AOIS CRIOST, 1570. Aois Criost, mile, cuicc ced, sechtmoghat.
Mac Suibne Fánat .i. Toirrdhealbhach Ócc, mac Toirrdhealbhaig, mic Maol Muire, & a bhrathair Aodh Buidhe Ruadh, & Mac Suibhne na t-Tuath, Murchadh Mall mac Eocchain Óicc do mharbhadh i n-Dún na Long h-i f-fiull h-i f-fiadhnaisi I Neill (Toirrdhealbhach Luineach) lá Cloinn n-Domhnaill Gallócclach & rob oilbheim adhbal d'eineach & d'engnamh, do threóir, & do thairptighthe do chosnamh, & do chothucchadh tuaisceirt Ereann tuitim an trír íshin, & rob echt mór fer dibh-sin gér bhó maith an dias n-aile .i. Murchadh Mall cnú ós crobhaing, gris-bheó gan bhádhadh, err ghaisccidh Gaoidhel, rinn iomarbhagha fear n-Uladh i n-acchaidh fear n-Ereann, uaithne briste berne baoghail, fodhailteach séd & saor mhaoíneadh Síl Suibhne an Murchadh-sin. A bhrathair Eocchan Ócc do gabhail a ionaidh, & a bhrathair Domhnall d'óirdneadh i n-ionadh Mheic Suibhne Fánat.
Eiccneachan mac Aodha Buidhe Uí Dhomhnaill do mharbhadh h-i f-fiull ag tionntudh ó sluagh Uí D omhnaill lá Fer Dorcha mac Uí Ghallchubhair cona mhuintir & lá druing ele do Shliocht Donnchaidh Uí Ghallchubhair.
Mac Conmara, Sean, mac Síoda, mic Meic Con, mic Síoda, mic Taidhcc mic Lochlainn tighearna an taoibhe thoir do Cloinn Choiléín do écc duine miadhach mór-dhalach
Fógra chúirte h-i Mainistir Innsi h-i t-Tuadhmumhain do chor lá presidens chóiccidh Chonnacht go Síol m-Briain, & go h-Uachtar Connacht, Tadhcc mac Murchaidh Uí Briain as é bá sirriam isin tír an tan-sin, & rob esidhe céd-shirriam Tuadhmumhan. Do-rónadh laisidhe urgnamh bídh, & biotaille fó chomhair an presidens h-i Mainistir Innsi. Ticc iaramh an presidens don bhaile a t-timchell na féle Brighde do sonnradh. Bá h-ann baoí iarla Tuadhmumhan Concobhar mac Donchaidh mic Conchobhair Uí Bhriain isin Clár in tan-sin. Ro chuir an presidens isin tres lá gairm fair, & do-lodar drong do ghárda an phresidens do mhaithibh a mhuintire & a mharcshluaigh do thóchuireadh an iarla. Bá i n-aon-uair do ló do-chódar sidhe go dorus an bhaile & Domhnall mac Conchobhair Uí Bhriain acc tocht chuicce mar an c-cédna. Bá h-í comhairle ro cinneadh lasan iarla, Domhnall & a raibhe ó slabhradh na comhladh asteach do ghabháil, & drong dá raibhe amuigh díbh do mharbhadh. Ro imthigh an chuid ele dibh dho thoradh retha & rionnluais a n-each h-i c-cenn an phresidens go h-Inis. Ro imthigh an presidens arnámharach, & clann Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh .i. Tadhcc & Donnchadh dá threórucchadh as in tír, & acc dénamh eolais dó tre carcraibh cumhgaibh, & tré droibhélaibh diamra doieólais. Baoí an t-iarla agá t-toraighecht, & ag tabhairt amais forra go rangattar Gort Innsi Guaire in adhaigh-sin. Iar rochtain na sccél-sin gusan iustis ro gab fercc & lonnus é, & as edh ro chinn fein, & an chomhairle a fhorchongra ar iarla Urmhuman, Tomas mac Semais mic Piarais Ruaidh a h-ucht na banríoghna tocht do chennsucchadh iarla Tuadhmhumhan isin n-gniomh anuaibhreach do-rinne uair bá gar a n-gaol & a m-brathairsi dia 'roile. Tainicc iarla Urmumhan cona slógh h-i t-Tuadhmumhain fó cédóir, do-riacht an t-iarla Conchobhar i n-áit iomaccallmha fris, & do gheall go n-diongnadh a thoil-siumh & toil na
An president cédna, & iarla Cloinne Riocaird .i. Riocart mac Uillicc na c-Cenn mic Riocaird mic Uillicc Chnuic Tuagh do shuidhe lé h-acchaidh Sruthra h-i samhradh na bliadhna-so. Báttar for an sluaigheadh-sin h-i f-fochair an phresidens forgla toíseach, & trén-mhileadh láth gaile & gaisccidh Uachtair Chonnacht ó Magh Aoi go h-Echtge, & o Ghaillimh go h-Ath Luain. Báttar fós h-i f-foslongport an phresidens drong mhór do caiptinibh cona saighdiuiribh amaille friú, & dá chórucchadh nó a trí do gíománchoibh Gaoidhealchoibh. Baoí ann bheós An Calbhach mac Toirrdhealbhaigh, mic Eóin Charraigh, mic Mec Domhnaill cona dhias mac, & cona
O 'd-chualaidh Mac Uilliam Búrc Sean mac Oiluerais, mic Seain, an toichestail slóigh lán-mhóir sin do beith acc an president & ag an iarla a t-timchell Sruthra bá cradh croidhe, & bá mesccadh menman lais an ní-sin, & ro thionoil chuicce fó chédóir Búrcaigh Iochtaracha, & Sliocht Maoilir A Búrc, Clann n-Domhnaill Gallócclach & Murchadh na t-Tuagh mac Taidhcc mic Murchaidh, mic Ruaidhri Uí Flaithbhertaigh. Tangattar-sidhe dna gusan líon as lia ro fhédsat d'faghbhail leó d'Albanchoibh, & d'Eirennchoibh d'amhsaibh & d' ócclachaibh, & ní ro h-anadh leó go ruachtattar ar cnoc baoí a f-foccas do longphort an phresident & an iarla, & battar accá chomhairliucchadh etorra budhéin cionnus do-bherdaoís dluighe nó dian-sccaoíleadh ar na degh-shluacchaibh diocoiscce battar ag forrán forra ima t-tír & imá n-dúthaigh. Ro cindeadh leó cétus troighthigh do dénamh dá mharc-shluagh, & do-chóidhsiot iaramh i n-inneall & i n-orducchadh, & ro thingeallsat dia 'roile gan sccaoileadh no sccaindreadh asan innell-sin dia madh forra nó rempa ba raen. Ro h-erfhuagradh leo bheós dia marbhtha mac nó brathair neich dhiobh ar a bhelaibh gan anmhuin occa acht dol tairis fó cédóir amhail ba namha anaithnidh, & ro chinccsiot fón tóichim-sin do saighidh na slógh n-aile. Dála an phresidens & an iarla ro suidhighsiot a n-ordanas, a saighdiuiri, & a lucht halabard, & a lucht éideadh plata dia c-cois ar na bernadhaibh bél-chumhgaibh in ro ba dóigh leó an lucht ele dia saighidh, & ro chuirsiot lá a t-taoibh-sidhe Clann t-Suibhne, Clann n-Domhnaill, Clann n-Dubhghaill, & coisighthe an t-slóigh archena. Do-chódar fein & an mher-ghasradh marc-slóigh tarla ina f-farradh h-i leth-ursain na troda don
Slóiccheadh lá h-iarla Urmhumhan h-i f-foghmhar na bliadhna-so .i. lá Tomas mac Semais mic Piarais Ruaidh tar Siúir siar do Chliú Máil mic Ucchghaine i n-Uibh Conaill Gabhra, & do Ciarraighe Luachra, ní ro airis gur ghabh & gur bhris Dún Lóich ós Lemhain i n-deiscceart chóiccidh Chon Raí mic Dáire. Fuair braighde & édala iomdha don turus-sin, & do fhill h-i frithing na conaire cédna gan troid gan tachar, & bá sedh fó deara dó-somh sin, clann iarla Deasmhumhan do beith h-i l-láimh h-i l-Lonndain, & Semus Mac Muiris ina aon d'fhine i n-acchaidh Gall & Gearaltach, & an tír uile ag cur ina aghaidh, & fáth ele as nach f-fuair an t-iarla teccmháil ar baoí congnamh slóigh na banríoghna aicce ar an turus-sin.
AOIS CRIOST, 1571. Aoís Criost, mile, cúicc céd, sechtmoghat, a h-aon.
Mac Con Mara Tadhcc mac Con Meadha, mic Con Mara, mic Seain, sódh a rainn & a charad do chothucchadh, & a namhad d'fholmhucchadh & d'fhásucchadh d'écc, & a mhac (Sean) do ghabháil a ionaidh.
An Ciomhsóccach Tomas mac Seain cend comhairle Gall Ereann fear ro bhaoí fo thrí ina fhior ionaid righ i n-Erinn d'écc.
Mag Gormain Maoileachlainn mac Tomáis mic Maoíleachlainn Duibh tógbhálaigh trógh, & tighe n-aoídheadh d'écc.
Semus Mac Muiris do ghabhail Chille Mo Ceallócc, & ní d'áilghes a h-ionnmhais, nó a h-iolmhaoíne gér bhó h-iolardha a h-edála acht fó bíth bá h-ionadh oireachtais, & ba tulach turleime do Ghallaibh & do Gheraltachaibh lé h-acchaidh Shemais do ghrés. Do-radadh uardhúsccadh námhat for an lucht báttar go sóinmheach suan chodaltach i n-urthosach oidhche lá mer-ghasradh Cloinne Suibhne & Cloinne Síthigh báttar h-i c-caoímhtheacht Semais Mic Muiris ria n-uair teirte arabharach go m-báttar ag roinn óir, airgit & iolmhaoíne, & séd somhaoíneach, ná h-aidémhadh an t-athair dia eidhre, nó an mhathair dia h-inghin an lá riamh. Ro bás dna leó fri h-edh trí lá & teora n-oidhche ag cor gach earnaile ionnmhusa & uasail-earradh, chuach, & chorn c-cumhdaighthe for greghaibh, & eochaibh fó choilltibh & fó fhedhaibh Eatharlach, & araill ele go h-incleithe do shaicchidh a c-carat, & a c-coiccele. Do-bertsat iaramh troim-néll teineadh & dlúth-bhrat dobhardha duibh-chiach darsan m-baile iaramh iar m-brisedh & iar m-blaidh-rébadh a cumhdaighedh cloch & claradh
President Saxanach do theacht ós cend dá chóicceadh Mumhan i n-earrach na bliadhna-so, Sir Seon Parroit a ainm. Báttar lais iomat long & laoidheng, céd, & caiptínedh. Ro ghabhsat urradha, & uasal-chodhnach, tigherna, & toíseach an tíre fó cédóir lais, geibhitt dna amhais, & easurradha lucht tuillmhe, & tuarusdail an tire lá Semas gion go m-baoí dia dún-árasaibh aicce acht Caislén na Mainge namá. Ro fhóccair an president for feraibh Mumhan teacht go líonmhar lér-thionoilte ina dóchum cona lóintibh fein leó lé h-aghaidh Caisléin na Mainge im fhéil Eóin ar c-cionn. Do-rónadh fair-siomh sin, & ro gabsat ag iomshuidhe an bhaile ó féil Eóin go medhón foghamhair, & ní ro tharmnaigh ní dóibh ar ní ro ghabhsat an baile an bliadhain-sin. Téit an president co Corcaigh, & ro sgaoilsiot fir Mumhan dia t-tighibh.
Ro fógradh cúirt fri h-edh ocht lá n-décc lá president chúiccidh Connacht Sir Eduard Phitun h-i Mainistir Innsi do chertucchadh, & do chendsucchadh Dál c-Cais, & Uachtair Chonnacht fó fhéil Patraicc na bliadhna-so. Tánaicc trá an president go marc-sluagh merdha, go saighdiuiribh soineamhlaibh, uair ro ba cuimhneach lais an eiccen-dail i m-baoí lá Dál c-Cais roimhe, & baoí gach laoí re h-edh na n-ocht lá n-décc remhráite ag coiccert recht, & riaghla, & ag ionnarbadh éccora & indlicchidh. Do-beart iarla Tuadhmumhan Concobhar mac Donnchaidh Uí Bhriain a duthaigh & a thighearnas do president i n-íc an indlicchidh do-róine fair fecht riamh & ó na baoí occa ar a chomus dia bailtibh acht an Magh Ó m-Brecáin do-rad dó é bheós go m-baoí an Magh, Bunraite, An Clár Mór & Cluain Ramhada ar láimh an phresident ag fághbháil an tíre dhó, & rucc braighde gacha h-urraidh dá m-baoí h-i Tuadhmhumhain lais go h-Ath Luain. Níor bhó h-urusa
Sean mac An Ghiolla Dhuibh mic Diarmada baoí na Ua Seachnasaigh o bhás a athar gus an m-bliadhain-si, ro benadh an t-ainm-sin & Gort Innsi Guaire de la dearbhrathair a athar .i. Diarmaid Riabhach mac Diarmadha ar bá h-esidhe bá sinnsear ann iar f-fír.
AOIS CRIOST, 1572. Aois Criost, mile, cúicc céd, seachtmoghatt, a dó.
Airdepscop Tuama Criostoir Boidicin d'écc, & a adhlacadh i n-Gaillimh.
Espucc Cille Fionnabhrach, Sean Ócc mac Seain mic Amhlaoíbh Uí Niallain fer foircetail breithre Dé d'écc, & a adhnacal h-i c-Cill Fhionnabhrach budein.
Mairgreg inghen Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Uí Bhriain ben lán d'féle d'ionnracus, do chonnla, do chrabhadh, do ghloine, & do genmnaighecht d'écc.
Tighearna Déiseach .i. Muiris mac Gearailt, mic Seain mic Gearoit mic Semuis mic Gearóid iarla d'écc, & a brathair .i. Semus d'oirdneadh ina ionadh.
Sean mac Tomais mic Riocaird Oicc, mic Uillicc Ruaidh, mic Uillicc an Fhíona do bhadhadh isin Suca.
Henrí Ó Craidhen cendaighe saidhbhir sochonaigh d'Iochtar Connacht d'ég.
Eoghan Ruadh mac Fearghail mic Domhnaill Ruaidh Mic An Bhaird, Muiris Ballach mac Con Coiccriche mic Diarmada Uí Chléirigh, & mac Uí Mhóirin do chrochadh lá h-iarla Tuadhmumhan Concobhar mac Donnchaidh, & robdar saoite h-i senchus, & i n-dán an Muiris & an t-Eoghan remraite, & ro ba damhna aoire, & easccaoíne don iarla an feill-ghniomh íshin.
Eoin mac Colla, mic Domhnaill, mic Eocchain Mic Domhnaill d'écc.
Fóccra chuirte do thabhairt la president chúiccidh Chonnacht Sir Éduard Phitun im fhel Patraicc i n-Gaillimh dá raibhe fo chumhachtaibh na bainrioghna
Iar t-tionol na sochraide rémhraite do shaighidh cloinne an iarla as gach aird ro cengailsiot, & ro dhaingnighsiot féin, & Mac Uilliam Búrc re 'roile .i. Sean mac Oiluerais, & bá h-é céd ní do-rónsat iar sin a beith acc brisedh tor t-taobh- gheal
President dá chóiccidh Mumhan do suidhe lé h-aghaidh Caisléin na Mainge isin samhradh do shonnradh, & slóigh da chóiccidh Mumhan etir Gallaibh & Gaoidhealaibh, & bailtibh móraibh, cona n-ordanas, cona b-púdar, & cona luaidhe. Báttar tra tionól Sleachta Eoghain Mhóir uile isin f-foslongport-sin. Baí ann Mac Muiris Ciarraighe .i. Tomas mac Emainn, battar ann dna Barraigh & Róisdigh, baoí an t-sochraide-sin uile ré h-edh ráithe h-i f-forbais imon m-baile, & ro gabhadh leo h-é fo dheóidh do díth bídh, & nír bhó d'easbhaidh cosanta itir, & bá ar dáigh fóirithne Albanach do breith gusan m-baile baí Semus h-i f-fochair cloinne an iarla amhail remhebertmar.
Mortladh mhór ar dhaoinibh & ar cethraibh an bliadhain si.
AOIS CRIOST, 1573. Aois Criost, míle, cuicc céd, sechtmoghat, a trí.
Domhnach initte, & fél Bríghde for aon-lo an bliadhain-si, sanais iar c-cáiscc & deasgabhail in earrach, & bá machtnadh mór lá cách inn sin.
Mac Ailin .i. Giolla Epscoip mac Giolla Epscoip an t-aon-mac Gaoidhil as lugha dob olc i n-Albain d'écc.
Mag Craith Uilliam mac Aenghais ollamh Dal c-Cais lé dán, saoí suadhamhail i n-ealadhain, & h-i m-brughachus d'écc.
Donnchadh Riabhach mac Taidhcc Uí Cheallaigh do écc.
Iarla Saxanach do theacht os cend chóiccidh Uladh h-i f-foghmhar na bliadhna so .i. iarla óf Esex a chomhainm, & a dhol do chomhnaidhe go Carraicc Feargusa, &
Murchadh mac Diarmada mic Murchaidh Uí Bhriain do mharbhadh lá h-Uillecc A Búrc mac Riocaird mic Uillic na c-Cend, & lá h-Ua Seachnasaigh .i. Diarmaid Riabhach mac Diarmada mic Uilliam, mic Seain Bhuidhe, & bá h-é Ua Seachnasaigh ro imir lamha fair. Gort Innsi Guaire do bhuain d'Ua Sheacnasaicch lá Sean A Burc a n-dioghail mharbtha a dhearbhrathar.
Semus Mac Muiris do bheith acc coccadh & ag coinghleic fri Gallaibh an bhliádhain-si co ro snadhmadh sidh etir essiumh & president dá chúiccidh Mumhan san earrach do shonnradh, & tánaic do mhírbhuilibh Dé, & do bhithin t-Semais, iarla Desmumhan (Gearoid mac Semais mic Seain, & a brathar .i. Sean báttar i l-laimh i Lonndain lé sé bliadhna roimhe-sin) do léiccen amach do ched chomhairle Shaxan, & a theacht h-i c-cuan Atha Cliath. Ro gabhadh an t-iarla iaramh & ro congbadh fó riast isin m-baile h-é, & ro léicceadh Sean d'fhéchain fhásaigh fhionn-Mumhan, & d'fhios a athardha, & na méide do mhair dá lucht lenamhna.
President dá cuiccidh Mumhan co dhol co Saxaibh h-i t-tós in fhoghmhair ar c-cind iar t-techtadh, & iar t-tendghabhail an tíre, & iar b-fágbháil maor, comhaírleach, & caiptíneadh uadha fein os cend a stiúrtha & a f-follamhnaighthe amhail ro ba mian lé a mhenmain badhéin. Ro caoíneadh an ceileabhradh-sin an president acc bochtaibh, ag baintreabhthachaibh, & ag aos anffand anarrachta an tíre.
Fuair iaramh iarla Deasmumhan elang ar eludh im fhéil Martain iar sin do nemh-thoil na comhairle gan fhios gan airiucchadh dóibh go rainicc do siubhal tri n-oidhche ó Ath Cliath (go n-uathadh ina fhochair) go glé-mhedhon Geraltach. Ro fáilticcheadh fris an t-torchar flatha tánaic annsin. As gar uair gur bó cédach conghaireach an tí tánaic ina uathadh don tír an tan-sin. Ro h-ionnarbadh
Coccadh etir Dal c-Cais badhéin. Ba h-iad báttar do thaobh don choccadh-sin .i. Domhnall mac Conchobhair Uí Bhriain, & Tadhcc mac Murchaidh Uí Bhriain. Clann Donnchaidh Uí Bhriain don leith ele .i. an t-iarla & Toirrdhealbhach acht ní bhaoí an t-iarla fein isin tír don chur-sin. Ro fhás imresain etir Thadhcc mac Conchobhair, & Tadhcc mac Murchaidh baoí i n-aon-rann gó sin ag congnamh lá Domhnall mac Conchobhair i n-acchaid cloinne Donnchaidh go ro sgarsat fria 'roile, & bá fri Tadhcc mac Conchobhair do-ronadh fotha na h-imresna, & do-chóidh i rann a easccaratt .i. clann Donnchaidh Uí Bhriain i n-aghaidh a dearbhrathar Dhomhnaill mic Conchobhair, & Taidhcc mic Murchaidh, & Uachtair Tuadhmhumhan. Ro tionóileadh iaramh lá Tadhcc mac Conchobhair (a n-dioghail a dhiomdha for Tadhcc mac Murchaidh) amhsa & díbhearccaigh do ghall-ócclachaibh Geraltach tar Sionainn, & do-bert lais iad do chongnamh lá cloinn Donnchaidh Uí Bhriain go m-battar sochaidhe iomdha ina b-fhochair do Buitilerchaibh, & do Cloinn t-Suibhne an tíre fein .i. Sliocht Domnaill mic Eóin Meic Suibhne go sochraide an iarla amaille le a dherbrathair lé Toirrdhealbhach mac Donnchaidh. As ann tangattar an t-sochraide-sin uile h-i cenn
Muiris mac An Ghiolla Riabhaigh (.i. Ó Cléirigh) Uí Chléirigh, saoí h-i senchas, & h-i leighionn, fer soimm sochonáigh d'écc h-i Muintir Eolais, & a adhnacal i f-Fiodhnach Maighe Réin i n-ecclais Caillín.
AOIS CRIOST, 1574. Aoís Criost, mile, cuicc ced, seachtmhoccat, a cethair.
Conn mac An Chalbhaigh, mic Maghnusa Uí Dhomhnaill do gabhail h-i fiull la h-iarla óu Esex h-i f-foslongport an iarla badéin, & a chor iaramh co h-Ath Cliath.
Iarla Desmumhan do bheith ag foghail, & ag inghreim a esccaratt i n-errach na bliadhna-so, & briseadh dó ar Mág Carthaigh Mhór .i. Domhnall, mac Corbmaic Ladhraigh, & Mac Fingin (Donnchadh mac Domhnaill mic Fingin) do mharbhadh lá muintir an iarla, & ro ba damhna dobróin, i n-Desmumhain eisidhe. Ro marbhadh leó dna ócc consapal d'uaislibh Cloinne Suibhne .i. clann Donnchaidh Bacaigh mic Maol Muire mic Donnchaidh mic Toirrdhealbhaigh, mic Eocchain, mic Maol Muire, mic Donnchaidh go sochaidhibh do dagh-dhaoínibh oile genmothát.
Tárraidh tra mac iarla Desmumhan (Sean mac Semais) eitim n-gabala ar dhagh-bhaile daingen do Trian Chluana Mheala diarbhó h-ainm Doire an Láir, & ro chuir bárda tairisi dia muintir d'iomcoimhéd an baile h-ísin. O 'd-chualaidh iustis na h-Ereann (Sir Uilliam Fitzuilliam) & iarla Urmumhan (Tomas mac Semais mic Piarais Ruaidh) an ní-sin ro athnuadhaigh gabhail an baile-sin a nua-fhola, & a sen-fhola re cloinn iarla Desmhumhan, & ro fhógairset d'feraibh Midhe, & Bregh, do Buitlérachaibh, & d'Fine Ghall archena dul do dhian-mhilleadh Lethe Modha, & ní ro h-anadh leó gur ro saidhit a b-puiple & a b-pailliúin i t-timcheall Doire an Láir co ro gabhadh é leó fo dheóidh, & ro dícendait an bharda uile lasan
Sídh codach & caradradh do coimhcengal eitir Bhrian mac Feilim Bacaigh Uí Neill & iarla óu Esex, & turccnamh fleidhe do dhénamh iarttain la Brian & an iustis co maithibh a mhuintire do thochuireadh dia shaicchidh, & robtar subhach soimhenmnach frí ré theóra n-oidhche cona láibh i f-farradh aroile. An tan bá h-áine dóibh occ ól & occ aoíbhnes, h-i c-cenn na rée h-í-sin ro gabhadh Brian cona brathair & cona mhnaoí lasan iarla, & ro cloidhmheadh gan choiccill a muintir uile, fiora, mná maca, & inghena ina fhiadhnaisi badhéin. Ro cuireadh Brian iarttain, a bhen, & a brathair go h-Áth Cliath, & do-rónadh cethramhna comhroinnte díobh ann conadh amhlaidh-sin do-chuaidh críoch a c-cuireadh dhóibh. Ro ba lór d'fotha adhuatha, & urgráine d'Erennchoibh an oidheadh anabaidh, & an mídiach malarta, & mí-imberta-sin tuccadh for thigherna Cloinne Aodha Buidhe Uí Néill, uachtarán,
Clann iarla Cloinne Riocaird .i. Uilliam, & Sean do brisedh breithre, & braithreasa for aroile, & amhsa mhór d'Albanchaibh & d'Éirennchaibh do fhosdadh lá Sean A Búrc. Fuair iarla Urmumhan iáromh protexion dó, & do-rad braighde ré comhall don bhainríoghain ar laimh an iarla.
Cioth cloich-shnechta do f-fhearthain h-i Callainn Maii na bliadhna-so, bá h-examhail iongnath fearthain an chetha íshin, uair bátar dronga i n-Erinn na ro mhachtnaidh é acht amhail nach cioth n-aile, Batar drong n-aile ó ro tógbait tige trebar dhaingne, & o ro báidhit cethra, & innile. Na guirt gemhair ro bhaoí arna síoladh ráithe no leith-bliadhain riasan tan-sin ro fháccaibh an cioth-sin ina lergaibh loma gan ioth gan fheór iad. Ro fhagbhaidh an cioth cédna bheós cudroma gach cloiche dá c-cuireadh do mhioll mhaoth-ghurm for na luirgnibh frisa m-benadh.
Mac Taidhcc mic Taidhcc Uí Ruairc do mharbhadh lá cuid do lucht lenamhna na Breifne ar faithche Droma Da Ethiar.
AOIS CRIOST, 1575. Aois Criost, mile, cuicc ced, sechtmhoghatt, a cúicc.
Rudhraighe mac Aodha (.i. Ua Domhnaill), mic Maghnusa, mhic Aodha Duibh Ui Domhnaill do mharbhadh i n-edghaire i n-Dún na n-Gall la Cathaoir, mac Eóin, mic Tuathail Uí Ghallcubhair, & nochar laind lais-siumh ind sin.
Robharta ro-thesbaigh, & eallscoth aintiormaigh i samhradh na bliadhna-so coná fríth edh aon-uaire do ló nó d'oidhche do fleochadh ó Bealtaine co Lughnasadh. Ro fhás esláinte urghranna & teidhm turbróidh don tesbach h-íshin .i. an pláigh. Baoí tra an teidhm-sin co h-anffóill for Shaxanchaibh, & for Éireandachaibh i m-Baile Atha Cliath, i nd-Nás Laighen, i m-Baile Atha Fhir Dhiadh, isin Muilenn Cerr, & i m-Baile Atha Buidhe. Rob iomdha dna etorra sidhe, caislén gan choimhéd, innile gan aoghaire, & uasal-chorp gan adhnacal tria bithin an tedhma íshin.
Iustis nua do thocht i n-Erinn .i. Sir Hénri Sidnei, isin f-foghmhar do shonnradh, & h-i c-cóicceadh Uladh ro gab port cetus, & bá h-amhlaidh baoí Ére for a chiontt na h-én-tuinn choccaidh & chendairrce, & ro naidhm sidh, caradradh, & carthanacht etir Cenel c-Conaill & Eocchain, & coicceadh Uladh archena fo bith bá h-aca táinicc h-i t-tír h-i t-tosach, & ro dhíochuir an iustís-sin co Saxaibh an t-iarla lé a n-dearnadh an gabhaltas for Ultoibh, & ro fheall for Chonn mac An Chalbhaigh, & for Bhrian mac Feilim Bacaigh .i. iarla ou Esex. Conn mac An Chalbhaigh Uí Dhomhnaill dna, & Conn mac Néill Óicc Uí Néill báttar i l-láimh i n-Áth Cliath do elúdh ré linn an iustis do thocht i nn-Erinn, & Conn Ua Domnaill do bheith h-i foithribh & h-i fásaighibh a dhúithche badhéin gur chuir an iustis a phardún
Coccadh eittir Shiol m-Briain an bliadhain-si. Clann Chonchobhair Uí Bhriain & clann Murchaidh Uí Briain do leth don coccadh-sin. Clann Donnchaidh don leith oile .i. an t-iarla & Toirrdhealbhach. Ro creachadh & ro comhloiscceadh (d'fhoghail aon-oidhche) Tuath Ua m-Builc & Tuath na Ferna eitir indilibh, arbhar, & foirgneamh eitir thuaith & thearmann uile lásan iarla.
Semus mac Muiris mic Seain mic an iarla cona mhnaoí & cona cloinn do dhul d'egla Gall don Frainc isin earrach do shonnradh, iar n-denamh siothchana don iarla & do Shean lá Gallaibh.
Aodh mac Baothghalaigh Mhég Flannchadha oide foircetail h-i f-feineachus & h-i filidheacht, cennaighe fíona as luccha dob olc do bhreithemhnaibh tuaithe i n-Erinn d'écc.
AOIS CRIOST, 1576. Aois Criost, mile, cúicc céd, seachtmogatt, a sé.
Mag Cartaigh Riabhach, Donnchadh mac Domhnaill mic Fínghin do écc adhbhar éccaoíne d'oireachaibh, & tóirsi do threabhthachaibh, & bróin do bhrughadhaibh a dhuithche badhéin, fer do dersccaigh da shinnsear & dá nar dersccaigh a shoiser, & a adhnacal i n-otharlighe a athar & a shenathar i Tigh Mo Laga, & a bhrathair Eoghan Mág Carthaigh do d'oirdnedh ina ionadh.
Uaithne mac Aodha Uí Dhiomasaigh do mharbhadh i fiull ina baile fein i c-Cluain na n-Gamhan.
Colla, mac An Ghiolla Dhuibh, mic Conchobhair, mic Donnchaidh, mic Domhnaill na Madhmann, mic Eoghain, mic Eoin na Laithaighe Meic Suibhne, fer go sén troda & tochair, & tighe n-aoidheadh consapal Dál c-Cais do écc.
Baothghalach Ócc, mac Baothghalaigh, mic Muircheartaigh Mheg Flannchadha ollamh Dál c-Cais lé breithemhnas, & fer tighe n-aoidhedh coithchinn do écc.
Uilliam Ócc Mac An Baird, mac Corbmaic ollamh Uí Domhnaill lé dán, oide sccol, saoí dearsccaighthe h-i f-foghlaim & i n-aithne, post congbhala & cothaighthe d'aos foghlama & friochnamha do écc í n-Druim Mór an .22. Februari.
Toirrdhealbach mac Tuathail Bailbh Uí Gallcubhair saoí duine oirechta do mharbhadh la Connachtaibh an 16 do Nouember.
Inghen Uí Baoighill, Siubhan Ócc, inghen Toirrdhealbaigh, mic Néill do bháthadh la .S. Sém ag foghlaim snamha ar abhainn an t-Sratha Buidhe.
Eoin Modardha mac Meic Suibhne Bóghainigh do écc lá cáscc macaomh ócc aoidheadhach ro ba mó do sgél dia chineadh fein an tan-sin.
Conchobhar Ócc mac Donnchaidh Meg Uidhir, & drong d'uaislibh Fear Luircc do mharbhadh isin Triucha.
Domhnall, mac Diarmada, mic Maoíleachlainn Mhé Gormain d'écc isin errach, éin-fher gradha ro b'fherr teist, & tuarasccbháil láimhe & einigh baoí dia chineadh ina comhaimsir.
Mainistir mhór An Chabháin, & An Cabhán fein uile ón chaislén mór anuas go h-abhainn do losccadh lé h-ingin Tomáis, mic an bharúin tre éd, & nir milleadh in én-bhaile etir Ghaoidhealaibh oired in ro milledh isin m-baile-sin.
Creacha móra do dhénamh lá Brian Ua Ruairc isin Anghaile an bhliadhain-si.
An iustis rémhraite Sir Henri Sidnei, ridire ar ainm, ar uaisle ar ghniomh, ar ghaiscceadh an iustis h-íshin, tocht dó im fhél Bríghde ó Chorcaigh co Luimnech &
Iarla ou Esex do thocht os cenn cóicchidh Uladh an bliadhain-si iarna ionnarbadh lásan iustis Sir Henri Sidnei an bliadhain roimhe, & a thocht h-i t-tír i n-Áth Cliath, & bá marbh ria c-cionn coicthidhisi é do theidhm galair obaind & ro cuireadh a léne, & a chridhe gó a chairdibh i n-inncomhartha a oidheadha.
Presidens
nua do thocht ós cend dá chóicceadh
Mumhan an bliadhain-si Uilliam
Druri a ainm, &
Tuadhmhumha do deadhail ré cóicceadh
Connacht & a chur lásan
Mumhain. An
presidens
cédna do beith ag siubhal ar bailtibh móra na
Mumhan do dhlúthughadh reachta
& riaghla do mhilleadh meirleach & m-bithbheanach, & ro básaigheadh
An Bároideach lais, & dá
ócc-chonsabal uaisle
urramhanta do
Shliocht Mhaol Muire mic Donnchaidh mic
Toirrdhealbhaigh .i. mac do Murchadh
Semus Mac Muiris do beith isin f-Frainc an bliadhain-so.
Rudhraighe Ócc mac Rudhraighe mic Conuill Uí Mhordha, & Conchobhar mac Corbmaic, meic Briain Uí Conchobhair do beith h-i c-ceithernus coilleadh ar Ghallaibh an tan-so, & an ro bhaoí beó do Sliocht Rossa Failccigh & Conaill Cearnaigh do ghabhail leó. Bá gar iaramh gur bhó cédach conghaireach an lucht h-ishin. Ro loiscceadh & ro léir-scriosadh leó dréchta dermhara do Laighnibh don Mhidhe & d'Fine Ghall.
AOIS CRIOST, 1577. Aois Criost, mile, cuicc céd, seachtmoccat, a secht.
Conn mac Briain mic Eocchain fer rob ócc n-aoisi, & ro ba foirfe i n-eineach, & i n-eangnamh do écc.
O Catháin do bhathadh isin m-Banna .i. Aibhne mac Con Muighe mic Ruaidhri an Rúta & Ruaidhri mac Maghnusa, mic Donnchaidh do oirdneadh ina ionadh.
Meadhbh inghen Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, ben baoí ó thus ag Mac Gille Eoain i n-Albain, & ag Domhnall Cléreach Ó Catháin as a h-aithle, ben fuair an saoghal go sona sénamhail sochonaigh, & ro ba mór ainm & erdercus clú einigh, & fhir-bhés, & ro chaith aimsir fhoda ag dénamh crabhaidh i n-Dún na n-Gall co b-fuair bás iar c-caoín-ghníomhaibh i c-cend secht m-bliadhan ar ceithre fichtibh.
An Dubhaltach mac Néill Óicc Mic Suibhne do Cloinn t-Suibhne Tíre Bóghaine do mharbhadh occ an m-Badhún Maol la Domhnall Ócc mac Maol Muire fear dearsgaighthe deigh-dhelbhdha ro ba maith lamh & oineach An Dubhaltach íshin.
Domhnall mac Somhairle Buidhe mic Alaxandair, mic Eóin Cathanaigh mic Mec Domhnaill do mharbhadh lá h-Ua Néill.
Onora inghen t-Sémais mic Muiris, mic Tómais, mic an iarla, ben Piarais Buitiler mac Semais mic Emainn mecc Piarais do écc.
Mac Briain Charraigh mic Corbmaic do mharbhadh lá sluagh Uí Néill.
Toirrdhealbhach mac an abaidh Uí Dhuibhidhir fer tréidheach tuiccseach, scél mór ina duthaigh fein do écc.
Mág Gormáin Tomás Ócc mac Tomáis mic Maoílechloinn Duibh do écc, & a bhrathair Seóinín d' oirdneadh ina ionad.
Alastrann, mac An Chalbhaicch, mic Toirrdhealbhaigh, mic Eoin Charraigh, do mharbhadh h-i c-comhrac la mac Teabóitt Buidhe Mhég Seóinin i n-doras na Gaillmhe, & nír bhó h-iomdha mac gall-óglaigh i n-Érinn in tan-sin ro ba mó faghaltas, & ro ba tiodhlaictighe toirbertaighe inás.
Tadhcc mac Murchaidh, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc Ui Bhriain do écc cén go ro saoíleadh a écc ré h-adhart amhlaidh-sin ar a mhence baoí i n-deabhthaibh duilghe, & i m-bearnadhaibh baoghail, géarrad ar ghaiscceadh, beithir ar beódhacht & ar lonngaircce an laoich-mhilidh-sin.
Uilliam mac Donnchaidh Riabhaigh mic Taidhcc Dhuibh Uí Cheallaigh do écc i n-Áth Cliath h-i c-caoímhtheacht Caiptín Maulbi, & ní thainic i t-Tír Maine ro ba mó do sccél inás.
O Ceallacháin .i. Donnchadh mac Taidhcc Ruaidh mic Uaithne mic Cathaoír do écc & O Ceallacháin do ghairm do Cheallachán mac Conchobhair mic Donnchaidh.
Feall urghranna adhuathmhar do dhénamh lá Gallaibh Laighean & Midhe ar an meid baoí ina rann fein, & ro an for a n-ionchaibh do Uíbh Failghe & do Laoighis. Bá h-amhlaidh do-rónadh ind sin. Ro toghairmeadh iad uile dia t-taisbénadh gusan líon as lia nó caomhsadaoís do thabairt leó go ráith mhóir Mhullaigh Mhaistean & iar rochtain dóibh gusan maighin-sin, ro h-iadadh ceithri sretha ina n-uirtimceall
Sean mac Semais, mic Seain, mic an iarla do ghabhail lásan presidens .i. Uilliam Druri h-i c-Corcaigh, & a chor co h-Áth Cliath dia choimhéd airm a m-baoí Riocard A Búrc iarla Cloinne Riocaird, & ní ro h-aisneidheadh créd ro ba coir dhó. Clann an iarla-sin Cloinne Riocaird do beith síodhach re Gallaibh, & eissiodhach ré Tuadhmhumhain.
An presidens rémraite do thocht i t-Tuadhmhumhain coicthidis ria f-féil Eóin go sochraide mhóir do Ghallaibh, & go maithibh dá chóicceadh Mumhan, & a beith ocht lá i n-Inis occ congmháil chúirte, & iarna fheimdheadh do Dhál c-Cais dul fó chíos dá prionnsa, ro fháccaibh marasccál co b-fedhain mearda miothuiccsigh occa míniughadh.
Iarla Tuadhmumhan (Conchobhar mac Donchaidh, mic Conchobhair Uí Bhriain) do dhul h-i Saxaibh d'éccaoíne a imnigh & a anfforlainn frisan m-bainríoghain, & fuair paitent ar a dhuthaigh, & ar a bailtibh, & ar bhethaidhibh urmhóir Tuadhmumhan, & bheós pardún coitchend dia dhaoínibh, & ticc iaromh tar ais im Notlaiccgo n-onóir & co n-airmidin móir d'faghbhail ona phrionnsa, & andar leis féin fuair a dhuthaigh saor ar ainbhrethibh oifficceach o shin amach. Ar a aoi ro lá an marusccál daoíre dhíchumhaing forra-somh résiú táinic an t-iarla gur bhó h-eigen dóibh dul fá phinginn don prionnsa .i. deich b-ponnta isin m-barúntacht, & bá h-isin céd-phinginn Cloinne Cais.
Coccadh eittir iarla Desmumhan (Gearóid mac Semais mic Seain) & Mac Muiris Ciarraighe .i. Tomas mac Emainn mic Tomais, Baile Mic an Chaim do ghabháil lásan iarla for Mac Muiris. An t-abb ócc ó d-Tórna do dhul i rann an iarla, & a mharbhadh i n-dorus Leice Snámha d'urchar piléir iar n-dul don iarla imón m-baile, & muna dearntaoí d'ulc etorra, acht oidheadh an abbaidh íshin ro badh lór a mhéd d'easbaidh. Ro marbhadh dna, & ro báitheadh sochaidhe do mhuintir Mic Muiris isin ló chédna. Bátar athaidh amhlaidh-sin h-i c-coccadh fri aroile
Aodh Ócc mac Aodha mic Seain Buidhe Még Mathghamhna do dhol ar siubhal ar mhuintir Mhég Mathgamhna, & Mag Mathghamhna fein do breith fair .i. Art mac Briain na Muicheirghe, mic Remainn, mic Glaisne & Aodh do mharbhadh lá Mág Mathgamhna, & lá a mhuintir, & as suaill ma ro bhaoí do Chlandaibh na c-Colladh ina reimhes a comhmór do écht ar a inmhe fein & nír bhó cudroma a ainm & a iomradh, & ainm an tí lasa t-torchair.
Rella iongnáth do artrughadh i n-oir-dhes isin céid-mhí do gheimhreadh, & crom-stuagh urcromh ionbhogha eiste amhail shaighnén sholusta, nó soillsighedh a dhealradh an talamh ina h-uirthimcheall, & an fhirmament etirbhuas, occus at-ces an rélla h-íshin in gach ionadh i n-Iarthar Eorpa gur ro iongantaighset cách h-i c-coitchinne í.
Sémus mac Muiris do beith isin f-Frainc bheós an bhliadhain-si.
AOIS CRIOST, 1578. Aois Criost, mile, cúicc cétt, sechtmhoccat, a h-ocht.
Mac Uí Néill .i. Enri mac Toirrdhealbhaigh Luinigh mic Neill Chonallaigh, mic Airt mic Cuinn do dhul sluacch h-i t-Tír Conaill ar mac Uí Ghallchubhair .i. Maol Cabha mac Cathaoír mic t-Toirdhealbhaigh Óig. Iar n-imthecht dá slócch uadha do cruinniucchadh creach, & do arccain an bhaile do-rala mac Uí Ghallchubhair alla imuigh don bhaile an tan-sin, & ro ionnsaigh an t-ócc-macaemh iarna fhaghbhail i n-uathadh sluagh, & ní tard anacal n-dó, acht a chloidhmheadh gan choiccill, & a airleach ar an lathair-sin. Bá ferr d'Eoghanchaibh ná tiaghdaoís an turus-sin.
Mácc Flannchaidh Dartraighe d'écc .i. Cathal Dubh mac Feradhaigh, & a mac Cathal Ócc do ghabhail a ionaidh.
O Broin (Tadhcc Ócc) d'écc iar sendataidh, & O Broin do ghairm do Dhúnlang mac Emainn Uí Bhroin.
O Duibhghennáin Cille Ronain (Dolbh mac Dubhthaigh) ollamh Ua n-Oilealla saoí senchaidh fer tighe aoidhedh coitchinn congairighe, fer suilbir, soingthe soagallmha d'écc, & a mhac Maol Muire do ghabhail a ionaidh.
Rudhraighe Ócc mac Rudhraighe Caoích, mic Conaill Uí Mhordha do thuitim lá Brian Óg mac Briain Meic Giolla Pattraicc. Bá h-é an Rudhraighe-sin cend foghladh, & díberccach fher n-Ereann ina reimhes, & nir bhó menmarc lá neach aén-erchor do chaithemh i n-acchaidh na corona go cenn athaidh dia éisi.
Piarus Buitilér mac Semais mic Emainn méc Piarais d'écc. Bá do theann-maithibh Gall Mumhan eisidhe.
O Ceallacháin do bhathadh i n-Abhainn Mhóir .i. Ceallachán mac Conchobhair, mic Donnchaidh mic Taidhcc Ruaidh, & bá d'ainimh a dhaithe ro imtigh riasiú ro chaith bliadhain iomlán i n-aireachas a athardha etir bhás a shenathar & a bháthadh fein; mac an priora Uí Cheallacháin d'oirdneadh ina ionadh .i. Conchobhar na Cairrcce, mac Diarmata mic Taidhcc Ruaidh, mic Uaithne mic Cathaoír.
Sláine inghean Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Catha an Aonaigh d'écc. Ben sidhe Bhriain mic Donnchaidh Bhacaigh, mic Murchaidh Chaoích mic Briain Méc Mathgamna, ben do chaith a h-aimsir gan imdearccadh go b-fuair bás iar sendataidh.
Síoda mac Mhec Con, mic Síoda, mic Mec Con, mic Síoda, tanaiste an taoibhe thoir do Cloinn Cuiléin do mharbhadh ar Sliabh Eachtghe acc toraighecht ar fhuadan creiche ar ceithirn Cloinne Riocaird.
O h-Eidhin Ruaidhri an Doire mac Floinn, mic Concobhair, mic Floinn do écc, fer co m-buaidh n-einigh & n-engnamha ó thuisdin gó a thogairm, mac a dhearbhrathar d'oirdneadh ina ionadh .i. Eoghan Manntach mac Emainn.
Maoílir mac Uateir, mic Seain, mic Maoilir A Búrc, sirriam chonntae Maighe Eó do mharbhadh i c-Caislén na h-Elle ar iondsaighidh aidhche léna bhrathair
Liathdruim Mhuintire h-Eolais do ghabháil lé caiptin Saxanach do mhuintir Niculais Maulbi ar Ua Ruairc i n-earrach na bliadhna-so, & Druim Da Ethiar do briseadh lá h-Ua Ruairc, Brian, mac Briain, mic Eoghain. Liathdruim iaromh d'fáccbháil lá Gallaibh ag cloinn Taidhcc Uí Ruairc, & an baile cedna do ghabháil lá h-Ua Ruairc gar becc iar sin do ced Gall & do neimh-chet chloinne Taidhg.
Ardiustis na h-Ereann .i. Sir Hanrii Sidnei do dhol go Saxoibh .i. fo Samhain, & Caiptin Maulbi do dhol lais, & Uilliam Druriie ina ionad .i. an president baoí os cend dá choícceadh Muman. Rucc trá an iustis iarla Cloinne Riocairtt lais .i. Riocard mac Uillicc, mic Riocaird mic Uillicc, & a mac Uilliam Búrc dia t-tabhairt ar cumas comhairle Saxan.
Iarla Cille Dara, Gearoid, mac Gearoid (baí h-i Saxoibh frí ré a dó nó a trí do bhliadhnaibh roimhe-sin fo rest) do thecht i n-Érinn fó Nodlaicc Mór.
Tomas, mac Pattraicc, mic Oiliuéir Ploingcéd tighearna Luchcmaigh do mharbhadh lá Mag Mathghamhna .i. lá h-Art mac Briain na Moichéirghe mic Remainn, mic Glaisne.
Seineasccal na Conntae Riabhcha ar n-dénamh coinne cheilcce lé Fiacha mac Aodha, mic Remainn, mic Seain, o Ghlenn Maoil Ughra. Ro fes lá Fiacha
Brian mac Cathaoír Chaomhánaicch, mic Airt, mic Diarmatta Laimhdercc do écc.
Sean mac Domhnaill, mic Tomais, mic Taidhcc Mécc Flannchadha ollamh iarla Desmumhan lé breithehnus d'écc. Ní bhaoí dna mac breitheman tuaithe i n-Erinn an tan-sin rob ferr treabhaire & tighedas inás.
Iarla Cloinde Riocaird i l-laimh bheós i l-Londaind.
AOIS CRIOST, 1579. Aoís Criost, mile, cuicc cett, sechtmoghatt, a naoi.
Domhnall mac Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Chatha an Aonaigh Uí Bhriain d'écc iar c-caithemh cóicc m-bliadhan sesccatt dia aoís iar sesccatt dia aoís iar seircclighi fhoda, iar n-aithrighe ionmholta, iar m-buaidh ó dhomhan & ó dhaoínibh, & a adhnacal co n-onóir & co n-airmidin i Mainistir Innsi & a mac Toirrdhealbhach do oirdneadh ina ionadh. Conadh d'fhoraithmhet a bháis at-rubradh
- Míle cúicc ced, ciallda an sdair,
seacht n-deich, ocht m-bliadhna, is bliadhain
ó bhás Domhnaill nar damh locht,
gur thoirling mac Dé i n-daonnacht.
Onóra inghen Donnchaidh, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc Uí Bhriain d'écc. Sccél mór i l-Leith Mogha isidhe.
Sir Eduard Phitun tresener d'écc.
Rolont Ustas mac Tomais, mic Risdeird d'écc.
Aodh, mac Seain, mic Rémainn, mic Seain, mic Aodha, mic Domhnaill Ghlais d'écc. Bá h-esidhe sinnsear Gaibhle Raghnaill, & tighearna Ghlinne Maoíl Ughra cogthóir & creachthóir a comharsan Gall, & Gaoidhel.
O Sechnasaigh Diarmaitt Riabhach, mac Diarmatta, mic Uilliam, mic Seain Bhuidhe & mac a dearbhrathar, Uilliam, mac An Giolla Duibh, mic Diarmata do chomhthuitim re 'roile i c-ceilcc do-rónadh lá h-Ua Seachnasaigh for cionn Uilliam h-i c-comhfochraibh Árda Maol Dubháin. Do-rochair Uilliam fó chédóir. Gidh é Ó Seachnasaigh ro créchtnaiccheadh esidhe, & ro écc gar uair iarsin.
O Seachnasaigh do gairm iaromh do Sean mhac An Ghiolla Dhuibh.
Toirrdhealbhach na Coissi Croinn, mac Maol Muire, mic Donnchaidh, mic Toirrdhealbhaigh, mic Ruaidhri Mec Suibhne, do thuitim lá Brian Ballach, mac Maol Muire, mic Donnchaidh, mic Briain Mhec Suibhne i n-doras Corcaighe.
Captín Malbí do thoidheacht i n-Érinn maille lé tiodhlaictibh móra ón b-Prionnsa.
Brian na m-Barrócc, mac Maol Muire, mic Donnchaidh Mec Suibhne dearbhrathair don Toirrdhealbhach rémhráite d'écc.
Semus, mac Muiris Duibh, mic Seain, mic Tomais, mic an iarla do theacht asin f-Frainc, & ad-berthí a thocht loinges ba líonmhaire iná mar tháinic. Bá h-ann
Bá h-ann baoí ard-iustis na h-Ereann Sir Uilliam Drurye in ionbhaidh-sin i c-Corcaigh Mhóir Mumhan. Iarla Chille Dara, & Sir Niculas Maulbi cona sochraite ina fharradh annsin. Tucsat-sidhe aghaidh ar chonntae Luimnicch co ro ghabhsat longport i c-comhfochraibh Cille Mo Cheallócc. Tánaic iarla Desmumhan ina c-cenn annsin, & baoí acca chor h-i c-ceill coná baoí cuid dó féin a t-tarraincc Sémais mic Muiris, na bheós a mí-ghníomh dá n-dearnsatt a bhraithre, & do-rad a aon-mhac oidhreachta don iustis a n-gioll lé tairiseacht & lé comhall do choróin t-Saxan. Ro tinghelladh don iarla gan a thír do mhilleadh ní badh mó, & gé ro gealladh ní ro comhailledh, óir do díolaithriccheadh a dhaoíne & a innile. Ro loiscceadh a arbhar & a fhoirccnemh.
Ro fhaoídh iaromh an iústis on c-campa-sin Chille Mo Cheallócc, a trí nó a cethair do chaptínibh co c-ceithribh cédaibh do shaighdiuiribh Gallda & Gaoidhelcha do chuartucchadh na Coillidh Móire dus an f-fuighbhittis drong éiccin dia esccairdibh. Do-rala etorra & clann ócc iarla Desmumhan .i. Sean & Semus Ócc, ag Gort na Tiobratt, & ro fighedh iorghal ainttreannda etorra co ro sraoíneadh for mhuintir an iustis, & co ro marbhadh triúr dia c-caiptínibh .i. Captín Hoiribert, Captin Ústas, & Captín Spris go t-tríbh cédaibh, amaille friu, & térnattar scceólanga uatha gusan c-campa. Rucc an iustis a champa iaramh go Bél Atha na n-Déise i c-ceirtmedhón Cliú Mháil mic Ugaine, & ro ghabh galar a écca an iustis, & ro fháccaibh Captin Maulbi le h-acchaidh coccaidh Gearaltach, & ruccadh an iustis i c-carpatt co Port Lairge co f-fuair bás annsin, & bá h-é iustis do tocchadh ina ionat i c-cúirt Atha Cliath duine uasal do mhuintir na bainríoghna tainic anoir isin t-seachtmhain-sin féin .i. Sir Uilliam Pellham do coimhéd criche Bregh & Midhe & Fhine Ghall ar Clandaibh Nell & ar Ghaoidhealaibh Leithe Cuinn, & Laighen an c-cein nó biadh an iustis-sin ro écc, & Captín Maulbi acc míniucchadh Muimhneach. Tánaic tra iarla Urmumhan i n-Erinn isin t-sechtmain cedna, iar m-beith trí bliadhna toir riasan tan-sin.
Iomthusa Captin Maulbi, tanicc co Luimneach iar n-écc an iustis d'athnuadhucchadh a armala, & d'fhaghail bhídh dia bhuannadhaibh, & do-chóidh asidhe go h-Es Gebtene, & bá h-é an lái-shin tangattar clann ócc iarla Deasmumhan d'iarraidh gona nó gabhala i c-conntae Luimnigh, & tarla iatt & an captín tul i t-tul gé ro fhédsat a sheachna, & a iomghabhail. Ro figheadh ócainder crodha etorra. Ro frestladh, & a iomghabhail. Ro figheadh scainder crodha etorra. Ro frestladh,
Sluaiccheadh cendais fidhna lá h-iarla Urmumhan isin t-seachtmain cedna i n-Gearaltachaibh, & ráinicc gusan c-Caislén Nua co rucc lais gach ní ar a rucc d'innilibh & d' airnéis an tíre, & soais tara ais gan troid gan tachar, uair baoí an t-iarla cona braithribh i c-Ciarraighe an tan-sin.
Conall Buidhe mac Giolla Pattraicc mic Piarais Uí Mhordha do mharbhadh i m-Biorra i n-dúthaigh Ele, & dob ferde a mharbhadh, uair as d'orccain an bhaile do-dheachaidh.
Oiluérus Ruadh, mac Seain na Beinne mic Seain Ruaidh, mic Seain na f-Fiacal d'écc.
Iarla Cloinne Riocaird bheós h-i Saxoibh an bliadhain-si.