Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1591

M1591.0

AOIS CRIOST, 1591. Aois Criost, mile, cuicc céd, nochatt, a h-aon.

M1591.1

O Ruairc Brian (.i. Brian na Múrtha) mac Briain mic Eocchain do ionnarbadh (amhail do scriobhadh tuas) i t-Tir Conuill gusna Tuathaibh, & baoí tuilleadh ar bhliadhain i f-fochair Mhec Suibhne Eóghan Ócc. Do-chóidh iar sin co h-Albain ar dáigh caomhna nó comhfhurtachta d'faghbháil ó Rígh Alban. Rugsat drong do mhuintir na bainrioghna fair, & do-bearat leó é go Saxain & co Lonndain, & baí lé h-athaidh i l-laimh annsin go térma na Samhna ar c-cionn. Ro cuireadh


p.1906

dliccheadh fair go ro daoradh dóchum báis. Ro crochadh ro dícendadh & do-rónadh cethramhna dhe iaramh. Ro badh do mhóirsgélaibh Gaoidhel oidheadh an Bhriain h-ísin, uair ní thainicc dia bhunadh freimh ó chein mháir neach no dearsccaighfedh dhe de ar dearlaccad ar deigh-eineach, ar duasaibh duanmholta, ar chaithem, ar chongháir, ar aobhdhacht, ar fhoistine, ar chothucchadh cathlaithrighe ag imdhíten a athardha ar ainffine eachtrand có a oidheadh don chur sin.

M1591.2

Murchadh mac Conchobhair mic Toirrdealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh mic Briain Catha an Aonaigh Uí Bhriain d'écc i c-Cathair Mionáin 25 Februarii, & a adhnacal hi c-Cill Fhionnabhrach.

M1591.3

Mairgreg inghean Domhnaill mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh mic Briain Chatha an Aonaigh Uí Bhriain, ben Toirrdhealbhaigh mic Briain mic Donnchaidh mhec Mathghamhna do écc hi c-Cill Mhec Dubhain, & a h-adhnacal i n-Inis Cathaigh & a deirbhsiur ele .i. Aine ben Toirrdhealbhaigh Ruaidh mic Taidhcc mic Murchaidh mic Taidhcc Ruaidh Mec Mhathgamhna do écc.

M1591.4

Donnchadh mac Murchaidh Ruaidh, mic Briain, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Catha an Aonaigh do écc 8. Februarii.


p.1908

M1591.5

Uilliam Búrc mac Seain, mic Óiluerais, mhic Seain do mharbhadh le duine uasal dá lucht lenamhna fein .i. lé h-Alastrann mac Aodha Buidhe Mhec Domhnaill.

M1591.6

Mac Mec Uilliam Búrc .i. Uatér na m-Builledh mac Riocaird mic Seain an Termainn, mic Maoílir do mharbhadh ar ionnsaighidh oidhche lá druing dia comhmbraithribh gaoil & geinealaigh fein, & lá cuid do Cloinn n-Domhnaill.

M1591.7

O Baoighill Toirrdhealbhach Ruadh mac Neill, mic Toirrdhelbhaigh, aén bá dearsccaighthe tainic dia bhunadh fhreimh ó chein mháir, post congmhala dámh & deóradh fer médaighthe neimhedh eccailsi & ealadhan, Guaire a cheneoil ar fhele & eineach, tógbhálaigh trógh & annffann do écc ina longport fein fó fhéil Bríghde, & a adhnacal co n-onoir i n-Dun na n-Gall i n-othairlighe a shinnsior.