Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

p.1874

Annal M1589

M1589.0

AOIS CRIOST, 1589. Aois Criost, mile, cúicc céd, ochtmoghat, a naoí.

M1589.1

MAG UIDHIR Cú Chonnacht mac Con Chonnacht (.i. an comharba), mic Con Chonnacht, mic Briain, mic Pilip mic Tomais do écc 17 iun tigherna ar tiodhnacal d'eaccailsibh, & d'ollamhnaibh d'amhsaibh, & d'anradhaibh saoí foghlamtha friochnamhach i l-Laidin & i n-Gaoidheilcc ei-sidhe. Iar n-écc Meg Uidhir Cu Chonnacht ro badh dóigh lá Conchobhar Ruadh mac Conchobhair Meg Uidhir gomadh lais tighearnas tíre ar aoí sinnsireachta. Bá sedh do-ruimensat an lucht n-aile gomadh é mac Még Uidhir (Aodh) ro badh tighearna d'eis a athar, co m-bátar i f-frithbheart fri aroile amhlaidh sin. Ro fhaoídh Aodh techta d'ionnsaighidh a bhrathar Domhnall mac Aodha mic Maghnusa Uí Dhomhnaill (gé da-rala etorra ria sin) dia chuingidh fair teacht dia fhurtacht & dia fhóirithin amhail bá grésach lá a shindseraibh congnamh lá sliocht Pilip mic Tomais Meg Uidhir. Ní baí do Chenel c-Conaill an tan sin nech as ar mó a shaoilechtain dia chabhair inás an Domhnall hí sin uair bá h-anghlonn & ba tuairccnigh catha eisiumh, & ní clos a druim fri a eccraittibh ittir. Nír bhó h-eisledhach ro freccradh fuighle na t-teachtadh sin lá Domhnall uair ro thionóil


p.1876

sidhe ina m-baoí ina cumhang fó chédóir, & ro fhaoídh a theachta do ridhisi go h-Aodh dia radh fris beith for a c-cionn ag Scéith Ghabhra an t-sainridh amhail as déine co nicfadh. Luidh-sium gan eassnadhadh gan erfhuireach tria Thuaith Luircc lá h-or Locha h-Erne go rainic gusan maighin remhráite. Tainic Concobhar Ruadh co maithibh Uachtair Fher Manach an lá riamh gusan ionadh c-cédna, & ro fháccaibh a ionncomhardha .i. lethass in dú sin fo dháigh anma tighearna do gairm de ar a bharach. Do-riacht Aodh gusan ionadh erdhalta h-ishin, & fuair Domhnall Ó Domhnaill ar a chionn. Iar f-fios sccel do Domhnall gur bhó hé Conchobhar ro fháccaibh an comhardha remhebertmar at-bert ná biadh bá d-esidhe, & go madh é Aodh nó bhiadh i n-ionadh a athar conadh ann sin ro gaireadh a ghairm flatha fó chédoir d'Aodh Mag UidhirDomhnall Ua n-Domhnaill, & lá maithibh a thíre.

M1589.2

Mág Mathgamhna Rossa mac Airt, mic Briain na Moicheirghe, mic Rémainn mic Glaisne d'écc. Brian mac Aodha Óicc, mic Aodha, mic Seain Buidhe tighearna Dartraighe Oirghiall, & Eimher mac Con Uladh tighearna Fernmaighe, & dearbrathair


p.1878

an tí sin tesda .i. Aodh Ruadh do beith acc imresain ré 'roile fá tighearnas na tíre.

M1589.3

Elinora ingen iarla Desmumhan .i. Semus mac Seain, mic Tomais, mic Semuis mic Geróitt ben Uí Ruairc, & ben meic iarla Urmumhan .i. Eduard mac Semuis mic Piarais Ruaidh mic Semais, mic Emainn do écc.

M1589.4

Contaoís Chonntae an Cláir Una ingen Toirrdhealbhaigh mic Muircheartaigh mic Domhnaill mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Murchaidh na Raithnighe, ben iarla Tuadhmumhan .i. Conchobhar mac Donnchaidh, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Uí Bhriain do écc san c-Clár Mhór.

M1589.5

Domhnall Mag Congail epscop Rátha Both d'écc 29 September.

M1589.6

Toirrdhealbhach mac Taidhcc, mic Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Uí Bhriain ó Bhél Atha an Comhraic d'écc. Ro badh damhna eccaoíne an tí tesda annsin.

M1589.7

Tadhcc an Dúnaidh mac Donnchaidh mic Muircheartaigh, mic Donnchaidh, mic Muircheartaigh, mic an Bhallaigh sinnsear Tuaithe na Fearna (.i. Corca Baiscind), & Sleachta an Bhallaigh d'écc, nír chin i c-corp ina coimhre a chomhchalma ina comhfhochraibh.


p.1880

M1589.8

Corbmac mac Taidhcc mic Diarmada, mic Corbmaic o Maigh Laithim d'écc.

M1589.9

Maghnus mac Cuinn mic an Chalbhaigh, mic Maghnusa mic Aodha Duibh Uí Domhnaill do marbhadh laimh lé Finn 20 September lé Sean mac Maghnus Óig mic Maghnusa, mic Aodha Duibh Uí Domhnaill.

M1589.10

Domhnall mac Eoghain an Locha mec Suibhne Consapal Muscraighe d'écc fear ro badh maith treabhaire, & tegh n-aoidhedh, & rob' ionmholta i f-fiadhnaisi Gall & Gaoidheal an tí tesda ann sin.

M1589.11

Búrcaigh Íochtaracha ó Thír Amhalgaidh siar do dol ar a c-coimhed iar n-diúltadh beith fá breith an gobernora .i. Sir Risderd Bionggam. Maighistir Brún do dhol a h-ucht an ghobernora co n-druing mhóir do shaighdiuiribh Gallda & Gaoidhelcha do shaghidh na m-Búrcach sin tar Bealach an Diothruibhe siar. Burcaigh ar t-tabhairt amaiss forrasomh, & a t-tráth na troda do thendadh do Mhaighistir Brún ro sraoíneadh dia shaighdiuiribh & ro díchendadh é fein, & Domhnall O Dálaigh duine uasal ei-sidhe agá m-baoí cendus coda do na saighdiuiribh sin, & Remann Ócc mac Remaintt mic Seain a Búrc na Beinne, & sochaidhe mhór do na saighdiúiribh a maille friu. Ro ba móide brígh & borrfadh na m-Búrcach an breisim sin, & ro gabhsat for adhannadh ina n-díbercc as a h-aithle. Do-chóidh tra Sliocht Oiluerais mic Seain a Búrc ó Thír Amhalgaidh ina c-comhmbáidh, & Muintir Dubhda o Thir Fiachrach Muaidhe, Clann n-Domhnaill Gallócclach uile, Murchadh na t-Tuagh mac Taidhcc, mic Murchaidh Uí Flaithbheartaigh, & Muintir Flaithbhertaigh & Seódhaigh ina fochair-siumh, co nár fhan aon ro ba ionairme ó rinn iartharach Iorrais co Traigh Eothuile co Machaire Luighne, co Corann, & co Machaire Connacht gan dol in aon rann i n-aghaidh an ghobhernora. Ro gabhsat na díberccaigh sin acc


p.1882

aidhmilleadh Choiccidh Connacht do ló & d'adhaidh fri ré an earraigh. Bá isin tan-sin do-chuaidh dias mac Murchadh na t-Tuacch Uí Fhlaithbhertaigh .i. Tadhcc & Urun, & mac dearbhrathar do Murchadh .i. Domhnall mac Ruaidhri Uí Flaithbertaigh ar iondsaighidh fa leithimel Conmaicne, & an Mhachaire Riabhaigh oidhche Cascc do shonradh. Báttar a dó nó a trí do chédaibh diolmuineach ar an turus sin. Ro ghabhsat ag dénamh oirccne & edala iomdha seachnon an tíre tosach laoí domhnaigh Cáscc. Tánaic an tír ar gach taobh ina t-tóraigheacht. Bá isin oidhche reimhe sin tangadar banna nó dhó do shaighdiuiribh gan fhios gan airiucchadh d'iomcoimhéd an tíre, & ó 'd-chualattar allghuth an ordanais, & caismerta na c-colcc buidhen arná mharach do-chottar i n-eanach iomchumhang nár bho h-urasa d'iongabhail no do shechna i n-oirchill an t-slóigh Gaoidhealaigh. Fuarattar Tadhcc Ó Flaithbeartaigh dia saighidh i t-tosach an t-slóigh, & a mhuintir ina c-cipe comhdhlutha ina timchell. Ro léiccsiott na saighdiuiridhe frassa pelér fó thosach an t-slóigh Gaoidhealaigh go t-torchair Tadhcc Ua Flaithbertaigh don torainn sin, & Urun Ua Flaithbertaigh, & Tadhcc Ócc mac Taidhcc Uí Flaithbeartaigh co n-druing móir dia lucht lenamhna ina t-timchell do maithibh Criche Seódhach & Cloinni Donnchaidh, & an mheid na ro marbhadh don ced-frais don t-slóigh Gaoidelach ro imthighset gan scceinm gan sccath, & ní ro lenadh iatt seacha sin. Ro crochadh dna Eman mac Murchaidh na t-Tuacc Uí Flaithbeartaigh baoí i l-laimh i n-Gaillimh fó chend tri lá iar marbhadh Taidhcc, & muna tuititis an clann sin Marchaidh na t-Tuagh Uí Flaithbertaigh for foghail & for díbeircc in acchaidh prionnsa Saxan ro badh sccel mór a n-oidheadh amhlaidh sin.

M1589.12

Diarmait Ócc mac Diarmata, mic Denis, mic Diarmata, mic Concobhair (.i. espucc Luimnigh), mic Murchaidh an Dana Uí Dhedhadh d-écc, & a adhnacal i n-Disert Tola ina bhaile fein i t-Triochat Céd Ceneoil f-Fermaic i n-Uachtar Dál c-Cais.


p.1884