Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1592

M1592.0

AOIS CRIOST, 1592. Aois Criost, mile, cuicc céd, nochat, a dó.

M1592.1

O Conchobhair Ruadh Tadhcc Ócc mac Taidhcc Bhuidhe, mic Cathail Ruaidh do chrochadh ar Session Rosa Comain i mí Ianuarii tria ciontaibh a chloinne báttar for foghail & for dibeircc i n-acchaidh corona Saxan, & as amhlaidh baoí-siomh an tan sin arsaidh anffand, dí-radhairc ge do fuair a oidheadh amhlaidh sin.

M1592.2

Mac Diarmada Maighe Luircc Brian mac Ruaidhri mic Taidhcc mic Diarmada d'écc i mí Nouember, & ro ba móide d'adhbhar éccaoine écc an fhir sin gan a chosmailes do beith do Chloinn Maol Ruanaidh do ghébhadh cendus dia eisi.

M1592.3

Mac Conmara Riabhach tighearna an taoíbhe toir do Cloinn Cuiléin .i. Domhnall


p.1910

Riabhach mac Con Medha, mic Donnchaidh, mic Ruaidhri, mic Meccon Chennmhóir d'écc i 11 Februarii. Fear caithmheach conghaireach, dearlaicthech, daonnachtach ei-sidhe.

M1592.4

Duine uasal do Shiol Aodha d'écc isin mí chédna .i. Sean na n-Geimhleach mac Con Mara mic Mathghamhna, mic Aodha.

M1592.5

Mór inghen Donnchaidh, mic Seain, mic Maol Ruanaidh na Fésóicce mic Taidhcc Uí Cerbhaill, ben Mheic Uí Bhriain Ara do écc, ben ro chaith a h-aimsir co maith, & do faccaibh an saoghal gan athais gan imdhearccadh.

M1592.6

Caitilín inghen Domhnaill, mic Fingin, mic Diarmada an Dúnaidh Még Carthaigh ben Taidhcc mic Corbmaic Óicc, mic Corbmaic, mic Taidhcc Még Carthaig, ben cheilligh, craibdeach dercach, deigh-einigh do écc iar m-buaidh ó dhemhan, ó dhomhan, & ó daoinibh.

M1592.7

Mac Uí Mheachair Sean an Ghlenda mac Tomais d'écc.

M1592.8

Burcaigh rainn Mec Uilliam uile cona lucht lenamhna do dhol ar a c-coimhétt & iar f-fios sccél don gobernóirSir Risderd Bingam do-chóidh i c-Conntaé Maighe Eó go m-báttar bailte an tire slán & bhriste ar a chumas .i. Dún na


p.1912

Móna, Cúil na c-Caisiol, an Ghaoisítteach, & an Cluainin. Tuccsat Búrcaigh ionnsaighid ar an n-gobernóir co Cúil na c-Caisiol, & ro badh dioghbhálaighi iad fein ag filleadh dóibh iná an gobernóir. Ro chuir an gobernóir iarsin fedhnacha troma do buanadhaibh Gallda & Gaoidhealcha d'iarraidh na m-Búrcach sin báttar for díbheircc & for foghail fó chendaibh cnoc cendgharbh, & choilltibh n-dosach n-dlúithaimhréidh. Nír bhó cian ro bháttar foran iarraidh sin an tan ro shuidhsiot gusan n-gobernóir go líon creach & gabhál, go m-braighdibh ban & fer, co m-buaibh, & co c-caiplibh iomdhaibh. Tangatar Búrcaigh iar sin fo breith an gobernora acht mac Demhain an Chorráin .i. Risderd mac Riocaird. Ro shealbhaigh an gobernóir bailte an tíre dho fein a h-ughdarrás an phrionnsa, & ro fhaccaibh Seón Binggam, & bandadha uadha fein agá n-iomchoimhétt.

M1592.9

Aodh Ruadh mac Aodha, mic Maghnusa Uí Dhomhnaill baí sidhe i c-carcair, & i c-cuimreach i n-Áth Cliath iarsan c-cédna h-éludh go geimhredh na bliadhna so. A m-báttar ann i n-urthosach oidhche (eissiumh & a aes cumtha .i. clann Uí Neill .i. Sean Enri & Art) fuarattar ell forsna coimhédaighibh riasiú do-rata isin b-proinntigh go ro bhensatt a n-geimhle dhíobh. Do-chóttar iaromh gusan f-fiailteach, & téd réfedh síothfoda leó co ro leiccit síos lasna suainemnaibh trias an f-fiailtigh co riachtattar an c-calsaigh comdomhain baí i t-timchell an caisteoil.


p.1914

Ro dringset iaramh fris an m-bruach alltarach go m-báttar for ur na clasach. Baoí giolla tairisi ag tathaighidhe chuca & uadhaibh, & ro leiccsiot a rún fris, & do-rala chuca an tan sin é co m-baoí ag dénamh eolais dóibh. Lottar

p.1916

iaramh tré sraidibh na cathrach i t-trécumasc cáich, & ní thard neach dia uídh iad acht amhail gach n-aon aile uair ní ro ansat lucht an bhaile do thathaighidh an tan sin, & roptar óbhéla oslaicthe doirsi na cathrach. Rangattar iaramh tré gach n-iomdhoraid & tré gach n-aimhréidh go ruachtattar for reidh an Ruaidhsleibhe triasa n-deachaidh Aodh isin chéd elúdh. Ro edarsccar dorchata na h-oidhche & tindenus an teichidh (ar uamhan a t-tograma) an t-í bá sine díobh friú .i. Enri O Néill. Aodh ba sóamh díobh ar aoí n-aoisi gion gur bhó hé ar aoí n-oirbertais. Nír bó faoíligh iad-somh tré edarsccaradh Enri friú, ar a aoi ro gabhsat ag asccnamh rempa, & a f-fer muintire acc denamh eólais dóibh. Baí an adhaigh ag snidhe sneachta gu nár bó sodhaing dóibh-siumh a siubhal uair bádar gan édach gan fhorbhruta iar f-fágbháil a n-uachtairearraidh isin f-fiailtigh trés a t-tangattar. Bá moa ro ineirtnigheadh Art frisan dianastar ina Aodh, uair bá cian fhoda ó ro cuimrigheadh essidhe, & do-chóidh i t-troma anbhóill tré fhod a chomhnaidhe isin c-carcair i m-baoí. Nír bhó h-amhlaidh sin d'Aodh, ní rainicc tar aoís macdachta, & ní ro anastair d'fás no d'ionfhorbairt an ionbaidh sin, & bá h-uttmall esccaidh a cheimim & a imtheacht. O ro airigh-siumh Art agá enirtiucchadh & aidhleiscce & ionmoille a cheime ro fhurail fair a lamh do chor for a ghualainn badein, & an lamh aile for gualainn an ghille. Tiaghaid ass amhlaidh sin go rangattar tar an Sliabh Ruadh. Robdar scíthigh toirsigh iaramh, & ní ro fhédsat Art leó ní ba sia, & ó na ro chumaingsiot a bhreith leó do-ronsat airisemh & comhnaidhe i f-foscadh allbruaich iomard baoí for a c-cionn. Iar n-anmain dóibh ann-saidhe ro chuirsiot an giolla uadhaibh lá sgélaibh go Glend Mhaoílughra airm i raibhe Fiacha mac Aodha baoí i néccrattas fri Gallaibh. Glend daingen diothoghlaighi esidhe, & no gnáthaighdís drong mhór do ghiallaibh Atha

p.1918

Cliath
an tan do elaittís ass dol gusan n-glend íshin ar bá h-innill leó beith annsaidhe c-co t-tiagdais dia t-tír. O Rainic an giolla gusan maighin i m-baoí Fiacha at-féd a scéla dhó, & amhail ro fáccaibh na h-ócca ro ela as an c-cathraigh, & nach bérthaoi i m-bethaidh forra muna thíosta dia c-cobhair attraitte. Ro fhorchongair Fiacha fó chédoir for druing dia aos gradha (do neoch robdar tairisi lais dibh) dol dia saighidh, & fer fó biúdh & fear aile fó lionn & cormaim leó. Do-rónadh fair-siumh indsin, & rangattar bail i m-battar na fiora. Monuar nír bhó soinmheach sadhal báttar-somh for a c-cionn, uair as iad robdar édghadha dia c-corpaibh aineachtair colbhadha ciumhaisgheala cloichsneachta acc reódh dá gach leth impa, & acc iomuaim a n-ionar n-uiréttrom, & a sreabhannleintibh snáthchaol fri a c-cnesaibh, & a nassan imleabhar, & a n-iallachrann fri a n-oircnibh, & troightibh gur bhó samhalta lasna fiora dus fainic nár bhó daoíne itir iat iar ná n-iomfholach isin sneachta uair ní fhuairsiot bedhgadh ina m-ballaibh acht amhail batís mairbh. Ro tógbhadh leó iad as a lighe, & ro fhurailsiot forra ní don bhiadh & don lionn do thochaithemh, & ní frith uadhaibh idir uair gach deoch nó eabhdais nó telgdís gan fhuireach, conadh ann sin at-bath Art fó dheóidh, & ro h-adhnacht an dú sin. Dála Aodha ro chongaibh sidhe iar sin an chormaim, & ro battar a bhríogha for forbairt iarná h-ól acht a dhi chois namá, uair as amhlaidh battair-sidhe ina m-ballaibh marbha gan mothucchadh iar n-at & ionbholgadh risan reódh & risan sneachta. Ro chuirsiot na fir for iomchar eissiumh gusan n-glionn ad-rubramar, & baí i t-tigh deirrit i n-diamhair an dlúithfhedha agá leighes go t-táinicc teachta go dícelta dia fios scél ó a chliamhain an t-iarla Ó Neill. Ro triall-somh imteacht iarsin iar m-breith don teachta fair. Bá doiligh dó-somh dol isin turas sin uair ní ro fédadh leighes dia troighthibh gur bhó

p.1920

h-eigen dó neoch ele a thurgbháil for a eoch, & a ghabháil etir a dibh lamhaibh doridhisi an tan no tharbhlaingedh. Ro cuir Fiacha dírim marcach isin adhaigh lais go rainic tar Abhainn Life dia imdeghail forna celccaibh batar fó a erchomhair, uair do-chualattar Goill Atha Cliath go raibhe Aodh i n-Glionn Mhaoíl Ughra, conadh aire sin ro chuirsiot lucht coimhéda for áthaibh édoimhne na h-abhann coná raghadh Aodh, & na braighde ro éla amaille fris thairsibh i c-Cóicceadh Uladh. Bá h-eiccen do na h-óccaibh bátar i f-farradh Aodha gabhail a b-foccus do Chathraigh Duibhlinne tar ath n-doraidh n-iomdhomhain baí for Abhainn Life co rangadar gan fhorcloisteacht dona Gallaibh co m-báttar for faithche an dúine. Ro bhaí an lucht las ro trécceadh-somh feacht riamh (iarsan c-cédna h-éludh .i. Felim Ó Tuathail cona bhrathair) i t-tréchumascc an díorma agá threórucchadh gusan dú sin, & ro chengailsiot a c-codach & a c-cairdes re aroile. Tiomnait celeabhradh dho, & fáccbhaid bendachtain occa, & sgarait fris annsin.

Dala Aodha Uí Domhnaill ní bhaí ina fhochair acht an t-aon ócclaoch do dheochaidh for a iarair isin n-glionn oirdearc do mhuintir Aodha Uí Neill, & nó labhradh tenga na t-tuath n-echtrann, & nó bhíodh do ghrés i f-fochair an iarla (.i. Aodh O Neill) an tan nó teighedh i mescc Gall gur bhó h-eólach, & gur bhó dána in gach conair baoí for a chionn. Lotar iaramh for a n-díbh n-eachaibh ána udmalla for ródaibh raoín n-dírghe na Midhe co rangattar for brú na Bóinne ria madain edh goirid ó Droichet Atha siar, & robtar omhnaigh im ghabhail gusan c-cathraigh íshin conadh é ní do-rónsat gabháil lá h-ur na h-abhann go h-airm i m-bíodh iasccaire dínnimh dearóil, & arthrach becc occa ré h-iomlochtadh. Do-chóidh Aodh isin c-curach co ro fháccaibh an t-iomarchorthaigh é forsan m-bruach alltarach iar t-tabhairt a lán loíghe dó. Ticc fer muinntire Aodha ina frithing, & gabhaidh lasna h-eocha trés an c-cathraigh, & do-bert go h-Aodh iad don taobh araill don abhainn. Tiaghait for a n-eachaibh, & lottar co m-bádar dá mhíle ón abainn. Ad-chiad doire dosach dioghainn for a c-cionn an chonair ro ghabhsat, & dúnchladh dímhór ina thimchell amhail bidh lubhgort foiriata. Ro baí dúnárus airdhirc lá h-ócclach n-aireghdha


p.1922

dona Gallaibh lá taobh an doire, & bá dearbchara d'Aodh Ó Néill ei-sidhe. Iar t-tocht dóibh gusan dúncladh scuiritt a n-eich, & tiaghaitt isteach isin doire baoí isin dúnchladh uair ro badh fír-éolach caoímhtechtaidh Aodha isin maighin sin. Iar f-fagbhail Aodha h-isuidhe luidh-siumh isin dúnadh, & fó-gheibh a fhiadhucchadh, fuair-siumh aireccal deirrit d'Aodh Ó Dhomhnaill, & do-bert lais é go ro frestladh & co ro frioththáileadh amhail bá lainn leis. Ro ansat h-isuidhe co ar a bharach d'adhaigh Ro gabhadh a n-eich dóibh i n-urthosach oidhche, & lotar tar Sliabh Bregh, & tré Machaire Conaill co rangattar co Traighbaile mic Buain ria madain. O robdar erslaicthe doirsi an bhaile isin madain muich assedh ro chinnset gabhail tremhit go rangatar ina reimim for a n-eachaibh go riachtatar don taobh araill. Robtar subhaigh forffaoíligh ar aba a t-térnuídh tar gach m-baoghal dá m-baoí rempa gó sin. Assedh do-chottar iaramh gusan f-Fiodh airm i m-baoí Toirrdhealbhach, mac Enri, mic Felim Ruaidh í Néill, do léiccen a sccísi. Bá h-innill dóibh ann saidhe uair bá cara & bá coiccéle dó-somh an tí Toirrdhealbhach, & ba h-ionann mathair dó-sidhe, & don iarla Ó Neill. Airissit and-saidhe co ar a bharach. Do-dheachattar iaramh tré Sliabh Fuaitt co rangattar go h-Ard Macha, anait ann co dícealta in adhaigh sin. Tiaghait ar a bharach co Dún n-Genainn airm i m-baoí an t-iarla Aodh Ó Néill. Bá faoíligh ei-ssiumh dia t-toidheacht, & ruccadh iad i n-aireccal uaigneach gan fhios dá gach aon acht madh uathadh dia aos tairisi

p.1924

batar ocá f-fritháilemh, & baoí Aodh an dú sin ré cetheóra n-oidhche ag cur scísi a aisttir & a imnigh de. Do-bert iaromh lámh for imtheacht, & ceileabhrais don iarla iar c-cor dírime marcach lais go rainicc co h-airer Locha h-Érne.

M1592.10

Ba cara dó-somh triath an tíre, & bá brathair a r-rainn a mathar .i. Aodh Mag Uidhir uair bá hí Nuala ingen Maghnusa Uí Domhnaill a mhathair. Ro ba faoíligh Mág Uidhir remhe-siumh. Tuccadh iaramh ethar dia shaighidh & teid inn. Imraisset as iar sodhain co rangatar gusan c-caol c-cumang baoí forsan loch co ro gabsat port an dú sin. Do-chóttar drong dia shain muintir ina comhdhail annsin, & do-bertsat leó é co Caislén Atha Senaigh airm i m-báttar barda Uí Domhnaill a athar-somh. Baí and-saidhe co t-tangattar a m-baoí ina c-comhfhochraibh isin tír dia saighidh dia fhiadhucchadh. Robtar faoíligh a shain-muintir fri damhna na flatha du-s-fainicc, & gé ro dlighset sain-sherc dhó ar aoí a cheneóil. Ro bhaoí damhna nár bho luccha acca dia f-forbháilte fris, uair as amhlaidh baoí an tír ina ceide creach etir Ghallaibh, & Gaoidhelaibh gó sin. Ro bhattar tra dá chaiptín airdheirce .i. Captin Uulis & Captin Conaill go n-díbh cédaibh laoch amaille friú (tangattar athaidh riasan tan sa a Cóicceadh Connacht) acc ionnradh & acc orccain an tíre co coitcheann co m-baoí ó shliabh anoir i t-Tír Conuill ar a c-cumas cenmota caistiall Atha Senaigh, & caistiall Dúin na n-Gall airm i m-baoí Ó Domhnaill go n-uathadh daoíne ina fhochair. Ar a aoí ní ro fhédsat ní dhó, & ní bhaoí cumhang occa gabhail friú im aidhmhilleadh na criche. Ba h-ann ro gabhsatt na Goill íshin ionatacht & aittrebh i Mainistir na m-Brathar i n-Dun na n-Gall iar n-dol dia h-urd & dia macaibh eccailsi fó dhiamhraibh, & fo droibhelaibh an tíre ar a n-iomhghabhail-siumh d'uamhan a mudhaighthe & a mí-imberta. Iar m-beith athaidh isin mainistir dóibh gusan uathadh sluaigh at-rubhramar, do


p.1926

dheachattar drong díobh co h-eochair imlibh an chuain dí mhile ceimenn ó Dhún na n-Gall siar go Baile Uí Bhaoighill óir bá h-innill leó beith isuidhe ó ro bháttar braighde na criche for a c-cumas. Nó teighdis ina n-deisibh & ina t-triaraibh co m-beirdís cródh & cethra, ionnmasa & edala in ro ba comhfochraibh dóibh don tír dia saighidh don bhaile íshin. Battar do ghrés acc tóchuiredh fuillidh slóigh & sochaidhe chuca do dhol tar Bernas Mór d'ingreim & d'arccain na tíre don taobh thoir do shliabh amhail do-rónsat airm i m-battar.

M1592.11

Imthusa Aodha Uí Domhnaill iar t-togairm a thíre chucca, ní ro an friú go léicc (ó ro chuala an mhórbhroid i m-battar Cenél c-Conaill, milleadh & mí-dhiach na mainistrech) acht assedh do-róine toidhecht go Dún na n-Gall eineach i n-ionchaibh frisna Gallaibh. Ní tardsat an tír ei-ssiomh i f-faill gan tocht fó a thoghairm ina n-eisibh & ina m-buidhnibh amhail as deine conrangattar do neoch ro charsat hé lá sodhain ro lá-somh a theachta ar amus na n-Gall dia rádha riú gan iomfhuireach nó easnádhadh isin eglais dia h-aidhmilleadh ní bá síre, & nach t-toirmesccfadh impa techt an chonair badh lainn leó, acht namá co ro fháccbaidis dia n-eis ina m-baoí do bhroid, & do chrodh na criche leó. Ro bhaoí d'uamhan & d'imeaccla forra-somh co n-dearnsatt indsin amhail ro fhorchongraidh forra, & robdar buidhigh do rochtain a n-anmann leó, & lottar for a c-cúlaibh doridhisi i c-Cóicceadh Chonnacht. Tangattar na braithri iaramh don mhainistir.

M1592.12

Do-chuaidh Aodh Ó Domhnaill go h-Áth Senaigh i f-frithissi, & do-bert legha do leighes a chos, & ní ro fhédsat leighes dó co ro dheilighsiot a dhí ordain fris, & nír bhó h-óghslán go diuidh m-bliadhna. Baoí-siumh amhlaidh sin i n-othairlighe a chos ó fhél Brighde go mí april. O do-deachaidh adhuaire na h-aimsire errchaidhe for c-cúla bá foda lais ro bhoí ina othairlighe & ro chuir tarcclamadh & tionól for a m-baoí umhal dia athair alla thoir don t-sliabh oirdearc .i. Bernas Mór Tíre h-Aodha, & ro thionóil chuicce a m-baoí alla thiar don t-sliabh chédna .i. Ó Baoighill, &


p.1928

Mac Suibhne Thíre Bóghaine. Tánaic bheós dia comhmóradh Ó Domhnaill a athair .i. Aodh mac Maghnusa, mic Aodha Duibh cona commaim amaille fris .i. inghen t-Semais Mec Domhnaill a mathair-siomh. Bá sé ionadh erdalta in ro dhalsat na maithe-sin re aroile hi c-Cill Mic Nénáin, & bá h-and nó h-oirdnighthe Ua Domhnaill do ghrés i t-tighearnas for Chenel c-Conaill. Rainicc-siumh gusan líon c-cédna an dú sin. Tánaic ind aires Aodha Uí Domhnaill gusan maighin sin, Mac Suibhne Fánat Domhnall mac Toirrdhealbhaigh, mic Ruaidhri, & Mac Suibhne na t-Tuath Eoghan Ócc mac Eoghain Óicc mic Eoghain. Báttar dronga dearmhara do Chenel c-Conaill ná tánaicc isin c-comhdhail sin. Ro ba dibh-sidhe Aodh mac Aodha Duibh mic Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, & sliocht an Chalbhaigh mic Maghnusa mic Aodha Duibh, Ua Dochartaigh Sean Ócc mac Seain, mic Feilim mic Conchobhair Charraigh toíseach Triochait Chétt Innsi h-Eocchain, & drong do Cloinn t-Suibhne do dheachaidh as a t-tír, conidh and ro aittreabhsat for ur Locha Feabhail, & as iad robtar toisigh iomgona don Calbhach Ua Domhnaill, & dia shiol ina dedhaigh. Báttar bheós drong mhór don Muintir Ghallchubhair gan thecht ann sin tria mhioscais & tria mhíorún amhail an lucht n-aile.

M1592.13

Do-chóidh iaramh Ua Domhnaill Aodh mac Maghnusa & na maithe sin tangatar dia shaighidh do chrúdh a c-comhairle, & bá sedh ro cinnedh lá h-Ua n-Domhnaill (ó ro airighestair a enirte & aidhbhle a aoíse) a thighernas do thabhairt dia mhac, & Ó Domhnaill do ghairm de. Ro mholsat cách i c-coitchinne an chomhairle ishin, & ro gnithe samhlaidh, uair do radadh Ó Firghil an t-airchindeach dia saighidh, & ro oirdnestair-sidhe Aodh Ruadh i c-cendus na criche lá forcongra, & lá bendacht a athar, & do-róine órd an anma feibh ro ba téchta, & ro ghair Ua Domhnaill de an .3. lá do Maii.

Ni ro léicc Ó Domhnaill Aodh Ruadh sccaoileadh don uathadh sochraide sin do-rala ina fharradh co rainicc etir throighthech & marcach isin c-coiccrich i c-Cenél Eoghain mic Neill. Ní dheachaidh tra raibhthe, na reimfios dia saighidh, ar ni ro shaoílsiot a eirghe-siumh ineallmha as in lighe ina m-baoí, & ní móa do-radsat


p.1930

dia n-uídh teichemh ria c-Cenel c-Conaill ó cein mhair. Ro creach loiscceadh in ro ba coimhnesa doibh do Cenel Eoghain lasan uathadh slóigh sin gontar airlightear gach aon rob' inéchta ar a ruccsat. Tarthatar an sluagh edala iomdha etir cethraibh & indilibh, & soait for c-cúlaibh dia c-crich budhéin.

M1592.14

Bá h-antt baoí dún-arus Uí Néill Toirrdelbaigh Luinigh ar an Srath m-Bán in ionbaidh sin, & níor bhó gnáth airi-siomh Uí Néill riamh h-isuidhe gusan t-Toirrdhealbhach íshin. Bá mhór a mhiofholta-somh fri Cenel c-Conaill, & fri cliamhain Uí Domhnaill .i. an t-iarla Ó Neill. Ro tharraing Ua Neill drong do Ghallaibh Duiblinne dia nertadh i n-achcaidh Cenel c-Conaill & an iarla Uí Neill .i. captin Uulas, & captin Fulart go n-díbh cédaibh laoch amaille friú. Bá galar menman lá h-Ua n-Domhnaill Ócc Goill Duibhlinne do thocht i n-or a chriche do taischéladh a athardha, & an chuiccidh archena conadh aire do-róine slóiccheadh lais a c-cionn t-seachtmuine i t-Tír Eoghain. Ro theichsiot lucht an tíre an dala feacht riamh go rangattar Ciannachta Glinne Geimhin. At-cuas do-somh co m-buí Ó Neill & na Goill remhráite co líon a sochraide ina comhfhochraibh, for fhorcongart Ó Domhnaill for a shochraide a n-ionnsaicchidh airm i m-báttar. Do-rónadh fair-siumh indsin. Do-bhert fuabairt biodhbhadh & amus amhnas forra hi midhmedhón laoí. O'd-conncatarsaidhe Cenel c-Conaill chuca ní ro ansat friú acht tiaghait for a n-iomghabháil co caislén baí for brú na h-abhann dianidh ainm Roa. Ba daingean díthoghlaighe an caistiall íshin, & bá dún aras d'Ua Catháin ei-sidhe. Ro gabh Ua Domhnaill acc iomsuidhe imon m-baile. Ro fhaoídh Ua Catháin a theachta do shaighidh Uí Dhomhnaill, & sccribhend lais chuicce, bá h-edh baoí isin litir gur bhó dalta dó-somh Ó Domhnaill, & co ro ernaidhm a charadradh rís ó chéin, & ro ba téchta dhó fó dáigh an charattradh íshin an c-creich táinicc for a ionchaibh & for a


p.1932

chomairce do leccadh dhó an tan sin, & nách léiccfeadh chuicce doridhisi dia m-beith-siumh ina dhiaidh. Do-rad Ó Domhnaill an aisccidh sin dó, & soais ina fhrithing, & ro airis co cend teóra n-oidhche cona laibh is in c-crich as a n- deachattar na creacha dia t-tard comairce aga lot & accá láinmhilleadh. Soais tar a ais dia thír feisin, & ní ro, airis co rainicc Dún na n-Gall, & baí ann-saidhe fri ré dá míos aca leighes.

Ro ba fada lais-siumh baoí Ó Neill & a Ghoill gan fobairt fris an ré sin, & ro chuir tionol for a shloghaibh lotar ass iaromh tar Bernas Mór, tar Finn tar Modhairn do dhol gusan Srath m-Bán airm i m-baoí Ó Neill cona Ghallaibh, & ní ro ansat go rangattar eneach in ionchaibh friú. O Neill tra ní ro fháccaib-sidhe náid a Ghoill daingen an dúnaidh dia f-fobairt-siomh, o na fuarattar-somh a f-freaccra im chaithiorghail, bássedh do-ronsat teinnte & tendala d-adhannadh i c-cetheóra arda an bhaile, & ní ro scarsat fris co ros loiscsiot i m-baoí do tighibh fri múraibh seachtair, & ó na fuarattar na Goill amach do tharrachtain na h-oirccne do chóttar dia t-tighibh iar c-cosccar.

M1592.15

Imthusa an iarla Uí Neill ó ro fhidir-sidhe ainchridhe a cheneoil badhéin d'Ua Dhomhnaill (Aodh Ruadh) assedh do róine dol do shaighidh an iustis .i.Uilliam Fitzuilliam & protexion d'faghbháil d'Ua Dhomhnaill tocht do lathair, & dia accallaimh co Traighbhaile mic Buain. Fuair-siumh idir indsin & do chóidh ar cend Uí Domhnaill go Dún na n-Gall, & ruc lais é co Traigh Baile. Do chóttar díbhlínibh do shaighidh an iustis, & bá faoíligh-siumh friú, & ro mhaith an t-elúdh d'Ua Domhnaill, & ro n-aidhmsiot a sith & a c-carattradh fri 'roile amhail is deach ro fhédsat, & ceilebhrait na maithe sin fris an iustis, & fáccbait bendachtain occa, & sóait leth ar leth dia t-tighibh.

O'd-chualattar an drong do Cenel Conaill bátar i f-frithbert fri h-Ua n-Domhnaill siodhucchadh dó fris an iustis tangattar-sidhe uile fó chóra & fó sith dia shaighidh. Robtar iad bá h-aireghda táinicc annsin Aodh mac Aodha Duibh mic


p.1934

Aodha Ruaidh. Niall Gharbh mac Cuinn, mic an Chalbhaigh, mic Maghnusa mic Aodha Duibh cona bhraithribh, & Ó Dochartaigh Sean Ócc mac Seain, mic Feilim mic Conchobhair Charraigh iar na ghabhail lais-siumh.