Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1593

M1593.0

AOIS CRIOST, 1593.

Aois Criost, mile, cuicc ced, nochat, a tri.

M1593.1

O Domhnaill Aodh Ruadh do beith i mí Ianuarii na bliadhna so ina iostadh aireachais badhéin i l-Leithber for ionchaibh a namhat .i. Toirrdhealbhach Luineach mac Neill Conallaigh. Ro gabh ag imirt a eccraitti & a aincridhe fair dia ionnarbadh as a thighearnas, & dia enirtiucchadh ar dáigh Aoda Uí Néill d'óirdneadh ina ionadh. Bá feirde dó-samh an reimhdeiccsi do-róine uair rainicc ticchernas do shaicchidh Aodha Uí Neill, & do-ratt Toirrdhelbhach Luineach aonta & umhla dó imón ainm do ghairm de. Ro gaireadh iaramh O Neill d'Aodh O Neill (.i. an t-iarla), & leiccis Toirrdhealbhach Luineach na Goill ro bhattar lais uadha iar siodhucchadh dhó fri h-Ua Neill & fri h-Ua n-Domhnaill. I mi Maii do shonradh do-rónadh indsin. Ro bhaoí dna Cóicceadh Concobhair mic Nesa fó smachtcháin síodha don dias íshin, & ro bhadar i n-geill, & a n-aitire for c-cumus gombtar fomamaighthe dóibh.

M.1593.2

An Chlann Uilliam sin a dubhramar do thocht isteach i c-cend an gobernóra fó fhéil míchil na bliadhna remhainn ro bhochtaidhsiot na Goill iatt, co nár fagaibh siot a beg dia maoín nó dia mór maithes aca ria m-Belataine na bliadhna so & an mheid na ro díolaithriccheadh dia n-daoínibh, & ná ro básaiccheadh ro gabhsat for sccaoíleadh & for eisredhedh sechnoin Ereann d'iarraidh a m- bethadh.

M1593.3

Eassaénta choccaidh ar n-eirghe etir Sir Seóirsi Bingam ó Baile an Mhóta & Brian na Samthach (.i. Brian Ócc) mac Briain mic Briain, mic Eoghain Uí Ruairc fa Beltaine na bliadhna so. Bá hé adhbhar an imresna cuid do chios na bainrioghna nach frith on m-Breifne ar in b'féil sin.Brian Ó Ruairc dia radha gach cios dá m-baoí gan díol gurab ar an f-ferann baí ina fhásach ro bhaoí, & nár


p.1936

dhligh-siumh cíos d'iarraidh a fásach go m-beith a suidhiucchadh. Sir Seoirsi do chur saighdiuiridhe is in m-Breifne do denamh creiche i n-gioll an chiosa, & as é geall tarla chuca bleachtach Briain Uí Ruairc badhéin. Do-chóidh Brian d'iarraidh a n-aisicc, & nocha n-fhuair idir. Tainic-siumh iaromh dia thír, & ro chuir tionol for amhsoibh & for aos tuarastail i t-Tír Eoghain, i c-Cenel c-Conaill, & i f-Feraibh Manach. Iar rochtain dóibh dia shaighidh ní dearna airisemh do ló no d'oidhche co ráinicc co Baile an Mhótaigh. An tan baoí i c-comhfhoccus an bhaile ro léicc sccaoíleadh dá scceimheltoibh fá dá triocha Cloinne Donnchaidh .i. an Corann, & Tír Oilella. Nír bhó mór don tír sin ná ro aircc don aon ruathar sin. Ro loiscceadh lais bheós an lá sin trí bhaile dhécc ar gach taoíbh do Bhaile an Motaigh, & ro leircreachadh Baile an Mhótaigh fein lais seach gach m-baile. Nír bhó h-ionairimh a n-échta cenmotha mac Cobthaigh Ruaidh mécc Samhradháin ro marbhadh ó Bhrian, Gillibert Graiine duine uasal do mhuintir Sir Seoirsi do mharbhadh on leith n-aile. Ticc mac Uí Ruairc tar a ais co n-airccthibh, & co n-edalaibh iomdha lais dia thír. An céd mhí do samhradh do-ronadh innsin.

M1593.4

Sluaiccheadh lá Máguidhir Aodh mac Con Chonnacht d'iomthnuth ris in slóigh sin Briain Uí Ruairc. As edh ro gabh cetus tre Descert na Brefne laimh clé lé Loch Aillinne, d'Uachtar Ua n-Oilealla, & don Chorann do droichet mainistreach na Buille go Machaire Chonnacht. Ro léicc sccaoíleadh dá scceimheltoibh in urthosach laoí fón tír ina thimchell. IS and tarla don gobernóir .i. Sir Risderd Bingam beith ar cnoc i n-dorus Tuillscci i m-barúntacht Rossa Commain in oidhche sin ag coimhéisteacht fris an tír ina timcheall, & do rala drong do mharcsloigh an gobernora ag cuartucchadh na c-cnoc ar gach taoíbh don tulaigh i m-baoí-siumh, & ní ro ráthaighsiot ní lá dallciach na maidne muiche go t-tarla iad fein, & Mag Uidhir cona marcsluagh aghaidh in aghaidh. Do-radsat marcsluagh an gobernora cúl dóibh, & ro lenadh iad gan choigill lá Mag Uidhir cona mhuintir, & ro bás agá sraoighledh, & agá síorbhualadh co rochtain dóibh gusan c-costtadh & c-comnart airm i m-baoí an gobernóir. Ro filleadh doridhisi ar Mag Uidhir i f-frithing na conaire cédna, & ro bás agá lenmhain go dol dó i n-eidirmedhón a chóirighthedh. O't-connairc an gobernóir co na baoí coimhlíon daoine friú ro fill


p.1938

tar a ais, & térna fein co na m-baoí ina fharradh ón f-foiréiccen sin genmotha Uilliam Clifart(duine uasal dearsccaighthe) go c-cuiccear nó seisear marcach amaille fris do mharbhadh don chur sin. Ro marbhadh don taobh oile Emann Mag Samhradhainpriomhaidh Arda Macha (do-rala co t-eccmhaiseach i f-fochair Még Uidhir & an t-ab Mag Uidhir .i. Cathal mac an abbadh, & Macc Caffraigh Feilim, & Mac a dherbhrathar. An 3 lá do mí Iul ro marbhaitt iadsein, ar aoí tra ní ro lenadh Mág Uidhir ó sin co h-oidhche, & rucc creacha, & tromaircthe an tire, & do-chóidh ón fhoslongport go a cele go cobhsaidh ceim righin co Fearaibh Manach.

M1593.5

Baoí Mag Uidhir, & an Brian Ó Ruairc rémhráite fri ré an t-samhraidh i c-caomhaonta choccaidh & aidhmhillte for Ghallaibh. Baoí bheós Brian mac Aodha Óicc mic Aodha, mic Seain Bhuidhe Még Mathgamhna ó Dhartraighe Oirghiall, & clann Eimhir mic Con Uladh ó Fhernmaigh & Risderd mac Uillicc a Búrc .i. mac Demhain an Chorrain mar an c-cédna for foghail & for díbeircc in acchaidh Gall. Tuccsat


p.1940

na h-Airghialla-si amus for banna saighdiuir baoí i Muineachán go ro marbhadh leó a n-urmhór conadh de sin tainicc proclamation do chor in gach baile mór dá m-baoí in Erinn dia fhoccra na dronga sin a dubramar (co na c-comhaontaibh) do beith ina t-tretuiribh.

M1593.6

Ro fhoccair an iustis iarsin isin f-foghmar ar c-cinn do mhórshluaigheadh na Midhe, Laighen & Leithe Mogha dol i n-Ulltoibh. Ro fhóccair mar an c-cédna gobernoir Chóiccidh Chonnacht sloiccheadh ó Shionainn go Drobhaoís do dhol ina c-coinne go h-Erne. Dala an iustis do-radsaidhe a ionadh fein ar an slóiccheadh sin do mharasccal an iubhair & d'iarla Tíre h-Eoghain .i. Aodh mac Firdhorcha, mic Cuinn Bhacaigh. Ro imtighsiot na slóigh líonmara lánmhóra sin don taobh thoir do Loch Erne o Charn Mór Slebhe Betha go h-Es Ruaidh. Nír bhó laind lá h-iarla Tíre h-Eoghain tocht for an t-slóiccheadh sin, ara aoí ro bhaoí d'uamhan na n-Gall fair gur bhó h-eiccen dó a riar do ghníomh.

O'd-chuala Aodh Mhág Uidhir toichestal an t-slóigh lánmhoir sin dia shaighidh ro chuir a chrodh & a cethra etir bhú & innili i c-Cenel c-Conaill for a n-iomghabhail. Baoí fein gusan uathadh slóigh tarrustair ina fharradh dia thír fein & d'amhsaibh a tíribh ele don taoíbh thiar do loch acc Inis Cethlionn for cionn na n-Gall co ná léicceadh tairis iatt an dú sin, & ro ghabsat iaramh laimh cli fris an loch (amhail remhebertmar) go rangattar ath oirdheirc fil for an Eirne .i. Ath Chúluain. An c-cein báttar-somh acc tocht an dú sin ro buí Mag Uidhir cona shochraitte ag coimhimtheacht friú don taoíbh tiar do loch go rainicc gusan ath chédna don taoíbh araill. Ro ionnsaighsiot iaramh an slógh Gall an t-áth, & ro bhaoí Mag Uidhir agá cosnamh friú feibh a chumhaing. Ar a aoí tra ro fíoradh an senfhocal .i. luighidh iolar ar uathadh uair rob' eiccen an t-áth do leiccen do na Gallaibh, & ro sraoíneadh for Mhag Uidhir, & ro marbhadh sochaidhe dia muintir. Ro gonadh iarla Tíre h-Eoghain don chur sin.


p.1942

M1593.6

Tánaicc gobernoir Chóiccidh Chonnacht, & iarla Tuadhmumhan Donnchadh mac Concobhair mic Donnchaidh Uí Bhriain ina c-coinne don taoíbh ele don Erne, & ní


p.1944

dhergénsat nach ní idir acht an gobernoir go n-eirghe amach Cóiccidh Chonnacht do shóadh go Mainistir na Buille & a bheith ré h-athaidh annsin ag creachadh Muintire h-Eólais & Iarthair Fhermanach. Ro sccaoílsiot fir Chonnacht dia t-tigib as a h-aithle. Do dheachaidh iarla Tíre h-Eoghain & an marasccál dia t-tighibh iar milleadh moráin i f-Feraibh Manach. Ro fháccaibhsiot bandaighe isin tír ag congnamh la Concobhar Ócc mac Conchobhair Ruaidh Meg Uidhir baoí in eccraitter ré Mág Uidhir. Bá nemhsóinmhech esaontadhach ro bás ó Clochar mac n-Daimhene i t-Tir Eocchain go Ráith Cruachain i c-Connachtaibh & ó Thráigh Eothuile go Breifne Uí Raighilligh an tan sin.

M1593.7

Mág Carthaigh Riabhach .i. Eoghan mac Domhnaill mic Finghin tighearna Cairpreach do écc, fer ceilligh craibhdhech ro ba maith enech, & oirbert e-sidhe, & Domhnall mac Corbmaic na h-Aoíne do ghabhail a ionaidh.

M1593.8

Maire inghean Corbmaic Óicc mic Chorbmaic, mic Taidhcc Meg Carthaigh ben Uí Suillebháin Moir do écc.

M1593.9

Muirchertach mac Conchobhair, mic Toirdhealbhaigh Uí Bhriain ó Dhruim Laighen


p.1946

d'écc, & a adhnacal ina bhaile fein .i. i n-Druim Laigen, & a mhac Conchobhar do ghabháil a ionaidh.

M1593.10

Muirchertach mac Domhnaill, mic Conchobhair Uí Bhriain ó Thulcha d'écc.

M1593.11

Tadhcc mac Uilliam mic Taidhcc Dhuibh Uí Cheallaigh ón Chaladh i c-crich Ua Maine d'écc, & ro ba do mhóirsccélaibh Ó Maine an t-í tesda ann sin.

M1593.12

Duibhidhir Choille na Manach .i. Pilip mac Uaithne d'écc, & a mhac Diarmait do ghabháil a ionaid.

M1593.13

Mairghrécc inghen Uí Bhaoighill (Toirrdhealbhach) d'écc.