Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1594

M1594.0

AOIS CRIOST, 1594.

Aois Criost, mile, cúicc céd, nóchat, acethair.

M1594.1

Mac Mathghamhna .i. tighearna Corc Baiscind Airtheraighi d'écc .i. Tadhcc mac Murchaidh, mic Taidhcc Ruaidh, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, & a mhac .i. Toirrdhelbhach Ruadh do ghabháil a ionaid.

M1594.2

O Súillebháin Béirre Eocchan, mac Diarmata, mic Domhnaill do écc. Ar a aoí ní bhó Ó Suillebháin Beirre é an tan sin gér bhó h-edh riamh, dóigh ro ben mac a dearbhrathar an bhliadhain ria na écc Dún Baoí, & Béirre de .i. Domhnall mac Domhnaill mic Diarmata iar m-breith chomhairle Saxan & comhairle na h-Ereann, & ro gairedh Ó Suillebháin Béirre doDomhnall feissin.

M1594.3

O Dubhda Tíre Fiachrach .i. Dathí, mac Taidhcc Riabhaigh mic Eoghain do mharbhadh lá saighdiúir do mhuintir na bainrioghna i m-baile dia bhailtibh feisin i t-Tír Fhiachrach Muaidhe.

M1594.4

O Heidhin Aodh Buidhe mac Eoghain Mhanntaigh, mic Emainn, mic Floinn do écc.


p.1948

M1594.5

Inghen mheic Uí Bhriain Ara .i.Onora ingen Toirrdhealbhaigh, mic Muirchertaigh, mic Domhnaill mic Taidhcc ben Phiarais mic Emainn an Chalaidh mic Piarais Ruaidh Buitilér d'écc.

M1594.6

Slóiccheadh mór do thionól lás an iustis, & ráinicc gan ráthucchadh tarna críochaibh roptar comhfoiccsi dó gan nach n-iomfhuireach go riacht go h-Inis Ceithlionn, & baoí i f-forbhaisi, & i n-iomsuidhe imon dúnaidh, & geibhitt an sluagh for toghail an mhúir las na h-aidhmibh bá h-adhlaicc leó, & nír sccarsatt ris go ro ghabhsat fo dheóidh, & fáccbhaidh an iustis barda isin m-baile, & do chuaidh dia thigh iaramh.

Mag Uidhir tra ó'd-chuala sidhe an iustis do shoadh for c-culaibh ro thionoil sidhe an líon as lia conranaccair co m-baoí occ iomshuidhe an bhaile cedna, & ro fhaídh teachta do shaighidh Uí Domhnaill Aodh Ruadh dia cuinghidh fair techt dia fhoiridhin. Nír bhó heisledhach ro freacradh indsin lais-siumh óir do chóidh dia shaighidh cona shochraide, & ro gabhsat acc forbaisi for an dún ó thossach iun go medhon august. Ro croitheadh, & ro creachloiscceadh las an sochraitte sin i m-baoí


p.1950

fo smacht Gall i c-Crich Oirghiall & i m-Breifne Uí Raighilligh co t-tardsat a m-bú & a n-innile a lón slóigh dia n-amhsoibh.

M1594.7

Baoí Ó Domhnaill i f-foslongport acc forbhaisi for Inis Ceithlenn ó thosach iun co mí August amhail atrubhramar go t-tairnic a lón do caithemh do bharda an baile acht madh becc. Rangattar teachta do shaighidhUí Domhnaill ó na h-Albanchaibh ro thóchuir-siumh chuicce ria sin dia h-aisneis dó co t- tangattar co Doire, & robtar iatt tangattar an dú sin Domhnall Gorm mac Domhnaill & mac Leóid na h-Ara. Do thaod iaramh Ua Domhnaill dia n-iomfhosttadh co n-uathadh dia shlógh amaille fris, & ro fháccaibh drong mhór ele díbh ag Mág Uidhir do chongnamh lais, & ro fhuráil forra airi-siomh acc iomsuidhe an bhaile.

Iar f-fios scel don iustis (.i. SirUilliam Fitzuilliam) co m-badar barda Innsi Ceithlenn ind easbaidh lóin & bídh ro fhorchongair ar droing mhóir d'fhearaibh Midhe, & ar uaislibh Raghailleach & Biongamach Coiccigh Connacht (.i. im Seoirsi Ócc m-Biongam tocht do breith lóin go h-Inis Cethlenn. Do-cotar na maithe sin iaramh a c-cend a cele a c- coinne an lóin co Cabhán baileUí Raighilligh, & ro gabhadh leó laimh dhes lé Loch Eirne tre Fheraibh Manach go rangattar fó thuairim ceithre mile don bhaile.

O'd-chualaidh Mag Uidhir Aodh dáil an t-slóigh sin do beith gusan m-baile (las na lóintibh remraite) do-choidh-side cona sochraide budhéin, & gusan sochraide ro fhaccaibh O Domhnaill lais, & im Chorbmac mac an bharúin .i dearbrathair an iarla Uí Néill go ro gabhsat airisemh i n-enach erdhalta iomchumang in ro ba dóigh leó a rochtain-siumh dia saighidh. Ro ba torbha an edarnaighe íshin, uair rangattar gan ráthucchadh dóibh badhéin i c-cend muintireMeguidhir ag Bél Atha Sainredhaigh. Ro fighedh iorghal aighthidhe ainttrennda, & sccainder crodha comhnart etorra attiú & anall, co ro sraoíneadh fó deóidh tria nert iombualta lá Mag Uidhir cona shochraide for an lucht n-aile co ro fáccbadh ár cend lais, & ro both occ lenmhain an madhma co cian as an maighen sin. Bá dírimh a t-torcratar do shaorchlandaibh & daorchlandaibh isin iomaireacc sin. Ro fáccbhadh eich, arm, & édala iomdha an dú sin lá taobh na n-each & na c-capall bátar fo a n- eiredhaibh lóin do rochtain co h-Inis Cethlenn. Térnatar sceolanga uaithe


p.1952

d'fearaibh Midhe & do Raghailleachaibh as an c-caithiorghail sin, & ní ro h-anadh leó-sidhe go rangattar go Breifne Uí Raighilligh. Bá sí conair do dheachaidh Seoirsi Ócc Biongam gusan uathadh at-rula lais as an lathair sin tria Lerccain Cloinne Cobthaigh még Samhradháin , tria Breifne Uí Ruairc, & as-sidhe go Sliccech. Ro claochlaídhedh ainm for an ath agá t-tuccadh an mór maidhm sin .i. Bel Ath na m- Briosccadh do gairm de fó dháigh an ro faccbhadh do bhriosccaibh, & do becc bhairgenaibh oca an lá sin.

O't-chualattar aos coimhéda an bhaile sraoíneadh for an slóigh do beartsat an caislén do Mag Uidhir, & do beart-somh maithemh n-anacail dóibh.


p.1954

M1594.8

Tanaicc iustis nua i n- Erinn i mí Iul na bliadhna so. Sir Uilliam Russel a ainm sein. Asseadh ro cinnedh lais gach baile dá m-baoí isseilbh na bainrioghna i n-Erinn lón & lán storús do chor ind daimdheóin i m-baoí ina aghaidh. Ro fóccradh lais d-freaaibh Midhe, Laighen, Mumhan, & Chonnacht toidhecht go líonmhar lérthionoilte ina dhochom co Baile Átha Luain an seiseadh lá décc do mhí September. I n-ecmaing na ree sin tánaicc an iustís amhail ro thingheall go h-Áth Luain, & ro asccna as-saidhe co Ros Comáin.