Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1590

M1590.0

AOIS CRIOST, 1590. Aois Criost, mile, cuicc céd, nochat.

M1590.1

Burcaigh Iochtaracha, & Clann n-Domhnaill Gallócclach do coimhtionol & do chruinniucchadh an ro fhédsat do dhaoínibh (amhail remebertmar) hi f-foghmhar i & i n-geimhreadh na bliadhna remhainn co ná baoí aon rob' ionairimh o Chorrsliabh na seghsa co cend iartharach Iorrais, & Umhaill gan dol leó isin commbáigh sin.

M1590.2

Sluaiccheadh lasan n-gobernoir Sir Risderd Binggam, & lá h-iarla Tuadhmumhan Donnchadh mac Conchobhair, mic Donnchaidh Uí Bhriain co líon a t-toichestail an céd-mí don bliadhain si .i. mi Ianuarii do dhol ar Bhúrcachaibh co ro suidhigedh campa conghaireach ceithernlíonmhar hi c-Cunga leó, & báttar Búrcaigh hi f-foslongport ar a c-comhair don taoibh thiar, & coinne gach laoí etorra go cend coictidhisi coná ro fédadh a síodhucchadh in aired sin. Triallaidh an gobernoir, & an t-iarla hi c-cend na ree sin a deich nó a dó décc do bandaibh do dhol tar beilgibh isteach do chor cuarta i t-Tír Amhalgaidh, & i n-Iorrus. Do-dheachattar Búricaigh lá a t-taobh, & bátar acc folmaise a b-fobartha acc Bearnaigh na Gaoithe, ar a aoí ní dheirgensat, & ro léiccedh an chonair don ghobernoir, & don iarla. Bá don chur sin do benadh a throigh on alt amach do Mhac Uilliam Búrc. Ro fhill an gobernóir tar a ais go Conga, & ro shíodhaigh fein, Búrcaigh, & Clann n-Domhnaill re 'roile go ro chuirsiot a m-braighde ar laimh an gobernora. Do-chóidh an gobernoir go Baile Atha Luain, & ro sccaoilsiot fir Connacht dia t-tighibh.

M1590.3

Sluaiccheadh lánmhór lasan n-gobernoir hi mís Mharta do dhol ar Ua Ruairc. Baoí do líonmhaire an t-slóigh sin co ro léicc an gobernoir dronga dirimhe dá caiptínibh & dá chóirighthibh co Sliabh Cairpre hi c-cend Muintire h-Eolais, & drong


p.1886

ele d'uaislibh a shlóigh go Droichet Sligighi don taoíbh tiar do saighidh na Breifne go ro ghabhsat na slóigh sin acc losccadh & acc léirsccris, ag marbhadh, & ag mudhucchadh ina m-baoí for a c-cionn is in c-crich go coitcend go rochtain I c-cend aroile don t-slógh. Ro dibredh Ua Ruairc don ruathar sin coná fuair a dhíon nó a dhíden co rainicc do na Tuathaibh i c-cend Mec Suibhne na t-Tuath .i. Eoghan Ócc mac Eoghain Óicc, mic Eoghain, mic Domhnaill, & baoí ina fhochair go criochnucchadh na bliadhna so, & gach aon nach deachaidh ar ionnarbadh dá dhaoínibh tangattar asteach ar tairiseacht i c-cend in gobernora. Baí Domhnall mac Taidhg mic Briain Uí Ruairc, & Aodh Ócc mac Aodha Gallda ag congnamh lá Gallaibh Ua Ruairc d'athchur & d'ionnarbadh. Ro bhaí an tír etir fhasach & aitiucchadh ar cumas an gobernora co Féil Michil ar c-cind co t-tainicc Tighearnan Bán mac Briain mic Eoghain Uí Ruairc, & Brian (.i. Brian Ócc) na Samhthach (Mac an Í Ruairc sin do h-ionnarbadh) don tír i t-timchell na fele Michil. Do-chóidhsiot fein & fineadhadha na Breifne & Mhuintire h-Eolais, & na Ruarcach baí rempa isin tír i n-aghaidh an gobernora, & báttar ag milleadh gach neith gusa rangattar im Ghallaibh go criochnucchadh na bliadhna so.

M1590.4

Daingen mór nach dernadh a ionnshamhail lé h-athaidh imchein do denamh lasan n-gobernoir e tir Loch Cé & Loch Arbhach.

M1590.5

Mac Uí Neill .i. Aodh Geimhleach, mac Seain Dhonnghailigh mic Cuinn Bhacaigh mic Cuinn, mic Enri, mic Eoghain do crochadh lá h-iarla Tire h-Eoghain .i. Aodh mac


p.1888

Fhir Dhorcha, mic Cuinn Bhacaigh. Ní baí fer a aesa lé h-athaidh do Chenél Eoghain mic Neill ro badh mó eccaoine ina an t-Aodh sin.

M1590.6

Mac Uí Domhnaill .i. Domhnall mac Aodha mic Maghnusa, mic Aodha Duibh, mic Aoda Ruaidh mic Neill Ghairbh mic Toirrdhealbhaigh an Fhiona do beith ag dol ar


p.1890

bélaibh a athar (iar n-dol dó i n-eneirte & i n-innlaicce, & iar m-beith dia mhac ele i l-laimh i n-Áth Cliath) go t-taratt Domhnall ina m-baoí ó Shliabh anoir i t-Tír Chonaill fó a nert & fó a cumachtaibh .i. ó Bearnas go Drobhaoís, Baoigheallaigh & Baghainigh beós. Bá saoth mór & bá galar menman lá h-ingin t-Semais mic Domhnaill, Domnall do bheith for an abairt sin ar omhan lé a rochtain i c-cendus Cenel c-Conaill ar bélaibh a meic Aodh Ruadh bái i l-laimh i n-Ath Cliath cecib tan nó dhéonaighfadh Dia dó tocht a cuimreach conadh aire sin ro tionóileadh lé a m-baoí fomhámaighthe dia fior do Chenél c-Conaill .i. O Dochartaigh cona thionól, Mac Suibhne na t-Tuath Eoghan Ócc cona sochraite, Mac Suibhne Fanat cona sochraide go sochaidhe móir d'Albanchaibh a maille friú. Iar f-fios sccel do Domhnall Ua Dhomhnaill an toichestal sin do beith agá denamh cuicce, ro tionoil sidhe for a c-cionn. Báttar iat ro eirgettar lais Mac Suibhne Bághaineach Donnchadh mac Maol Muire, & drong do Cloinn t-Suibhne na Mumhan im triar mac Eoghain mic Maol Muire mic Donnchaidh mic Toirrdhealbhaigh cona sochraide, & Ó Baoighill Tadhcc Ócc mac Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh co líon a thionóil. Bá h-ann do-rala do mhac Uí Domnaill beith in err Tíre Boghaine all aniar do Ghlenn Colaim Cille, gusna maithibh sin ina fochair. Ní ro h-anadh lásan lucht n-aile go rangattar an dú sin dia saighidh, & ro fighedh sccainner crodha etorra adiú & anall, & tarlaicset na h-Albanaigh saithe saighett a fiodhbacaibh fobartacha co ro gonadh & co ro crechtnaigheadh (an 14. September) dronga dirimhe leó, & robadh dibh-sidhe mac Uí Domhnaill fodhéin coná baí ina cumhang engnamh no ursclaidhi do dhénamh co ro marbhadh an dú sin ag an Doire Lethan lá taobh Cuain Teiliontt. Ba h-andamh riamh riasan tan sin a bhuaidh agá bhiodhbhadhaibh cen gur bhó biodhbhadha ittir in lucht las a t-torchair (condu-s-rala etorra don chur sin) & gion gur bhó hé an Domnall sin oidhre a athardha iar f-fíor nír bhó dímhiadh do Thír

p.1892

Conaill
a oirdneadh fuirre dia leiccthí dia shaighidh í. Torcrattar don chaith-iorgail sin i f-farradh Domhnaill an triar mac sin Eoghain mic Maol Muire mic Donnchaidh go n-díbh cédaibh amaille friú i t-timcell Domhnaill.

M1590.7

Uater Ciotach a Búrc mac Seain mic Oiluerais do écc iar siodhucchadh dó le Gallaibh.

M1590.8

Mag Cochláin .i. Sean mac Airt mic Corbmaic do écc, & ní baoí fer a duithche do sliocht Corbmaic Cais ro badh seolta shesccaire cuirte, & caisteoil, & sostadha sadhaile inas, & a mac Sean Ócc do oirdneadh ina ionadh.

M1590.9

Maol Ruanaidh mac an Chalbhaigh mic Donnchaidh mic Seain Uí Cerbhaill do écc.

M1590.10

Mac Muiris Ciarraighe .i. Tomas mac Emainn mic Tomais, mic Emainn do ecc. Cendaighe fíona, each, & ealadhan rob' ferr d'fior a inmhe & a athardha féin baoí i l-Leith Mogha d'urmhór an tan sin, & Patraiccín a oidhre do beith i l-laimh i n-Ath Cliath an tan sin.

M1590.11

O Lochlainn Uaithne mac Maoileachlainn, mic Rudhraighe mic Ana d'écc, & a mhac .i. Rosa, & mac a meic .i. Uaithne do beith imresnach ré aroile imo ionadh.

M1590.12

Somhairle Buidhe, mac Alastrainn, mic Eóin Cathanaigh Mhec Domnaill do ecc.


p.1894

M1590.13

Eóghan mac an Deganaigh do écc.

M1590.14

Aodh Ruadh Ua Domhnaill do bheith hi c-cuimreach i n-Áth Cliath fri ré theóra m-bliadhan, & theóra mís. Bá tochrádh mór menman lais a bheith amhlaidh sin i


p.1896

n-daor-bhroitt, & nír bhó fó a dhaigh bhudhéin acht ar dháigh ná daoírchimidheachta i m-báttar a thír, & a thalomh, a chairde, & a choimhfhialus in gach maighin seachnón Ereann. Ro bhaoí occa sccrudadh ina menmain do gres caidhe an t-easrus eludha fó-ghébhadh. Nír bhó sodhaing dhó-somh an ní sin, ár dos-fucctha i cubhachail fhoiriata isin caislén gach n-oidhche dia iomchoimhéd condus ficce tert ar a bharach. Bá imne baoí an caislén h-isin & lethanchlais lándomhain lionnuiscce ina uirthimcheall, & clárdhroichet comhdhluta fuirre fó erchomhair dhorais an dúine, & gasradh gruamaineach na n-Gall amuigh & h-istigh imón dorus dia dhúrchoimhétt coná diccseadh aon táirsibh inunn nách amach gan athchomharc. Ar a aoí ní bhí friothaire ar nach f-faghthar faill fá dheóidh. Buí Aodh co n-druing dia

p.1898

aos cumtha ina fharradh i n-deiriudh geimhridh do shonnradh i n-urtosach oidhche résiú do-rata isna cubhachlaibh foiriata i m-bítís gach n-oidhche. Do-bertsat téd réfeadh ro fhoda leó gusan f-fenester baoí for a n-ionchaibh, & du-s-relged síos fris na suainemhnaibh go tharblaingset forsan urdrochat baoí alla muigh do dorus an dúnaidh. Buí idh imremhar iarnaighe as an c-comhladh fri a tarraing chucca amach do neoch an tan badh adhlaic. Do-rat-somh balc lán glaice do chronn comhdhaingen tresan idh arna tíosda dia t-tograim co tinnesnach as an dúnaidh. Ro bhaoí ócclach do sainmhuintir an Aodha i f-soichill a n-éludha, & do-rala sidhe dhóibh iar t-toidheacht amach & dá lanncloidhemh láncodat lais fó a choim, & do-bert i l-laimh an Aodha. Do-ratt cloidhemh dibh-sidhe dia 'roile laoch amra do Laighnibh, Art Caomhanach ata-comhnaic, Ba h-áirsigh iorghaile & bá taoíseach iomghona ei-sidhe.

Cidh iat na forchoimhedaighe tra ní ro ráthaighset ineallmha an t-éludh, & cidh an tan tucsat dia n-uídh é, do-cengat fó chédóir do shaighidh dhorais an caisteoil amhail as déine con-rangattar uair ro badh dóigh leó co t-táirsittís iatt i t-traite. Iar rochtain dóibh gusan dorus forfhémhidh forra a erslogadh condus tardsatt fri a t-toghairm chuca an lucht do-rala is na tighibh batar for ionchaibh an dorais don taobh araill don t-sraitt. An tan tangattar sidhe


p.1900

fón toghairm ro ghadsat an crand baoí tresan idh eiste, & do lecet an comladh suas do lucht an chaisteoill, do dheochatar co n-druing móir do lucht na cathrach i l-lenmhain na n-ócc at-rulattar uadhaibh. Ní bhaoí bá do sodhain uair bátor-somh all amuigh do mhuraibh an bhaile, [ria]siú ro ráthaighitt ar robttar ersloicthe óbhéla doirsi na ríoghcathrach an ionbhaidh sin for a c-cionn, & rangattar for réidh an t-slébhe baoí rempa .i. an Sliabh Ruaidh & ní ro léicc an omhan dóibh-sidhe ascnámh isin conair coitchinn itir. Ní ro ansat dia reimim go rangattar iar scís astair & imthechta tarsan Ruaidhsliabh rémhraite. O robdar scithigh tuirsigh tiaghaitt gusan c-coileadh cliothardhluith for-caomhnacair for a c-cind, & airisit innte co madain. Do-beartsatt iarsuidhe laimh for imdhecht ar nír bho h-innill leó anmhain isin f-fiodbhadh ar omhan a t-tóraigheachta, ar a aoí nír bhó tualaing Aodh ar asccnámh lá a oes cumtha, uair ro tréghdadh a throighthe toinngheala tanaighe lá h-aitten an t-sleibhe ar ro h-eitterdhelighitt a nassa friú iar sccaoíleadh i n-uamann lásan f-fleachadh ná fuairsead gó sin. Bá saéth mór lá a aos cumtha ná ro fhedsat leó é ní bádh síriu, & tiomnait celeabhradh dhó, & fágbhaitt bendachtoin occa. Ro fhaoídh-siumh a fher muintire go aroile duine uasal do shaorchlandaibh Chóiccidh Laighen do-rala hi c-caistiall ina chomhfhochraibh dus an f-foighbheadh a iomshnadhadh nó a imdhíden occa. Felim Ó Tuathail a shlondadh, & bá cara do Aedh ria sonn (andar lais) uair do-chóidh

p.1902

dia fiosrughadh-somh fecht n-aile isin c-cuimreach i m-baoí i n-Áth Cliath co ro naidhmset a c-carattradh dibhlínibh fri aroile. Luidh an teachta co h-airm i m-baoí Felim, & at-fet dó an toiscc ima t-táinicc. Bá faoíligh-siumh riamh, & ro thingheall go n-deirghenadh gach maith dia c-caomhsadh do Aodh. Ar a aoí trá ní ro fhodhaimsed a chairde nach a chomfhuilighe dhó a dhíchleith ar uamhan smacht chana

p.1904

na n-Gall. Ro fes iaromh forra a bheith-siumh isin coilleadh amhail at-rubhramar, & ro cuas leó for a iarair .i. lásan lucht at-chualaigh a bheith isin f-fiodbhadh, & do léiccitt cona luircc for a foilleacht. O rob' erdalta lá Feilim a fhagbháil, as í comhairle do do-róine-siumh & a bhráithri iad badhéin dia erghabháil & a bhreith docum an t-senadh gusan c-cathraigh for c-cúlaibh dorídhisi. Do-gníth samhlaidh. O rainicc sidhe co h-Ath Cliath, robtar subhaighe an comhairle dia rochtain chuca, & do-rónsat neffní & brígh m-bicc don uile ghiall & aittiri oile ro elaidhset uadhaibh. Ro cuireadh isin c-carcair chédna doridhisi é & do-bretha geimel glais-iarainn fóa feibh as coimge conrangattar, & ro both occá frithaire & occá forchoimhéd amhail as deach ro fhédsat. Ro clos go coitchionn fó crich n-Ereann a elúdh-somh samhlaidh, & a ergabháil doridhisi, & ro la socht mór for Ghaoidhealaibh de-sidhe.