AOIS CRIOST, 1550. Aois Criost, míle, cúicc céd, caocca.
Rudhraighe mac Donnchaidh mic Aodha Ruaidh I Domnaill epscop Doire, & brathair ar aoi t-toile d'ecc an .8. October, & a adhnacal i n-Dún na n-Gall i n-aibítt, S. Froinses.
An t-abb (.i. Esa Ruaidh Eoin a aimn-sidhe) mac Domhnaill Ruaidh I Gallchubhair d'écc, an .29. April.
Mac Suibhne Baghaineach Toirrdhealbhach Meircceach do mharbhadh i m-Baile Meic Suibhne lá Cloinn Colin (.i. Uilliam, Tadhg & Seaan), & la Cloinn Choinneiccein, .8. Ianuarii.
Ruaidhri Ballach mac Eoghain Ruaidh Mic Suibhne do bheith acc cuingidh tighearnais Tíre Boghaine for Ua n-Domhnaill, & ó ná fuair do-dheachaidh gusna Ceallaibh Bega, & ro leir-indradh an baile lais, & ro marbhadh-somh iaramh la Maol Muire mac Aedha ria c-cind raithe .i. an .31. do Marta.
Mac An Bhaird Thíre Conaill, Feargal mac Domhnaill Ruaidh saoí fhir dhana, & oide sccol, fer ro ba mór ainm, & oirdhercus ar fud Ereann ina aimsir, congmhalaigh coitchenn tighe n-aoidhedh d'écc.
Antoni Sint Liger .i. an iustis, do bhí roimhe i n-Erinn do thecht i n-Erinn ina iustis, & drong mhór do mhaithibh Ereann do dhol ina dhochum gusan c-cuirt móir go h-Áth Cliath.
Iarla do ghairm do Riocard Saxanach mac Uillicc na c-Cend.
AOIS CRIOST, 1551. Aois Criost, mile, cuicc céd, cáocca, a h-aón.
Airdespocc Caisil Emann Buitiler mac Piarais .i. iarla Urmuman d'écc.
Murchadh mac Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh Ui Briain iarla Tuadmuman a h-ucht Gall & an righ, O Briain é do ghnath Gaoidheal, fear aghmhar lé h-ionnsaicchidh, comhnart lé cothucchadh, suim, saidhbhir, co n-iol-mhaoínibh, ba h-esidhe ced-duine dia ro gairmedh iarla do Shiól m-Briain do écc, & mac a dearbhrathar Donnchadh mac Conchobhair d' oirdned ina ionadh.
Cathbharr mac Maghnusa mic Aodha Duibh mic Aodha Ruaidh, mac Uí Baoighill, & mac Meic Suibhne Bhaghainigh do mharbhadh (go lucht luinge faide amaille friú) la h-Albanchoibh i t-Toraigh an .16. do September.
Grainne inghen Maghnusa, mic Aodha, mic Aodha Ruaidh ben Uí Ruairc Brian mac Eocchain do écc, an .29. April.
An iustis Antoni Sint Liger do breith soir, & iustis ele do chur ina ionadh co h-Erinn .i. Semus Croftes.
Sluaiccheadh lasan iustis i n-Ulltoibh i t-tosach foghmhair, & ro chuirsiot lucht ceithre n-ethar uathaibh co Reachrainn do chuingidh creach. Battar clann Meic Domhnaill na h-Alban isin oilén acc imdheaghail na criche .i. Semus, & Colla Maol Dubh. Feachar iomaireacc etorra go raoímhidh for na Saxanchoibh co ná térna fer aithriste sgél díbh cénmotá a t-taoíseach .i.leutenont ro gabhadh lasna h-Albanchoibh & baoí-sidhe i n-giallnus aca co f-fuairsiot a n-dearbhrathair ass .i. Somhairle Buidhe Mac Domhnaill baoí i n-geimhel ag Gallaibh Atha Cliath edh bliadhna riasan tan-sin, & fuasccladh mór ele amaille fris.
Cúirt mhor i n-Ath Cliath iar n-iompúdh anall don iustis, & ro gabhadh Ó Néill Conn mac Cuinn iarla Tíre h-Eocchain an tan-sin tria ionnlach & edarchosaoíd a mheic fein Fer Dorcha .i. an barún, & coccadh mór do dhénamh do chloinn óicc I Néill fri Gallaibh & frisan m-bharún a n-díoghail gabhala a n-athar, & díoghbhála iomdha do denamh etorra.
Sluaicceadh lá Gallaibh doridhisi i n-Ultuibh do dhioghail a n-aincridhe for cloinn Meic Domhnaill, & for cloinn I Neill, & for mac Neill Óicc mic Neill mic Cuinn, mic Aodha Buidhe. Battar Ulaidh & Albanaigh i n-erlaimhe ar a c-cionn. Ro fighedh cath-iorghal amhnus ainiardha etorra iar rochtain h-i c-cenn aroile dóibh co ro meabhaidh for Ghallaibh, & go ro marbhadh dá chéd do Shaxanchoibh & d'Eirennchoibh
Cúirt mhor i n-Ath Luain, & Mag Cochláin do dhol gusan c-cúirt í-shin, & a phardún d'faghbháil dó, & patent ar a dhuthaigh, & Delbhna Ethra do dhol fó chíos don righ.
O Conchobhair Failghe .i. Brian do beith i l-laimh i Saxaibh ó ruccadh soir é, & iarraidh do thabhairt dó for elúdh, & breith fair. Fuair-siomh a anam doridhisi, & braighdenus siorruidhe as a h-aithle.
Domhnall Mág Congail d'écc.
AOIS CRIOST, 1552. Aoís Criost, mile, cúícc céd, caocca, a dó.
Innradh, & orccain Cluana Mic Nóis lá Gallaibh Atha Luain, & na cluicc móra do breith as an c-cloicctheach, ní ro fáccbhadh fós clocc becc nó mór, iomhaigh ná
Tadhcc Ó Ruairc tanaisi Breifne do chrochadh lá a mhuintir féin. At-berat aroile ro baoí cuid do Bhrian Ó Ruairc (.i. dearbrathair a athar) a n-dénamh an riaghtha í-shin.
Mac Suibhne Fánatt Ruaidhri, & Niall a bhrathair, & Brian mac Emainn do mharbhadh a b-fioll h-i mainistir[...].
Mathghamhain mac Briain mic Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh I Bhrian do mharbhadh lá muintir Donnchaidh mic Conchobhair Uí Bhriain.
Mac Uí Bhriain Tuadhmuman Diarmaitt mac Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh d'écc oidhche Fhéile Bríghde, & a adhnacal i mainistir Innsi.
Coccadh mór an bhliadhain-si etir Ghallaibh do leith, & Ulaidh (cenmothá uathadh) & Albanaigh don leith araill, & uilc iomdha do dhénamh etorra.
Sluaiccheadh lasan iustis go h-Ulltaibh doridhisi do shaighidh meic Neill Óicc, (.i. Aodh Ó Neill) & na n-Albanach. Do-dheachaidh cétus drong do na Saxanchoibh & Mac An t-Sábhaoísigh sluagh rempa d'iarraidh creach. Do-rala mac Neill Óicc friu ag Bél Feirste. Do-bert fuabairt fothaibh go ro mhuidh forra go ro marbhadh mac An t-Sábhaisigh lais, & da fhichit nó a tri amaille fris. Ar a aoí do-chótar na slóicch ele anonn, & ro ghabhsatt acc dénamh caisléin i m-Bél Feirste. Acht chena ní ruccsatt buaidh, & ní fhuairsiot braighde ná creacha, & ro maoladh mórán dá medhair don chur-sin. Do-thaodh iaromh mac Uí Neill Fear Dorcha (.i. an barún) sluagh mór do chabhair an iustis & na n-Gall, & ní ranaicc lais rochtain ina cenn in adhaidh-sin, & ro ghabh longport ina chomhfhochraibh. Ro len bhrathair Sean Donngaileach Ó Neill é co sluacch ele amaille fris, & do-bert amus longphuirt isin oidhche ar sluagh an bhárúin, & ro mheabhaidh riamh forra co
Ua Neill do beith i l-laimh bheós, & a mac Sean Donnghaileach, & mac Neill Óicc (Aodh) do bheith acc dénamh coccaidh ar an m-barún, & ar Ghallaibh ina dhíoghail.
Sluaiccheadh ele is in f-foghmhar lasan iustis i n-Ulltoibh, & ní tharraidh ní acht guirt do mhilleadh dó, & drong dia mhuintir do mharbhadh, & tanaic gan riar gan síth.
Coccadh mor etir Ó Raghallaigh, & na Saxanaigh, & creacha iomda do dhénamh lá h-Ua Raighilligh forra.
O Conchobhair Failghe do bheith i Saxoibh, & gan súil cáich lé tocht ina fhrithing dó.
Barún Dealbhna do dhol h-i Saxoibh, & a thecht tar ais ina friting iar c-críochnucchadh a thoscca amhail as deach for-caemhnaccair.
An iustis Semus Craft do dhol h-i Saxoibh, & an soinsilér Tomas Ciomhsócc .i. Ciomhsoccach Baile Cúisin do beith 'na iustis ina ionatt.
AOIS CRIOST, 1553. Aois criost, míle, cúicc céd, caocca, a tri.
Queene Mary do oirdneadh ós Saxaibh, an .6. Iuli.
Ammas oidhche do thabhairt lá a bhraithribh fein (Domhnall & Toirrdhealbhach clann Conchobhair Uí Bhriain) ar a n-dearbhrathair Donnchadh Mór mac Conchobhair (tighearna Tuadhmhumhan) go Cluain Ramhfhoda, an baile do losccadh, & d'arccain & daoíne do mharbhadh leó, & Ó Briain Donnchadh do dhol isin tor baí isin m-baile dia imdhíden forra. A t-tús an corghais do shonradh innsin. Bá h-é fochann na h-esaonta-sin etir Shíol m-Briain uair ro ghnouigh Donnchadh on rígh cert oidhreachta dia mhac fein go ro gairedh barún de ar bélaibh a shinnsior. Ro lonnaiccheadh na dearbraithri de-sin conadh aire do-rónsat an ionnsaicchidh remraite & ad-berdís aroile nár bhó machtnadh iatt do ghníomh ina n-dearnsatt. Ro éirigh easaonta h-i t-Tuadhmhumhain de-sidhe, & nír bhó cian báttar i n-imreasain fria 'roile uair ro écc Donnchadh Mór Ua Briain iarla Tuadhmuman satharn na páisi iar sin, & ro ghabh Domhnall a ionad.
Siubhán inghen Maghnusa Uí Domhnaill ben Uí Chonchobhair Sliccigh d'écc an .16 Iún.
Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh mic Murchaidh Uí Bhriain d'écc.
Niall mac Feilim
Uí Mhaoíleachlainn tanaisi Cloinne
Colmáin fer ághmar ionnsaightheach,
& fer a aosa bá ferr dia mhaicne do
mharbhadh a f-fiull lá h-Ua
Maidhm do thabhairt ar Mac Uilliam Búrc .i. Risderd an Iarainn lá cloind Tomais Bhacaigh A Búrc, & lá Gailengachaibh dú in ro gabhadh Risderd fein & in ro marbhadh céd co leith dia shluacch.
Slóiccheadh lá h-Ua m-Briain Domhnall h-i l-Laighnibh go n-dearna coinne lé Gallaibh h-i l-Laoighis isin b-port gur sccar rú amaille lé siothcháin. Rucc dna braighde ó Ua c-Cerbhaill lais fri comhall siodha.
Inghen Uí Conchobair Failghe Mairghrécc do dol h-i Saccsoibh, a h-ucht a cairdesa, & a gaoil thoir, & a h-ucht a bérla d'iarraidh a h-athar ar an m-banríoghain Queen Maria, & iar n-dol di fo na grasaibh fuair a h-athair & tucc lé i n-Erinn é, & do-radadh braighde ele ass don iustis, & don chomhairle .i. Rudhraighe Ó Conchobhair sinnsear a cloinne fein go m-braighdibh ele amaille fris.
Clann iarla Chille Dara Geróitt Ócc, & Éduard do teacht go h-Erinn iar m-beith for iondarbadh dóibh fri ré sé m-bliadhan décc isin Róimh isin Ettaill, & isin b-Frainc, & fuarattar aiseacc a n-duithche, & a n-iarlachta ón m-banríoghain. Tainicc bheós mac iarla Osraighe Tomás mac Semais mic Piarais Buitilér ina iarla i n-ionadh a athar.
Tanaic mar an c-cédna oidhre Meic Giolla Pattraicc, Brian Ócc mac Briain araon la cloinn iarla Chille Dara, & lá h-iarla Osraighe. Bá mór luathghaire urmhóir Leithe Mogha dia t-toidheacht-sidhe, & ní ro shaoilsiot aoínneach ar Sliocht Iarlachta Cille Dara iná Ua Conchobhair do thoidheacht go bráth i n-Erinn.
Sluaiccheadh lá barún Dealbhna i n-Dealbhna Ethra ar tarraing Corbmaic Chaoích & Shleachta Ferghail Mécc Cochláin coictis i n-diaidh na samhna, & a bheith dí
Coccadh dioghlach do eirghe etir Mag Cochláin, & Sliocht Ferghail & Ó Maol Mhuaidh iarsin, & dioghbhála nách sodhaing d'faisneis do dhénamh etorra. Bá for an c-coccadh-sin do-rónadh gníomh iongnadh h-i c-Cluain Nóna .i. bachlach do mhuintir an bhaile fein do dhénamh feille far bhardaibh an bhaile, & triúr dersccaigtheach dibh do mharbhadh la tuaigh connaigh, & ben do bhaoí istigh do chengal & an caislén do ghabhail lais, & ba dána an gníomh aen-moghaidh innsin.
O Briain .i. Domhnall do chor iarla Cloinne Riocaird ón m-Beinn Mhóir baoí i n-iomshuidhe ar Shean A Búrc.
AOIS CRIOST, 1554. Aois Criost, míle, cúicc céd, caocca, a cethair.
Cathaoír mac Airt mic Diarmatta Laimhdeircc Meic Murchadha saoí ághmhar ionnsaightheach, & díol Laighen do thighearna munbhadh gabhaltas Gall d'écc.
O Cerbhaill An Calbhach (.i. mac Donnchaidh) do mharbhadh lá h-Uilliam Odhar, & lá Sliocht Maol Ruanaidh Uí Cerbhaill, & lá Conall Ócc Ó Mórdha a n-dioghail na feille do-rinne-siumh ar Tadhcc Caoch riasan tan-sin, & bá maith ro h-aithedh an míghníomh-sin fair-siumh uair do-rochair fein & Tadhcc Mac Donnchaidh a dearbrathair a c-cionaidh an mhígniomha-sin ria c-cionn m-bliadhna, & Ó Cearbhaill do gairm d'Uilliam Ó Cerbhaill ina ionadh.
Sluaiccheadh lá Domhnall Ua m-Briain tighearna Tuadhmhumhan go caislén Dhúin Míchil ar Chonchobhar Groibhleach mac Donnchaidh I Bhriain do ghabháil an bhaile fair. Iarla Urmhumhan cona sluagh do thocht do dhíochur Uí Bhriain ón c-caislén.
Sluaiccheadh lá h-Ua m-Briain isin t-sechtmhain iar sin h-i c-Cloinn Riocaird go n-dearna creach mhór ar dhreim don tír. Dol as-sin dó go Dún Lathraigh, Sliocht Riocaird Óicc & Sliocht Maoílir A Burc do tocht ina chend, & do ghabhail oilemhna & tuarastail uadh.
Maidhm Cinn Salach h-i c-Cloich Chinn Fhaolaidh do thabhairt etir Cloinn t-Suibhne na t-Tuath lá samhna do shonnradh. Báttar iatt báttar do thaoibh don iomairecc-sin Mac Suibhne Eocchain Ócc mac Eocchain, & a dearbhrathair Toirrdhealbhach Carrach & Niall mac Maol Muire. Clann Donnchaidh Mic Suibhne don leith ele .i. Aodh Buidhe, Emann, & Concobhar & Domhnall. Ro marbhadh annsin Mac Suibhne cona dearbhrathair Toirrdhealbhach Carrach & Niall mac Maol Muire, do-rochair
Mórsluaiccheadh lá h-iarla Chille Dara, lá barún Dealbhna, & lá mór-sochraide Gaoidhel i n-Ultoibh ar Fheilim Ruadh mac Airt mic Aodha I Néill ar tharraing t-Seain Dhonnghailigh mic I Neill. Do-rónadh creach mhór leó, & bá mó oldás caoca ro marbhadh dia muintir don chur-sin.
Sluaiccheadh lá h-Ua Neill Conn mac Cuinn do dhol for Cloinn Aodha Buidhe, & iar n-dol dó is in tír ro thionóil Aodh mac Néill Óicc I Neill & cland Mic Domhnaill ina m-baoí do slócch aca for a chionn ima comhrainic dóibh co reimhidh for Ua Néill, & go ro ládh ár a mhuintire uair torchrattar tri chéd dia shlóghaibh.
Bóraimhe mhór .i. dá fhichit, & tri chéd bó do roinn, & do thogbháil ar Dhealbhna Ethra d'iarla Chille Dara a n-éraic a comhalta Robert Nugent ro marbhadh lá h-Art mac Corbmaic Még Cochláin.
O Concobhair Failge .i. Brian do beith i l-laimh ag Gallaibh.
Aodh mac Anmchadha Uí Madagain tighearna Shíl n-Anmchadha d'écc, & Sean mac Bresail Uí Madaccáin do gabháil a ionaid.
Tadhcc mac Aodha Uí Chobhthaigh priomh-oide Ereann, & Alban lé dán d'écc.
Corbmac mac Fir Dorcha Meg Cochláin cenn a ghabhláin fein, & adhbhar tighearna Dealbhna Ethra d'écc h-i c-Cluain Lonáin.
AOIS CRIOST, 1555. Aoís Criost, mile, cúicc céd, caocca, a cúicc.
Aodh mac Neill Óicc, mic Neill, mic Cuinn, mic Aodha Buidhe mic Briain Bhallaigh I Néill ticcherna Cloinne Aodha Buidhe, fer tóthachtach toirbhertach dearlaictheach deigh-einigh, rigdamhna ós ruireachaibh, tighearna ar thrén-chosnamh, fer ná tucc umhla, ná urraim d'aoín-neach do Ghaoidhelaibh & ná ro léicc géill ná eidiredha uadha as a thír, & agá m-báttar géill, fer do-rad bres-mhadhmanna iomda ar Ghallaibh & ar Ghaoidhelaibh ag cosnamh a thíre friú do mharbhadh lá h-Albanchoibh d'urchor peiléir.
Iustis nua do techt go h-Erinn .i. Tomas Susig, & Antoni Sent Liger .i. an sean-iustis do dhióchur soir. Sluaiccheadh lasan iustis-sin fó chédóir ar tarraing I Neill do dhíochur cloinne Meic Domhnaill, & na n-Albanach báttar ag dénamh gabhaltais is in Ruta, & h-i Cloinn Aodha Buidhe. Baoí an iustis cona shluagh leth-ráithe acc indradh na n-Albanach, & do-róine crecha iomdha forra. Ro marbhadh céd no dhó do na h-Albanchoibh lais, & luidh cona shlógh for c-cúla gan riar gan braighdibh.
Brian mac Cathaoír Ruaidh Uí Chonchobhair Fhailghe do mharbhadh lá Donnchadh mac Uí Concobhair (.i. Brian).
Iustis na h-Ereann do dhénamh shlóighidh do dhol don Mumain. Ua Briain do thionol shlóigh ele ina aghaidh-siumh, & dol dó h-i c-coinne an iustis go h-Uibh Riaccain. Sídh do dhénamh dóibh re 'roile, Gaoidhil ó Bhearbha go Sionainn ar sith Uí Bhriain & Goill Mumhan ar síth an iustís.
Mac Uí Domhnaill .i. An Calbhach do dhol go h-Albain go n-uathadh dagh-dhaoíne ina caoímhtheacht, & fuair sochraide shlóigh ó Mac Cailín (.i. Giolla Espaig Donn) & maighistir Arsibél a t-toisigheacht forra. Tanaicc iaramh go f-feacht mór Albanach lais do mhilleadh & do mhí-imirt Tire Conuill. Bá don chur-sin do-bert lais gonna dia n-goirthí an Gonna Cam las ro brisedh Caislén Nua Innsi h-Eocchain, & caislén Eanaigh. Iar t-teacht dó cetus don tír, ro gabhadh lais Ua Domhnaill Maghnus a athair h-i r-Rosracha, ní ro leicc uadha an fheacht Albanach-sin on t-samhfuin a t-tangattar go féil Brénainn ar c-cionn. Baoí tra Ua Domhnaill i l-láimh go a écc.
AOIS CRIOST, 1556. Aois Criost, míle, cúicc céd, caocca, a sé.
Giolla Colaim O Clapaicch comharba Pattraicc i n-Uarán Maighe h-Aoí, cend einigh, & saidhbhriosa comarbadh Connacht, feichemh coitchenn do thruaghaibh, & do thrénaibh d'écc h-i c-Cloinn Riocaird iarná ionnarbadh a h-Uaran, & iar marbhadh a meic (Diarmait Ruadh O Clabaigh) lá Cloind Chonnmaigh.
O Mórdha Conall Ócc do ergabháil lasan iustis.
Caislén Lis Cluaine .i. i n-Dealbna do criochnucchadh lá Maoíleachlainn Ó n-Dálachain h-i f-féil Matha Suiscél.
Cathraoínedh lá h-Ua m-Briain Domhnall for Thadhcc mac Murchaidh Uí Bhriain ag caislén An Dísirt dú in ro marbhadh triocha do dhaoínibh nó ní as uille.
Donnchadh mac Uí Conchobhair Failge (.i. Brian) do erghabhail lasan iustis i n-Druim Dá Maighe ar ionchaibh, & ar eineach iarla Cille Dara. Ro chuir an iustis, & an t-iarla teachta uathaibh leth ar leth gusan m-bainrioghain go Saxaibh dus créd adéradh do dhénamh lasna braighdibh ísin uair baí Ó Concobhair, & Donnchadh go m-braighdibh ele i l-laimh ag an iustis an tan-sin. Ro léicceadh Ó Mórdha, & Donnchadh Ó Conchobhair fó dhaighin na comairce baoí aca .i. iarla Cille Dara, & iarla Urmumhan mar nár saoíleadh do dhenamh dhó.
O Fergail Bán .i. Tadhcc mac Conmaic d'écc iar sendataidh tocchaidhe.
O Madagain (.i. Sean mac Bresail) tigherna Sil n-Anmchadha do mharbhadh lá Bresal Dubh Ó Madagáin & dá tighearna do ghairm ar Shíol n-Anmchadha .i. Bresal Dubh, & Maoíleachlainn Modardha.
Uaithne mac Uilliam Uí Cobhthaicch saoí Ereann lé dán do mharbhadh 'san oidhche a f-fiull i m-Baile an Luicc i Maigh Bachla, & ní feas cia ro mharbh.
Feilim (.i. Ua Docartaigh) mac Conchobhair Charraigh Uí Dochartaigh do écc an .6. December.
AOIS CRIOST, 1557. Aois Criost, míle, cuicc céd, caocca, a seacht.
Indradh Arda Macha fo dhí i n-aon-mhí lasan iustis Tomas Suisig.
Mac Murchadha .i. Murchadh mac Muiris Caomhánaicch do bhásucchadh h-i Leithghlionn la Gallaibh, ar baí-sidhe acc triall ardaighthe, & esaonta friú co ro fheallsat fair istigh i t-ticch na comhairle.
Caislén An Fhedáin i n-Delbhna Eathra do ghabhail lá braghaitt baoí i l-laimh ind, & a thabhairt do Mhág Cochláin, & Sliocht Fergail d'ionnarbadh, & a m-braighde do crochadh luan initte .i. an céd-lá do Mharta.
Caislén Racra do bhrisedh lá h-Ua Maoíleachlainn & lá Gallaibh Atha Luain. Coccadh d'eirghe etir Mág Cochláin & Ó Maoileaclainn iarttain.
Indradh Ua f-Failghe, & Síol c-Conchobhair d'ionnarbadh as an tír doridhisi & a m-braighde do congbhail lásan iustis. At iat na braighde O Conchobhair Failge, & mac a dearbhrathar .i. Rosa mac Murchaidh co sochaidhibh ele amaille friú. Ro basaighitt na braighde-sin uile lá Gallaibh acht Ó Conchobhair namá.
O Mórdha Conall do gabháil lá Gallaibh, & a bhásucchadh leó h-i Leithghlinn. Ba truagh tra lá Gaoidhelaibh an diach-sin do-bretha for a saor-clantaibh soichenelchaibh gion gur cuimhgettar ní dóibh.
Sluaiccheadh lasan iustis do dhíochur Shíl Conchobhair as Miliucc iarna
O Ferghail Bán Domhnall do marbhadh lá Fachtna mac Taidhcc Uí Ferghail & Fachtna feissin d'ionnarbadh triasan n-gníomh-sin lá Gallaibh.
Domhnall mac Laoighsigh Uí Mhórdha tighearna Sleibhe Maircce do crochadh lá Gallaibh .i. lá maighistir Sili.
Sluaiccheadh lasan iustis h-i f-Feraibh Ceall do dhíochur na f-foghladh este ar ro chualaidh co m-battar for coilltibh Fher c-Ceall. Gabtar lais Tepóid Ó Maol Muaidh co m-braighdibh ele. Luidh as-sidhe go h-Éle go ro gabadh Leim Ui Bhánáin lais, & bá h-é feabhas a eich rucc Ó Cerbhaill ass uadha. Soais an iustis tar a ais iar t-tabhairt mescc-bhuaidhreadh for Ghaoidhelaibh na n-ionadh-sin. Teid iaramh h-i Saxaibh, & fáccbais an treisinér ina ionadh. Sluaiccheadh ele lasan treisiner h-i f-Fearaibh Ceall dia dioghail ar Ua Maol Muaidh.i. Art bheith ag caomhna na ceithirne coille, & na n-díbherccach. Ro h-iondradh an tír ó choill
Coccadh adhbhal etir Ghallaibh & ina m-baoí amuigh ina n-acchaidh do Ghaoidhelaibh .i. Síol c-Conchobhair, Síol Mórdha, & Síol Maoíl Muaidh & Síol c-Cerbhaill co nach éidir a riomh an líon creach marbhtha, & foghla do-rónadh leó ó tá Sionainn go Sliabh Ruadh, & ó tá Bladhma go Cliodhna, & ó tá Eóir gusan c-Cliodhna c-cedna.
O Cerbhaill (.i. Uilliam Odhar) do gabhail caisléin An Léime ar Ghallaibh iar b-faghbháil baoghail fair.
Toirrdhealbhach mac Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc an Chomaid Uí Briain d'écc.
Seaan Ó Neill .i. mac Cuinn, mic Cuinn do thecclamadh, & do lér-tionol slóigh lán-mhóir do dhol i t-Tír Chonaill .i. na h-Airghialla uile, & ina m-baoí do Ghallaibh & do Gaoidhelaibh o Tráigh Bhaile Mic Buain go Finn. Tangattar-sidhe uile ina thionól, & ina thoicheastal, & ní ro h-airiseadh lasna sloghaibh í-shin go ro gabsat longport lethan laoch-armach cetus acc An c-Carraicc Leith etir dá abhainn .i. Fionn, & Modharn. Bá sóinmheach ro both i l-longport mic Uí Neill ar ro baoí creic & cennaighecht medha, & fíona, & édghadh n-uasal, & gach n-adhailcce archena ann. Ránaicc sccéla go mac Uí Neill go ro chuirset Cenél c-Conaill a m-bú & a m-bó-tháinte i n-diamhraibh & i n-droibhélaibh an tíre iarná c-cúlaibh, att-bert-somh nat baoí bó díobh-siumh do-suidhe, ar cia nó tiostaoís i l-Laighnibh nó i Mumhain, nó biadh-somh ina lurcc conas-tuccadh go riaraighthe iatt fó a mhamus bádhéin, coná biadh acht aon-righ for Ultaibh do ghrés. Cenél c-Conaill dna as amhlaidh báttar-séin & Ua Domhnaill Maghnus i n-easláinte & i n-eneirte, & é i l-láimh accá mhac An Calbhach fri ré dá bliadhan raimhe-sin, & An Calbhach h-i c-cendas na tíre. Baoí bheós a dherbrathair Aodh cona lucht lenamhna h-i f-frithbert fris, & baoí-sidhe h-i f-farradh Sheain, a brathar an tan-sin. O ro chualaidh An Calbhach Sean
AOIS CRIOST, 1558. Aois Criost, míle, cúicc céd, caocca, a h-ocht.
Iarla Desmhumhan Semus, mac Seain, mic Tomais, mic Semuis mic Geróitt iarla d'écc. Bá doiligh dia dhúthaigh dith an deigh-fhir-sin óir ní riccthí a les eallach d'ionnraitne, nó dorus do dhunadh ré a linn ó Dhún Caoín h-i c-Ciarraighe co Cummar Tri n-Uiscce n-imelglas h-i c-coiccrich Chóicceadh Eachdhach mic Luchta, & Laighen, & a mhac Geroitt d'óirdneadh ina ionadh.
O Briain Tuadhmhumhan Domhnall mac Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Chatha an Aonaigh d'ionnarbadh as a athardha lá iustis na h-Ereann, & an iarlacht do bhuain de lasan iustis cedna .i. Tomas FitzUater, & lá mac a dherbhrathar Conchobhar mac Donnchaidh, mic Conchobhair Uí Bhriain. Cluain Ramhfoda, Bun Raite, & An Clár Mór puirt oireachais na tíre, & ní h-iatt amháin acht an tír uile etir fhasach & áitiucchadh d'fágbháil ar durn mheic Donnchaidh Uí Bhriain lá Gallaibh & a oirdneadh mar iarla os cionn na criche-sin, & rob é-sin céd-iarla Cloinne Cais iar n-ainm gion gur bé iar n-óirdneadh. Ro fhás adhuath & ursccath, gráin, & gábhadh i n-Gaoidhelaibh glan-Bhanbha don gníomh-sin .i. tre dibirt Domhnaill Uí Bhriain, do criothnaighsiot beós Clanna Cuinn & Cathaoír, Sliocht Eirmhoin & Eimhir, Ír & Ithe don claochludh-sin.
An barun Ó Neill, Fer Dorcha mac Cuinn Bhacaigh, mic Cuinn, mic Énrí mic Eocchain do mharbhadh go mio-ghaolmhar lá muintir a dhearbhrathar Sean & dob é
Mac Uí Chonchobhair Fhailgigh .i. Donnchadh mac Briain mic Cathaoír mic Cuinn mic An Chalbhaicch do mharbhadh lá h-Ua n-Díomasaigh .i. Uaithne mac Aodha do fhaccaibh an bhás-sin Berbha fá bhrón, & Failgigh co fann, & Laighin h-i lén, & fá fhéil Patraicc do shonnradh do-rónadh an gniomh-sin.
Maidhm mór la h-iarla Cloinne Riocaird ar Albanchoibh, & ro bé an t-iarla-sin Riocard mac Uillicc na c-Cenn, mic Riocaird, mic Uillecc Cnuic Tuagh, mic an Uillicc Medhonaicch mic Uillicc an Fhíona, & rob iad na h-Albanaigh for a t-tuccadh an maidhm-sin Domhnall mac Dubhghaill mic Giolla Espuicc Mic Ailin, & Dubghall mac Donnchadha mic Giolla Espuicc Mic Ailín, dá ócc-chonsapal urramhanta báttar acc reic a n-amhsaine athaidh fhada lé h-Ultoibh, & lé Cenél Conaill sech cách. Do iomraidhettar etorra fein lé borrfadh beódhachta & lé h-iomarcraidh árrachtais na h-oirir-sin d'fagbháil, & dol d'oirdhercucchadh a n-anmand ar fud
Sraon-mhaidhm do thabhairt lá Saxanchoibh ar Uilliam Odhar (.i. Ó Cerbhaill) mac Fir Gan Ainm mic Maol Ruanaidh mic Seain Uí Cherbhaill ar mhagh Chinn Corcaighe. Do h-esbhaighedh óicc, & do mudhaighedh mílidh ar an magh-sin, & do fáccbadh ann Murchadh Gengcach mac Emainn, mic Murchaidh, mic Emainn Mic Suibhne do chonsaplaibh Dál c-Cais, & do Thír Bhoghaine iar n-dúthchas, & térna Ó Cearbhaill fein as an f-foiréiccen-sin.
Airchideochain Cille Dá Lua d'écc .i. Donnchadh Ócc mac Donnchaidh, mic Niocóil Uí Gráda, tighearna h-i c-cill & h-i t-tuaith an tí testa annsin.
Queene Elizabeth do oirdneadh ós Saxaibh an .17. Nouember.
AOIS CRIOST, 1559. Aois Criost, míle, cúicc céd, caocca, a naoí.
O Neill Con Bacach, mac Cuinn, mic Enri, mic Eocchain d'écc iar c-caithemh a aoisi & aimsire gan oilbeim gan imdherccadh, & ro ba doiligh do Chenél Eócchain a écc-sidhe munbhadh a shendataidh & a shenórdhacht, & a dhíol d'oidhre d'faccbháil ina ionadh .i. Sean.
Emann Buitilér, mac Tomáis, mic Emainn, mic Tomais d'écc, tigherna Trena Cluana Meala & Chathrach Dúine Iasccaigh for Siúir,buabhall bláith bionn-foghrach maighre taoíbh-gheal tlacht-chorcra do thimdhibhe a t-tús a aoíse & a aimsire, & dearbhrathair a athar do ghabhail a ionaid .i. Piarus mac Emainn.
Iarla Tuadhmhumhan, Conchobhar mac Donnchaidh mic Conchobhair Uí Bhriain ar suidhe ré h-acchaidh Innsi í Chuinn a mí Iún do shonnradh ar cloinn Murchaidh Uí Briain, & baoí mac do cloinn Murchaidh is in m-Baile .i. Donnchadh & do baí Tadhcc mac Murchaidh I Briain i m-bioth-ghnais & a m-buan-choimhitteacht iarla Desmumhan ó dibirt Domhnaill Uí Briain go n-uicce-sin & do eccaoín Tadhcc a anbforlann risan iarla, & a dubhairt gur bhaoghal lais a beith gan baile gan brathair muna f-faghbhadh furtacht a b-foccus. Do ghabh an t-iarla an iomchosaoid-sin Taidhcc, & do chuir gairm ar a ghlan-sluaghaibh, & tionol ar a thuathaibh. Gidheadh nír an lé cruinniucchadh mar ba cóir acht do cheimnigh ar a chert-aghaidh go dédla dásachtach tré shruthrachaibh Sionna sriubh-gloine. O 'd-chualaidh iarla Tuadhmumhan an tionol-sin acc triall fona thuairim do éirigh ó Inis I Cuinn, & do fháccaibh an foslongport folamh, & do ataigh a fhíor-chara imá fhóiridhin .i. iarla Cloinne Riocaird, dob feirde dó an t-atach-sin óir nír an le a aithiarraidh acht do ghluais fó chédóir, & ní ro airis gusan maighin h-i m-baoí iarla Tuadhmhumhan. Dala iarla Desmumhan ní ro h-anadh lais go n-deachaidh ar faithche Innsi Uíuinn, & ro fhill tar a ais go Baile I Aille an oidhche chédna. Nir bhó fada ó 'raile foslongpuirt na n-iarladh an oidhche-sin. Ro éirigh iarla Desmumhan a moch-dedhail na maidne arnabharach, & tuc corucchadh catha, & inneall iombualta ar a óccbaidh, óir bá dóigh lais nach t-ternaifedh gan troid on dá tighearna tarla
Sluaiccheadh cendais fedhna lá h-Ua c-Cerbhaill Uillim Odhar mac Fir Gan Ainm mic Maol Ruanaidh, mic Seain ar Mac Uí Briain Ara .i. Toirrdhealbhach mac Muircertaigh, mic Domhnaill, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Murchaidh na Raithnighe. Do lomadh, & do lér-scriosadh an tír go tinnesnach lá h-Ua c-Cerbhaill ó Bhél An Átha go Muileann Uí Óccáin. Do marbhadh leis sa ló cédna dearbhrathair
Tadhcc an t-Suasáin mac Domhnaill mic Conchobhair Uí Briain d'écc h-i f-Feraibh Manach i n-dúthaigh Még Uidhir, & é acc cur a cuarta etir a chairdibh coicriche iarna ionnarbadh as a athardha araon la a athair an bliadhain roimhe-sin, fer a aosa do b-ferr luth & lán-tapadh miletacht & marcachas do Clandaibh Corbmaic Cais, & a adhnacal i n-Achadh Beithe.
An Calbhach Ó Domhnaill do ghabháil lá h-Ua Néill Sean an 14 do Maii. Bá h-amhlaidh arricht an ghabhail íshin. Cathbharr mac Maghnusa do bheith a f-frithbert friss An c-Calbhach, & fria a mac Conn. Bá h-ann baoí ionattacht Chathbhairr for Crannóicc Locha Bethaigh. Ro tionoileadh sluagh an tire im Chonn mac An Chalbhaigh co m-battar h-i f-forbaissi imon c-crannóicc. Bá h-ann baoí An Calbhach an tan-sin h-i c-Cill O t-Tomhrair go n-uathadh sochaidhe cenmothát mná & filedha.