachtna d'ecc h-i mí August.

M1598.4

Siubhan Cham inghen iarla Desmumhan .i. Semus, mac Seain, mic Tomáis Droichit Atha d'écc i n-geimreadh na bliadhna so, iar c-caithemh mór m-bliadhan i m-baintrebhthachas iar n-díth a deirbhfhine & na n-deighfher n-diongmala lás ro h-ernaidhmeadh í diaidh i n-diadh.

M1598.5

Mac Donnchaidh Tire h-Oilellae .i. Muirghes Caoch mac Taidhcc an Triubhais do mharbhadh i m-Breifne Uí Ruairc i t-timcell fhuadáin creiche, & Mac Donnchaidh do ghairm do Chonchobhar Ócc mac Maoilechlainn ó Bhaile an Dúin.

M1598.6

Occán, mac Seain, mic Maoileachlainn Uí Occám ó Ard Croine d'ecc in earrach na bliadhna so.


p.2050

M1598.7

Muircertach Cam mac Concobhair, mic Mathgamhna, mic Tomáis o Chnoc an Lacha i t-triocha céd Chorco Bhaiscind Airtheraighi d'ecc h-i mí Marta.

M1598.8

Baothghalach, mac Aodha, mic Baothghalaigh, mic Muirchertaigh mhéc Flannchadha on Chnoc Fhionn h-i c-Conntae an Cláir d'ecc h-i mí April. Fer ei-sidhe co sulbhaire indsce i l-laidin, i n-Gaoidhilcc, & i m-Bérla.

M1598.9

Diarmait, mac Emainn, mic Ruaidhri Uí Dheadhaidh o Tulaigh Uí Dheadhaidh do mharbhadh la diberccachaibh Conntae an Cláir a mí Iul.

M1598.10

iarla Tuadhmumhan do dhol i Saxoibh i t-tós mís Ianuary. Techta & sccribenn na n-Gaoidhel ar chena, & Riocard, mac Uillicc, mic Riocaird Shaxanaigh mic Uillicc na c-Cenn barún Dúine Cuillin do dhol beós h-i Saxoibh isin earrach do shonnradh.

M1598.11

Iar n-dénamh na síodha remebertmar ó Nodlaic Mór go Beltaine etir Ghaoidhelaibh Lethe Cuinn & an generál iarla Urmumhan, Ro fhoráilsiot Gaoidil an Tuaisceirt for a m-baoí do dhíberccachaibh i l-Laighnibh & isin Midhe (.i. Caomhánaigh, siol c-Concobhair, siol Mórdha, Gabhal Raghnaill, Tuathalaigh, Tirialaigh, & Uinnsionnaigh) sccur go leicc dia f-foghail, & dia n-díbeircc. Do-ronsat-somh innsin for congra a n-aireach. Ro chedaigh an General iarla Urmumhan dóibh iomaithighidh Laighen, Midhe, & oirthir Mumhan, & a m-biadh & a n-deogh do thochaithemh go t-tíosadh sgéla síodha nó coccaidh chuca fo Beltaine a Saxoibh. Ro battar-somh trá lás an c-comhairlecchadh sin acc taistel & tathaighe gach tire ina t-timcell ó Chill Manntáin i n-Iochtar Laighen go Siúir & o Loch Garman go Sionainn. Nír bhó sodhaing do na tiribh sin fulang a n-ainbreth an airett sin.

M1598.12

Semus (.i. dearbrathair iarla Urmumhan) mac Eduaird, mic Semais, mic Piarais Ruaidh Buitiler, & Mac még Piaruis Sirriam Chonntae Tioprat Árainn (go n-daoinibh uaisle iomdha a maille friú) do dhol fo Chaiscc


p.2052

do shonnradh ar ionnsaighidh ar Bhrian Riabhach Ó Mórdha duine uasal don fhedhain ghaoidhelaigh baí acc denamh na Cáscc i n-Uibh Cairin & ro badh do lucht na h-ionnsaighthe a dhomhaoín & a dobharthan uair ro fáccbhadh drong mór dia n-daoinibh uaisle, dia n-oirecht, & dia saighdiuiribh, & ro gabhadh ann Sémus mac Eduaird Buitileir, & do-rad Brian Riabhach é d'iarla Urmumhan fo chenn sechtmuine iar sin ar dáigh na síothchana a dubhramar, & arna dherbhadh nach do ched an generala (.i. an iarla) tuccadh an ionnsaighidh sin.

M1598.13

Ua Ruairc Brian Ócc, mac Briain, mic Briain Ballaigh, mic Eoghain, bá fearccach-sidhe fri h-Ua n-Domhnaill Aodh Ruadh mac Aodha mic Maghnusa fo daigh oirccne Uí Choncobhair Ruaidh thairis amhail ro sccriobhamar remhainn, & araill ele nir bó siodhach etir é, & a dherbhrathair budein .i. Tadhg O Ruairc mac Briain mic Briain Bhallaigh im chomhroinn a c-criche & a f-ferainn fri aroile. Conadh aire sin ro ernaidhm Ua Ruairc a chor & a charattradh fris an n-gobernóir Sir Coners Clifort. Nír bó faíligh Ua Domhnaill do cloistecht an scceóil sin, uair bádar cáirde Ruarcaigh dia cenel o chein máir, & ba brathair dó ei-ssiumh budhein, & nír bó lainn lais ammus fair no indradh a criche amhail cách ele i c-Connachtaibh, & ba derbh lais gomadh éiccin dó a h-ionnradh muna t-tíosadh i c-combáidh na n-Gaoidhel doridhisi, uair nir bó siódhach-somh fris nach aén no biadh i c-cleith Gall. Nó bhiodh fecht ann aga edarghuidhe co h-inchleithe im shódh ina fhrithing, & fecht ele ag baigh & acc baccar indradh a thire muna t-tíosadh for c-culaibh. Ro baí Ua Ruairc acc coistecht fris an t-techtairecht sin ó urthosach earraigh co Beltaine ar c-cind, & do-choidh an tan sin co h-Ath Luain, & do-rad a braighde don ghobernoir, & do-bertsat a moide & a n-geallamh im chomhall dia 'roile, & gér bó tairisi an t-inghealladh nír bó cian ro comhailleadh.

M1598.14

Tainicc freccra a Saxoibh ar sccribhennaibh Ó Neill, Ó Domhnaill, & na n-Gaoidhel badar i n-aén rann friú, & ní ro fhaomh an bhainrioghain ná an chomhairle na neithe ro iarrsat do tabairt doibh, & o na ro faomadh tuccsat na Gaoídhil a c-caon-comhrac


p.2054

ar choccadh, a c-cennsa ar chennairrce, & a sith ar esaonta co ro bhethaidhsiot beóghrís a sengomh doridhisi a t-tús samhraidh na bliadhna so.

M1598.15

Iar n-deiliucchadh re 'roile don ghobernoir & d'Ua Ruairc fo síth & fo cairdine fo Beltaine i m-Baile Áta Luain, & o't-connairc Ua Ruairc nár bó siodhach Goill, & Gaoidhil fri 'roile, & nar bo treisi do Ghallaibh oldás do Ghaoidhelaibh don chur sin ro imecclaigh-sidhe indreadh a tire d'Ua Domhnaill conidh edh do-roine tocht fo a thoghairm, & an ro ataigh fris do denamh ar comhairle a mhuinntire, uair rob' usa leó an gobernoir do beith fo a c-comhair ina díoghaltas Uí Dhomhnaill ina n-deadhaidh dia n-andaoís h-i c-cléith an ghobernora.

M1598.16

Iar naidhm a charattradh don chur sin d'Ua Ruairc fris Ua n-Domhnaill do-choidh Ua Ruairc co na shochraitte ar tarraing Uí Fherghail Bháin (.i.Ross, mac Uilliam, mic Domhnaill isin Midhe, & ro creachadh leo an Muilend Cerr, & on Muilenn Cerr go Baile Mór Locha Seimhdhighe.

M1598.17

Sloiccheadh ele la h-Ua Ruairc is in c-céid mí d'foghhmar, & ní ro airis go rainicc Bealach an Tirialaigh, & co Bealach Chille Brighde i f-Feraibh Tulach. Do-roine crecha & marbhtha i m-Bealach an Tirialaigh, & ro fhill tar a aiss dia thir gan guin gan gabhadh.

M1598.18

Iar n-dol na siodha remraite for c-cul tainicc Remann a Burc mac Seain na Semar micc Riocaird Shaxanaigh, mic Uillicc na c-Cenn co n-druing da braithribh ócca maille fris do chéd daonibh i c-cenn Uí Neill da éccaoine friss gur bó h-í freccra dherbhrathar a athar fair .i. iarla Cloinne Riocaird Uillecca Burc, da m-beith an Remann sin reidh ar leithett aon fhallainge dia duthchas, no dia atharda o Sruthair go h-Abhainn Da Loilghech na tiubhradh an oirett sin fein do


p.2056

chomhaidh choccaidh nó síodha dó. Ro ghabh Ó Néill an chossaoítt sin Rémainn, & ro gheall a chobhair dia t-tíosadh de & tucc uachtarántacht dó ar n-uimir airidhe do chédaibh saighdiuiridhe & ro chedaigh dó gach aén bhall d' Eirinn aga m-beith buain no báidh le Saxancoibh d'argain & d'adhbalscrios. Iar f-faccbháil Uí Néill do Remann a Burc & dia braithribh do-chuattar i c-commbaidh Gaoídhel Laighen co m-battar ina f-farradh re h-edh an t-samhraidh sin.

M1598.19

Sé céd saighdiúir do thocht o Shaxoibh don taoibh budh des d'Eirinn do chuidiucchadh i n-acchaidh easccarat an prionnsa. Iar t-tocht doibh go Dún n-Garbháin asseadh ro chinnsiot dol hi c-cenn an generala .i. iarla Urmumhan, & ag gabháil doibh tre leithimel Laighen do-rala drong do Ghaoidhelaibh an chenntair sin doibh. Fechair iomairecc etorra co ro marbhadh deichnebar & ceithre chétt diobh isin maighin sin.

M1598.20

Sluaiccheadh la h-iarla Urmumhan do dhol i l-Laoighis a mí Iún. rob' é líon a sloigh ceithre banna fhicet dia c-cois, & da chéd marcach. Do-roine an t-iarla comhnaidhe im tráth nóna ar cnoc árd baí i n-imel an tire. Ro h-aisneidheadh don iarla in adhaigh sin na baoí acht uathadh dia h-aes iomcoimhetta isin tír. Ro fhorchongair ar a bharac ar mhac a derbrathar .i. Sémus mac Eduaird mic Semuis Buitilér dol go sé, nó a seacht do bhandadhaibh amaille fris tar beilghibh isteach isin cenn ba nesa dó don tír dus an f-fuigbeadh echt, nó aithes re a dhénamh, & ger bhó doiligh la Sémus dol an turus sin a mucha na maidne Dia Domhnaigh do-chóidh ann ar forcongra an iarla. An céd bhealach i n-deachaidh as amhlaidh fuair é ar na thesccadh, & ar na threingherradh, & Brian Riabhach Ó Mórdha, go c-céd go leith saighdiúir iar t-tocht dia iomchosnamh isin ló cédna. Ba h-aightide adhuathmar an taisbenadh tucc Brian co na shochraite do Shemus & dia shaighdiúiribh, & nó bhíodh rempo & ina n-deadhaidh ga t-tacmaing, & ga t-timchealladh, ga t-tregdadh, gá t-taobh ammus, go ro fáccbadh cuirp crechtnaighte cnestollta re h-edh n-athghairitt sechnóin an bhealaigh laiss. Ro marbadh echt mór ann sin .i. Sémus mac Eduaird mic Semais, mic Piarais, fer a aesa as ar


p.2058

mó dóigh daoine da raibhe beó do Buitilerchoibh an tan sin, & an mhéd ná ro mudhaigheadh dia muinntir isin maighin sin do dheochatar tar a n-ais ina scceolangaibh sciathbriste do shaighidh an iarla & an champa. Ro gonadh Brian Riabhach Ua Mordha feisin & nir bo cian iar sin go f-fuair bás do ghaíbh cró na n-gon do-radadh fair don chur sin. Ba isin lo sin fein i n-diaidh na troda remráite tainicch Uaitne mac Rudhraighe Óicc Uí Mordha, & Remann mac Seain na Semar, & captin Tirial, & ro ghabhsat foslongport i n-urcomhair champa an iarla. Ria medhon laoí Dia Luain ar na mharach an tan do saoíleadh an t-iarla do dhol istech isin tír ba h-eedh do-roine sóadh tar a ais co Cill Cainnigh & a shaighdiuiri do chor ina n-garasunaibh.

M1598.21

An port nua sin isa sccela ro sccriobhamar remhainn, baí-sidhe aga iomcoimhéd le linn t-siodha & coccaidh acc muintir na bainrioghna. An tan tra na ro shiodhaighsiott Goill, & Gaoidhil fri 'roile i n-urthosach samhraidh, Ro chuir Ua Néill iomcoimhéd for an m-baile go m-battar an bárda i t-teirce bídh isin mí deidhenach don t-samhradh. Iar n-dol do na sccelaibh sin co h-Ath Cliath, ba h-í


p.2060

airle ro chinnsiot an comhairle an ro ba disle, & as mo ro derbhadh isin c-coccadh do shaighdiuiribh na bainrioghna i n-Erinn h-i c-comhfhocraibh Atha Cliath, & Bhaile Atha Luain do thionol go h-aoin ionadh, & iar na rochtain co h-aon bhaile ro tecclamadh eistibh ceithre míle saighdiúir dia c-cois & se chéd marcach, & ro cuireadh iad-sidhe le lón gusan b-port nua. Ro cuireadh leó-sidhe an ro ba lor leó do biúdh, do dhigh do mhartaighecht, do luaidhe, do phúdar, & da gach n-aidhilcc ar chena. Lottar iaramh co Droichett Átha, assidhe go Traigh Baile, & don Iubhar, & go h-Ardmacha, airissit in Ardmacha in adhaigh sin. Sir Hanry Beging maruscálan Iubhair as é ba general dóibh.

M1598.22

Iar f-fios d'Ua Neill an t-sochraitte adhbal mor sin do beith acc tionol dia shaighidh Ro chuir a thechta do thochuireadh Uí Domhnaill, & dia cuingidh fair techt dia foiridhin ar an anfforlann ectrann báttar ag tocht dia thír. Do-choidh din O Domhnaill fo chédóir co leir thionol a laochraidhe etir troightheach, & marcach, & drong mór do Chóicceadh Chonnacht amaille friss do chobhair a choiccele for an f-foirlion ro dhalsat chuicce. Tangatar bheos Gaoidhil Coiccidh Uladh uile is in t-sochraitte cedna go m-báttar inellma for cionn na n-Gall riasiú rangatar go h-Ardmacha. Ro tochladh leo dna domhaindíocca talmhan for cionn na n-Gall forsan c-conair c-coitchinn in ro badh doigh leo a rochtain dia saighidh.

M1598.23

Imthusa na n-Gall iar m-beith adhaigh in Ardmacha ro eirgettar a mocha do lo ar na bharach, & asseadh ro chinnsiott a m-biadh, a n-deoch, a mná, & a mion-daoine, a c-capaill, a c-caraisde a n-giollanraidh, a n-daosccarsluagh d'faccbháil isin m-baile sin Ardamacha. Ro fhoccairsiot dá gach aén baí infhedhma aca etir marcach & troightheach dol in gach airm nó fhurailfeadh an marusccal & cuingedha an t-sloigh ar chena forra asccnamh i n-aghaidh a namat. Do-chottar iaramh i n-innell & i n-orducchadh amhail as dech ro fhédsat. Ro cheimnighsiot iaramh tre reidh dhirge gacha róid bai rempa ina t-tuinntibh tiugha toirtemhla, & ina n-doiredhaibh dluithe do-sccaoilte go rangatar gusan c-cnoc os cionn Bheóil an Átha Buidhe. Iar rochtain dóibh h-isuidhe att-conncattar Ua Neill, & Ua Domhnaill,


p.2062

Uí Eachdhach Uladh & Airghialla, toísigh & treitill, láithgaile & gaisccidh an tuaisceirt amaille friú ina n-aén broin aightighe for a c-cionn iar na

p.2064

suidhiucchadh, & iar na sámhucchadh for na h-enaighibh erdhalta an ro badh dóigh leó iad-somh do rochtain dia saighidh.


p.2066

M1598.24

An tan do-bertsat airigh an tuaisceirt dia n-uídh an guasacht ro mhor ro baí for cind doibh, Ro gabhsat for gresachtlaoídheadh a muinntire im chalma


p.2068

do dhénamh. & at-bertsat friú munbhudh leó cosccar an la sin na biadh a n-athmaoín da éis, acht a marbhadh, & a mudhucchadh gan choiccill & no bérta araill

p.2070

dibh h-i c-carcraibh, & h-i c-cuimrightibh feibh do-radtha Gaoidhil go minic fecht riamh, & an do ernaífedh as in c-caithghleo sin, no h-athcuirfidhe & no h-ionnarpfaidhe h-i c-criochaibh ciana comhaightibh. At-bertsat friú beos gur bó h-usa doibh cosnamh a n-athardha friss in ainffine n-eachtaircheneoil sin oldas duthaigh neich ele do ghabhail ar eiccin iar na n-ionnarbadh-somh as a t-tír n-dílis budhein. Ro gabh greim tra an greassacht laoídheadh sin do-bertsat na maithe for a muinntir, & ro gheallsat na h-ócca gomdís eallma d'fulang a n-oidhedha riasiú nó fhodhemhdais an rop' omhan leo-somh do teccmail doibh.


p.2072

M1598.25

Dala an Mharusccail co na Ghallaibh iar f-faiccsin na n-Gaoidheal for a c-cionn ni ro taisbeinsiot nach n-airrdhe n-uireccla idir, acht ro ceimnighsiot co comhnart for a c-certacchaidh co ro lingsiot tarsan c-cedna lethan clais lán n-domhain do-rala for a c-cionn, & torchrattar araill diobh innte-sidhe acc tochta tairsi dóibh. Ro doirtsiot iaramh an slogh Gaoidhelach go dioghair dasachtach, & go h-ainmin aggarbh ina c-cend, & ro ghairsiot rempa & ina n-deadhaidh, & dá gach leith diobh. Rob' eiccen dia t-tosach anmhain re h-iomghuin & airisiumh re h-iombualadh, & cothucchadh re caithemh co ro tanaighedh a t-tiugh, co ro h-uirbhernaigh a n-uasail, & co ro traothadh a t-treóin. Acht chena asseadh a chumair ro marbadh an general .i. Marusccal an Iubhair, & amhail nach gnath cathlathair do chosnamh lasan lucht fris a n-edarsccarthar a c-cuingidh catha, & a c-cend costadha & comhairle ro sraoineadh for muintir an generála fo deóidh tre nert iomghona, & iombualta darsna fothollaibh talmhan & tarsan lethanclais lán n-domhain tars a t-tudhcatar. Ro bás acca n-airlech & acca n-athchuma, aga c-cumach, & aga c-cnaimhgherradh go leidhmheach lámhtapaidh lasan lucht battar ina lenmain.

M1598.26

Ba h-ann sin do dheonaidh Dia, & do cedaigh an Coimdhe d'aén do shaighdiuiribh na bainríoghna go ro chaith i m-baoí do phudar ina uirthimchell la lionmhuire a lámhaigh, & do-chóidh gusan m-bairille púdair ba coimhnesa dó do mherlíonadh a mhiosúr & a phócóide co ro sceinn drithle ó a mhaisde isin b-púdar baí isin m-bairille go ro bhlosccustair-sidhe in áirde isin aér edarbuas & gach bairille ro ba coimhnesa dó diaidh a n-diaidh, & beós an gonna mór do-rala aca. Ro tóccbhadh dna on mudh c-cédna anáirde drong mór do na daoínibh bátar in uirthimcell an pudair h-ishin. Ro baí dna an tulaigh ina n-uirthimceall ina h-aén meall dobhardha dorcha duibh ciach co cenn athaidh do ló iar sin. An do érnatar do mhuintir na bainríoghna gan marbhadh gan mudhucchadh, gan dogh, gan di-anoidheadh ro thriallsat tar a n-ais co h-Ardmacha. Nir bo h-iomcomhaircech ro bás ina lenmain ga t-traothadh, ga t-timchealladh, gá n-aidheadh, ga n-airlech, na n-deisibh na t-triaraibh, na f-fichtibh, na t-triochtaibh, go rangatar tarna múraibh isteach in Ardmacha.


p.2074

Ro ghabhsat Gaoídhil acc iomshuidhe an bhaile in gach aird ina iomthacmong, & battar ag caithemh & ag coimhdiubhraccadh a chele co cenn trí lá, & teora n-oidhce co ro sccithighit Goill fo dheóidh. Ro chuirsiot techta h-i c-cenn na ree h-ishin do shaighidh na n-Gaoidhel dia radh friú co f-fúicfitís an purt dia leiccthí don bharda báttar ann tocht gan guin gan gabhaidh dia saighidh gusin m-baile sin Ardamacha, & iar rochtain doibh hi-suidhe (dia t-tardtha eineach & maithemh n-anacail dóibh, & a t-tiodhlacadh slán as an tír go rochtain dóibh h-i c-crich innill) go f-fúicfidís Ardmacha budein. O ro h-aisneidheadh na h-aithercca sin do na Gaoidhelaibh do-chóttar na maithe do chrúdh a c-comhairle dus ciodh do ghendaís imon c-caingin sin. Ro bátar drong díobh aga rádha nar bo cóir na Goill do léccadh as an iomchumang i m-batar co ro marbhtha iad idir, no go n-eiblidis a n-aenar do ghorta. Ar a aí ba fair d'eisidh leó fo dheóidh a léccadh uadhaibh as na maignibh i m-batar, acht namá na berdais leo biadh no deoch, éideadh, arm, na ordanas, púdar na luaidhe as in b-port gionmothá a thronc & a arm do léccadh las in c-captín baí ann. Ro aéntaighsiot dá gach leith anmhain ar na coinghellaibh sin, & ro chuirsiot drong dia n-daoinibh uaisle ar gach taebh d'accallaimh an bharda gusan b-purt, & iar n-aisneis sccel doibh-sidhe ro fháccaibhsiot an baile acc Ua Néill amhail ro forcongradh forra. Tánaicc an captín, & an barda go h-Ardmacha h-i c-cen an ro mhair dia mhuinntir, & ro cuireadh iodhlacadh leó uile ó Ardmacha gusan Iubhar, & on Iubhar go rangattar h-i f-Fine Gall. Iar f-fáccbháil Tíre h-Eócchain doibh-sidhe, Ro fhoncongair Ua Néill for dhaoinibh sainredhacha, uaisle, & anuaisle an ármhaigh d'áiremh & d'adhnacal & ba sedh a líon iar na n-áiremh go leir dá míle go leith imon n-generál, go n-ocht c-caiptínibh d'écc , & drong mór do dhaoinibh uaisle nach t-tabhairther a n-anmanna for aird.

M1598.27

Roptar meirtnigh, mímhenmnaigh muinntir na bainríoghna & roptar súbhaigh sofhorbhfaoiligh Gaoidil don chaithghleó sin. An dechmhadh lá do mí August do feradh an iomargail sin Atha Buidhe. Do-chódar maithe Uladh dia t-tighibh iar n-iolach cosccair, & comhmaidhme ge ro fáccbad daoine iomda uadhaib.

M1598.28

Baile an Mótaigh baí ag muinntir na bainrioghna fri re trí m-bliadhan n-decc gusan tan-sa do ghabháil la a dhuthchasachaibh fein (hi samhradh na bliadhna


p.2076

so) .i. la Cloinn n-Donnchaidh an Chorainn (.i.Tomaltach & Cathal Dubh). Bai an Sir Coners Clifort, & O Domhnaill Aodh Ruadh acc daoradh an bhaile for aroile, & acc tairccsin cennaigh da chionn do Chloinn n-Donnchaidh. Rob' é criochnucchadh an dála Clann n-Donnchaidh do tabairt an bhaile d'Ua Domhnaill do dhruim cennaigh,& chonnarta i mí Medhóin Fhoghmair na bliadhna so. Ceithre ced punt, & tri cedbó do-rad Ua Domhnaill do Chloinn n-Donnchaidh ar an m-baile.

M1598.29

Slóiccheadh adbal la h-iarla Urmumhan do chur lóin h-i b-Port Laoighisi, & iar n-asccnamh isin slighidh doibh do-rala for a c-cionn isin c-conair do-dheachatar Uaitne mac Rudhraighe Óicc, mic Rudhraighe Caoích Uí Mórdha, & Remann mac Seain na Semar mic Riocaird Shaxanaigh, & captin Tirial .i. Risderd mac Tomáis Óicc Tirial. Ro badh moo ina luach an lóin do caill iarla Urmumhan don turus sin do dhaoínibh d'echaibh, & d'arm, & as ar eiccin terna an t-iarla fein iar na ghuin.

M1598.30

Ro chuir Ua Neill sccribhenn i l-Laighnibh isin c-céid mí d'foghmar na bliadhna so dia furailemh ar Remann a Burc, ar Uaitne Ua Mordha, & ar captín Tirial, coimhett Laighneach d'faccbail for an c-cuid ele dia c-comhrann coccaidh & iad fein do dhol do denamh gabhaltais, & do thabhairt araill do na tiribh báttar ina n-acchaidh isteach d'áis nó d'eiccen. & ro forcongair forra do shonradh dol don Mumhain fo thoghairm chloinne Tómáis Ruaidh, mic Semuis, mic Seain mic an iarla. Iar léghadh na sccribhenn do na h-uaislibh a dubhramar do-chottar-sidhe gusan lion, & gusan c-congaibh as lia ro fhedsat i n-Ossraighibh. Tangattar an tir sin dia saighidh ar a t-toil fein gionmotha Mac Giollapatraicc Fínghin, mac Briain mic Fínghin. Lottar as a h-aithle gusan c-cionn tuaidh do Shliabh Bladhma ar dáigh Gaoidhel Oirthir Mumhan, & Iarthair Midhe do chur d'aén rann friú .i. Ó Maolmuaidh, & Conall mac Cathaoír, & Mág Cochláin .i. Sean Ócc, mac Seain, mic Airt, mic Corbmaic, & O Cerbhaill an Calbhach, mac Uilliam Uidhir, mic Firganainm, mic Maolruanaidh. Ge ro bátar na maithe sin le h-athaidh ag sesamh a h-ucht a b-prionnsa ro badh buidhe leó an óccbaidh anaithnidh sin ro


p.2078

baí acc taistel gacha tire d'aontucchadh siothchána uadhaibh & o ro siodhaighsiot iad-sein tuccsat a n-acchaidh ar an dá Urmumhain & nír bo sídh no carattradh ro iarrsat forra, acht a c-creachadh fo cédóir tré na n-esccairdes fri h-iarla Urmumhan, & ro gabhadh cúicc caisléin do bhailtibh Urmumhan leó, Ro badh dibh-sidhe Druim Aidhneach ar brú na Sionna. Ro chongaibh Rémann a Burc aicce fein fo comhair coccaidh Cloinne Riocaird do fhrestal & do fhriothailemh ass. Batar dan a dó nó a trí do sheachtmuinibh co campamhail ina c-comhnaighe isin tír sin, & crecha airir Siúiri, & Cloinne h-Uilliam acca t-tabairt dia saighidh do chum a f-foslongport, & a c-comharsain gaoidhel acc tocht dia n-accallaimh, & acc dol i n-aénrann friú. Ro badh dibh-sidhe Ó Duibh Idhir Choille na Manach .i. Diarmait, mac Uaitne, mic Pilip, & clann Mheic Briain Ó c-Cuanach .i. clann Muircertaigh, mic Toirrdhealbhaigh, mic Muircertaigh, & Rianaigh im Chonchobhar na Mainge mac Uilliam Chaoích, mic Diarmata Uí Mhaoílsiain, & Siol m-Briain Ócc Dhuithche Ara.

M1598.31

Iar n-dol do na Gaoidhelaibh sin i c-commbáidh & h-i c-charattradh Muinntire Uí Neill, & ar c-cor gach tíre gus a rangatar d'aén rann friú, Ro triallsat (go n-eirghe amach na n-oirer sin) i n-Geraltachaibh ar tarraing Cloinne Tomais Ruaidh mic an iarla. Asseadh lottar cédamus h-i c-Conntaé Luimnigh. Ba h-ann boí an Presidens .i. Sir Tomás Noruis an tan sin h-i c-Cill Mochellocc. Iar na tuiccsin dó na baoí introda fris an n-gasraidh n-Gaoidhelaigh do-chuaidh ar a n-iomghabhail go Corcaigh. Do chódar-somh dna tar Máigh siar i c-Conallchaibh i c-comhfochraibh Slebhe Luachra, & Glinne Corbraighe. Táinicc Sémus mac Tomáis Ruaidh ina c-cend h-i c-Conallcoibh don chur sin, & bai an dara mac (.i. Sean) do cloinn Tomáis Ruaidh ina f-fochair fein ar na h-imteachtaibh sin aga t-tarraing don tír. Do-beirthi an ghamhnach no in bhó inlaogha ar shé pinginnibh & an láir groighedh ar thrí pinginnibh, & gach muc dá febhus ar phinginn & na connartha sin aga f-foccra, & acca f-furáil in gach campa i m-bídis.

M1598.32

O't-cualaigh iarla Urmumhan caithreimh na c-cathbhuidhen sin tainicc co na


p.2080

mharcshluagh co na coisightibh fo na t-tuairim go Conntae Luimnigh, & ro chuir sccela go Corcaigh da fhurail ar in b-presidens techt ina coinne go Cill Mocellócc. O ro-fhidirsiot an sluagh gaoidhelach batar i n-iarthar Conallach an ní sin, ro ceimnighsiot aniar i n-iomfocraibh Chille Mocellócc & tuccsat a t-taisbenadh fein don dá tighearna sin tarla aga t-tóraidhecht. Do-dhecatar na tighearnaighe sin (ar iomgabhail teccmála friu-somh do ched a chele) go Maigh Eala. Tiaghaitt-siumh ina n-deadhaidh go dorus Maighe h-Eala, & ro gabsat aga n-grennucchadh, & aga n-griosadh, & aga radh friú na fuighbittís díol fiach ina f-foltanas badh ferr, ina iad-somh d'ionnsaighidh an tan battar i n-aén mhaighin. Ar a aoí sin asseadh ro chinnsiot na daoíne mora h-ishin an President do dhol go Corcaigh, & an t-iarla d'filleadh tar a ais i m-Buitilerachaibh.

M1598.33

O ro fháccbadh an tír don chur sin ar cumas an t-sloigh Gaoidhelaigh do gairsiot iarla Desmumhan a h-ughdarras Uí Neill do Shémus, mac Tomáis Ruaidh, mic Sémuis, mic Seain mic an iarla, & an tír sin (.i. Geraltaigh ó Dhunccaoín go Siuir) baí tilte techtaighthe acc Saxanchoibh, lán d'áitiucchadh, & diolmhaoínibh, ní ro faccbattar-somh (fo cenn shecht lá n-d'écc) én mhac Saxanaigh


p.2082

ar a fad, nó ar a fírleithett gan marbhadh, nó gan ionnarbadh eiste. & ní mo no fháccaibhsiot ar fedh na ree cédna cennáit, na caislén, ná én fhód do dhuthaigh geraltach gan cur i seilbh iarla Desmumhan, acht namá Caislén na Mainge h-i c-Conntae Chiarraighe, & Eass Geibhtine i n-Uibh Conuill Gabhra, & Magh Eala i c-Conntae Corcaighe. Iar c-criochnucchadh an mhórshaothair sin le becc n-aimsire do na seirbhíseachaibh sin Uí Neill ro gabhattar ced, & ceilebradh ag an iarla Desmumhan sin do óirdnedar fein. Do-choidh Uaitne Ó Mordha (& an meid baí acc freccra dó do na fedhnachaibh sin) i l-Laoighiss. Do-dheachaidh Remann a Burc (gusan lucht baoí for a fhosttadh, & fors m-baoí a chumhachta don chongháir cedna) go h-Urmumhain. Do-thaéd eirghe amach na n-Ulltach báttar ar aon las na h-uaislibh sin dia t-tiribh, & dia t-tighibh gan easbaidh ionmhais no édala do tharbha turais na h-uaire sin. Ro an captin Tirial i f-farradh iarla Desmumhan, & baí an t-iarla ag caithemh, & acc cuartucchadh na Mumhan, & acc dol i n-daoínibh diaidh i n-diaidh re h-edh an dá míos baí reimhe do deireadh na bliadhna so.

M1598.34

Ticcerna Mhóta Gairett .i. Emann, mac Risdeird, mic Piarais Builter do dol i muintearus Ui Neill i f-foghmar na bliadhna so.

M1598.35

Ticcherna Threna Cluana Meala, & Cathrach Dhúini Iasccaigh .i. Tomás mac Tepóid mic Piarais, mic Emainn, & barún Luachmaighi, & drong mhór do ghillibh ócca buitilerach do eirghe i c-comhmbáidh coccaidh na n-Gaoidhel.


p.2084

M1598.36

O Domhnaill (.i. Aodh Ruadh) do chor shlóigh, & shochraitte a Tír Chonaill la Mac Uilliam (.i. Tepóitt, mac Uatéir Chiotaigh, mic Seain, mic Oiluerais) h-i rann mheic Uilliam i f-foghmar na bliadhna so. Ro chuir din Ua Dochartaigh lais (go sochaidhe móir amaille fris) .i. Sean Ócc, mac Seain, mic Feilim, mic Concobhair Charraigh. Ba suaill má ro h-airigheadh iad in aén tír dar ghabhsat, nó triasa t-tudcatar go rangatar na h-Umhaill gan ráthucchadh, & ba h- inntibh-sidhe battar urmhór cruidh, & cethra, innile, & airneisi rainn mheic Uilliam uile. Ro leir thionóileadh leó ina m-baoí do crodh for tír ó oilenaibh becca amach, & ger mhór an tecclamadh, & an cruinniucchadh creach do-rónsat ní fhuarattar-somh duadh no dochar ina t-timcheall, acht ualach a n-aisttrighthe & a n-iomána amháin go rangatar slán tar a n-ais dia t-tiribh .i. Mac Uilliam go Tír Amhalgaidh, & Ua Docartaigh go h-Inis Eoghain.

M1598.37

AN tan tra do-chóidh Ó Domhnaill i seilbh Bhaile an Mhótaigh i mí Medhóin Faghmair na bliadhna so amhail remhebertmar, ro chuirsiot Conallaigh a c-caoraigheachta h-i c-Conntaé Shlighigh, & baí Ua Domhnaill fein ina comhnaighe i m-Baile an Mótaigh ó aimsir a fhaghbala go diuidh Nodlacc Mór. Ro chuir Ua Domhnaill tionol for a shloghaibh in gach airm i m-batar. Tangatar ina dhochom cétus Cenel c-Conaill go lion a t-tionoil. Tánaicc dna Mac Uilliam Burc Tepoid mac Uatéir Ciotaigh co na m-baoí fo a mhámus, & iar rochtain doibh-sidhe go h-aon maighin do shaighidh Uí Dhomhnaill go type="town:Ballymote"Baile an Motaigh i n-Deireadh mís December do shonradh as fair d'eisidh lais dol h-i c-Cloinn Riocaird ge ro bhattar lucht an tire i f-faitches & i f-fuirechrus & ge ro baí a uamhan, & a uireaccla forra. Luidh-siumh co na shloghaibh gan rabhadh, gan ráthucchadh go rainicc go taí táithenach go dorus Cille Colgan h-i c-crepusccail na maidne muiche. Ro leicc iaramh sccaoileadh da scceimheltoibh in gach aird don tír ina uirthimceall, & fo urlár Cloinne Riocaird do shonnradh. Do riacht drong díobh i n-iomfocraibh d'Oirecht Rémainn, & rainicc drong ele go Dún Guaire h-i c-Coill Ua f-Fiachrach.


p.2086

Do-rónadh echta mora lás an lucht sin do-choidh go Coill Ua f-Fiachrach .i. da mhac Rossa mic Uaitne mic Maoilechlainn Uí Lochlainn,Toirrdhelbhach Buidhe, Brian do mharbhadh. Ro marbhadh dna duine uasal do Chloinn n-Domhnaill Gallócclach baí i f-farradh Mheic Uilliam ar an sluaighedh sin .i. Aodh Buidhe Ócc, mac Aodha Buidhe, mic Maolmuire mec Domhnaill la Toirrdhelbhach Buidhe, mac Rossa don chur sin ria na marbhadh budhein. Ro marbhodh beos la druing ele do Muinntir Uí Domhnaill, dá mhac Uilliam mic Seain ó Rinn Mhíl, & mac Tepoitt mic Dabóg ó Dhoire Uí Domhnaill, & mac a mheic. Ro gabhadh dna la Maghnus, mac Aodha mic Maghnusa la dearbhratair Uí Domhnaill Mac Hoberd ó Disert Cellaigh .i. Uilliam, mac Uillicc Ruaidh mic Uillicc Óicc. Gerbtar iomdha iolardha buannadha on iarla ar ósda h-i c-Cloinn Riocaird Rainicc la h-Ua n-Domhnaill a ruccadh cuicce do crechaibh comhaidhble, do tháintibh troma, d'aircctibh & d'édalaibh do breith lais as an tír gan troid, gan tachar go rainicc iomlán tar a aiss go Baile an Mhotaigh.

M1598.38

Ro baí imresain & essaonta etir druing do daoinibh uaisle Tuadhmumhan im comhroinn, & im comhaightes a c-criche, & a f-ferainn, a m-bailteadh, & a m-buan caislen ro badh eimhilt do sccriobhadh no d'aisneis.

M1598.39

O ro h-aisneidheadh do bhainríoghain Shaxan & don comhairle go ro eirgettar Ennaigh 'na h-aghaidh amhail ro h-aisneidheadh cena, & an lion dermáir dia daoinibh torcrattar an bliadhain-si, Asseadh ro chinn an prionnsa & an comhairle Sir Risderd Biogam do leiccen anoir go n-ocht míle do saighdiuiribh amaille friss do cruadhucchadh & do cothughadh an choccaidh abhus go t-tíosadh iarla of Esex dia ro h-ordaigheadh an tan sin tocht in Erinn ó fhélbrigde amach i c-culadh, i c-costtus, & in armail na ro tionnsccnadh a hionnshamhail do cor go h-Erinn riamh ó ro ghabhsat Saxoin do laimh a gabhail gusan tan sin. An Sir Risderd remraite Ridire onorach ei-sidhe do muintir na bainrioghna, rob'


p.2088

eolach n-Erinn ei-sidhe, & baí 'na gobernóir i c-Cóicceadh Connacht seal do bliadhnoibh roimhe sin. An t-iarla of Essex sin a dubhramar beós, neach é baí h-i c-cion, & h-i c-creidemhain, & i n-onóir ag an m-bainrioghain, neach é do-niodh foghail & forghabháil for prouinnsibh iarthair Eorpa a h-ucht na bainríoghna cédna, & ba leis-sidhe ro gabhadh cathair dhaingen diotoghlaighi h-i rioghacht na Spainne gar becc rias an tan sin. Calis ainm na cathrach ishin.

M1598.40

iarla Tuadhmumhan do beith h-i Saxoibh on callainn go chéle an bliadhain-si.

M1598.41

iarla Cille Dara .i. Uilliam, mac Gearoitt, mic Gearoitt do dhol h-i Saxoibh isin earrach.

M1598.42

O Concóbhair Sliccigh Donnchadh mac Cathail Óicc do thocht a Saxoibh isin n-geimhreadh.

M1598.43

As do na daoinibh uaisle do Thuadhmumhain batar i n-imresain fri aroile amhail a dubhramar Tadhcc mac Concobhair mic Donnchaidh Uí Briain ler gabadh droichet Phuirt Croissi, & gion gur bo he-sidhe céttus ro thionnsgain a gabhail for Mairgreig Ciosócc as chuicce do thuit fo deóidh. Ro gabadh lais caislen Cluaine i n-Uibh Caisin, & caislen na Sccairbhe i n-oirther m-Bloid ar thurnaé mheic epscoip na Midhe. Ro badh diobh bheós Concobhar mac Domhnaill mic Mathgamhna, mic Bhriain Uí Briain do ghabhail Bhaile an Chaisléin i c-Cloinn Chuiléin Uachtaraigh ar Mhac Conmara Fhionn, Sean, mac Taidg, mic Con Medha. Ba diobh dna Toirrdhealbhach mac Mathgamhna, mic Toirrdealbhaigh, mic Mathgamhna ó Choill Ó f-Flannchadha


p.2090

lér gabhadh Doire Eoghain ar Sheóirsi Ciosócc, diar bhó duthchasaigh cedus clann Amhlaoibh, mic Cein Uí Shechnasaigh, & do chengail Mathghamhain, mac Toirrdhealbhaigh Buicc Uí Briain le Coill O f-Flannchadha. Ba do na daoinibh uaisle cédna Toirrdhealbhach mac Murchaidh mic Concobhair Uí Briain ó Chathair Mhionain, co n-a brathair Diarmait Ruadh do dhol i c-combáidh choccaidh na n-Gaoídheal. Ro badh díobh trá Tadhg Caoch, mac Toirrdhealbhaigh, mic Briain, mic Donnchaidh, Mec Mathgamhna do ghabhail luinge saxanaighe fa Nodlaicc Mór iar m-beith di for sechrán athaidh fhada rias an tan sin. Aseadh do-rala di go ro gabh port i c-Corca Baiscinn Iartharaighe i c-comhfochraibh Chairrge an Cobhlaigh, Ro-ben Tadg an long co na somhaoín dia foirinn. Nir bó cian iar sin gurbh' ettrom a tarbha do Tadhcc, & gur bhó trom a tóraighecht fair. An Tadhg cedna do ghabhail an Dúin Bhicc baile dia bhailtibh fein baí ag cennaighe ó Luimneach a n-gioll le fiachaibh.


p.2092