Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1540

M1540.0

AOIS CRIOST, 1540. Aois Criost, mile, cuicc ced, cetrachat.

M1540.1

Ruaidhri Ua Maoíl Eóin epscop Ardachaidh, & fer ionaid epscoip Cluana Mhic Nóis fer rathmhar ro-chonaigh eisidhe do écc.

M1540.2

Mainistir Cluana Ramhfhada do thabhairt dona Braithribh De Obseruantia ar forcongra Uí Briain Mhurchaidh mic Toirrdhealbhaigh, & maithe Tuadhmumhan do chet & d'aontaidh uachtarán da Ord .S. Froinseis.

M1540.3

Saxanaigh do bheith (in gach áit ar fud Ereann inar chuirset a c-cumhachta) ag ingreim & ag ionnarbhadh na n-ord, & go h-airidhe Mainstir Mhuineacháin do mhilleadh dhóibh, & gairdian na mainistre go n-druing dona braithribh do dhichendadh leó.

M1540.4

Dias mac Uí Bhaoighill Niall Ruadh, & Conchobhar do beith i n-imresain & i n-esaonta


p.1456

ré 'roile, & Niall do dhol ar ionnsaicchidh ar Conchobhar co Luachras (ar ba h-ann bai airisiomh & comhnaidhe Conchobhair), & a beith a c-ceilcc in adhaidh-sin i t-Tempall Sencháin, & Concobhar do theacht arna 'bharach for an dromain lá taobh an tempaill. Niall cona mhuintir d'eirghe dó as an tempall. O 'd-chonnairc Conchobhar dia shaighidh iad luidh for a n-iomgabhail ó ná baí sochaidhe ina fharradh cénmothá uathadh namá nár bhó h-infhedhma. As edh do-dheachaidh a aenar tar Traigh Luachrais síos. Lenaidh Niall é feibh as deine con-ránaic, & rucc uidhe riana muintir feissin acc tograim Chonchobhair co t-tarraidh é co m-ba comhrainicc dóibh re 'roile co beodha barbardha gan foraithmhet cairdesa nó coimhfhialasa. Do-rad Conchobhar beim do Niall ina chend-mhullach go ro trasccair go lár é ar an lathair-sin. Luidh Conchobhar os é crechtnaighthe as. Tangattar a mhuintir do shaighidh Néill, & at-bert friú Conchobhar do lenmain, & ná baoí fein i n-guais écca don chur-sin. Do-rónadh fair-siomh sin, & ruccsat Muintir Néill ar Choncobhar lá taobh locha baoí ina c-comhfhoccus, & ní ro lamhsat iombualadh fris go ro trasccairsiot é lasna clochaibh baoí i n-airer in locha conadh iarná trascairt ro imirset arm fair, & ag soadh dóibh fo-gheibitt Niall marbh gan anmainn. Ni bhaoí dia c-cinedh fein lé h-athaidh dias a c-comhaosa ro badh mó d'échtaibh ináid an dias-sin torchair ré aroile.

M1540.5

Clann Uilliam mac an easpuicc Uí Ghallchubhair .i. Uilliam Ócc & Aodh Gruamdha do marbhadh lá cloinn Uí Baoighill .i. lá Domnall & lá Toirrdhealbhach a n-díghail marbhtha a n-athar.

M1540.6

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill, Maghnus h-i c-cóicceadh Chonnacht, & ní ro airis go rainicc Magh Luircc, as-sidhe h-i c-Cloinn Chonnmhaigh. Magh Luircc & Clann Chonnmaigh do léir-mhilleadh & do losccadh lais, do-róine iaramh crecha an Choirrshléibhe, & tainicc slán iar sin iar m-buaidh, & cosccar.

M1540.7

Slóiccheadh ele la h-Ua n-Domhnaill báttar iad tangadar ina sochraide, Niall mac Airt Óicc tánaise Tíre h-Eocchain, & mac Mic Domhnaill na h-Alban Colla mac Alasdrainn co n-Albancoihbh iomdha amaille friss, & Ó Domhnaill & an slógh-sin


p.1458

do dhol cétus h-i f-Feraibh Manach, & móran do mhilledh dóibh isin tír ar tus go b-fuairsiot iaramh cuir & slána lé na riar. Do-luidhsiot iaramh tre Bréifne Ui Ruairc as-sidhe co Coirrshliabh & foslongport do dhénamh dóibh isin Coirrshliabh, & an Bealach Buidhe do gherradh leó, & gach conair dodaing ele baoí for a c-cionn do reidhiucchadh dhóibh. Tangattar Clann Mhaol Ruanaidh uile chuca iar sin, & tucsat braighde d'Ua Domhnaill lé na breith fein ó sin amach, & tainic slán iaramh dia thicch.

M1540.8

Cland I Domnaill (.i. Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) Donnchadh Cairbreach, & Sean Luircc do dhol i n-aghaidh I Dhomhnaill (Maghnus a n-derbrathair feisin), & a n-dol for crannóicc Locha Bethaigh, & iad do beith acc milledh an tíre eiste. O Domhnaill dá n-gabháil ina n-dís, & do gabháil Éiccneacháin Uí Domhnaill i m-Baile na Congbála. Sean Luircc do crochadh lais, Eiccneachan & Donnchadh do chor i n-geimhlibh, & crannócc Locha Bethaigh do bhrisedh & do dhian-sgaoíleadh dhó.

M1540.9

O Dochartaigh .i. Geralt mac Domhnaill mic Feilim fear co n-uaisle & co n-eineach d'écc iar c-cian-aoís iar m-breith buadha ó dhomhan, & ó dhemhan.

M1540.10

O Baoighill do gairm do Domhnall mac Néill I Bhaoighill.

M1540.11

Sean mac Cuinn I Domhnaill do mharbhadh la cloinn Murchaidh Mic Suibne na t-Tuath.

M1540.12

Caislén Liathdroma do dhénamh lá h-Ua Ruairc Brian mac Eocchain, & coccadh mór do beith fair ar gach taobh .i. h-i Maigh Luircc, i Muintir Eolais, & i m-Breifne Uí Raighilligh, & a mac fein & drong d'feraibh Breifne do beith a c-coccadh ris mar an c-cédna, & do-rónadh an caislén lais-siomh lé h-aimsir aithghirr, & do mhill mórán h-i Maigh Luircc fana lucht coccaidh.

M1540.13

Gairm einigh do thabhairt lá Ruaidhri mac Taidhcc Mic Diarmada, & lá a mhnaoí inghen Mheic Uilliam Cloinne Riocaird. Scola Ereann, & lucht cuingedha neith do theacht chuca gusan c-Carraicc, & a riarucchadh uile lasan lánamhain-sin.

M1540.14

Tadhcc mac Briain mic Maghnusa Mheic Diarmada Ruaidh do bhathadh for an m-Banna, & é for sluacch h-i f-farradh Uí Ruairc.


p.1460

M1540.15

Semus Ócc mac an príora Még Cochláin do dhíchenadh lá Cédach Ua Maoíleachlainn h-i f-fiull ina caislén fein .i. caislén an Fhedáin, & díth mór do dhénamh don tír tríd-sidhe. Feilim Ó Maoíleachlainn do thabhairt Saxanach & an treisineir leis go Delbhna, & ar a aoí ní ro gabhsat an Fedán, & ro impaidhsiot dia t-tighibh iar milledh móráin dóibh.

M1540.16

Domhnall mac An Fhir Dhorcha Még Cochláin ceand a ghabhláin fein d'écc ria marbhadh Semais Óicc mic an phrióra.

Annal M1541

M1541.0

AOIS CRIOST, 1541. Aois Criost, mile, cúic céd, cethracha, a h-aon.

M1541.1

Doinenn dermhair, sioc, & snechta a t-tús na bliadhna-so co ná ro léicc ar ná treabhadh iar c-coir do dhénamh i n-Erinn.

M1541.2

O Cerbhaill Fer Gan Ainm mac Maol Ruanaidh do mharbhadh (h-i f-fiull & é dall díradhairc) la Tadhcc mac Donnchaidh mic Seain Uí Cerbhaill cona bhraithribh, & lá mac Uí Mhaoíl Muaidh Sean mac Domhnaill Chaoích h-i c-caislén Cluan Liscc, & gé ro bhaoí Ó Cerbhaill ina shenóir cian-aosda do-roine engnamh & congnamh mór do-chóidh i n-ainm & i n-oirdearcus dó ar lucht a mharbhtha. Ro marbhadh dna dá fher dhécc dia mhuintir amaille fris.

M1541.3

O Maol Muaidh .i. Cathaoír, fer ro ba mór clú, & oirdearcus ina aimsir fein d'écc.

M1541.4

Teagh Sárain etir thighibh & templaibh do losccadh & d'orccain isin corgus do shonnradh lá cloinn Uí Madagáin, Murchadh, Breasal, & Cathal. Feilim


p.1462

Ua Maoíleachlainn do dhol co Cluain Ferta iar sin, & tempall mór Cluana Ferta & an mainistir do bhrisedh & d'orccain lais.

M1541.5

Tuathal Balbh mac Seain mic Ruaidhri Uí Ghallchubhair saoí duine baoí ar thend-maithibh oirechta Thíre Conaill d'écc (1 Februarii), fer ba maith gal & gaiscceadh gen go marbhadh no co mudhaighedh daoíne ar ní deachaidh sidhe h-i t-troit nó i t-tachar nách biadh bráighe lais. Bá sedh fa deara dó-somh sin ar ro bhaoí araile aimsir ina aoídidh ag coitsecht fri senmóir & fri procept brathar sainredhaigh do bhraithribh Dhúin na n-Gall, & at-chuala agá phriotchadh nár bhó maith do rochtain fochraice daoíne do mharbhadh na dortadh a f-fola, conadh aire-sin ro chinn eiccin ina mhenmain gan guin duine, & ro chomhaill do grés insin an c-céin roba beó.

M1541.6

Maidhm mór do thabhairt do Mhac Uidhilín .i. Rudhraighe mac Ualtair ar cloinn Aodha Uí Néill dú in ro marbhadh Aongus mac Donnchaidh mic Maol Muire Meic Suibhne, & drong do ghall-ócclachaibh Tire Conaill araon ris. Ro marbhadh ann córucchadh gall-occlach do Chloinn n-Domhnaill Gallócclach, & sochaidhe ele cenmothat. Mac Uidhilin do dhol sluagh doridhisi ar cloinn Aodha Uí Néill, & clann Aodha .i. Conn, & Domhnall do mharbhadh lais.

M1541.7

O Domhnaill Maghnus do dol h-i cenn an iustis Shaxanaigh don Cabhán & an iustis dá gabháil chuicce lé h-onóir & le reuereus mór. Síth, cadach, & caradradh do chengal dóibh ré 'roile don cur-sin.

M1541.8

An chrannócc airtherach baoí ar Loch Glinne Dalláin do ghabháil lá cloinn


p.1464

Domhnaill mic Donnchaidh Uí Ruairc ar Donnchadh mac Donnchaidh I Ruairc. A cenn aimsire iar sin tucsat clann Donnchaidh Uí Ruairc (Domhnall, & Fer Gan Ainm) ionnsaicchidh ar an c-crannóicc go ro chuirset teine isin m-baile gan fhios. Ro ráthaighedh & ro mothaighedh in ní-sin, & lentar iad isin loch, & beirit clann Domhnaill orra, marbhthar & báiter leó Fer Gan Ainm mac Donnchaidh, Ro gabhadh annsin Domhnall, & ro crochadh iaramh lá cloinn Domhnaill mic Donnchaidh Uí Ruairc.

M1541.9

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Maghnus h-i c-coinne an iustís Shaxanaigh h-i t-Tír Eocchain, & an tír d'imtheacht & do mhilleadh leó don toiscc-sin. An iustís do thilleadh tar a ais isin Midhe, & Ó Domhnaill d'iompudh uadha tar a ais tré Thír Eoghain, & teacht slán gan tachar gan tegmhail d'faghail dó acc dol nó acc teacht don turus-sin, & O Domhnaill do ghabhail don taobh thoir do loch i f-Feraibh Manach. Cúil na n-Oirer & ó loch soir do mhilleadh lais etir tír & oiléna uair báttar báid & arthraicche aige ag milleadh & acc arccain na n-oilén, & a shluagh ag innradh na tíre go ro fháccaibh i n-easbaidh arbha iad an bhliadhain-sin.

M1541.10

Slóiccheadh la h-Ua n-Domhnaill a c-cenn athaidh iar sin h-i f-Feraibh Manach don taobh thiar do loch, & ro chuir drong dia slóghaibh i n-arthraighibh ar fud an locha, & ro gabh fein gusan líon slóicch tarrustair ina fharradh for tír go ro indirsiot an críoch uile a c-coinne a cheile do loch & do thír go rangadar go h-Inis Ceithlionn. Ro brisedh, & ro legadh leó caislén Innsi Ceithlionn, & tangattar slán iar c-cosccar don cur-sin.

M1541.11

Domhnall mac Neill Ghairbh mic Aodha, mic Aodha Ruaidh do mharbhadh lá h-Ua m-Baoighill ar n-dol do Domhnall do chongnamh la Toirrdhealbhach mac Uí Baoighill i n-acchaidh a athar. Tuccsatt-samh ruaicc d'Ua m-Baoighill ar tus. Impaídhidh Ua Baoighill friu-somh, & maidhidh forra go ro marbadh an mac-sin Néill I Domhnaill lais.

M1541.12

Conn mac Briain mic Eocchain Uí Ruairc do mharbhadh lá Cloinn Maghnusa Tire Tuathail.

M1541.13

Mac An Bhaird Concobhar Ruadh mac Ferghail ollamh Uí Dhomhnaill lé dán oide scol & saoí gan urdubhadh i f-foghlaim an dána & i n-ealadhnaibh oile, fer tighe


p.1466

aoidhedh coitcinn do chongmhail & d'fothucchadh d'écc iar n-ongadh, & iar n-aithrighe an 20 December.

Annal M1542

M1542.0

AOIS CRIOST, 1542. Aois Criost, mile, cuicc céd, cethracha, a dó.

M1542.1

Mac I Neill .i. Felim Caoch mac Cuinn mic Cuinn do mharbhadh la Mac Domhnaill Gallocclach d'aon-bhuille ga, & dias mac ele do chloinn I Neill d'ecc.

M1542.2

Brian mac Neill mic Airt Óicc mic Cuinn I Neill damhna tigherna Cenel n-Eoghain, fer roba mó clú uaisle, einigh, & engnamha táinicc do Chenél Eoghain mic Neill le cian d'aimsir d'écc isin t-sen-chaislen.

M1542.3

Mac Uí Bhriain Toirrdhealbhach mac Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh d'écc le h-adhart i n-Innsi I Chuinn fer a aesa ba ferr lamh, iomradh, & oirdhercus ina aimsir esidhe.

M1542.4

Mac Con mac Con Meda mic Donnchaidh mic Ruaidhri mic Mic Con Chennmóir do mharbhadh go mioghaolmhar la Mac Con, mac Ruaidhri, mic Mic Con mic Ruaidhri mic Mic Con Chennmhóir.

M1542.5

Corbmac mac Diarmata mic Taidcc Caim Uí Clérigh brathair minur toghaidhe do chonueint Dúin na n-Gall d'écc.

M1542.6

Mac Con Midhe Brian Dorcha mac Solaimh saoí lé dán, & le foghlaim, fer toichtheach, trom-conaigh, fer tighe aoidhedh coitcinn do cách d'ecc im feil Colaim Chille, tre miorbhuilibh Dé & Colaim Chille, & tre easccaine Uí Robhartaigh, ar do-rad sár, & dimiccin don Crois Moir, ar ros-buail í riasan tan-sin.

M1542.7

O Maoíleachlainn, Felim Ócc, mac Felim, mic Cuinn, mic Airt, mic Cuind mic Corbmaic Óicc, mic Corbmaic Ballaigh do mharbhadh i m-Baile Sccriccin isin oidhche la cloinn Mhég Eochagain, Connla, & Cedach Ruadh, & la h-Emann Ruadh


p.1468

Diolmuin, fer diar bó dú aireachus, & flaithes a shinnsear esidhe. Conadh do cuimhniucchadh báis Uí Maoileachlainn do raidhedh:
    1. Mile bliadhan is cúicc céd,
      a dó cethrachat gan bhéd
      o breith Criost tre chion an chroinn,
      ecc Fheilim Uí Mhaoilechlainn.

M1542.8

Siúbhal & iondsaicchidh do dhénamh la cloinn Uí Madagain fa chaislen an Fedain dia ra loisccsiot, & dia ro chrechsat an baile. Ro marbhsat Maoleachlainn Ó Raighne don chur-sin, do-dheachaidh an tír ina lenmhain go Tigh Sarain, & ro sraoineadh ar an tóraidh. Ro marbhadh Maelechlainn mac Emainn Mic Cochláin, Dauid mac Felim mic Donnchaidh, & Toirrdhealbhach mac Fergail mic Concobhair co sochaidhibh ele amaille friú in 4. Nonas Octobris.

M1542.9

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Maghnus a n-Iochtar Chonnacht cona chloinn .i. An Calbhach & Aodh. An clann-sin & Ua Dochartaigh do dhol ar siubhal creiche riasan slógh go Baile an Mhotaigh, & Mac Donnchaidh do crechadh dóibh, & na creacha do thabhairt go h-Ua n-Domhnaill. Maithe Iochtair Connacht do theacht ina chenn, & Mac Donnchaidh Baile an Mhótaigh do shonnradh a n-diaidh a chreiche, & a chíos d'íoc ris Ó n-Domhnaill dóibh don dul-sin.

M1542.10

O Conchobhair (.i. O Conchobhair Ruadh) Toirrdhealbhach Ruadh do ghabhail lá Ruaidhri mac Taidhcc mic Diarmatta ar Carraicc Locha Cé.

M1542.11

An Calbhach Ó Domhnaill do dhol ar siubhal creiche ar Sliocht Aodha Ballaigh mic Domhnaill. Creacha & marbhtha do dhénamh lais forra & teacht slán don chur-sin iar c-cosccar.

M1542.12

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill, & las An c-Calbhach h-i samhradh na bliadna-so. Tanaicc O Ruairc Brian h-i sochraitte Uí Domhnaill. Tánaicc béos Ó Cathain Maghnus mac Donnchaidh isin toichestal cédna iar t-tecclamad dóibh as edh ro


p.1470

chinnsiot dol ar Mac Uidilín (.i. Rudhraighe mac Ualtair), & ní ro h-airisedh leó go rangattar gusan m-Banna. Ro rannadh an sluagh a t-trí leó do dhol tar ferstibh na Banna ar ro coiscitt arthraighe na Banna forra fo dáigh baí Mac Uidhilín & sochaidhe mhór do Ghallaibh ina fharradh don taobh araill ag cosnamh na h-abhann friú coná léicceadh táirsi iatt ar a aoi do-dheachattar na slóicch dia n-aimhdheóin tarr Banna anonn & fuarattar baocchal báitti & guassacht adhbhal-mhór ag dol tairsi. Iar n-dol h-i t-tír dóibh do leiccset scceimhealta sccaoilte sgannraighthe ar fud an tíre uatha .i. sgeimhleadh soir go Cnoc Lea, & scceimledh ele lá taobh Banna suas, & ruccsat for chreachaibh troma toirthemhla, & for aircctibh aidhblibh iolardaibh in gach maighin in ro ghabhsat. Acht chena fo-rith lás An c-Calbhach Ó n-Domhnaill, la h-Ua Ruairc, & lá h-Ua c-Catháin cona shlócchaibh creacha battar moa & battar iolarda oldád na creacha tarthús lásan slógh aile. Ro ghabh gach slógh aca foslongport ar leith in oidhche-sin cona c-creachaibh & cona n-édalaibh. Ro fhorchongair Ó Domhnaill forra ar ná bhárach na creacha & na h-airgthi aidbhle sin do bhualadh, & do bheo-mharbhadh do combach & do chnáimh-gerradh. Do-rónadh fair-siomh inn sin. Nír bhó h-urusa trá ríomh nó airemh an chreach buailte do ranadh annsin cenmótá a t-tuccsatt fir Breifne & Cathanaigh gan marbhadh leó dia t-tiribh dibh. Tanaicc dna Mac Uidhilín h-i c-cend I Domhnaill iar sin & do-rad comhtha mora d'eachaibh & d'eidedh, & shédaibh sainemhlaibh dhó & do-róine sidh fris. Ticc Ó Domhnaill cona shlócchaibh slán don chur-sin dia t-tighibh iar c-cosccar.

M1542.13

Mac Uidhilín .i. Rudhraighe mac Ualtair, & mac Mic Domnaill do dhol in Oireacht Uí Cathain, & creacha mora do dhénamh dhóibh. O Catháin .i. Maghnus mac Donnchaidh do dol a t-toraighecht na c-crech & buannadha do Chloind t-Suibhne do beith ina fharradh an tan-sin .i. mac Meic Suibhne Fhanat, & Sliocht Ruaidhri Mic Suibhne. Iar m-breith d'Ua Cathain & do Chloinn t-Suibhne ar Mhac Uidhilin cona creachaibh ro ficchedh iomairecc aindrenta etorra, & ro mheabhaidh for Mac Uidilin & for na h-Albanchoibh iomdha báttar ina fharradh co f-farccaibhsiot ár daoíne im mhac Alasdrainn Carraigh Mic Domhnaill, & im mac Mic Seain go n-druing móir do shluagh Meic Uidilin. At-rulaidh Mac Uidhilín fein & mac


p.1472

Meic Domhnaill ar eiccin as, & ro baithedh sochaidhi mór dia muintir ar an m-Banna ag dol tairri dóibh.

M1542.14

Slóiccheadh la Mac Uidhilin ar Ó c-Cathain doridhisi iar t-tarraing an treisiner Shaxanaigh & druinge móire do Ghallaibh amaille fris. Caislén Uí Chatháin .i. Leim an Mhadaidh do gabhail leó & ina m-baoí do bhardaibh isin m-baile do mharbhadh & do mhudhucchadh, & Mac Uidilín d'imthecht slán iar c-cosccar don chur-sin. Mac Uidhilín umorro a c-cenn athaidh iar-sin do thoghairm Cloinn Suibhne chuicce ar buannacht .i. Sliocht Ruaidhri Mic Suibhne, mac Donnchaidh mic Meic Suibhne na t-Tuath, mac Murchaidh Mic Suibhne, mac Meic Suibhne Baghanaigh co n-druing mhóir ele d'óccaibh Cloinne Suibhne amaille friú. Do-chodar-sén do shaighidh Meic Uidhilin, & báttar co miadhach muirneach ina fharradh ag cengal a c-cuir & a c-connartha fris. Do-rónadh comairle meabhlach miorúnach lá mac Meic Domhnaill, & lá h-Albanchoibh, & lá muintir Mic Uidhilín beos .i. an t-saor-clann shoicenelach-sin Cloinne Suibhne d'ionnsaicchidh iar n-dol ina c-cenn dóibh, & iar n-dénamh gach chengail dá n-dearnsatt lé Mac Uidhilín. Ro chinnset for an c-comhairle íshin, & ro fhobairsiot iatt gan fhios gan airiucchadh iar b-fáccbail baile Meic Uidhilín go ro mharbhsat uile a n-urmhór. Ro marbhadh ann dna mac


p.1474

Meic Suibhne Baghanaigh & mac Murchaidh Mic Suibhne, co nách mór tearna as i n-athfhégadh in ro marbadh díobh.

M1542.15

Tanaic lucht luinge faide do denamh foghla & cena a h-Iarthar Chonnacht h-i t-Tír Chonaill. Bá h-ann ro gabhsat h-i Reachrainn Muintire Birn h-i t-Tír Boghaine. Iarná fhios-sin do Thoirrdhealbhach mac Meic Suibhne Tíre Boghaine do-bert fóbairt fothaibh cona tearna fer inniste sccel as dibh achtmadh an taireach & an codhnach boí forro .i. mac Uí Flaithbertaicch dia t-tartt Toirrdhealbhach maithemh n-anacail, & ro chuir slán dia ionchaibh é co riacht Conmaicne Mara.

M1542.16

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Maghnus mac Aodha mic Aodha Ruaidh h-i c-Connachtoibh h-i f-foghmhar na bliadhna-so, & tangattar maithe Iochtair Connacht ina cenn maille lé sith & le cairdes, & ro iocsat a chíos & a tighernas go h-umhal fris, & do-choid uaidhibh dia thicch.

M1542.17

Nír bhó cian iar sccaoíleadh don t-sluacch-sin I Domhnaill go t-tainic Mac Uilliam Cloinne Riocaird Uilleacc na c-Cenn mac Riocaird, & Mac Uilliam Burc Dauidh mac Uillicc sluagh lán-mhór ele do dhol i n-Iochtar Connacht. Ro gabhadh leó baile Uí Flannaccáin Beóil Atha h-Uachtair ar tus, & teccaitt fein, Mac Diarmatta, & clann Taidhcc Mic Diarmada i n-Iochtar Connacht. Tangattar tra maithe Iochtair Chonnacht h-i c-cenn Mic Uilliam, & ro gabhadh lais iatt & luidh for c-cúlaibh go Cloinn Riocaird go m-braighdibh & co n-eidiribh. At iad eidiredha báttar occa, O Dubhda, Mac Donnchaidh an Chorainn & cuid do Chloinn t-Suibhne Chonnacht im Maol Muire mac Colla & a écc ina braighdenas riasiú ro léiccedh, & braighde ele ó mac Cathail Óicc Uí Chonchobhair.

M1542.18

Mac UI Domhnaill An Calbhach do dhol h-i cenn an iustis Shaxanaigh & síth Uí Domhnaill, & a shídh fein do chengal & do shnadhmadh fris & teacht slán iaramh.


p.1476

M1542.19

O Domhnaill Maghnas do thabhairt Tuaithe Ratha & Luircc do Mhág Uidhir, Sean mac Con Chonnacht ar milleadh moráin fá Mhag Uidhir roimhe-sin lá h-Ua n-Domhnaill. Mág Uidhir dia thabhairt fein, & do thabhairt a thíre & a thalmhan d'Ua Dhomhnaill ar a shon-sin, & go h-airidhe tucc Mag Uidhir eirge amach air fein & ar a dhuthaigh dhó, nó cáin san eirghe amach nach f-fuighthi. Tucc bheos leth érca marbhtha duine ar fud Fher Manach uile mar an c-cédna d'Ua Domhnaill.

M1542.20

O Neill Conn mac Cuinn do dhol h-i c-cend rígh Saxan .i. an t-ochtmhadh h-Enri & an ri do ghairm iarla d'Ua Neill, & a fhorchongra fair gan Ó Neill do gairm dhe ní ba síre, & fuair Ó Neill onóir mhór ón righ don chur-sin.

M1542.21

Mac Uilliam Cloinne Riocaird Uillecc na c-Cenn, & Ó Briain .i. Murchadh do dhol h-i Saxaibh, & iarla do ghairm dá gach aon aca, & tangattar tar a n-ais slán acht Mac Uilliam baoí h-i f-fiabhras & nír bo h-óghslán uadha.

M1542.22

Maol Muire mac Eoghain Mic Suibhne do mharbhadh lá cloinn Maol Muire mic Colla Mic Suibhne a c-cend t-seachtmaine iar n-écc Maol Muiri mic Colla budhéin.

M1542.23

Clann Maol Muire mic Colla d'ionnarbadh as an tir, & a m-bailte do briseadh, fer díobh fein & drong dá lucht lenamhna do mharbhadh.

M1542.24

Mag Uidhir Sean, & clann Uí Domhnaill (.i. Aedh Ócc mac Aodha Ruaidh), Rudhraighe


p.1478

& Neachtain do dhol ar siubhal creiche i n-Dartraighe, & scceimhledh do sccaoileadh uatha ar fud an tíre, & mac Uí Domhnaill Neachtain do mharbhadh d'urchor do ghae.

M1542.25

Felim Dubh mac Aodha Uí Néill do mharbhadh.

M1542.26

Maire inghen Meg Samhradháin, ben Még Flannchaidh (Feradhach) d'écc.

Annal M1543

M1543.0

AOIS CRIOST, 1543. Aois Criost, mile, cuícc ced, ceathracha, a tri.

M1543.1

Emand mac Briain Uí Gallchubhair epscop Ratha Both d'ecc, 26 Februarii, iar f-faghbháil frithberta imon epscopoitte.

M1543.2

Mac Meic Suibhne Fhanat Maol Muire mac Domhnaill Óicc adhbhar tigherna Fánatt do mharbhadh lá cloinn Mheic Suibhne Fánatt .i. Donnchadh & Maol Muire, clann Toirrdhealbhaigh, mic Ruaidhri, mic Maol Muire iad-sidhe. Gal, & gaiscceadh, engnamh & ursclaighi do dénamh dhó amhail ro ba gresach lais riana mharbhadh, uair ro mharbh An Dubaltach mac Fir Dhorcha Mic Suibhne an gerrat gaisccidh bá dearsccaighthe baoí ina acchaidh.

M1543.3

Mac Mhec Suibhne Bhaghainigh, Eoin Modardha mac Neill Mhóir do écc a t-tús a aoísi & a oirberta.

M1543.4

Mac Uí Baoighill, Brian mac Neill, mic Toirrdhealbhaigh do mharbhadh tre thangnacht lá cloinn Neill Óicc Uí Baoighill battar ina mhuintearus fein, & ina fharradh & for a thuarastal.

M1543.5

O Domhnaill Maghnus do dhol gusan c-comhairle mhoir co h-Áth Cliath cona braithribh maille fris Éiccneachán & Donnchadh battar i n-geimhlibh le h-athaidh occa, & a leiccen tré chomhairle an iustis, & mhaithe Ereann archena iar n-dénamh siódha & caon-comhraic etorra. Conn Ó Domhnaill (a dherbhrathair baoí lé h-aithaidh fhoda h-i Saxoibh) do siodhucchadh ris mar an c-cédna. Conn do dhol go Saxaibh doridhisi do saighidh an righ, & a beith ina fhochair co n-onóir & co n-airmhidin.

M1543.6

Caislen Leithbir ro fhágaibh Ó Domhnaill ag Cathaoír mhac Tuathail Bailbh Uí Gallchubhair, & acc druing do Sliocht Aodha Uí Gallchubhair dia iomchoimhéd, ba


p.1480

sedh do-rónadh leó-somh an caislén do chongmhail aca d'Aodh mac Uí Dhomhnaill & doibh badhéin, & ro athchuirsiott sainmhuintir Uí Domhnaill, & doirseóir an bhaile uadhaibh. Bá bairneach Ó Domhnaill,& An Calbhach friú de-sidhe, & ro gabh An Calbhach sainraidh agá aithe forra a n-deirghensat co ro mudhaighedh araill do dhaoinibh etorra cechtar n-ae lá taobh cethra, & innile do mhalairt, & do mhí-imirt. Ro marbhad la lucht an bhaile An Dubhaltach mac Colla Mic Suibhne gall-ócclach tocchaidhe ar aoi ghaisccidh & engnamha esidhe. Baoí tra Donnchadh mac Uí Domhnaill acc congnamh lá Sliocht Aodha í Gallcubhair, Rudhraidhe mac Uí Domhnaill, Fer Dorcha mac Eóin mic Tuathail Uí Ghallcubhair cona chloinn, & mac Seain Bhallaigh mic Eoin do ghabhail lá Donnchadh mac Uí Dhomhnaill, & lá Catháoir mac Tuathail Bhailbh Uí Gallchubhair.

M1543.7

Mac Uí Dhochartaigh (Cathaoír mac Gerailt mic Domhnaill, mic Feilim) do mharbhadh lá cloinn Uí Dhochartaigh, Rudhraighe & Sean, clann Fheilim mic Conchobair Charraigh. Ro mharbhsat bheos mac Aodha Gruamdha Uí Dhochartaigh, & O Domhnaill cona slógh do dol ar Ua n-Dochartaigh do dioghail na n-écht-sin fair, & ro gabh for milleadh arbhann an tíre go f-fuair braighde ó Ua n-Dochartaigh a n-gioll léna riar, & lena breith fein tré choll a smachta.

M1543.8

Ro gabhadh iar sin Cathaoir mac Tuathail Bailbh la h-Ua n-Dochartaigh & do-rad d'Ua Dhomhnaill, & ro ghabh O Domhnaill feissin Toirrdhealbhach mac Feilim Fhinn Uí Gallchubhair, & do-bert na braighde-sin lais do shaighidh Lethbhir dus an f-fuighbhedh an baile & nochan fhuair idir don chur-sin.

M1543.9

Sliocht Eocchain Mic Suibhne & Sliocht Corbmaic Mic Donnchaidh do dhol ar siubal creiche ar Ó n-Eghra m-Buidhe, & Ó Conchobhair .i. Tadhcc Ócc mac Taidhcc mic Aoda, & O h-Eghra do breith forra & ro sraoínedh leó ar Chloinn t-Suibhne go ro marbhadh Ruaidhri mac Dubghaill, & clann Maol Muire mic Eoghain, & drong do Shliocht Corbmaic Mic Donnchaidh go sochaidhibh dia muintir amaille friu don chur-sin.


p.1482

M1543.10

Mac Suibhne na t-Tuath, & a mhac Brian do gabháil lá cobhlach a h-Iarthar Connacht i n-Inis Mic an Duirn, & a m-breith leó a m-braighdenas.

M1543.11

Eassaonta coccaidh ar n-eirghe etir Mag Uidhir, & Sliocht Toirrdhealbhaigh Még Uidhir. Sliocht Toirrdhealbhaigh do thecht h-i t-Tír Conaill go m-battar ag foghail & ag inghreim ar Fheraibh Manach. Tanaic Mag Uidhir h-i c-cenn Uí Domhnaill, & do-róine a shíth & a charattradh ris feibh do-róine feacht riamh.

M1543.12

Muirghes mac Paittín Uí Mhaoil Chonaire saoí lé seanchus, & lé filidheacht fer co t-toice & co t-trom conach, sccribhnigh ercchna lasar sgriobhadh liubhair iomdha, & lasa n-dearnadh duana & dréchta, & lasa m-báttar sccola acc friochnamh & ag foghlaim, & no chongbhadh sochaidhe díbh ina thigh budhéin do grés, d'écc iar m-breith buadha ó dhemhan & ó dhomhan.

M1543.13

Cédach Ó Maoileachlainn d'oirdneadh ar Cloinn Colmáin ar bélaibh Rudhraighe Uí Maoíleachlainn, & nír bó soinmheach ro bhattar Clann Colmáin re linn na deisi-sin i n-athfhégadh amhail ro bháttar h-i ré Fheidhlimidh ar ro bhaoí coccadh, & creach-losccadh, uacht, & gorta, gol-mhaircc & lamh-chomairt fri linn na deisi-sin isin tír, & ro tóccbhadh cíos, & cobhach dá gach aon aca ar Magh Corráin, & do-rónadh ulca aidhbhle etorra gér bo gerr an ré fuairsiott. Indsaicchidh aidhche do thabhairt la Rudhraighe, & la a braithribh fa Mhagh Gailinne i n-Dealbhna dia ro loisccset, & dia ro chreachsat an magh. Maoileachlainn Balbh Ua Madagáin, & Art Mág Cochláin dia lenmain co t-tuccsat tachar dóibh i n-Gailinne dú in ro marbhadh Corbmac Ua Maoilechlainn dearbrathair Rúdhraighe co t-tribh feraibh décc do maithibh muintire do mharbhadh & do bhathadh don chur-sin.


p.1484

Annal M1544

M1544.0

AOIS CRIOST, 1544. Aoís chríost, mile, cuicc ced, cethracha a ceathair.

M1544.1

Iarla Cloinne Riocaird Uillecc na c-Cend, aon-bharr áigh Gall Connacht d'écc, & bá sccél adhbhal ina thir budhéin eisidhe. Easaonta mor d'eirghe h-i c-Cloinn Riocaird fan tighernas, & Mac Uilliam do ghairm d'Uillecc mac Riocaird Óicc, & sochaidhe i t-tír, & h-i c-coiccrich do beith ina acchaidh lá mac Meic Uilliam Tomas mac Uillicc na c-Cend.

M1544.2

Rudhraighe Ó Maoíleachlainn do mharbhadh h-i c-ClarthaRisderd Dalatún, & lá a bhraithribh ar amus oidhche, & as ar mhaith do Chédach Ua Maoíleachlainn do-rónsat an marbhadh íshin.

M1544.3

Mac I Neill, Niall mac Airt Óicc tanaisi as mó do fhulaing do dhuadh & do dhochar coccaidh etir Cenel Eocchain & Cenél Conaill tainic do Sliocht Eoghain mic Neill soidhtheach diongmhala do thighernas Tíre h-Eoghain da léiccthí chuicce h-é, fer lán d'iúl & d'aithne ar gach n-ealadhain d'écc isin t-sen-chaislén do galar oband.

M1544.4

Mac Suibhne Fánat Toirrdhealbhach mac Ruaidhri mic Maol Muire, fer bríoghach boirb-beódha ro fulaing mór do choccadh & do chomhfhuachadh ina thír feín lé h-athaidh có sin do mharbhadh lá cloinn Domhnaill Óicc Mic Suibhne a n-dioghail a n-derbrathar ro marbhadh lá a cloinn-siomh. Báttar iatt anmanna na cloinne-sin Domhnaill Óicc lasa n-dernadh an marbhadh .i. Ruaidhri Carrach & Domhnall Gorm. Ro marbhadh beós Eóin mac Donnchaidh mic Maol Muire araon la Mac Suibhne, & gidh esidhe (.i. Eoin) ni terna uadh gan crechtnúcchadh go mór an tí las ro marbhadh .i. Domhnall Gorm. Mac Suibhne do ghairm do Ruaidhri Charrach mac Domhnaill Óicc iar sin.


p.1486

M1544.5

Murchadh mac Meic Suibhne na t-Tuath saoí ar eineach, ar uaisle, & ar beodhacht, & Donnchadh a dherbhrathair d'écc ina n-dís.

M1544.6

Mairgrég inghen Meic Domhnaill (.i. inghen Aongusa Iligh) ben I Domhnaill .i. Maghnus, (iar Siubháin ingin I Neill) d'ecc, an. 19. December.

M1544.7

Sile ingen Magnusa I Domhnaill (ben-sidhe Uí Bhaoighill Domhnall) d'écc an .14. Februarii.

M1544.8

Mac I Domhnaill, An Calbhach do dhol h-i c-cenn an iustis Shaxanaigh, & caiptíní Saxanacha do tabhairt lais h-i t-Tír Conaill do shaighidh I Dhomhnaill. O Domhnaill, An Calbhach, & iad-sidhe do dhol co n-ordanas & co n-aidhmibh gabhala baile leó d'ionnsaighidh Lethbhir dia ghabhail for Sliocht Aodha Uí Gallchubhair. Do-rad Ua Domhnaill braighde Sleachta Aodha baoí occa lé h-athaidh Cathaoír mac Tuathail & Toirrdhealbhach mac Feilim Finn dona Saxanchaibh ag dol gusan m-baile dóibh do chor uathbhais & iomomhain ar lucht an baile. Ro fobairsiot an baile iaramh. Ro marbhadh aon dona Gallaibh fo cédóir, marbait na Saxain Cathaoir mac Tuathail ina glasaibh a n-dioghail an Ghoill. Do-rad Aodh mac I Domhnaill & Sliocht Aodha an chaisléin as mac Fhelim Fhinn, & as mac ele Tuathail Bhailbh battar i n-geimhlibh, & fáccbhaitt fein an tír iar sin. Ro léicc O Domhnaill na Saxain uadha dia t-ticch iar n-íoc a t-tuarustail friú.

M1544.9

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill ar An Rúta dia ro gabhadh lais Innsi an Lochain airm h-i raibhe caislén croinn, & daingen dítoghlaighi ag Mac Uidhilín & iar n-gabháil an chaisléin lá h-Ua n-Domhnaill do-rad an baile d'Ua Chathain. Ro gabhadh dna don cur-sin caislén Baile an Lacha lá h-Ua n-Domhnaill, & fo-gheibh édala iomdha etir arm, & éittedh umha, & iarann, im, & biúdh isna bailtibh-sin. Ro gabhadh bheós iar sin inis Locha Burrann, & inis Locha Leithinnsi lá h-Ua n-Domhnaill, & fuair édala iomdha on mudh c-cédna forra, & ro loiscceadh an tír co léir ina h-iomthacmong lais, & tainic slán iar c-cosccar.


p.1488

M1544.10

Coccadh d'eirghe etir Ó n-Domhnaill, & Ó Neill. O Domhnaill ar n-dol h-i c-ceilcc h-i c-comhghar don t-sen-chaislén, & araill do dhaoínibh do mharbhadh lais, & mac mheic Briain co m-braighdibh ele do ghabháil do don toiscc-sin.

M1544.11

O Neill do dhenamh creiche lá taobh na h-abhann dianadh ainm Fionn.

M1544.12

An Calbhach Ó Domhnaill do dénamh creiche h-i t-Tír Eocchain.

M1544.13

O Domhnaill do denam creiche ele h-i t-Tír Eocchain.

M1544.14

Cland Meic Domhnaill (Semus, & Colla) do teacht feacht Albanach ar tarraing Meic Uidhilín. Mac Uidhilín & iad-sein do dol um Inis an Locháin, & ro gabhadh leó an baile ar bárdaibh Uí Chathain. Brian mac Donnchaidh Uí Catháin, & a raibhe araon ris i n-Innsi an Locháin do losccadh etir dhaoínibh & edail, arm, & éidedh. Creacha & dioghbhála móra do dhénamh lá Mac Uidhilín ar Óc-Cathain an tan-sin.

M1544.15

O Cathain d'fosdadh gall-ócclach .i. Sliocht Ruaidhri Meic Suibhne, & aon do láibh dia t-táinicc Mac Uidhilin tar Banna co tarraidh creich, O Cathain, & a ghall-ócclaigh do breith fair i t-toraigheacht go ro bhensatt an crech dhe. Ro mharbhsatt, & ro loitsiot drong mór dia mhuintir.

M1544.16

Iarla Urmhumhan do dhol h-i c-Cloinn Riocaird do chongnamh lá a bhrathair .i. Uilliam Búrc mac Riocaird, & bres-mhaidhm do thabhairt lá cloinn Riocaird Óicc air, & barún maith (.i. Mac Óda) dia mhuintir do mharbhadh, & ba moa oldás cethracha torcrattar do shluagh an iarla i n-doras Baile Atha na Ríogh don chur-sin.

M1544.17

Caislén Bendchuir do aithdénamh lá h-Ua c-Cerbhaill Tadhcc Caoch tar sarucchadh Cloinne Colmain, & Shíl Madagain, uair battar-sidhe i n-essaonta fria 'roile.

M1544.18

Maoileachlainn mac Bresail Uí Madagain (an dara tigherna baoí for Shiol n-Anmchadha & nír bhó ró dho dia m-badh lain-tighearna ar a fhele & ar a oirbhert) do mharbhadh lá Maoíleachlainn Gott O Madagain a centt t-sechtmhuine iar t-tionnsgnadh Bendchuir.


p.1490

Annal M1545

M1545.0

AOIS CRIOST, 1545. Aois Criost, mile, cuicc céd, ceathrachtt, ac cúicc.

M1545.1

Niall Conallach mac Airt, mic Cuinn I Neill d'écc.

M1545.2

Mac Suibhne na t-Tuath (.i. Eocchan) d'écc i n-Umhall Uí Mhaille.

M1545.3

Eiccneachan Ó Domhnaill do mharbhadh lá druing do mhuintir An Chalbhaigh Uí Dhomhnaill.

M1545.4

O Conchobhair Sliccigh Tadhcc Ócc mac Taidhcc, mic Aodha do mharbhadh lá druing do Maigh Luirg.

m1545.5

Maidhm Caille na c-Cuirrittin las An c-Calbhach Ó n-Domhnaill ar cloinn Uí Dhomhnaill Mhóir dú in ro marbhadh Donnchadh Cairpreach Ó Domhnaill.

M1545.6

Blodh do Thempall Criost i n-Ath Cliath do bhrisedh lá h-aidhilcc éiccin, & tumba cloiche d'fhaghail ann ina raibhe corp espuicc cona chuladh epscoip uime. Deich f-fainne órdha ima dheich meraibh, & caileach aifrind órdha ina shesamh lá taobh a mhuinil, & as amhlaidh baoí a chorp, & a dhíol fein d'áit arná tochailt lé fonsura isin c-cloich dó ar a chuma fein & do tóccbhadh é a lenmhain dia 'roile, & do cuiredh ina shesamh frisan altóir é, & do bhí ann mar sin athaidh, & nir críon & ni ro lobh aon-ní dia édach, & bá mór an comhardha naomhtachta innsin.

M1545.7

Imresain d'éirge etir iarla Urmumhan, & an iustis .i. an soinsilér & dol dóibh do lathair an righ imon c-coinntinn-sin, & tuccsat móid araon ná tiocfadh tar a ais acht fer eiccin dibh. Ro fíoradh an ní h-íshin uair do écc an t-iarla h-i Saxaibh, & tainic an iustis i n-Erinn. Ro ba doiligh écc an ti at-bath annsin .i. Semus mac Piarais Ruaidh, mic Semais, mic Emainn Buitiler munbhadh ar mhill don ecclais tre chomhairle na n-eitriticcedh.


p.1492

M1545.8

Mac Meic Uilliam Cloinne Riocaird .i. Tomas Farranta mac Uillicc na c-Cenn mic Riocaird, mic Uillicc Chnuic Tuagh do dhol ar ionnsaicchidh h-i Síol n-Anmchadha. Iarna airiucchadh isin tír lá Siol n-Anmchadha ro lenadh é co Bealach Tíre Ithain co ro marbhad isin maighin-sin é lá Muintir Maoileachlainn Bhailbh, & fiche do roighnibh a muintire amaille fris.

M1545.9

Dochmata mór isin m-bliadhain-si co t-tuccthaoí se pingine (.i. do shen-airgett) ar an m-bairgin h-i c-Connachtaibh, no sé pinginne bána isin Midhe.

M1545.10

Coccadh etir O Ruaircc Brian Ballach mac Eocchain, & a dherbhrathair fein do thaoibh a mhathar .i. Tadhcc mac Cathail Óicc Uí Conchobhair tigherna Sliccigh. Dioghbhala móra do dhénamh etorra ar gach taobh, & bá díbh-sén Toirrdhealbhach Ó Raighilligh cliamhain I Ruairc do mharbhadh d'urchor do phelér i n-doras Sliccigh lá mac Cathail Óicc.

M1545.11

Mac Uí Bhriain Ara (Connla) do mharbhadh ina chaislén fein lá braighdibh baí i láimh aige.

M1545.12

Eoin mac An Giolla Duibh mic Concobhair mic Donnchaidh, mic Domhnaill na Madhmann Mic Suibhne do mharbhadh la Concobhar mac Murchaidh mic Conchobhair Mic Suibhne.

M1545.13

Tadhcc mac Tomais mic Sgannláin mic Diarmada Me Gormain do mharbhadh go mí-ghaolmhar lá cloinn Mhuircertaigh Mhe Gormain.

M1545.14

Piarus Ó Muirghesa maigister sccol, & fer leighinn coitchinn fear n-Ereann fear denma deirce & crabhaidh do écc.

M1545.15

Domhnall mac an oifisteil móir Meg Congail d'écc.


p.1494

Annal M1546

M1546.0

AOIS CRIOST, 1546. Aois Criost, míle, cúicc céd, cethracha, a sé.

M1546.1

Domhnall mac Aodha Duibh mic Aodha Ruaidh I Domhnaill do marbhadh (an .20. April) a f-fiull lá h-Ua n-Gallchubhair, Eoghan mac Emainn & lá a mhnaoi Onora ingen Tuathail Bailbh Uí Gallchubhair iarna thóchuiredh dia saighidh go h-Inis Saimhér ar slanaibh Dé, & Mheic An Baird Gofraidh, & Chon Choicriche mic Diarmata mic Taidcc Caim Uí Cleiricch. Bá liach oidhedh an tí torchair annsin, ar ní bhaoí fer a aosa do chlannmhaicne Conaill mic Néill as ar mó saoílechtain sochaidhe inás.

M1546.2

Ro eirgettar díberccaigh iomdha do Geraltachaibh i n-aghaidh na Saxanach do dhioghail a n-ionnarptha as a n-duthaigh forra .i. Uilliam mac Semais mac iarla Cille Dara, & Muiris an Fhedha mac Semais Mheirccigh mic an iarla & óccbhaidh ele amaille friú. Do-rónadh díoghbhála diaisneisi leó. Ba dibh-sídhe creacha Bhaile Móir na n-Ustásach, creacha Ratha Bile, & a m-baoí ina chomhfhochraibh. Creachadh & losccadh Ratha Iomdháin co ruccsat an lucht cédna il-mhile bó & nuimhir nach roich rimh nó áiremh leó don chur-sin.

M1546.3

Indsaicchidh lá h-Ua c-Ceallaigh h-i Siól n-Amchadha, & la Sliocht Bresail Uí Madagáin ar Mhaoíleachlainn Gott Ó Mattaccáin. Do-dhechsat an tír ina n-dedhaidh, & do-bertsat fuabairt forra. Sóait-siumh friú co ro marbhsat ní bá moa oldas cethrachat don tóraigh, & rob esbadhach an tír & Urmumhain ón caith-ghleo-sin.

M1546.4

Arccain & losccadh cláir Cairpre & caisléin Chairpre lásna diberccachaibh rémh-ráite, & lá mac Uí Conchobhair Fhailghe Donnchadh Ó Conchobhair. Ua Conchobhair fein Brian, & Ua Mordha Giolla Patraicc d'eirghe isin c-coccadh iar sin. An tan do-chuala an iustis Antóin Sentliger in ní-sin tainic i n-Uibh Failghe. Ro indir


p.1496

& ro loiscc an tír co Tochar Cruachain, & airisidh dí oidhche innte, & soaidh gan cath gan riar. O Mórdha, & mac Uí Concobhair Rudhraighe do dhol fá bhaile Atha Aí, an baile & an mhainistir do losccadh dóibh, & ar mór do thabhairt leó (etir losccadh & marbhadh) for Shaxanchoibh & Erennchoibh don chur-sin.

M1546.5

An iustis do thocht arís i n-Uibh Failghe gó m-baí fri ré cóicc lá n-décc isin tír agá h-indreadh, & accá milleadh acc losccadh tempall & mainistreach ag diothucchadh etha, & arbha. Ro fháccaibh barda isin m-baile lé h-acchaidh Uí Chonchobhair .i. céd marcach céd co n-gonadhaibh, céd co t-tuaghaibh & céd saighdiúir cona n-daosccar-sluagh amaille friú. Ro fháccaibh a f-furtain do bhiúdh & da gach n-aidhilcc aca, & luidh ass, & do-dheachaidh cona mhór-sochraide go Laoighis, & tainicc iarla Desmumhan sluaighedh lan-mhór ina coinne dia chomhmoradh. Battar cóicc lá décc ele acc indradh an tíre h-í-sin. Gabhthar leó caislén buí lá h-Ua Mórdha .i. Baile Adam, & fáccbaitt barda inn. Ro chuir an iustis iarsin litreacha & sccribenna co maithibh Ua f-Failge dia radh riú tocht don tír, & O Conchobhair do tréccean, & co t-tiobradh pardún dóibh. Tangadar trá & nír bhó cian dóibh iar sin an tan ro iompaisiot Goill don tír go ro fheallsat forra, & gor bhensat il-mhíle do bhuaibh dhíobh. Ro fuaccradh Ua Conchobhair, & Ua MórdhaErinn, & do tóccbhadh a n-duthaigh gusan righ, & do-thaéd Ua Conchobhair h-i Connachtaibh do chuinghidh sochraitte. Iompaíd Fir Cheall & Mag Eochugáin (ar forcongra an íustis) ar muintir Uí Conchobhair go ro bhensat bú iomdha &


p.1498

braighde ile díbh. Do-rónsat Clann Colmáin & Muintir Tadhccáin an c-cédna as ing ma ro tecclamadh a c-comhmhór-sin d'aircctibh & d'édalaibh isna deidhenchoibh conadh amhlaidh-sin ro h-athchuireadh occus ro h-ionnarbadh ceann sonusa & saidhbhresa an leithe i r-raibhe fein d' Erinn .i. Brian Ó Conchobhair, & ro fhuiridh-sidhe h-i c-Connachtaibh co Nodlaicc iar n-gairm trétura de lá Gallaibh.

M1546.6

Mac Giolla Pattraicc .i. Brian do gabhail a mic fein .i. Tadhcc (cenn fedhna toghaidhe eissidhe), & a chur go h-Áth Cliath cona choirthibh fen sccriobhtha araon ris, & Goill dia bhásucchadh ar foráilemh a athar.

M1546.7

Monadh nua do theacht i n-Erinn .i. copar, & rob eiccen d'fearaibh Ereann a gabhail mar airccett. Bá mór & bá h-adhbhal nert Saxanaigh i n-Erinn an tan-sa co m-ba suaill má baoí aithghin na broide i m-báttar Leth Mogha riamh rias an tan-soin.

M1546.8

Tadhcc Ó Cobthaigh oide scol Ereann lé dán do ghabháil lá Gallaibh & a bheith ráithe co leith i l-laimh h-i c-caislen an rígh trena comhmbáidh lé Gaoidhealaibh co ro fobradh a oidhedh, ara aoí terna slán fá dheóidh.

M1546.9

Na Saxain acc dénamh caisléin An Daingin, & tempall Cille O Duirrthi do briseadh leó, & a cor san obair, & persún Cruachain do mhilleadh dhóibh.

M1546.10

An seisedh Eduard do rioghadh os Saxaibh .28. Ianuarii.


p.1500

Annal M1547

M1547.0

AOIS CRIOST, 1547. Aois Criost, mile, cuícc céd, cethrachat, a seacht.

M1547.1

Mac Suibhne Baghainech, Niall Ócc do mharbhadh an .3. September la cloinn a dhearbhrathar .i. clann Maol Muire .i. Domhnall Ócc & Brian Ócc. Bá h-ann ro marbhadh sidhe isin m-Badhbhdhún Nua, & h-é i m-braighdenus a n-dioghail a n-athar ro marbhadh lá Niall fecht riamh, Maol Muire Meirgeach an derbrathair ele ní ro cuidigh-sidhe an marbhadh í-shin.

M1547.2

Mór inghen Uí Cerbhaill ben dersccaighthe deigh-einigh d'écc.

M1547.3

Cath-raoínedh mór forsna dibherccachaibh i m-Baile na t-Tri c-CaislénSaxanchoibh & lá Brian an Choccaidh mac Toirrdhealbhaigh Uí Tuathail dú in ro gabhadh dá mac Semais mic an iarla .i. Muiris an Fhedha & h-Anrai co c-ceithre fearaibh décc dia muintir. Ruccadh co h-Ath Cliath iatt iar sin, & do-ronadh cethramhna díbh uile cenmotha Muiris, & ro cuireadh h-i c-caislén an rígh acc iomfhuirech lé comhairle cia bás do-berthaoí dho. Ro sccaoíleadh, & ro scanradh na foghladha & na dibherccaigh amhlaidh-sin & gér bhó gearr a ré .i. bliadhain, rob adhbhal a f-foghail.

M1547.4

O Conchobhair & Ó Mórdha do dhol tar Sionainn, & ar n-dol do dhruing dá c-cloinn ina c-coinne co h-Áth Cróich, & sochaidhe mór do thionol dóibh do dhol do dioghail a n-duithche & a f-feroinn ar Shaxancoibh, & a n-dol iar sin i l-Laighnibh.

M1547.5

Gaoth mhór d'éirghe an oidhche ria f-féil Bríghde gur bhó suaill má tainic a comhmór ó ghein Criost alle go ro bris tempail, mainistre & caisléin & co h-airidhe ro bhris sí an dá uillinn iartharaigh do thempall Cluana Mic Nóis.

M1547.6

Smacht & nert adhbhal acc Saxoibh cona leiccedh an eccla do neoch biadh ná caomhna do thabhairt d'Ua Conchobhair ná d'Ua Mórdha.

M1547.7

An iustiseacht do bhuain to Antoin Sent Liger, & iustis nua do a ionaid .i. Eduard Bellingham.

M1547.8

Muiris an Fhedha mac iarla Cille Dara do bhásucchadh i n-Áth Cliath.


p.1502

M1547.9

Creacha móra (.i. cuicc céd bó) do denamh lá Maeleachlainn God Ó Madagáin ar Uíbh Domnalláin.

M1547.10

Caislén Atha Luain do chorucchadh lá Gallaibh .i. lé h-Uilliam Brabasón tresinér an rígh i n-Erinn, & lá Gallaibh, & Gaoidhealaibh na Midhe (d'aimhdheóin Uí Cheallaigh) (Donnchadh mac Emainn) & Gaoidheal c-Connacht. Battar dna slóigh an iustis an tan-sin h-i l-Laighis acc dénamh dúnchluidh acc an m-Bádhún Riaganach, & ro fháccaibhsiod barda ann lé h-aghaidh Uí Chonchobhair & Uí Mordha.

M1547.11

Cobhthach mac Maoileachlainn mic Bresail Uí Madagáin macaomh a aosa (.i. bliadhain ar fhichit) rob ferr dia chinedh badhein do mharbhadh lá Muintir Uí Cherbhaill & lá Muintir Maoileachlainn Bhailbh Uí Madacain. Murchadh Riabhach mac Uí Madaccáin derbhrathair Maoileachlainn Bailbh baoí i n-geimheal ag Cobhthach do chrochadh ina diogail la braithribh Cobhthaigh & lá a mhuintir conadh a n-aoín-fheacht ruccadh dia n-adhnacal iad.

M1547.12

O Conchobhair & Cathaoir Ruadh cona braithribh do dhénamh cengail go nua ré 'roile i n-acchaidh Gall, uair ro bhensat Goill a n-dúthaigh dibh-sidhe amhail ro bhensat d'Ua Conchobhair conadh aire-sin do-lottar a c-combáidh Uí Chonchobhair.

M1547.13

Indsaicchidh do thabhairt lá h-Ua Mórdha & lá cloinn Chathaoir Uí Chonchobhair h-i contae Chille Dara go ro loiscceadh & go ro creachadh urmhór criche Iustasach leó. Ro ansatt iaramh isin tír go rucc an iustís forra. Ro sraoíneadh for na Gaoidhelaibh-sin, & ro marbadh dá céd troightech dibh lais don chur-sin.

M1547.14

Maidhm do thabhairt ar Ua Maoileachlainn (Conn mac Airt) cona bhraithribh lá Niall mac Feilim Uí Mhaoíleachlainn, & lá muintir barúin Dealbhna ar Faithche Ciarain dú in ro marbhadh Ó Maoileachlainn Conn, & Corbmac a dhearbrathair tanaisi Cloinne Colmáin, & fiche nó dhó amaille friú.

M1547.15

O Conchobhair Brian, & Ó Mórdha Giolla Pattraicc (iar ná t-tréccean do Gaoidhealaibh) do dhol h-i c-cenn Ghall fá na m-breith fein ar comairce ghoill uasail .i. Leutenant & bá h-olc an comairce h-ishin.


p.1504

M1547.16

Cu Coiccriche mac Emainn Még Cochláin cenn a ghabhláin fein do marbhadh h-i f-fiull lá Maoíleachlainn Ua Maoíleachlainn, & lá Murchadh mac Toirrdhealbhaigh.

M1547.17

Mac Murchadha, Muirchertach mac Airt Buidhe d'écc.

Annal M1548

M1548.0

AOIS CRIOST, 1548. Aois Criost, mile, cuícc ced, cethracha, a h-ocht.

M1548.1

Maidhm mhór do thabhairt lá h-Ua n-Domhnaill Maghnus ar Srath Bó Fiaich ar a mac fein .i. An Calbhach, & ar Ó c-Cathán .i. Maghnus mac Donnchaidh dú in ro marbhadh Ó Cathain feissin co sochaidhibh ele an seachtmhadh lá do mhí Febru.

M1548.2

Maire inghen Meic Con Midhe do écc, an .4. April.


p.1506

M1548.3

O Concobhair & Ó Mórdha do dhol h-i Saxaibh lasan Leutenant fá grásaibh an rígh & an do thabhairt a n-duithche .i. Laoighiss & Uí Failghe don Leutenant, & dia bhrathair, & da chúirt mhóra do dhénamh leó sna tiribh-sin .i. An Campa h-i l-Laoighis, & An Daingen i n-Uibh Failge, & ro ghabhsat acc tabhairt na b-feronn-sin ar cíos do Shaxanchoibh & d'Eirendchoibh amhail rob athardha diles dóibh fein iad iar n-athchur & iar n-ionnarbhadha n-oidhreadh bunadh eistibh .i. O Conchobhair, & Ó Mórdha cona c-cinedh & cona c-clannmaicne archena.

M1548.4

O Maoileachlainn .i. Tadhcc Ruadh do thabhairt Emainn A Faii & sochraide Laighneach leis go Dealbhna dia h-iondradh, & as amhlaidh tarla dóibh, Ro gabhadh Maoileachlainn mac Airt Uí Maoileachlainn lá h-Emann A Faii ar t-teacht dó le h-Emann fein don tir ar forchongra chomhairle an righ, & ro cuir sé co h-Áth Cliath é. Ro gabhadh dna caislén Chinn Choradh & mainistir Gailinne lá h-Ua Maoíleachlainn, & lá h-Emann. Do impa Ua Maoíleachlainn fó aithmhéla gan umhla gan eidire. Baí Emann A Faii ag gabháil Delbhna a h-ucht an righ ar bélaibh Uí Maoíleachlainn conadh amhlaidh-sin tucc Ó Maoíleachlainn slat lais dia ro buaileadh é fein fria, uair ro athchuir & ro iondarb Emann A Faii é fein cona chinedh uile ó Dhelbhna, & ro diochuir é eiste amhail diochuires an saithe nua an sen-saithe. Ro ghair sé iaramh Macc Cochláin d'Art mac Corbmaic, & ro bhen sé an chuid don tír do bí ag Corbmac mac An Fhir Dorcha de. Ro chreach, ro ionnarb, & ro dhibir é tar Sionainn siar h-i Mainechaibh, & iar n-diochar Corbmaic dho ro athnuadhaigh caislén Cille Comainn, & do chuir lón Sleachta Fergail ann, & barda uadha fein. Sluaiccheadh lá Corbmac, .9.Maii, & lá Maineachaibh i n-Dealbhna. Ro loisccset, & ro chreachsat Lomcluain I Fhlaithile, & Cnoc Rátha Benain, & ro


p.1508

marbhsat seisear do dhaoínibh, & aon-mac Uí Shiaghail Muircheartach fer a aosa bá ferr lé leighes dá m-baoí ina comhfhochraibh. Do-rala dóibh iaramh go c-comairnic Mág Cochláin, an tír, & na buandadha Faiieachaa friú ag Bél Atha c-Caorach for Dubh-abhainn, ro sraoíneadh for Corbmac cona shluacch, & ro marbhadh tuilleadh ar fichit díbh im Mhaoileachlainn mac Seain Uí Cheallaigh im mac Uí Fhollamhain Feilim & im mac Dubhghaill Mic Neachtain, & ba moa oldás fiche each amaille lé h-arm & lé h-eidedh iomdha ro fháccaibhsiot, & ro báithedh araill ele díbh. Ro dichendait iatt uile a h-aén-chomhairle an luan iar sin, & ruccadh a c-cinn go baile Emainn Faii (.i. Baile Mic Adam h-i c-Cenel Fearga i n-Ele I Cerbhaill), & ro tóccbhadh for bior-chuaillibh i n-áirde iatt h-i c-comardha cosccair.

M1548.5

Foslongphort lá h-Emann A Faii a t-timcheall chaisléin An Fhedáin fri re ocht lá, & Corbmac Mág Cochláin do beith istigh isin c-caislén go ro benadh braighde de, & do-róine-siomh, & Emann cairdes Criost fria 'roile.

M1548.6

Coccadh mór etir Fhrangcachaibh, Saxancoibh, & Albanchoibh. Donnchadh mac Uí Conchobhair Fhailge, & clann Chathaoir Uí Conchobhair do dhol i t-tuarusdal an rígh, & a c-cur go Saxoibh do chongnamh coccaidh & dia n-díochur ó n-athardha co n-eirghe amach móir amaille friú do ceithirn choíccidh Laighen & na Midhe.

M1548.7

An Calbhach Ó Cerbhaill do dol co h-Áth Cliath d'ionnsaicchidh na cúirte móire, & a gabhail h-i f-fiull, & a chur h-i c-caislén an righ h-i l-laimh & gan fios a adhbhair nó a fhuaslaiccti do thabhairt do neoch.

M1548.8

An Leutenont, & Emann A Faii do dhol fá dhó ar sluaicchedh i n-Elé & imeaccla mhór do ghabhail Uí Cearbhaill Tadhcc Lusc de-sidhe go ro eirigh coccadh etorra de-sin. Nír bó cian iar sin go ro iarr Emann A Faii ar Mhág Cochláin & ar Dealbhna dol lais ar caoraigheacht i n-Éle. Ro eimgettar-sumh dna an ní-sin. Ro lonnaicchedh & ro ferccaicchedh Emann tríd-sin go ro eirigh easaonta etorra, & ro


p.1510

díochuir Ó Cerbhaill & Mag Cochláin Emann uatha triana anffoltaibh & trena ansmact forra. Ro gabhadh leó caislén Cille Comaind & caislén Cinn Choradh fair conadh amhlaidh-sin do benadh Dealbhna de iar m-beith leith-bliadhain i n-daor-broid occa.

M1548.9

Saighir Chiaráin, & Cill Corbmaic do losccadh, & do bhrisedh la Saxanchoibh & lá h-Ua c-Cerbhaill.

M1548.10

Sluaicchedh lasan Leutenont, & lá Gallaibh ar tarraing Émainn A Faii (a n-dioghail a ionnarbtha) go Delbhna go ro loisccedh, & co ro crechadh leó ó Bhealach an Fhothair go tochar (.i. Tochar Cind Mhona), & Baile Még Uallacháin h-i l-Lusmagh,& báttar adhaidh foslongpuirt i m-Baile na Cloiche, & luidhsiot ar c-cúlaibh arnámharach go c-crechaibh, & co n-édalaibh gan deabhaidh gan diubraccadh.

M1548.11

Indradh Maighe Sláine lá h-Ua Maoíleachlainn Tadhcc Ruadh, & lá Gallaibh Atha Luain, & lá coblach An Chalaidh.

M1548.12

Caislén Éle, & caislén Delbhna .i. Bennchor, caislén Maighi Istten & Clochan na c-Ceapach do bhrisedh ar eccla na n-Gall.

M1548.13

Sluaicchedh lasan c-Caiptin Ruadh ar Ua c-Cerbhaill go Carraicc an Comraic & do-rad Ua Cerbhaill tachar dóibh go ro marbhadh dá fichit no a trí dibh lais. Do-rónadh sluaicchedh fó thrí i n-aon-raithe lasan c-Captín Ruadh co Carraicc an Chomhraic, & ní caemhnaccair ní don bhealach ná don chaislén, & térna gan riar iar f-faghail masla, & iar f-fágbháil druinge dia mhuintir.

M1548.14

Cathaoír Ruadh Ua Concobhair do gabháil lá Riocard Saxanach A Burc, & a toirbert do Ghallaibh.


p.1512

M1548.15

O Cerbhaill do losccadh An Aénaigh ar an c-Caiptín Ruadh etir mainistir & bhaile o bhadbdhún amach. Ro loiscc bheos don chur-sin Mainistir Uaithne, & ro dhiochuir Saxanaigh este & do-rad mesc-bhuaidhreadh mór forra dia ro cloí araill dia niort, & dia c-calmatas go ro fhóccair as a thír iatt cénmótá uathadh bardadh baoí isin Aonach .i. h-i t-tor Mic Maghnusa nama.

M1548.16

Cathaoir Ruadh Ó Conchobhair do bhasucchadh i n-Ath Cliath, & Maoilechlainn Ua Maoíleachlainn do thernudh a geimheal ó Ghallaibh.

M1548.17

O Mórdha .i. Giolla Pattraicc d'écc h-i Saxaibh go h-opann, & ro ba mór an sgél eissidhe munbadh nert Gall.

M1548.18

Indradh Maighe Corrain tighibh, templaibh lá h-Ua c-Cerbhaill Tadhcc Caoch, & lá Mag Cochláin (Art mac Corbmaic) a n-dioghail a n-anffolta ar Dhelbhna, & foslongport do denamh leó an oidhche-sin san Lecach Amadláin.

M1548.19

Sean mac I Neill do dhol sluagh ar Chloinn Aodha Buidhe, & Brian Faghartach Ó Neill mac Neill Óicc, mic Neill, mic Cuinn, mic Aodha Buidhe fer aghmhar ionnsaighteach, saoí derlaictheach, deigh-einigh, & rédla sholais na clannmaicne dia m-baoí do marbhadh lá Sean Ua Neill don chur-sin.


p.1514

Annal M1549

M1549.0

AOIS CRIOST, 1549. Aoís Criost, mile, cuícc céd, cethrach, a naói.

M1549.1

O Baoighill Domhnall mac Neill mic Toirrdhealbhaigh d'écc, an .4. August.

M1549.2

Aibhilín inghen I Domhnaill ben Uí Baoighill Toirrdhealbhach d'écc.

M1549.3

Maoíleachlainn Got Ua Madaccáin tanaisi Shil n-Anmchadha do mharbhadh lá Maoíleachlainn Modardha Ua Madagain, & lá a bhraithribh a n-diocchail a athar & a dherbrathar.

M1549.4

Teach d'ionnsaicchidh i m-Baile an Chaisléin NuíNiall Ua Maoílechlainn ar Ua Maoíleachlainn Tadhcc Ruadh, & ar a bhrathair Murchadh. Ro loiscceadh an tegh forra. Ro marbhadh, & ro loiteadh tuilleadh ar fhichit ann, Ro marbhadh naonbhar do láthair dibh. Terna Ua Maoíleachlainn & a bhrathair Murchadh as, acht ro gonadh Murchadh don chur-sin.


p.1516

M1549.5

An iustis Eduard Belligam do dhul h-i Saxoibh, & Uilliam Brabason .i. an tresinér ina ionad, & cúirt mhór lasan iustis sin h-i Luimneach. O Cerbhaill do dhol gusan c-cúirt-sin ar comairce iarla Desmuman, & mérae Luimnigh, & maithe Gall & Gaoidhel, baoí ar in c-cuírt, & a theacht slán for c-cúlaibh maille le síothcháin do fein & dá rann do Ghaoidhealaibh .i. Mac Murchadha, Ó Ceallaigh, Ó Maoíleachlainn, & sochaidhe ele nach airimhther.

M1549.6

Baile Mic Adam do bhuain d'Emann A Faii, & Síol c-Cerbhaill do beith and doridhisi, & ba mór luathghaire & gairdeacus Éle de-sin.

M1549.7

Donnchadh Ua Fergail tanaisi Ua f-Fergail do mharbhadh lá a dherbrathair fein tre mheabhail.

M1549.8

O Suillebhán Diarmaitt, fear cendais cairdemhail niatta naimhdidhe do losccadh lá pudar ina chaislén fein, & a derbhrathair Amhlaoíbh Ó Suillebháin do ghabhail a ionaidh, & Amhlaoibh feissin do mharbhadh iaramh.