AOIS CRIOST, 1597.
Aois Criost, mile, cuicc céd, nochat, a seacht.
Ua Domhnaill Aodh Ruadh, mac Aodha, mic Maghnasa do beith i f-foslongport i m-Breifne Chonnacht fri Sliabh Dá Én anoir on tan ro h-oirccedh sainmhuintir
Dala Uí Concobhair Shliccigh (Donnchadh mac Cathail Óicc) ro tecclamadh slogh lán mhor lais do Ghallaibh & do Ghaoidhelaibh gar becc iar f-feil Brighde do thocht go Slicceach.
O Domhnaill tra baí-sidhe hi c-Calraighe (amhail remebertmar) hi f-foichill fhorra & do-bert ammus for shlogh Uí Chonchobhair ria siú rangatar go Slicceach. Ní ro h-anadh fris-sidhe idir, achtmadh uathadh tarrthas do dheireadh an t-sloigh ag Traigh n-Eothuile, gontar, báitter iad-saidhe. Ro marbhadh ann mac Mheic Uilliam Burc .i. mac Risdeird mac Oiluerais, mic Seain, & drong oile nach airimhther cenmotha-somh. Do-thaed Ua Concobair for c-cúla, & nir bó slán lais a mhenma im thoidhecht an turas sin. Tánaic trá Ua Domhnaill dia thigh, & ro leicc sccaoileadh dia shloighaibh do léccadh a sccísi d'aithle a n-aistir imchein. & ro fhaccaibh a amhsa & a aés tuarustail i c-Cóicceadh Connacht i n-urfhaichill choccaidh Uí Choncobhair & na n-Gall battar lais, & Niall Garbh mac Cuinn, mic an Chalbhaigh Uí Domhnaill i t-toísighecht forra. Ro ghabhsat sein for indreadh & aidhmhilleadh na n-Gaoidheltuath ro eirgettar i c-commbaidh Uí Concobhair & na n-Gall go t-tardsat for c-cúla doridhisi drong mhor dhíbh im Mhac Diarmata Conchobhar toisech Maighe Luircc, & ruccadh ei-sidhe do shaighidh Uí Domhnaill go n-derna a mhuinterus fris an dara fecht, & co t-tarat a riar dó. Do-ronsat
Ceithre bhairille, & secht f-fichit bairille púdair do thecht on m-bainrioghain go h-Ath Cliath h-i mí Márta do shaighidh a muinntire. Iar c-cor an phúdair h-i t-tír ro tairrngedh é co Sráid an Fhíona co m-baoí uile i n-aen-ionadh ar gach taebh don t-sraid, & do-dheachaidh aoibhel teinedh isin b-púdar. Ní fes trá an do nimh, fá a talmain tainic an Splangc h-í-sin, acht cena ro mheabhaidh na bairilledha ina n-aén-breó lasrach & luamhainteinedh an 13 do Mhárta do shonnradh, co ro toccbhadh cúirte cloch, & cumhdaighthe croinn na sráitte da f-fothaibh fulaing, & da b-posdadhaibh congmala is in aér edarbhuas co m-bíodh an t-sail shíothfoda, & an chloch cian tuinighte, & an duine ina éccoscc chorpardha for foluamhain isin aer ós cend an bhaile la tuinnsiumh an tren phúdair conach eidir ríomh, airemh, nó aisneis an ro milleadh do dhaoínibh onórcha, d'aés gacha ceirde, do mhnaibh, do mhaighdenaibh, do clannaibh daoíne uasal ticcedh as gach aird d'Eirinn do denam foghlama don chathraigh. Nir bó damhna eccaoine an ro milleadh d'ór, nó d'airgett, nó do shomaoine saoghalta in aithfecchadh in ro milleadh & in ro mudhaigheadh do daoinibh las an torainnchles sin. Nír bo h-í an t-sráid sin amhain ro d'iothaiccheadh don cur sin, acht an chetraimhe fa n-esa di don chathraigh chedna.
Ua Concobhair Donnchadh mac Cathail Óicc do cengal chairdesa, & carattradh etir a chliamhain (mac Mec Uilliam Burc) .i.Tepoitt na Long mac Risdeird an Iarainn, mic Dáuid, mic Emainn, & gobernoir Choicchidh Connacht .i.Sir Coners Clifort. Iar n-denamh a c-codaigh re 'roile doibh do tharraing Tepoitt an gobernoir & bannadha Choicchidh Connacht i t-Tír Amhalgadha, & h-i rann Mheic Uilliam go ro hathcuiredh, & go ro h-ionnarbadh leo Mac Uilliam (Tepóitt mac Uateir Chiotaigh mic Seain, mic Oiluerais) ass a athardha h-i c-cend Uí Dhomhnaill. Ro lomadh & ro leirsccriosadh leó gach aén fris a m-baoí a rann & a charattradh isin tír dia éis. Ro ghabh an tír don cur sin la Tepoitt na Long & las an
Dala Mheic Uilliam iar t-tocht do-somh co h-airm i m-boí Ó Domhnaill d'acaoine a imnidh fris ro airis ina fhochair co mí medhóin shamhraidh. Do-ghní O Domhnaill iaramh slóiccheadh h-i c-Cóicceadh Connacht do congnamh la Mac Uilliam, & rainic tar Muaidh Ua n-Amhalgadha gan nach n-doghraing. Ní chumhgatar (no caemhnaccatar) an tír frithbeart fris go ro gabh a n-gialla, & a n-aittire, & do-beart-somh na braighde i-shin do Mhac Uilliam, & fáccbhais an crioch fa umhla dó. & fo-s-ráccaibh Rudhraighe Ua Domhnaill a dherbhrathair budheisin tanaisi Ceneoil c-Conaill ina fharradh dia nertadh i n-aghaidh a namhatt go slógh mor dia mhiledhaibh troightheach, & dia amhsoibh amaille friss. Iompaidhis Ua Domhnaill ina fhrithing dia thír.
Ro thionoil Ua Concobhair & Tepoitt na Long slogh mór do Ghallaibh, & do Ghaoidhelaibh iar f-faccbáil na tíre d'Ua Domhnaill do dhioghail a n-aincridhe for Mhac Uilliam & ro ionnarbsat Mac Uilliam an dara feacht, & Rudhraighe don chur sin as in tír ar ni rabhatar-sidhe coimhlion daoine friú. Bá sí comhairle arricht la Rudhraighe & la Mac Uilliam ina m-baoi ina c-comfhocraibh do chrodh & d'innile an tire cona n-aittreabtachaibh, & cona muinnteraibh do chor rempa tar Muaidh Ua n-Amhalgadha, & tré Thír Fhiachrach Mhuaidhe do thocht fo mhámhus Uí Domhnaill go rangattar Sliabh Gamh ria n-adhaigh, & gabhaitt acc asccnamh trias an sliabh fod na h-oidhche.
Imthúsa an ghoibernóra ó ro chuir-siumh Ua Conchobhair, & Tepóitt na Long cona sloghaibh do dhiochur meic Uilliam as an tír, Ro theglaim-sidhe lion a shochraitte for cind Meic Uilliam & Rudhraighe isin conair na ro chumhaingsiot do sheachna no d'iomghabhail. Roptar iad bátar do shaorclandaibh i f-farradh an ghoibernora an tan sin .i. Uillecc mac Riocaird Shaccsanaigh, mic Uillicc na c-Cendh iarla Chloinne Riocaird cona mhac Riocard barún Dúine Coillín ei-sidhe, Donnchadh mac Concobhair, mic Donnchaidh Ui Bhriain iarla Tuadhmumhan, & Murchadh mac Murchaidh mic Diarmata Uí Bhriain barún Innsi Uí Cuinn go
Fiacha mac Aodha mic Seain o Ghlend Mhaoilugra do thuitim iar t-tarraing
Iustis nua do thocht i n-Erinn i t-tosach mís Iun co n-armail & co saighdiuiribh iomdhaibh lais .i. Lord Burough, Tomás a comhainm. Iar n-glacadh an chloidhimh dói-sidhe on iustis baí ann fri ré trí m-bliadhan go sin .i. Sir Uilliam Russel, Ro benadh lais an oifficc do bí ag Sir Iohn Noruis ó na prionnsa dhe .i. generaltacht an choccaidh, & ro gabh fein an oifficc sin fri a ais. Tucc iaramh fóccra d'feraibh Laighen, & Midhe, & don mheid baí umhal don bainrioghain o Chomar Trí n-Uiscce go Dún Dealgan tocht ina dhochom (co líonmhar ler tionoilte an ficetmhadh lá do mí Iul) go Droichet Atha. Ro freccradh na fóccarta sin la h-iarla Cille Dara, la Gallaibh Midhe, & Laighen. Tánaicc tra an iustis gusan lion as lia ro fhéd gusan maighin c-cedna, & iar rochtain i c-cenn aroile do na sloghaibh do asccnatar go Tír Eoghain co rangattar gan toirmescc gan tairisiumh go h-Abhainn Móir, & an ní dob'annamh la h-Ua Neill frith faill iomcoimhetta
Do-dheachaidh an iustis in aroile lo for cnoc bai i c-comhfochraibh don campa do mhidhemhain & do mhoirdhechain an tire ina uirthimcell, & ba ferr dó na t-íosadh idir, uair do marbhadh drong mhor dia deghdaoinibh la h-Ua Neill co
Iar c-criochnucchadh an phuirt nuí sin lasan Iustis ar brú Abhann Moire, & iar t-tabhairt da uídh a dhioth daoine, & ná ro léicceadh dó dol tairis sin isteach isin tír do chuir biadh & bárda isin m-baile, & ro triall fein tocht tar a ais. Do-chóidh cétus don Iubhar, & assaidhe co h-Ath Cliath, & ro sccaoilsiot a shluagh dia t-tighibh.
An tan tra ro triall an iustis gusan sloighedh cédna i t-Tír Eóghain, Ro cuir sgribhenn go gobernoir Choiccidh Connacht dia fhorchongra fair dol gusan lion sluaigh as lia no biadh ina chumang isin c-cend thiar do Coicceadh Uladh for Ua n-Domnaill an c-cein no biadh-somh i t-Tír Eoghain. Nir bo h-eisliseach ro freccradh an fhorcongra sin las in n-gobernóir, uair ro chuir toghairm for iarla Tudhmumhan Donnchadh mac Concobair, & for bharun Innsi Uí Chuinn Murchadh mac Murchaidh, for iarla Cloinne Riocaird Uillecc mac Riocaird Shaxanaigh, & for a mhac Riocard mac Uillicc barún Dúine Coillin. Ro chuir bheos toghairm & tionól for uaislibh Chonntae Maighe Eó, & Rossa Commain cona sochraite. Do fhorail for na maithibh uile tocht ina dhochom go Mainistir na Buille an cethramhadh lá fichet do mí Iul do shonradh, & go m-biadh fein cona bhandadhaibh for a c-cind an dú sin. Tangatar-sidhe uile gus in maighin remraite isin ló cettna. Ba he lion a t-tionoil iar rochtain i c-cenn aroile doibh da brataigh ar fhichit do throighthechaibh, & deich m-bratacha marcshloigh. Ro asccnatar aisidhe go Slicceach, & iaramh go h-Eirne go ro ghabsat longport lionmhar lainmhenmnach
Do eirghettar slogh an ghobernora isin muichdhedhoil ar a barach do dhul tar an abhainn. Bai din iomchoimhéd o Ua n-Domhnaill for gach n-áth for an Éirne. Acht chena fuaratar-somh baoghal for áth n-iomdhoraidh buí fuirre .i. Áth Cúil Uain, & ro chingsiot go diochra dúrcroidheach do shaighidh an átha h-í-shin. Ro ghabhsat na forcoimhedaighe occa n-diubraccadh gan díchell, & acc iomchosnamh an átha friú amhail as deach ro fhedsat. Acht chena ní ro chumaingsiot a chianchosnamh fris in lion sloigh & sochaidhe batar ina n-aghaidh go riacht an gobernoir cona sloghaibh tairis co m-battar don taebh araill. Ar a aoí tra do-rónadh echt adhbhal an lá sin .i. Murchadh mac Murchadha mic Diarmata, mic Murchadha Uí Briain barún Innsi Uí Chuinn. Baí-sidhe allamuigh do na saighdiuiribh for a eoch etorra, & a n-iomdhomhain occa n-imdeghail for bhathadh, & acca m-brostadh tairis. Ba sedh ro chedaigh an chinnemhain dó a amus co h-innell díreach la h-aon do mhuintir Uí Domhnaill d'urchor pilér i scaoileadh a éidedh plata i n-deirc a occsaille co n-dechaidh tremhitt isin deirc araill. Ní ro cuimgedh a anacal go ro edarsccar fri a eoch i fudhomhain an t-srotha go ro baidedh é fo chedóir. Ba h-echt mór eidir Gallaib, & Gaoidhelaibh an t-í torchair annsin, ar airde a inmhe, & ar uaisle a fhola ger bo h-ócc ar aoí n-aoisi ei-sidhe, & gemadh toccbail a chuirp & a adhnacal co h-onórach ro dlecht do dhenamh, ni ro h-anadh fri-sidhe lasan slogh acht rochtain gan oirisiumh go Mainistir Eassa Ruaidh. An 31 do mí Iul do riachtattar an dú sin, & Dia Sathairn ar aoi laithe sechtmaine. Ro ghabsat longport ar gach taobh don mhainistir i muigh, & istigh. Batar h-isuidhe on tan tangatar tar Eirne ria medhón laí Dia Sathairn co madain Dia Luain. Ba isin domhnach sin batar isin mainistir tangatar an loinges ro gheall ina n-diaidh o Ghaillimh i m-baoí a n-ordanas, & a n-gonnadha mora co na storus archena ar dhaigh a n-iomfhulaing an c-cein no-beitis isin c-coiccrich.
Do-bhertsat drong do marcshloigh Ui Domhnaill saighin iomruaicthi for marcsloigh na n-Gall, & nís tá i f-foraithmet no i c-cuimhne in ro gonadh etorra cenmotha Ua Concobhair Sligigh Donnchadh mac Cathail Oig ro gaetta ei-sidhe don chur sin, uair baí-sidhe & O Concobair Ruadh Aodh mac Toirrdhealbhaigh Ruaidh &Tepoitt na Long co líon a sochraitte i f-farradh an ghobhernora an tan sin.
O Domhnaill dna bai-sidhe i t-teirce sloigh, & in uathadh sochaide an Satharn tanaicc an Gobernoir gusan t-tromdháimh sin don tír. Ro bhatar a dhaoíne & a shochraitte acc tecclaim & acc tionol as gach aird ina dochom, go riachtatar a n-urmhor ria midhmedhon Dia Luain. Tánaic din Máguidhir Aodh mac Con Connacht mic Conconnacht & Ó Ruairc Brian Ócc, mac Briain, mic Briain Bhallaigh cona t-tionól ina dhochom, & iar rochtain do na maithibh sin i c-cenn aroile, nír bhó suaimhnech sádhal ro leiccsiot don gobernóir co na sloghaibh, uair ro bai deabhaidh, & diubhraccadh, iomairecc & iombualadh, & iomruaccadh uatha for an c-campa gach laoí fri ré na trí lá ro bhatar-somh ag buanchaithemh an bhaile. No chuirdís slógh Uí Domhnaill ciomhsa an champa chonnachtaigh ina cheirtmedhon, & a las ina leithimel co ná leiccdís ingeltradh dia n-echaibh nó dia n-airneis tar colbha an champa amach & ní mó ro leiccsiot fér, nó arbhar dia saighidh anonn. Ro bai tra an gobernoir co na slogh i t-tennta & in iomchumhga móir de-sidhe, uair gemadh sóadh ro badh lainn leó ní bai ina c-cumhang aén áth coitchenn for an Eirne do shaighidh ó Chaoluiscce
co h-Ath Senaigh. Nír bhó slán las ná maithibh a menma (ger bho hiolardha a sochraitte) ar a t-teccmail i
n-edarbhaoghal amhlaidh sin aga naimhdibh. An tan imorro do-bert an gobernoir, na h-iarladha, & na maithe arcena dia nuídh an guassacht ro mhór i r-rabhatar ro ghabhsat ag crúdh a c-comhairle o tús oidhche dia Cédaoin go dorbhsolus na maidne Dia Dardaín .i. an 15 d'August. Conidh fair deisidh leo fo deóidh isin moichdeadoil ceimniucchadh ar a c-certaghaidh on maighin i m-battar h-i Síth Aodha
gusan leic ainmhín, aggairbh, fhuarsrothaigh, fhudomhain os ur Eassa
Do-choidh an gobernoir co na sloghaibh go Sligech in adhaigh sin, arna mharach go Mainistir na Búille, & an treas lá go tuaith Atha Liacc. Ro sccaoilsiot maithe Connacht dia t-tiribh & dia t-tighibh, & an gobernoir go Baile Atha Luain.
Roptar subaigh soimhenmnaigh Gaoidhil Coiccidh Uladh iar soadh an Iustís a Tír Eóghain gan umhla, gan aittidin, & an gobernóra a Tír Conaill in aén mí amhail ro sccriobamar.
Iar f-faccbhail Tire h-Eoghain don Iustís amhail ro remhráidhsiomar, & iar f-faccbháil bídh, & bárda isin b-port nua sin do thoccaibh se fein ar brú Abhann Moire dó dhechaidh go h-Ath Cliath. Dala Uí Neill co na muintir ní anadh-sidhe co leicc do ló & d'oidhche, gan beith do gres acc téttarractain baoghail gabhála, no gona for an b-port sin, no for an m-bárda báttar ann. In aroile laithe ro ionnsaigh-siumh an baile h-ishin, & ro marbhadh deichnebur ar fhichit dia daoinibh, & ní ro chumhaing ní don baile. O ro fhidir an Iustis a bhárda do bheith ag a mesccbuaidhreadh amhlaidh sin, & a m-beith i t-teircce lóin ro thionóil slogh lánmhor do thocht do chor bhídh & gach n-adhailcce archena isin m-baile. Ar t-tocht don Iustís co na slogh co h-Ardmacha ro gluais-sidhe co marcsloigh an t-sluaigh ina uirthimcell isin c-conair c-coitchinn edh ria na shaighdiuiribh & ria na cóirightibh ar daigh go f-fuicchbheadh drong eiccín do muintir Uí Néill i n-edarbhaoghal. An tan rainicc i c-comhfochraibh Abhann Moire as ann do-rala mogal marcsloígh, & sruitlégadh saighdiuiridhe do mhuintir Uí Neill dó. Ro ferad iomairecc amhnas & iomruaccadh easccairdemhail etorra. Ro marbhadh daoine & ro fáccbhadh eich on Iustis isin n-gleo troid sin. O rangatar a shaighdiuiri do shaighidh an iustis do-chóidh
O Domhnaill dna ba doiligh lais-sidhe an gobernoir & na h-iarladha do thernúdh amhail do érnatar, & ar a aí ní ro ionnsaigh cechtar nae diobh aroile go diúdh foghmair. Ba foda la h-Ua n-Domhnaill báttar Goill Connacht gan ammus forra, & forsan lucht ro eirigh ina c-combaigh, & do-roine a muintearus fris-siumh fechtriamh. Ba dibh-sidhe Ó Concobair Ruadh Aodh mac Toirrdhealbhaigh Ruaidh, baí-siumh aga sccrúdadh cionnas no creachfadh a chrioch. Ba dodhaing do-somh ón indsin, ar ba h-innill aimhreidh an t-ionadh i m-baoí, & ba foccus dó an t-ionadh ina c-cuirfeadh a innili & a mhaoíne archena ar iomghabháil a bhiodhbhadh muna thiosta gan rathucchadh fair. Ro geall O Ruairc do-somh nach leiccfeadh Ó Domhnaill gan fios dia shaighidh gan rabhadh do chor cuicce. Ro thionoil O Domhnaill a shlogh, & do-chóidh i c-Connachtaibh go ro airis fri Glenn Dalláin a n-iardhes, gabais longport h-isuidhe. Iar f-fios sccél dó co m-baí an caratradh sin etir Ua Ruairc & Ó Concobhair, ba sí cealcc do-rad im Ua Ruairc, a thechta do chor dia shaighidh dia tóchuireadh gusan longport i m-boí-siumh. Ro gheall Ua Ruairc [teacht] cuccae ar a bharach, & ní ro shaoil go f-fúicfedh Ua Domhnaill an longport go t-tiosadh-somh ina dhocom. Nír bo h-edh sin do-roine Ua Domhnaill, acht iar c-cor a thechta go h-Ua Ruairc ro fháccaibh a longport iar medhon laí, & ro leicc dar Sliccech budhdhes, & ní ro airis co rainic go Coirrsliabh. Do-ghní iomfhuireach becc ann sin co ro thochaithsiot a muintir ní dia lóintibh, & co ro leiccsiot
Slóiccheadh la Mág Uidhir Aodh, mac Con Connacht, mic Con Connacht, & lá Corbmac mac Firdorcha, mic Cuinn Bhacaigh Uí Néill (ar tarraing Shíl f-Ferghail) go Muilenn Cerr na Midhe go ro chrechsat an tír ina t-timcell, & ro leir scriosadh leó an Muilend Cerr fein, co nár fhaccaibhsiot athmhaoín d'ór, nó d'airget, d'umha, na d'iarann, d'ededh na d'erradhaibh allmurdha, ná d'aoín ní budh éidir d'iomchar no do thiomáin isin m-baile gan a thabhairt leo, & acc tocht doibh tar a n-ais do chuirsiot an baile tre doighir donnruaidh dhercclasrach, & tiaghait iaramh slán dia t-tighibh.
Oilen Buitiler inghen iarla Urmumhan .i. Piarus Ruadh, mac Semais, mic Emainn, mic Risdeird ben an dara iarla do h-oirdneadh ar Thuadhmumhain .i. Donnchadh, mac Concobair mic Toirrdhealbhaigh Uí Briain d'écc.
Muircertach Ulltach mac Seain d' écc i n-Druim na Loiste 10 feb. iarsan nomhadh bliadhain ochtmoghat a aoísi.
Sir Iohn Noruis baí 'na gheneral ar coccadh na bainrioghan isin f-Fraingc, & i n-Erinn do dhol don Mhumhain iar m-buain a oiffici dhe lasan Iustís nua so tainicc i n-Erinn fo dheoidh. Baí-sidhe h-i f-farradh a dherbhrathar Sir Tomas Noruis baí na phresidens uadha-somh isin Mumhain fri ré da bliadhan décc roimhe sin. Ro ghabh galar Sir Iohn go ro écc in oibne i f-foghmar na bliadhna
Emann, mac Uillicc na c-Cend, mic Riocaird, mic Uillicc Cnuic Tuagh o h-Ilighi d'écc h-i Samhradh na bliadhna so.
An Dubháltach mac Tuathail Uí Concobair d'ecc.
Conn, & Diarmaitt da mhac an Dubhaltaigh sin, & mac mhec Diarmata Maighe Luircc .i. Maolruanaidh, mac Briain, mic Ruaidhri, mic Taidhg do dhol fa baile Mhec Dáuid .i. Glinnscci go ro ghabhsat gabhala. Acc filleadh doibh co na c-creich on m-baile rucc mac Meic Dáuidh orra i lúib na Sucae go raeímeadh forra, marbthar lais Conn O Concobhair in aen lámh mharcaigh as luga rob' olc i c-Connachtaibh, & an Maolruanaidh sin mac mhec Diarmata, & drong mór do dhaoinibh uaisle cenmothát. Do-thaéd mac Mheic Dauid dia tigh iar m-buaidh c-cosccair;
Mac Uilliam do thocht dia tír fo shamhain na bliadhna so .i. Tepoitt mac Uáteir Chiotaigh, & a bheith athaidh i n-daingnightibh a dhuithce d'aimhdheoin a easccarat. Na h-Umhaill do chreachadh lais an tan sin, & a dherbhrathair Tomás do mharbhadh i c-Cloinn Mhuiris na m-Brigh don chur chedna.
Sean Ócc mac Riocaird mic Seain an Termainn do mharbhadh ar ionnsaighidh oidhce la cuid do Chloinn n-Domhnaill ar Oilén na n-Enuigedh ar Fionnloch Cerae.
Iar f-fáccbhail bharúin Innsi Uí Chuinn i t-Tír Chonaill amhail a dubhramar, tarla fearann ina sheilbh an tan sin, & i seilbh a shinnsear reimhe ar brú na Sionna don taoibh tall, Port Croisi a comhainm. An tan at-chualatar Burcaigh bhruaicch na Sionna, & Clann Uilliam Aéstri Maighi bás an bharúin, asseadh ro chinnsiot a h-ughdarrás sencairte a sinnsear toirmescc do chor ar shoighniomhaibh
Captin Tirial, Captin Nungent,Caémhánaigh, Síol c-Conchobhair Fhailghigh Síol Mórdha, & Gabhal Raghnaill do beith, acc denamh coccaidh, foghla, & díbeirge moire i l-Laighnibh, & i m-Buitilerchoibh ó Fhel Muire go Nodlaicc Móir na bliadhna so, & as eimhilt a sccriobhadh an ro loitsiot, & in ro millsiot is na tiribh sin fris an ré sin. Ro marbhadh leo dna da bhanna Puirt Laoighisi an sechtmhadh la do Dhecember.
Gobernóir Chairrge Ferghusa & trí bhanna shaighiúir amaille fris do mharbhadh
Clann t-Síthigh .i. Murchadh Baclamhach mac Murchaidh Bailbh, mic Maghnusa méc Sithigh co na dherbrathair Ruaidhri, & Emann, mac Murchaidh Bacaigh, mic Emainn mic Maghnusa mhec Sitigh do bhasucchadh la Gallaibh a los a c-coccaidh, & a n-díbeircce.
Iar n-écc an Iustis .i. Tómas lord Burough isin Iubhar do bhithin a ghon, & iar t-tabhairt choimhéda cloidhimh an righ i n-Erinn don t-soinsiler, & do Sir Roberd Gardiner Iustis beinnsi an righ amhail do raidhemar, ba hé neach dia ro h-ordaiccheadh generalacht coccaidh, & siothcana na h-Erenn d'iarla Urmumhan .i. Tómas, mac Semus, mic Piaruis Ruaidh, conidh aire sin do gabhadh ossadh etir an iarla sin & maithe Choiccidh Uladh. Nír bó cian iar sin go n-deachaidh an general .i. an t-iarla Urmumhan sin, & iarla Tuadhmumhan .i. Donnchadh mac Concobhair i c-Coicceadh Uladh i mí December gar ria Nodlaic, & ro battar fein, O Néill, & O Domhnaill fri ré teóra n-oidhce in aén maighin & iomluadh siodha etir na h-iarladhaibh sin a h-ucht na bainrioghan fri Gaoidhelaibh Leithe Cuinn, & rob' é criochnucchadh a n-dala, sith do dhenamh etir Galloibh & Gaoidhelaibh fá móid na n-iarladh sin go Beltaine ar c-cind. Techta & sccribhenna na n-Gaoidhel rémraitte, fios na n-airteccal & na c-coinghell ar a n-gebhdais sith doibh fein, & da c-comhrann coccaidh in gach airm i m-báttar do chor do shaighidh na bainrioghna go Saxoibh la h-iarla Tuadhmumhan, & gibe sccela do thiucfadh anoir i m-Beltaine imirt abhus dia reir.
O Concobhair Sliccigh Donnchadh mac Cathail Óicc, do dhol i Saxoibh edh becc ria Nodlaic na bliadhna so.
An barun Inse Uí Chuinn tar a t-tangamar, ro guineadh, & ro báidheadh ag tocht don gobernoir, & do na h-iarladhaibh remraite co na sloghaibh tar Éirne, Ro t-óccbadh a chorp lá Corbmac Ua c-Cléirigh Manach do manchaibh Mainistrech Esa Ruaidh, & ro h-adhnaiceadh an corp co n-onóir amhail ro ba techta lais isin mainestir. Ro eirigh esaonta & imreasain eittir braithribh Dúin na n-Gall & na manaigh de-sidhe, & ro fuighillsit na braithre gur bhó ina mainistir féin ro dleacht an corp do adhnacal, ar bá i Mainestir S. Froinseis ina thír badhéin no hadhnaicthi sinnsir an bharúin fri ré fhoda rias an tan sin. Ro bháttar na manaigh accá fhosttadh aca badhéin co n-deachsat na braithri & na manaigh do láthair Uí Domhnaill, & na deisi epscop báttar isin tír Rémann O Gallchubhair epscop Doire, & Niall Ó Baoighill epscop Rathaboth gur ro breithaighsiot na maithe sin an barún Murchadh, mac Murchaidh, Uí Bhriain do adhnacal i Mainestir S. Froinseis i n-Dun na n-Gall. Do-rónadh amhlaidh sin, ar ro tóccbadh an corp i c-cen ráithe na adhnacal i Mainistir Essa Ruaidh gur ro adhnaicset na braithre aca badéin é co n-onóir & go n-airmhittin amhail ro ba díor.
O Concobhair Donn Aodh mac Diarmatta mic Cairpre baoí i l-láimh ag Ua n-Domhnaill fri ré fhoda do légadh (an 4 do December) a geimhel la h-Ua n-Domhnaill iar t-tabhairt a oighrere dhó, & ro n-aidhm árách & rátha fair budhdein im reir Uí Domhnaill do dhénamh tria bithe fo shlanaibh, & fo mhionnaibh Dé & na h-eccailsi, & do-ratt frissin braighde dó fri comhall .i. a dhias mac budein, Mac oidhrechta Uí Bheirn, céd mac Uí Ainlidhe, & oidhre Uí Fhloinn &ca.