Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1483

AOIS CRIOST, 1483.

M1483.0

Aois Criost, Mile, ceithre ced, ochtmoghat a trí.

M1483.1

Rossa mac Tomais Óicc Még Uidhir Epscop Clochair, saoí i n-eccna, & i c-crabhaidh fear ticche aoidhedh coitchinn dá gach aon d'écc, & a adnacal i t-tempall Achaidh Urchoir do reir a thogha budh dhéin.

M1483.2

Mathgamhain Ua Griobhtha Epscop Chille Dá Lua tobar féile & eccna d'écc, & a adhnacal i mainistir na c-Cananach h-i c-Corco Baisccind co h-onorach.


p.1124

M1483.3

Donnchadh mac Uí Cheallaigh, & O Ferghail, .i. Cú Mara d'écc.

M1483.4

Conn Ó Néill d'fuaslaccadh lá a athair & lá a bhraithribh ó Ua n-Domhnaill & ó Chloinn Aodha Buidhe, & an Conn-sin iaramh d'oirdneadh i n-a thighearna ar Tir Eogain do thoil a athar & Tire h-Eoghain archena.

M1483.5

Coccadh mór do eirghe eitir Ua n-Domhnaill Aodh Ruadh, & Ó Neill Conn. Ua Domhnaill do thionól Chineóil c-Conaill & Iochtair Connacht. Aodh Ócc mac Aodha Buidhe Uí Neill co líon a thionóil do thecht i n-a chomhdhail & dol rempa i n-a remim imteachta gan tuilleadh buidhe re h-esccaraitt da raibh rempa co Traigh Bhaile Dúine Dealgan. Aircctear & loiscctear leó an baile & an tír i n-a t-timcheal. Rucc an Iustis .i. Gearoid mac Tomais iarla Cille Dara, co sochraitte móir Gall forra dia t-tograim & dia t-toraighecht. Ar a aí ro iomchuirsiotsomh an tóir throm sin co neimhsniomhach & do sraoíneadh forra, & do marbhadh drong mhór do Ghallaibh. Cidh iad-somh dna ro marbhadh Mac Uidhilin & mac Toirrdhealbhaigh Charraigh Uí Concobhair uatha. Luidh Ua Domhnaill co n-a sochraitte iaromh co Baile Lucchmaigh & loiscctear Baile Lucchmaigh lais & fo gheibh comha & ceannach dar cenn imdheghla & anacail dia m-baile. Soais Ua Domhnaill tar a ais, & ro léicc Aodh Ócc mac Aedha Buidhe uadha co Glendrighe d'ionnsaicchidh Thrín Congail. Ro gabh fein reimhe tré Thír Eoghain. Milltear & loiscctear leis an tír i n-a comhfoccus dá gach leth co rainicc Abhann Mhór.Ro tesccadh & ro gerradh leo coillte daingne doimteachta do rala for a c-cionn for brú Abhann Móire ionnus


p.1126

gur bhó conair shodhaing shoimtheachta dia shluagh trésna feadhaibh h-isin. Ro forchongradh lais for a shlóghaibh cesaigh droichet comhdhaingen do dhénamh tarsan abhainn co riachtatar a shlóighdhiorma etir troicchtech & marcach dar an sruth anonn i n-a n-iomlaine gan bádhadh eich na duine dibh. Ro leiccset an droichet frisan sruth co na baí aga m-biodhbhadhaibh acht a f-fairccsin uatha don leith araill, & tainicc Ó Domhnaill dia tigh iaramh iar m-buaidh & coscar.

M1483.6

Slóiccheadh ele la h-Ua n-Domhnaill ar Sean mac Pilip Még Uidhir co t-taratt creacha & airccthe iomdha lais. Creach eile ar n-a mharach do denamh lá Domhnall Ua Neill ar in Sean c-cédna.

M1483.7

Maidhm lá h-Art mac Cuinn mic an Chalbhaigh Uí Concobhair ar Chonn mac Airt mic Cuint Uí Mhaoileachlainn dú inar marbhadh dá mhac Ruaidhri Charraigh Uí Chearbhaill co sochaidhibh ele amaille friu.

M1483.8

Ua Cianáin, .i. Ruaidhri ollamh Mheg Uidhir le senchus, & Concobhar Ócc Mac Flannchadha .i. ollamh Tuadhmumhan saoi dersccaighthe i n-eiccsi & h-i filidheacht d'écc, & Aedh Mac Flannchadha i n-a ionad.

M1483.9

Concobhar mac an Breithemhan adhbhar ollamhan Muintire Maol Ruain d'écc iar t-treablaitt fhoda.

M1483.10

An cuicceadh Eduard do riogadh ós Saxaibh 9. April. Da mí, & ocht lá décc ro baí h-i righe.

M1483.11

Antres Risderd do rioghadh ós Saxaibh 22. Iun.


p.1128

Annal M1484

M1484.0

AOIS CRIOST, 1484.

Aoís Criost, Mile, ceithre céd, ochtmoghat, a cethair.

M1484.1

Nioclás Uasdun, Epscop Doire d'écc.

M1484.2

Seaan Ua Faircheallaigh canánach do muintir Droma Lethain, & Brian Ua Fairceallaigh, saccart do thionnsccain cloch angcoire do dhénamh ag teampoll mhór Droma Leathain d'écc.

M1484.3

Niall mac an Comharba Mhég Mathghamhna d'écc occ toidhecht on Róimh.

M1484.4

Rémann Mag Mathgamhna tighearna Oirghiall d'écc i n-a braighdenus i n-Droichet Átha.

M1484.5

Sémus mac Remainn Tirial ticcherna Fer t-Tulach d'écc.

M1484.6

Donnchadh Ua Ceallaigh tanaisi Ua Maine d'écc iar t-trebhlaid fhoda.

M1484.7

Mac Uí Chonchobhair Fhailge Murchadh mac Cathaoír mic Cuinn mic an Chalbhaigh do mharbhadh d'urchor saighde lá cloinn Emainn Dairsidhigh h-i c-Crich na c-Cédach.

M1484.8

Tadhcc mac Uilliam mic Aodha mic Briain Uí Cheallaigh do mharbhadh lá Brian Ua c-Ceallaigh lá a dearbrathair fein, & lá h-Uilliam Ua Muireadhaigh a dearbh-comhalta fein & a c-crochadh-sidhe lá h-Ua c-Ceallaigh i n-a c-ciontaibh.

M1484.9

Aodh mac Briain mic Briain Ballaigh Uí Conchobhair do marbadh lá sliocht Taidhg Uí Concobhair.

M1484.10

Domhnall Mac Gormáin d'aos gradha Uí Bhriain, fer tighe aoídheadh coitchinn & fer ro ba saidhbhre i n-Erinn a m-beótlus d'écc.

M1484.11

Aedh mac Briain Uí Briain & a bhen Sadhbh inghean Taidhg Uí Concobhair d'écc.


p.1130

M1484.12

Ruaidhri Ócc mac Ruaidhri Buidhe Uí Ainlighi d'écc.

M1484.13

Maoílechlainn mac Concobhair Uí Gairmledhaigh, & Concobhar a dearbhrathair do mharbhadh lá cloinn Eoghain mic Néill Uí Dhomhnaill.

M1484.14

Brian Ruadh mac Cathail mic Eoghain mic Seain Uí Raighilligh d'écc.

M1484.15

Coccadh mór etir Ua Neill .i. Conn mac Enri, & Ua Domnaill .i. Aodh Ruadh, & dioghbala móra do denamh etorra.

M1484.16

Giolla Patraicc mhac Még Uidhir (Emann mac Tomais Óicc) do mharbhadh a f-fiull lá a cuiccer dearbhrathar (Donn, Seaan, Emann, Art Carrach, & Aodh) ag altoir tempaill Achaidh Urchair conidh tremid-sidhe do-gairedh dá Mag Uidhir .i. Sean mac Pilip mic Tomáis Móir Még Uidhir & Tomás mac Tomais Oicc mic Tomáis Mhóir. Seaan do dhol ar sloiccheadh ar cloinn Donnchaidh mic Tomais Meg Uidhir (Pilip & Feilim). Giolla Pattraicc mac Tomáis mic Donnchaidh, & mac Feilim mic Donnchaidh Meg Uidhir do mharbhadh lais co n-druing oile amaille friú. Mac Giolla Ruaidh, .i. Brian mac Domhnaill, da mac Mec Domhnaill Cloinne Ceallaigh (Corbmac, & Art) & sochaide ele do gabhail. Bá dia h-Aoíne do shonnradh an 13 Calainn Septembris do-rónadh indsin, & Mág Uidhir Sean do shoadh an lá-sin co m-buaidh & co n-edail.

M1484.17

Flaithbertach mac Tomáis mic Pilip Meg Uidhir do mharbadh lá Tomás Ócc mac Tomais Óicc mic Tomais Mhóir d'erchor do ghae h-i b-Port Airidh Brosccaigh.

M1484.18

Maidhm Móna Ladhraighe lá cloinn Emainn Mheg Uidhir ar cloinn Briain mic Pilip Mheg Uidhir dú in ro marbhadh tri meic Briain, Cathal, Cu Chonnacht, & Emann, & in ro marbhadh bheós Aedh mac Airt mic Eoghain Uí Néill, Eoghan mac Toirrdhealbhaigh mic Pilip na Tuaighe Még Uidhir co n-a mac Toirrdhealbhach, Remann mac Gillibert mic Corbmaic Uí Fhlannaccain co sochaidhibh oile, & inar gabhadh dna, Pilip mac Toirrdhealbhaigh mic Pilip Meg Uidhir & Pilip mac Briain mic Pilip Még Uidhir & Giolla Patraicc mac Cathail Óicc mic Magnusa Még Uidhir,et cetera. Fiche do dhaoinibh do marbhadh & deichnebhar do gabhadh ann.


p.1132

Annal M1485

M1485.0

AOIS CRIOST, 1485.

Aoís Criost, Mile, ceithre chéd, ochtmogat, a cúicc.

M1485.1

Niocól Ua Grada comharba Tuama Gréine fer dercach daghoinigh & an dara fear décc baoí saor i Luimneach d'écc.

M1485.2

Donnchadh Mág Coilidh airchinneach Beraicch fer tighe aoidheadh coitchinn d'écc.

M1485.3

Eoghan Caoch (.i. O Concobhair Donn) mac Feidhlimidh Uí Concobhair fear aghmar ionnsaightheach d'écc iar t-trebhlaid fhoda & tighearna do ghairm i n-a ionad d'Aodh mac Aodha Uí Concobhair.

M1485.4

Uilleag a Burc tighearna Cloinne Riocaird oigre iarla Uladh, feicheamh coitchend d'eiccsibh Ereann d'écc, & a mac do gabhail a ionaid, .i. Uillecc ele. Sluaiccheadh lasan mac-sin for Machaire Chonnacht & h-i t-Tír Maine dia ro loiscc & dia ro mhill arbhanna & bailte, & dia ro loiscc & dia ro bris caislen Tuillsge & carcair.

M1485.5

Ruaidhri mac Briain Ballaigh Uí Concobhair do marbhadh lá sliocht Taidhg Uí Chonchobhair.

M1485.6

Sile inghen Mec Siurtáin ben Ricaird a Burc baincheann ban Connacht d'écc.

M1485.7

Aodh Ócc mac Aodha Buidhe mic Briain Ballaigh Uí Neill tighearna Triain Congail do dhol ar creich i l-Leith Cathail & Goill do breith fair, & a mharbhadh d'aen erchor do ghae.

M1485.8

O Suillebhán Beirre Domhnall, O Concobair Corc Mo Dhruadh, & O Concobhair Ciarraighe & a bhen d'écc.

M1485.9

O Baoighill Toirrdhealbhach do chor a thighernais de, & a mhac Niall do gabháil a ionaidh.

M1485.10

Coccadh mór eitir Cenel c-Conaill, & Eoghain. Clann Airt Uí Neill (.i. Niall co n-a braithribh) do leith Uí Domhnaill. Clann Neachtain Uí Domhnaill (Eigneacan co n-a braithribh) do leith Ui Neill. O Domhnaill do dol sluagh i Muintir Luinigh


p.1134

uair as ann ro baí caoraighecht & muintir slechta Neachtain. Baí Ó Neill, .i. Conn h-i f-foslongport a Muintir Luinigh & sliocht Neachtain amaille fris acc imdíten a tíre, & a muintire. Ar a aí ní ro fhéch Ó Domhnaill dóibh co n-dearna creacha troma & airccthe aidhble. Ro ghabh lá taobh fhoslongpuirt Uí Neill, & sleachta Neachtain, & tucc na creacha leis dia thír uatha gan dioghbhail do denamh dhó 'n-a t-timchell.

M1485.11

Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh mic Rudhraighe mic Ardghail Még Mathghamhna do oirdneadh i n-a tighearna for Oirghiallaibh.

M1485.12

Baile Chon Uladh mic Aedha Uí Néill do losccadh lá Brian na Coilleadh mac Eoghain Uí Neill. Ferann & baile an Briain cédna do losccadh ar a bharach i n-a dhioghail lá Coin Uladh & la cloinn Remainn mic Rudhraighe Meg Mathghamna (Glaisne & Brian) & lá mac Mhég Mhathghamhna Óig, .i. Giolla Pattraicc.

M1485.13

Sliocht Mhaol Mhórdha an Mhullaigh do ionnarbadh asa n-duthaigh, & clann Glaisne Uí Raghallaigh do shuidhiughadh a t-tíre dia n-eis, & do dhenamh caislein innte. Iatt-somh do tharraing iarla Chille Dara (Gearóid mac Tomais) ar chloinn Glaisne, & cúicc buailte décc bó do bhuain dibh i c-creich, & Giolla Íosa mac Glaisne do gabhail don chur-sin.

M1485.14

Feidhlimidh mac Glaisne mic Conchobhair Uí Raghallaigh d'écc don phláigh.

M1485.15

Ua Raghallaigh, .i. Toirrdhealbhach mac Seain mic Eoghain do dhol i t-Teallach Eachdhach, & baile Még Samradháin .i. Feilim, & baile Donnchaidh a dearbrathar do losccadh leis. Mag Samhradháin co n-a braithribh do dhol a t-toraighecht an t-sluagh ar a barach & sé fir decc ettir gabhail & marbhadh & dá ched each do bhuain don t-sluagh.

M1485.16

Mac Domhnaill (.i. Colla) consapal Gallocclach Uí Neill d'écc.

M1485.17

Remann mac Glaisne mic Remainn Meg Mathghamna do dhol ar Galldacht Machaire Airghiall, & mac don Tau, .i. Seon do marbhadh leis. Conn mac Maghnusa Uí Chondalaigh, Mac Corbmaic Uí Chondalaigh, & mac mec Ardgail do marbhadh uadha-somh, & ós cenn fhichit each do bhuain de fein & dá mhuintir. Cathaoir


p.1136

mac Iriail mic Pilip & Eoghan mac Semais mic Eochadha Móir Még Mathghamhna do ghabhail, & Eoghan, d'eludh iar sin.

M1485.18

Art an Bhoccáin mac Uí Chonchobhair Fhailghe (.i. Conn) do mharbhadh lá a dherbrathair Cathaoir mac Cuinn mic an Chalbhaigh d'aen erchor gae.

M1485.19

Clann ócc Emainn Meg Uidhir (Aodh, Art, & Giolla Íosa) & clann Toirrdhealbhaigh Meg Uidhir (Tadhg, Pilip, & an Giolla Dubh) do dhenamh creiche ar Domhnall mac Giolla Pattraicc mic Emainn Mhégh Uidhir. Domhnall féin do mharbhadh a t-toraighecht na creiche lá Maoilechlainn Mac Geibheannaigh & an Maol Seachlainn cedna do marbhadh fó cedóir ar an lathair-sin.

M1485.20

Mag Uidhir .i. Sean do dhenamh creche h-i Miodhbolcc ar cloinn Donnchaidh mic Aodha Meg Uidhir, & ar cloinn Mhég Ualgaircc fa dhó i n-aoin t-seachtmhain.

M1485.21

Giolla Pattraicc Ua h-Uiccinn, mac Briain, mic Maoilechlainn, fer tighe aoidhedh coitchinn do thrénaibh & do truaghaibh d'écc.

M1485.22

Ua Cuirnín Athairne d'écc.

M1485.23

An sechtmadh King Henry do rioghadh os Saxaibh, 22. August.


p.1138

Annal M1486

AOIS CRIOST, 1486.

M1486.0

Aois Criost, mile, ceithre chéd, ochtmoghat, a sé.

M1486.1

Mainistir (.i. Cill Chuilind) Brathar Mionúr de Obseruantia do thionnsgnadh ar brú abhann Life la Rolont mac Sir Eduard Iustas.

M1486.2

Prioir Maothla Fergal mac Roiberd Mhég Ragnaill d'écc.

M1486.3

Pilip mac an Chomharba (.i. Semus mac Rudhraighe mic Ardgail) Meg Mathghamhna, cananach coradh h-i c-Clochar comarba Cluana h-Eoais, persun Dartraighe, et cetera d' écc.

M1486.4

Caibidil coithcenn an chúiccidh idus Iulii i n-Droichet Atha ag airdespucc Arda Macha, .i. Octauianus Italicus acc epscopaiph & acc cleircibh tuaiscirt Ereann uile.

M1486.5

Ruaidhri mac Diarmada (.i. mac Ruaidhri Chaoich) tighearna Moighe Luircc, Airticch, & Tíre Tuathail d'écc do ghalar aithgherr h-i t-tempall Locha na n-Gasan i c-Cloinn Cathail Mic Muireadhaigh, & Concobhar mac Corbmaic mic Tomaltaigh an Einigh d'oirdneadh i n-a ionadh.

M1486.6

Cu Mara Mac Con Mara do mharbhadh go h-aitheasach la cloinn Donnchaidh Mec Con Mara.

M1486.7

Tadhcc mac Cathail Óicc Meg Raghnaill lán-taoíseach Muintire h-Eolais saoi dearsccaighthe ar eineach & ar eangnamh d'ecc iar m-buaidh o dheamhan & ó dhomhan, & a adhnacal h-i f-Fiodhnach.

M1486.8

Tadhcc Ua Maoíl Mhiadhaigh adhbar taoisigh Mhuintire Cerbhalláin do mharbhadh lá cloinn Maoileachlainn Meg Raghnaill, & lá cloinn Mhaol Ruanaidh Meg Raghnaill.

M1486.9

Eoghan mac Ír do ghabhail lá cloinn Maol Ruanaidh Meg Raghnaill, & clann Taidhcc Uí Mhaoíl Mhiadhaigh do mharbhadh, & mac Uilliam Mic Maghnusa co sochaidhibh oile.


p.1140

M1486.10

Maol Seachlainn & Ruaidhri dá mac Mec Donnchaidh Thire h-Oilealla, .i. Tadhg mac Briain (Soidheach diongmhala do toisighecht Ua n-Oilealla gach aon diobh) do marbhadh la cloinn Domhnaill Caim & la cloinn Ruaidhri Mec Donnchaidh.

M1486.11

Sluaiccheadh adhbal mhor lá h-Ua n-Domhnaill i c-Connactaibh & lá Mac Uilliam Cloinne Riocaird i n-a aghaidh, & iar n-dol h-i c-cenn aroile dhóibh, do-ronsat síth & comhaonta. Feidhlimidh Fionn Ua Conchobhair do dhol h-i c-cenn na sluagh-sin, & a dhol h-i laimh Uí Domhnaill tar cenn a thuath & a thaoiseach. Sídh Shíl Muiredhaigh do denamh don cur-sin, & Mac Feidhlimidh Fhinn do ghabhail as féin d'Ua n-Domhnaill & a breith leis i t-Tír Conaill tré comhairle Meic Uilliam Cloinde Riocaird.

M1486.12

Breasmaidhm la muintir Meg Raghnaill h-i Moin Lescc for cloinn Uí Ruairc & for sliocht Cathail Ruaidh in ro marbhadh Maoíleclainn Ócc mac Maoílechlainn Mec Caba fer a aoísi fein do ba mó ainm le gallócclachus h-i Leth Cuinn.

M1486.13

Clann t-Seain mic an Phriora do chreachadh, & mac dibh fein (.i. Giolla Criost) do mharbhad la sliocht Maoilechlainn Mhég Raghnaill.

M1486.14

Neidhe Ua Maoíl Chonaire cend doichill Ereann d'écc. As é tucc na mionna buadha co na tiubhradh im & arán a n-aoinfheacht d'aoidhedhaibh co bráth.

M1486.15

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill do dhol i t-Tír Amalgaidh. Mac Uilliam Iochtarach do theacht i n-a aghaidh. Ro fighedh iomairecc etorra in ro marbhadh tuilleadh ar ched do muintir Mec Uilliam & in ro gabhadh Sean Mac Siurtáin & Uillecc mac Risdeird (.i. mac Tomais) a Burc co sochaidhibh oile.

M1486.16

Seaan mac an Priora Meg Raghnaill d'écc.

M1486.17

An Barrach Mór (Sean), rogha gall-macaemh Ereann do mharbhadh lá Nodlacc lá Donnchadh Ócc Mhacc Cárthaigh tighearna Ealla iar n-dol ar creich fair.

M1486.18

Gearóid mac iarla Deasmumhan d'écc.


p.1142

M1486.19

Feidhlimidh Buidhe mac Cairpre Uí Conchobhair, Uaitne mac Seain Carraigh Mec Branáin, Donnchadh mac Corbmaic mec Matha & Aodh mac Ruaidhri Dhuibh mec Matha do mharbhadh lá cloinn Maoilechlainn Még Raghnaill.

M1486.20

Tadg Caoch mac Uilliam Uí Cheallaigh an dara tighearna baoí for Uibh Maine d'écc i n-aibíd an Treas Uird.

M1486.21

Sile inghen Aodha mic Uilliam Uí Ceallaigh ben Uí Mhadadháin d'écc.

M1486.22

Lochlainn mac an Giolla Claoín Uí Ainlighi d'écc.

M1486.23

Tadg mac Aodha mic Briain Uí Birn, & Maoíleachlainn mac Diarmada Mhég Raghnaill d'écc.

M1486.24

Eocchan mac Lochlainn Uí Ruairc saoileachtain tighearna na Breifne d'écc.

M1486.25

Semus mac Mec Risdeird Buitilér fear ionait iarla Urmumhan d'écc.

M1486.26

Bresal & Diarmaid da mac Murchaidh Uí Madadháin do mharbhadh i meabhail la Cobhthach Ua Madadháin lá a n-dearbrathair féin.

M1486.27

Raghnailt inghen t-Seaain Mec Con Mara ben Toirrdhealbhaigh mic Taidhg Uí Bhriain tighearna Tuadhmhumhan Airtheraigh d'écc.

M1486.28

Giolla na Naomh mac Domhnaill mic Muirceartaigh Mhidhigh tighearna Caladh na h-Angaile d'écc iar c-cian aoís.

M1486.29

Tadhg mac Aodhagain ollamh Muintire h-Angaile do mharbhadh go grainemhail lá sliocht Íriail Uí Feargail.

M1486.30

Flann mac Floinn Uí Domnalláin d'ecc.

M1486.31

Brian mac Rudhraighe mic Ardgail Meg Mathgamhna tighearna Dartraighe do mharbhadh lá Gallaibh Machaire Airghiall.

M1486.32

Domhnall Ócc mac Mec Artain saoí n-einigh d'écc.


p.1144

M1486.33

Sean Buidhe mac Eoghain mic Néill Óicc Uí Néill d'ecc.

M1486.34

Donnchadh mac Tomais mic Ferghail Mecc Samhradhain d'écc.

M1486.35

Ocht m-baile fhichet do Ghalldacht Machaire Airghiall do losccadh lá Mag Mathghamhna, Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh mic Rudhraighe.

M1486.36

O Neill, .i. Conn mac Enrí do dhol sluagh ria Samhain ar Machaire Airghiall loisccthi & millte móra do denamh lais.

M1486.37

Creach mhór lá Brian mac Emainn mic Rudhraighe Meg Mhathgamna ar Emann mac Tomáis Óicc, & ar a chloinn i c-Cúil na n-Oirer, & Emann Ócc mac Emainn do mharbhadh leo i n-Doire Cenainn.

M1486.38

Emann mac Tomáis Ghreandaigh mic Duinn mic Pilip na Tuaighe Meg Uidhir d'écc, & a dearbhrathair ele Eoghan mac Tomais Greandaigh, Magnus mac Maoile Duin, & Rudhraighe mac Concobair mic Duinn Meg Uidir do mharbhadh ar Baile an Oireacht la Féilim mac Donnchaidh Még Uidir ar greis oidhche.

Caitilin inghen Uí Feargail (Domhnall Buidhe mac Domhnaill mic Seain) ben Mec Maghnusa Meg Uidhir .i. Cathal Ócc mac Catail Mhóir d'écc.

M1486.39

Art Ruadh mac Giolla Patraicc mic Emainn Meg Uidhir do mharbhadh d'urchor soighde lá cloinn Toirrdhealbhaigh mic Pilip Meg Uidhir.

M1486.40

Aodh mac Néill mic Aodha mic Eoghain Uí Neill d'écc.

M1486.41

Emann Ócc mac Emainn mic Con Uladh Uí Néill & Corbmac mac Airt Carraigh mic Maoileachlainn Uí Neill d'écc.

M1486.42

Clann Meg Uidhir (Emann), .i. Aodh & Art Carrach d'fuaslaccadh, & a n-athair do léiccen a tighearnais de an lá cédna docom t-Seain mic Pilip Meg Uidhir.

M1486.43

Donn Mag Uidhir mac Emainn mic Tomais Óig do mharbhadh a f-fiull h-i n-dorus Reilcce Achaidh Urchair lé cloinn Tomáis Oig Meg Uidhir, .i. Tomás, Conchobhar, & Ruaidhri & lá cloind Flaithbhertaigh mic Tomais Óig, Giolla Pataicc, Cu Connacht, & Briain Crosach.


p.1146

Annal M1487

AOIS CRIOST, 1487.

M1487.0

Aoís Criost, míle, cethre ched, ochtmhoccat, a secht.

M1487.1

Maoilechlainn mac Murchaidh Uí Fhlannaccáin decanach Oile Finn d'écc, & Tomas Ua h-Eidigein do ghabhail a ionaid.

M1487.2

Tadhg mac Briain mic Amlaoíbh Meg Uidhir ro bhaí 'na pearsún i m-Bothaibh ar tos & 'na biocaire h-i c-Cill Laissre d'ecc.

M1487.3

Brian Ua Corcrain biocair Claoin Innsi & Denis mac Giolla Coisccle airchinneach, & biocaire Airidh Brosca d'écc.

M1487.4

O Maoileachlainn, .i. Laigneach mac Cuirc tighearna Cloinne Colmain do mharbhadh le Conn mac Airt mic Cuinn mic Corbmaic Ballaigh Uí Mhaoileachlainn.

M1487.5

O Raghallaigh, .i. Toirrdhealbhach mac Seain mic Eoghain d'écc do bhedhcc i n-a chaislén féin h-i t-Tulaigh Mongáin an céd lá do mhí September & Ó Raghallaigh do gairm da mhac i n-a ionad .i. Sean.

M1487.6

Brian mac Briain Bhallaigh mic Aodha mic Feilim Uí Concobhair soidheach diongmhala do righe Connacht d'écc.

M1487.7

Aodh mac Ruaidhri mic Briain Uí Conchobhair d'écc.

M1487.8

Siodhraidh Ua Maol Conaire ollamh Shil Muireadhaigh cenn aibhe & aitis fear n-Ereann d'écc & da chenn fhine i n-a ionad .i. Domhnall & Maol Conaire mac Torna.

M1487.9

Muirghes mac Lochlainn Ui Mhaoil Conaire oide a cheirde féin d'écc i t-Tír Conuill iar t-treablait fhoda, & iar m-buaidh n-aithricche & a adhnacal i n-Dun na n-Gall.


p.1148

M1487.10

Domhnall Ua Dubhaccáin, & a bhen inghen Uí Mhaoíl Conaire d'écc.

M1487.11

Ua Maoil Fhalaidh drumchli eccna Ua Maine d'écc.

M1487.12

Iarla Desmumhan do mharbhadh lá a muintir féin a meabhail h-i Ráith Gaola tre chomhairle Sheain a dearbrathar féin.Sean dna & lucht an mharbhtha archena d'ionnarbadh la Muiris mac an Iarla.

M1487.13

Uilliam mac Aodha mic Briain Uí Cheallaigh tighearna Ua Maine do ghabhail lá a bhraithribh feisin a meabail & a écc i n-a geimhlibh, & dá tighearna i n-a ionadh, .i. Maoileachlainn mac Aedha mic Briain & Donnchadh mac Bresail Uí Cheallaigh.

M1487.14

Aodh mac Donnchaidh Ui Cheallaigh do mharbhadh lá Maoíleachlainn mac Uilliam Uí Cheallaigh.

M1487.15

Conchobhar mac Taidhcc Caoích Uí Cheallaigh do ghabhail a meabhail lá Tadhcc mac Maoílechlainn Uí Cheallaigh.

M1487.16

Cathal Dubh mac Domhnaill mic Eoghain Ui Conchobhair do mharbhadh lá Goisdelbhachaibh iar n-dol ar creich forra & a bhrathair ele an Calbhach Caoch do breith na creiche go h-áithesach lais.

M1487.17

Domhnall Ua Concobhair do dhol ar ionnsaighidh for Leitir mic Pilip, & briseadh dóibh ar dhreim dá mhuintir gur marbhait ann da mac Domhnaill mic Briain Mec Donnchaidh & móran dá n-uaislibh & da muintir archena.

M1487.18

Brian Ruadh, mac Tighearnáin, mic Taidhg mic Tighearnain Uí Ruairc tanaise Breifne do mharbhadh d'urchor do saighit la mac Uí Ruairc, Eoghan mac Feilim mic Donnchaidh mic Tighearnáin Óicc. Ua Domhnaill .i. Aodh Ruadh do dhol trésan marbhadh-sin isin m-Breifne, & suidhe dho a f-foslongport fá bhaile Uí Ruairc .i. Caislén an Cairthe, & a ghabhail lais & triúr do mhuintir Uí Ruairc do mharbhadh & Brian mac Cathail mic Tighearnain Uí Ruairc do mharbhadh lá Gofraidh mac Aedha Gallda Uí Domhnaill d'urchor peléir. An caislen do bhriseadh lá h-Ua


p.1150

n-Domhnaill iar sin, & O Ruairc Feilim d'ionnarbadh as a dhuthaigh h-i f-Fearaibh Manach lá h-Ua n-Domnaill. Ua Domhnaill doridhisi do léigean Uí Ruairc i n-a dhuthaigh, & sidh do dhenamh eitir feraibh Breifne, & a thabhairt ar in tír an caislén do aithdenamh.

M1487.19

Maol Ruanaidh mac Taidhcc Mec Diarmada do gabhail a meabail ar Oilén na Trinóide la Tomaltach mac Ruaidhri Mec Diarmada, & mac Briain Mec Diarmada do mharbhadh ann.

M1487.20

Alastrann mac Colla mic Toirrdhealbhaigh, & dream do maithibh a ghallócclach do mharbhadh araon ris lá cloinn Ruaidhri mec Diarmada.

M1487.21

Sean Mac an Airchinnigh cenn a fhine féin fear tighe aoidhedh coitcinn, & airchindeach Padraicc i n-Ail Finn d'écc.

M1487.22

Aodh mac Pilip Ruaidh Mec Con Mara fer crodha coccthach d'écc.

M1487.23

Sean Dabh Mac Goisdelbhaigh tighearna Slebe Lugha d'écc, & dá tighearna i n-a ionad, .i. Uilliam mac Emainn an Machaire, a dherbrathair fén & Siúrtan mac Pilip Mec Goisdelbhaigh.

M1487.24

Sean mac Conchobhair Mec Aedaccain ollamh Cloinne Riocaird, & Aodh mac Briain mic Feargail Ruaidh Uí Uiccinn d'écc.

M1487.25

Cathaoír Mág Cochláin do marbhadh h-i f-fioll lá mac a dherbhrathar Fínghin Ruadh.

M1487.26

Emann mac Riocaird a Burc do gabhail a meabhail lá Bairédachaibh, & a thabhach go h-áitheasach dia bhraithribh féin.

M1487.27

Slóigheadh lá h-Ua n-Domhnaill i m-Breifne Uí Ruairc. Bá h-é fochann an t-slóighidh-sin, O Ruairc Feilim mac Donnchaidh mic Tighearnáin, & a bhaile do ghabhail a


p.1152

f-fiull lá a bhraithribh féin, & iar n-dol Uí Dhomhnaill don Breifne foslongport do dhenamh dho imon m-baile, .i.Caislén an Chairthe, & an baile do ghabhail leis fo dheoidh iar m-beith athaidh na timcheall, & Tighearnan Dubh mac Donnchaidh mic Tighearnain Óicc do mharbhadh lá h-Ua n-Domnaill don chur-sin, & O Ruairc Feilim d'fháccbháil d'Ua Dhomhnaill h-i c-Caislén in Chairthe iar síodhucchadh fear m-Breifne fria 'roile. O Ruairc do gherradh ciosa cosanta d'Ua Dhomhnaill isin m-Breifne & d'fior a ionaid i n-a dhiaidh.

M1487.28

Tighearnán Ócc O Ruairc tanaisi Breifne do mharbhadh lá cloinn Maol Ruanaigh Meg Raghnaill, & lá cloinn Ruaidhri Mec Diarmada i n-Ucht na n-Engadh.

M1487.29

Slóicceadh lá h-Aodh Ruadh Ua n-Domhnaill h-i Maigh Luircc dia ro mhill arbhanda & dia ro loiscc bailte caisléin iomdha. Ro loiscc & ro bris caislén cloinne Ruaidhri Mec Diarmada, .i. Baile na h-Uamha. O Domhnaill fein co n-diorma dia shluagh do asccnamh co h-inchleithe isin oidhche as a longport co n-dearna creacha móra i n-Doire Chua. Feidhlimid Fionn Ua Concobhair (.i. mac Taidcc mic Toirrdhealbhaigh Ruaidh) do dhol h-i c-cenn Uí Dhomhnaill don chur-sin, & síth shuthain do dhenamh dhó fris. Ruaidhri an Doire mac Muirghesa mic Aodha Mec Diarmata baí h-i sochraide Uí Dhomhnaill ar an slóiccheadh-sin do shárucchadh na Ceall Bhraighi Uallaighi, & édala móra do breith eiste, & Ó Domhnaill do thabhairt óghaisicc do shagartaibh an tempaill ro sáraiccheadh ann.

M1487.30

Slóiccheadh la Mac Uilliam Cloinne Riocaird (.i. Uilleacc mac Uillicc an Fhiona) i n-Uibh Maine dia ro briseadh lais badhbhdhúin Atha Liacc Maonaccan, Arbhanna & bailte iomdha do milleadh dhó i n-Uibh Maine, & h-i Machaire Chonnacht.


p.1154

Rossa mac Feidhlimidh Fhinn do mharbhadh d'aon urcor saighde la druing don t-sluagh. Clann Feilim Finn Ui Concobhair .i. Aodh, Toirrdhealbhach, & Conchobhar, do dhol tarsa co Baile Tobair Brighde. A losccadh & a argain dóibh. Diarmaitt mac Domhnaill mic Toirrdhealbhaigh Doill Uí Conchobhair do mharbhadh doibh .i. ag Ros Comain, h-i luircc an t-sluaigh. A lenmhain dóibh asein h-i c-Cloinn Chonnmhaigh, & eich do bein don t-sluagh cedna. Ba for tharraing Uí Conchobhair Duinn, .i. Aodh mac Aodha mic Toirrdhealbhaigh Duinn, do-ronadh an sluaiccheadh-sin. Sídh Sil Muiredhaigh do dhenamh dhoibh budhdéin iar n-diultadh a dénmha ar comairle a c-caratt.

M1487.31

Creacha meabla do denomh do Ruaidhri Ua Chonchobhair ar Felim Fhinn. Creacha anba i n-a dioghail-sidhe la Feilim f-Finn Ua c-Conchobhair for slicht Taidhg Óig.

M1487.32

Sidh Shil Muiredhaigh do naidhm doridhisi, & tighearnas sleachta Corbmaic Ui Birn & leth Baile an Cláir, & cóicc baile Chinn Coradh do-chuid ronna Toirrdhealbhaigh Óicc, do mhaithemh dá shliocht d'Feidhlim Ua Conchobhair. Bladh do Chloinn Cathail Mic Muiredhaigh do baí athaidh d'aimsir i l-laimh cloinne Maol Ruain do tabairt d'Feidhlimidh Fhionn Ua c-Concobhair.

M1487.33

Tighearnán Carrach mac Tighearnain mic Taidhg mic Tighernain Uí Ruairc, Feradhach mac Seain mic Toirrdhealbhaigh Még Uidhir, & Domhnall mac Duinn mic Domnaill mic Airt Még Uidir do mharbhadh h-i Muintir Eolais lá cloinn Ruaidhri Mec Diarmata & lá mac Mec Diarmada Ruaidh, & Domhnall Bearnach Mac Samhradhain do mharbhadh don chur-sin.

M1487.34

O Domhnaill, .i. Aodh do dhol h-i Maigh Luircc isin f-foghmhar do shonnradh.


p.1156

Tighe iomdha & arbhanna do losccadh leis & Tempall Droma Conaille do losccadh an tan-sin lá Ferghal Carrach mac Domnaill mic Taidhcc Uí Ruairc gan cet d'Ua Dhomhnaill, & ó nach rucc Ó Domhnaill ar Fearghal Charrach do dhioghail an mhíghniomha-sin fair, do-rad mac Tighearnain na Buannaide do cléircibh an tempaill a n-gioll frisan losccadh-sin.

Annal M1488

AOIS CRIOST, 1488.

M1488.0

Aois Criost, Mile ceithre ced, ochtmoghat, a h-ocht.

M1488.1

Ab Atha Truim d'écc.

M1488.2

Pláigh mhór for Machaire Chonnacht dia ro écc Cathal mac Eidigein biocair tempaill Pattraicc, & cananach coradh i n-Oil Finn, Aongus Ua Reachtadhain comharba Finnéin h-i c-Cluain Cremha Diarmaid Mac Conchagaidh sagart toghaidhe, & an Biocaire Bodhar Ua Colla.


p.1158

M1488.3

Cathal Ruadh mac Ruaidhri mic Briain Bhallaigh Uí Conchobhair d'écc don plaigh cedna. Domnall mac Briain Ui Bhirn, Diarmait mac Domnaill mic Briain, Domnall mac Feargail, & Corbmac mac Domhnaill Chananaigh Uí Bhirn d'écc dhi bheos.

M1488.4

Domhnall mac Domnaill mic Néill Ghairbh Ui Dhomhnaill do ghabháil la cloinn Aodha Gallda mic Neill Ghairbh, & a riaghadh ar n-a mharach amhail do ruillsiot a mhigniomha.

M1488.5

Ua Ceallaigh (Maoilechlainn mac Aodha mic Briain) d'écc a c-cionn lethráithe iar n-gabhail tighearnais, & Conchobhar a bhrathair do ghabhail a ionaid.

M1488.6

Mag Aongasa, .i. Brian mac Airt d'écc, & a dearbhrathair (Aodh) d'oirdneadh i n-a ionadh.

M1488.7

Emann mac Tomais Meg Uidhir baí i n-a thighearna h-i f-Feraibh Manach d'écc.

M1488.8

Donn mac Domhnaill Ballaigh Meg Uidhir d'écc.

M1488.9

O Flannaccain Tuaithe Ratha Toirrdhelbhach mac Giolla Iosa d'écc.

M1488.10

O Tuathail (Emann) do mharbhadh i f-fiull la cloinn Taidhcc Uí Broin.

M1488.11

Mac Uí Murchadha, .i. tighearna Ua f-Feidhlimthi, Mathghamhain mac Taidhcc do mharbhadh i f-fiull la Donncadh .i. mac tighearna Ua c-Ceinnselaigh mac Airt mic Donnchaidh.

M1488.12

Diarmaid mac Seain Luircc mic Toirrdhealbhaigh an Fhíona Uí Dhomnaill d'écc.

M1488.13

Brian mac Aedha Buidhe mic Briain Bhallaigh Uí Neill d'ecc do galar bhreac.

M1488.14

Tadhcc mac Maoileachlainn mic Tighearnáin Uí Ruairc, & Mag Raghnaill Concobhar mac Murchaidh do sliocht Maoileachlainn d'écc, & Mag Raghnaill do denamh i n-a ionadh do Mhaoilechlainn mac Uilliam don t-sliocht cedna.

M1488.15

O Neill Conn mac Enri, & Mag Uidhir Sean mac Pilip mic Tomais do dol go teagh Uí Domnaill & sidh charthanach cairdemhail do dhenamh d'Ua Neill & d'Ua n-Domnaill ré 'roile.

M1488.16

Sidh do dhenamh d'Ua Neill & do cloinn t-Seain Buidhe Uí Neill iar n-á léiccen as a m-braighdenas.


p.1160

M1488.17

Domhnall mac Neill Uí Neill do mharbhadh h-i f-FionntamhnachRudhraighe mac Airt, & lá cloinn Néill mic Airt Uí Neill.

M1488.18

O Fearghail do ghairm do Chonmac mac Seain mic Domnaill i n-aghaidh Rudhraighe mic Cathail Uí Ferghail.

M1488.19

Maoileachlainn mac Meg Flannchaidh do mharbhadh la cloinn Taidhcc mic Cathail mic Tighearnain Óicc Ui Ruairc.

M1488.20

Eoghan mac Ir Meg Raghnaill do mharbhadh la a dearbrathair fein .i. Uilliam mac Ir, & lá a mac & la Maghnus mac Ir.

M1488.21

Toirrdhealbhach mac Taidhcc mec Mathghamhna fear lán do rath & do thiodhnacal eccna ón Spiorat naomh tiodhnaictheach séd & maoíne d'ecc iar m-breith bhuadha ó dhomhan & ó dhemhan.

M1488.22

Ruaidhri mac Uí Concobhair Duinn d'écc.

M1488.23

Cú Uladh mac Seain Bhuidhe Uí Neill do mharbhadh lá h-Art mac Enrí mic Eoghain.

M1488.24

Art mac Neill Charraigh mic Muirceartaigh Óicc Uí Neill do mharbadh la cloinn Enrí mic Enrí mic Eoghain Uí Neill ar greiss oidhche.

M1488.25

Eoghan mac Uí Ruairc, Feilim mac Donnchaidh mic Tighearnain Óicc mic Tigearnáin Mhóir do mharbhadh ar ossadh le h-Eoghan ele mac Uí Ruairc .i. mac Tighernain mic Taidhcc mic Tighearnain Mhóir.

M1488.26

Eoghan mac Maol Morda Uí Ragallaigh tigearna Mullaigh Laoighill d'écc.

M1488.27

Donnchadh Dubshúileach Ua Conchobhair .i. Ua Conchobhair Ruadh, d'écc iar c-cian aoís & iar n-deighbethaidh, & Feidhlimidh Fionn Ua Conchobhair d'oirdneadh i n-a ionadh lá h-Ua n-Domhnaill, lá Mac Uilliam & la Mac n-Diarmada .i. Conchobhar feibh as diongmala ro gaireadh tighearna d'aon roimhe ré h-athaidh & a bhrocc do chor fair do Mac Diarmata.


p.1162

M1488.28

Sidh do dhenamh d'Ua Domhnaill fri Mac Uilliam Búrc. Ua Conchobhair & Mac Diarmata h-i c-coraighecht & h-i slánaib etorra.

M1488.29

Forbhaisi lá h-Ua n-Domhnaill & lá Mac n-Diarmatta .i. Concobhar, ar Carraicc Locha Cé baí ag cloinn Ruaidhri Mec Diarmata. Arbhanna an tíre do mhilleadh & do caithemh dóibh. Ua Domnaill d'imtheacht iar f-feimdheadh dol fuirre. Foslongport Mec Diarmata do ghabháil dia gallocclachaibh féin iar n-a fhagbail for a c-comairce, & arthraige an locha uile do breith doibh for an Carraicc.

M1488.30

Uilliam mac Aodha Mec Branain taoiseach Corc Achlann d'écc i n-ocht Febru iar m-buaidh n-aithrighe & a adhnacal i n-Oil Finn.

M1488.31

Sean Manntach fear urlamhais marbtha Iarla Desmumhan do bhasucchadh lá Muiris mac an Iarla. Iarla do ghairm do Mhuiris mac an Iarla.

M1488.32

Lenab ionggnathach do gheinemhain i n-Ath Cliath i n-a m-bátar a fhiacla acca breith. Ro fhas méad adhbal ann iar na gheinemhain nách clos a commor h-i leanab ó aimsir na c-curadh.

M1488.33

Sidhe gaoíthe do dhol fo meithil mhóna baí i t-Tuaim Mona, & duine dibh do mharbhadh, aighthe an lochta oile do at, & cethrar ele do mharbhadh don gaoith cedna h-i Machaire Connacht.

M1488.34

Emann mac Riocaird a Burc rogha Gall-macaomh Connacht d'écc.

M1488.35

Sean Ócc Ua h-Eghra & a mac do mharbhadh h-i fiull lá cloinn Uí Eaghra, .i. Ruaidhri, & Aedh (clann a dearbrathar féin) dia Domhnaigh do shonnradh i mainistir an Bend Fhoda.


p.1164

M1488.36

Donnchadh mac Mathghamhna tighearna Corca Baiscinn do écc, & da mac Mathghamna i n-a ionat, .i. Brian a mac féin & Tadhg Ruadh mac Toirrdhealbhaigh Mec Mathghamhna.

M1488.37

Fergal Mac an Ruagaire d'écc. Baí an Feargal-sin fiche bliadhan ag caitheamh a choda amail gach aon, & ní dheachaidh d'imthealccadh a chuirp frisan ré-sin.

M1488.38

Ruaidhri Ua Concobhair .i. mac Feidlimidh, fear lé raibhe suil na sochaidhe do gabhail comarbais a athar d'écc i m-Baile Tobair Brighde i mí Auguist.

M1488.39

Creachsluaiccheadh lá h-Iarla Cille Dara h-i c-Cenel Fhiachach Mic Neill dia ro bhris Caislen Bile Ratha for cloinn Muirceartaigh Meg Eochaccáin iar t-tabhairt ordanais chuicce.

M1488.40

Maoileachlainn mac Ruaidhri Mec Diarmada, & Muirges mac Aodha Mec Diarmatta d'écc.

M1488.41

Tadhg mac Aedha mic Toirrdhealbhaigh Uí Choncobhair ced rogha macaemh slechta Briain Luighnigh d'écc, aidhche Cascc do sonnradh.

M1488.42

Diarmaid mac Taidhcc Uí Concobhair, tanaisi-tighearna a cheneoil, fear as mó ler thuit dia biodhbadhaibh dá laimh baí i n-Erinn i n-a aimsir d'ecc do ghalar fhuail iar t-treablait fhoda.

M1488.43

Concobhar mac Dubthaigh Uí Dhuibhgeannáin do bhadhadh ar Loch Bradain a Muintir Eolais.

M1488.44

Maol Conaire mac Torna Uí Maol Conaire d'ecc do ghalar aithghearr h-i c-Cluain na h-Oidche.

M1488.45

Maol Maire mac Taidhcc Óicc Uí Uiccinn oide Ereann le dán, & Mac an Baird Oirghiall d'ecc.


p.1166

Annal M1489

AOIS CRIOST, 1489.

M1489.0

Aois Criost, Mile, ceithre ched, ochtmoghat, a naoí.

M1489.1

Nioclas Ua Cathasaigh biocaire Daimhinsi for Loch Eirne & Tadhcc Ua Maithgen, manach do manchaibh na Buille d'écc.

M1489.2

O Neill, .i. Enri mac Eoghain mic Neill Óicc, Mac Giolla Pattraic Seffraidh tighearna Osraighe, Ua Cearbhaill Sean tigherna Éle, O Baigill Toirrdhealbhach, Maghnas mac Aodha Ruaidh mic Rudhraighe Mhég Mathghamna, & Concobar mac Glaisne Ui Ragallaigh d'écc.

M1489.3

Pláigh mhór isin m-bliadhain-si dia ro éccsat ile. Baí da h-aidble co na fagbhaidís daoíne a n-adhnacal seachnón Ereann.

M1489.4

Remann mac Uaithne mic Feargail mic Tomais mic Mathghamhna mic Giolla Iosa Ruaidh Uí Raghallaigh d'écc dhi.

M1489.5

Feidhlimidh Ócc mac Feidhlimidh mic Feargail mic Tomáis mic Mathghamhna mic Giolla Iosa Ruaidh Ui Raghallaigh, Domhnall mac Torna Uí Maol Conaire adbhar ollamhan Sil Muiredhaigh, Domhnall Cananach mac Taidhcc Uí Bhirn, Corbmac Ua Conalladh ceann Gallocclach culcoimeda Uí Conchobhair, an Inghean Dubh inghen Uí Chonchobhair, .i. Donnchadh Dubhshuileach, Aodh Buidhe & Domnall Caoch dá mac Uí Ainlighi, Rúdhraighe Glas mac Ruaidhri mic Aodha, Mac Donnchaidh Riabhaigh, .i. Aodh, & Fionnghuala inghen Mec Diarmata Ruaidh d'écc don plaigh uile.

M1489.6

Maoileachlainn mac Muirceartaigh mic Eoghain Uí Neill do marbhadh la cloinn Briain na Coilleadh mic Eoghain Uí Neill.

M1489.7

Rudhraighe mac Dabhid Uí Mhórdha tanaisi Laigisi d'écc.

M1489.8

Ros mac Uaithne Uí Morda do marbhadh lá Cathaoir mac Laoighsigh mic Cathaoír Uí Diomusaigh.

M1489.9

O Neill, .i. Conn mac Enri do dhol i n-oireacht Uí Cathain. Millte mora do dhenamh dhó, & a m-braighde do thabhairt lais.

M1489.10

O Domnaill, .i. Aodh Ruadh mac Neill Ghairbh do dol sluagh i t-Trian Congail isin f-foghmar do sonnradh. Creacha móra & airccthe aidhbhle do denamh do isin


p.1168

Rúta ar Mac Uidhilín, & gan dioghbhail do dhenamh dó acht Conn a mac do ghuin. Dol dó iar sin co Bel Feirsde, & caislén Bheóil Feirsde do gabhail & do briseadh lais, & teacht slan dia tigh co n-edalaibh aidhbli.

M1489.11

O Raghallaigh Sean mac Toirrdhealbhaigh mic Seain, & Ó Fearghail Conmhac" mac Seain mic Domhnaill do denamh creiche h-i Maigh Breaghmhaine, & Donnchadh mac Briain Chaoich mic Domhnaill Bhuidhe Uí Feargail do marbhadh don turus-sin.

M1489.12

Tomaltach mac Briain Mec Donnchaidh do mharbhadh la h-Aodh mac Domhnaill Chaim Mec Donnchaidh, & lá a cloinn.

M1489.13

Aodh mac Feilim Fhinn (.i. O Concobhair) do gabhail la cloinn Uí Cheallaigh.

M1489.14

Toirrdhealbhach mac Feilim Finn Ui Concobhair (mac tighearna a aosa as fearr tainic dia chenel re h-athaidh d'aimsir) do marbhadh la cloinn Ruaidhri mic Feidhlimidh & lá mac Mec Diarmata, la sliocht Uí Concobhair Ruaidh, & lá mac Aodha mic Ruaidhri isin Caislén Riabhach.

M1489.15

Comhthoccbhail coccaidh for Ua c-Conchobhair la Ruaidhri mac Feilim, la sliocht Taidhg Óicc & Taidhcc Ruaidh, & lá sliocht Ruaidhri Mec Diarmada. Coimhionnsaicchidh doibh fair co h-Ard an Choillín, & Mac Cathail Ruaidh Uí Conchobhair do leccadh & do bhualadh leo & a marcshluagh féin dá bhein amach co h-áithesach. Ua Conchobair féin co n-a marcsluagh & co n-a Gallócclacaibh do breith forra, & gabhála do ghabhsatar don chaoraigheacht do bhein diobh. A lenmhain asuidhe co Tuillsce &Donnchadh Cleireach mac Taidhcc Mec Diarmata do mharbhadh lá h-Ua c-Conchobhair. Cidh fil ann tra acht a Ghallócclacha fein do fheall & do impádh for Ua Concobhair & a madhmucchadh leó & Mac Concobhair Bhuidhe mic Corbmaic do mharbhadh uadh co sochaidhibh oile, & bladh da chaoraigheacht do bhuain de, & imtheacht áithesach attéchta eisiomail do denamh d'Ua Concobair, & a chaoraigheacht do breith leis i n-Uíbh Maine.

M1489.16

Eoccan mac Feidhlimidh .i. Feidhlimidh mac Eoghain mic Domhnaill mic Muirceartaigh Ui Concobair mac tigherna Cairpre, & d[acute ] mhac Muirceartaigh mic Eoghain


p.1170

(.i. Muirceartach Ócc & Sean) do mharbhadh a meabail lasan Calbhach c-Caoch mac Domhnaill mic Eóghain, & Ua Domhnaill baí a slánaibh etorra, d'orccain & do mhilleadh Cairpre a n-dioghail a mighníomh, & tré nemhchomhall a shlán & a chor.

M1489.17

Colmán mac Airt mic Corbmaic Bhallaigh Ui Mhaoilechlainn do mharbhadh lá Conn mac Airt mic Cuinn mic Corbmaic Bhallaigh Uí Mhaoilechlainn.

M1489.18

An Calbhach mac Aedha (.i. Aodh Ruadh) mic Neill Ghairbh Uí Domhnaill d'écc.

M1489.19

Murchadh mac Ruaidhri Mec Suibhne do mharbhadh lá h-Iarla Desmumhan (Muiris mac Tomáis) i n-Éile Uí Chearbhaill, & a dearbrathair Maol Muire Mac Suibhne do ghabháil leis bheós.

M1489.20

Mac Még Carthaigh Diarmaid mac Taidhcc mic Domhnaill Óicc do mharbhadh lasan Iarla cédna.

M1489.21

Tomas Buitilér Mac Risdeird do mharbhadh lá Seaan mac Emainn Mic Risdertt Buitelér.

M1489.22

Risderd mac Feilim mic Feargail Uí Raghallaigh do mharbhadh lá mac Seón Óicc Ploingcéd.

M1489.23

Paittricín mac an Ridere Chiarraighe do mharbhadh la Mág Carthaigh Mór (Tadhg mac Domhnaill Óig).

M1489.24

Creach do dhenamh la Niall & la h-Art dhá mhac Cuinn mec Aodha Buidhe mic Briain Bhallaigh Uí Neill ar Enrí mac Enri mic Eoghain Uí Neill, & Cathaoír Ua Conchobhair do mharbhadh don cur-sin.

M1489.25

Mac Uidhilín, .i. Seinicin Ruadh mac Risdeird do mharbhadh a f-fiull lá Ualtar mac Corbmaic mic Seinicín mec Uidhilín.

M1489.26

Mac an Bhulbaigh tighearna Criche Bulbach a c-cois Bearbha d'écc.

M1489.27

O Gobhann, .i. Mathghamhain mac Toirrdelbhaigh d'écc.

M1489.28

Diarmaid mac Briain Duibh Uí Conchobhair do mharbhadh lá h-Aodh mac Conchobhair & lá cloinn Ruaidhri mec Diarmada i n-Ath Leime na Girre, & Aedh feisin do


p.1172

ghuin go mór lá Diarmoid, & Brian mac Concobhair mic Uí Concobhair Ruaidh saoí thanaisi do mharbhadh i n-a dhioghail-sen la Tadhcc m-Buidhe mac Cathail Ruaidh Uí Concobhair h-i Maigh Murchadha.

M1489.29

Conn mac Toirrdhealbhaigh Ruaidh Uí Conchobhair d'écc.

M1489.30

Coccadh mór eittir an dá Ua c-Conchobhair, & Sluaiccheadh lá h-Ua c-Conchobhair Ruadh co Baile Tobair Brighde dia ro bhris badhbhdhún an bhaile, & tangattar taoísicch slechta Taidhcc Óicc i n-a theach co ro ghiallsat dó, .i. Ua Floinn, Mac Ceithernaigh, & Ua Maoíl Bhrénainn.

M1489.31

Sluaiccheadh la h-Ua c-Concobhair go Beol Coilleadh dia ro gherr an bealach, & dia t-tuccsat lucht Airticch braighde dhó.

M1489.32

Breas maidhm for chloinn Uí Conchobhair isin t-Segais la cloinn Ruaidhri Mec Diarmata.

M1489.33

Slóiccheadh lá h-Ua c-Conchobhair for chloinn Uilliam Ui Cheallaigh dia ro loiscc, & dia ro ghearr bealach an Chluainín, dia ro ghearr & dia ro mhill arbhanna iomdha. Dioghbhala iomdha do dhenamh do chloinn Uilliam Uí Cheallaigh for Ua Maol Conaire co n-a braithribh i n-a dhioghail sidhe.

M1489.34

Aodh mac Ui Concobhair, & Eoccan do ghabhail a meabhail lá cloinn Uilliam Uí Cheallaigh, & Dubhthach Ua Maol Chonaire do ghabhail i n-a fochair, & a chor i n-geimhel.

M1489.35

Concobhar mac Diarmada do gabhail la Toirrdhealbach Ua c-Concobhair.

M1489.36

Coccadh mór etir Anghalachaibh féin. Creacha & uilc iomdha do dhénamh dóibh for aroile co n-dearna an Iustis síth etorra & co ro rann an toísighecht eitir mac Seain & mac Cathail.


p.1174

M1489.37

Creach Cluana Tuaiscirt na Sionna lá sliocht Laoíghsigh mic Rossa, & creach áithesach do dhenamh i n-a díoghail i t-Tír LicinMuintir Ainlighi for sliocht Loighsigh.

M1489.38

Maidhm siodha etir an dá Ua Fherghail, & creach mhór do dhenamh la mac Seain for mac Cathail mic Tomais.

M1489.39

Mac Branáin do gairm do Shean Mac Branáin lá h-Ua Concobair & lá Mac Diarmada & do mhaith sé an lá-sin leth-marcc Bhaile an Bhealaigh do chloinn Uí Mhaoil Chonaire baí acc fior a ionaid forra lé h-aimsir imchéin.

M1489.40

Maelechlainn mac Lochlainn Uí Mhaol Chonaire d'écc for a chuairt éiccsiMumhain.

M1489.41

Síle ingean Diarmata an Dúnaidh Meg Carthaigh ben Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain díol Caisil do ríoghain d'écc.

M1489.42

Caoíre na Midhe a c-comhfhochraibh fairrcce ó Ath Cliath co Droichet Átha do dhol isin muir d'aimhdheoin a n-aoghairedh & gan a t-teacht for c-cúla.

M1489.43

O Fialán d'écc.

Annal M1490

AOIS CRIOST, 1490.

M1490.0

Aois Criost, mile, ceithre chéd, nochat.

M1490.1

Matha Mac Conaincc biocaire Leth Ratha, Ferccus mac Eóin mic Matha ancoire Insi Caoín, an Cananach Mac Ticchernáin do shenadh Droma Lethain, & Giolla Crist Mac an Fhir Leighinn saccart ócc baí i c-Cluain Lis Fhloinnabhrait d'écc.


p.1176

M1490.2

Creach la h-Ua c-Conchobhair i t-Tír Maine for Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh i Turlach na m-Bruigheol. Creach ele lá h-Ua c-Conchobhair for cloinn Ruaidhri Bhuídhe h-i Muine Fraochnat, & h-i n-Druim Tarlach, & h-i c-Cluain Gamhnach. Clann Ruaidhri Mec Diarmata & a m-baoí 'n-a acchaidh dá chinidh féin co n-a n-Gallócclachaibh do beith ar a chionn ar Maigh na Cruachna & tachar aggarbh ainmín do thabhairt dóibh da 'roile co ro cuimhnighsiot a sen fholta & a nuafholta da cheile, ar batar daoine ainnsidhe i n-aghaidh aroile las ro marbhadh aithre & braithre a chéle. Cidh tra acht ro sraoineadh lá h-Ua Concobhair forra annsin, & do marbhadh ann Tomaltach mac Ruaidhri Mec Diarmada tanaisi Maighe Luirg, & Corbmac mac Taidhg mic Ruaidhri Buidhe. Ro gabhadh ann Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh Mec Dubgaill, & sochaidhe da n-Gallócclachaibh & dáM c-ceithirn.

M1490.3

O Conchobhair Feilim Fionn mac Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh Ruaidh Uí Chonchobhair fear crodha coccthach fer ro dhing a omhan for gach tir i n-a timcheall, & fear ro shaoílset Síol Muiredhaigh do chor Connacht lé cheile d'écc Luan Cascc i t-tigh Mecc Oireachtaigh, & a adhnacal i n-otharlicche a shinnsior h-i Ros Comain.

M1490.4

Toirrdhealbhach mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhaoighill do trasccradh dia eoch a c-coimhling for iomaire Murbhaigh & a écc as a los.

M1490.5

Ua Gairmledhaigh Muirceartach mac Enri mic Concobhair, & Concobhar Ruadh mac Giolla Patraicc Meg Uidhir d'ecc.

M1490.6

Ruaidhri mac Pilip mic Con Connacht do mharbhadh lá cloinn Bhriain mic Concobhair Óicc Meg Uidhir & la sliocht Concobhair archena.

M1490.7

Ua Cathain Sean mac Aibhne mic Diarmata do ghabhail la luing tainig a h-Inber Air.

M1490.8

Aodh mac Maoil Morda mic Seaain Uí Raghallaigh do ghabhail la cloinn Glaisne mic Conchobhair Uí Raghallaigh iar n-orccain bhaile Tomais mic Glaisne leis.


p.1178

M1490.9

Sémus Ócc Sabhaois do mharbhadh la cloinn an t-Sionasccail Sabhaoís.

M1490.10

Colla mac Rúdhraighe mic Ardgail Meg Mathgamna do mharbhadh lá sliocht Con Uladh mic Neill Mhóir Uí Neill.

M1490.11

Feilim mac Rudhraighe mic Seinicín Mec Uidhilín do mharbhadh i n-Aendruim lá cloinn Briain mic Aodha.

M1490.12

Caislén Édain Dubhcairrcce, .i. caislén Neill mic Cuinn mec Aodha Buidhe do ghabháil & do bhriseadh lá Feilim mac mic Neill Buidhe, & creacha móra la Feilim mac mic Uí Neill Bhuide ar cloinn Cuinn mec Aedha Buidhe, & Gofraidh Ua Maol Craoíbhe do mharbhadh leiss.

M1490.13

Creacha & oirgne do dhenomh la h-Aedh Óg mac Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill ar cloinn Donnchaidh mic Aedha Meg Uidhir, & a m-breith lais co h-Ath Senaigh & a marbhadh ann uile, .i. ceithre chéd bó, uair tucsat bardadha an bhaile (clann Aodha Gallda Uí Dhomnaill) caislén Atha Senaigh d'Aodh Ócc gan comhairlécchadh d'Ua Domhnaill.

M1490.14

O Domhnaill & Ó Neill do beith i n-díbh scoraibh for aineach aroile ó Shamhain go Nodlaicc, O Domhnaill i n-Druim Bó & ó Neill isin c-Cairrccín, & ní dearnsat sídh na ossadh, coccadh na comhfhuachadh frisan ré-sin.


p.1180

M1490.15

Ua Dálaigh Breifne, Sean mac Uilliam mic Aodha saoí lé dán, Ruaidhri & Aodh Mhág Craith da mhac Domhnaill mic Aodha Óicc dá priomh-shaoí Cloinne Craith, Tomás Ua Lorcáin adhbhar ollamhan Ua Madadháin, & Fionn Ua h-Anghluinn primh-thiompánach Ereann d'écc.

M1490.16

Ua h-Uiccinn Sean mac Fergail Óicc priomh-shaoí Ereann lé dán d'écc.

M1490.17

Ua Caiside Cúile, & Catariona inghen Choncobhair mic Cathail Meg Raghnaill ben Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh Még Uidhir d'écc.

M1490.18

Donnchadh mac Maoileachlainn Chaoích Ui Bhirn co n-a dhís mac, fer dhíobh a c-cionn a sheacht m-bliadhan do marbhadh a meabhail lásan c-cuid oile do sliocht Corbmaic Uí Birn.

M1490.19

Cathal mac Donnchaidh mic Aodha do marbhadh la Conn Ciotach mac Aodha mic Eoghain, & la muintir Concobhair Mic Diarmada i t-Tír Bhriúin na Sionna.

M1490.20

Sliocht Taidhcc Uí Concobhair co n-a c-caoraigheacht do theacht a h-Uíbh Maine, & suidhe dóibh i n-ucht an Chláir, & Tadhcc Ruadh mac Cairpre Uí Concobhair do gabhail leó. Indsaighidh lá cloinn Ruaidhri Mec Diarmata fó n-a c-caoraighecht-somh i n-adhaidh-sin fein, & Ruaidhri mac Corbmaic Mec Diarmada do marbhadh lasan ionnsaighidh-sin.

M1490.21

Ruaidhri mac Feilim Uí Concobhair d'oirdneadh i n-ionadh Fhéilim Fhinn.

M1490.22

Ua Domhnaill do theacht lá sliocht Taidhcc Uí Conchobhair co Tuillsce, & an caislén d'fheimghedh dóibh.

M1490.23

Creach lá sliocht Taidhcc Uí Chonchobhair for Ua c-Concobhair, & for cloinn Ruaidhri Mec Diarmada i m-bóthar liath Baislice.

M1490.24

Sliocht Taidhcc Uí Concobhair, & Tadhg Ruadh do dhol co n-a c-caoraigheacht i Maigh Luircc, & a ghuirt do ghearradh & a n-ullmhucchadh dóibh fein and, & a dhaoíne féin do dhíochur ass.


p.1182

M1490.25

Slóiccheadh lá sliocht Taidhcc Uí Concobhair & lá Mac Uilliam Búrc for sliocht Briain Bhallaigh Uí Conchobhair & a c-caislén do gabail & iad féin do dhíbirt as a n-dúthaigh.

M1490.26

Creach lá Fergus mac Emainn mic Laoighsigh for Feargus mac Cathail mic Tomais & for Cloinn Amhlaoibh. Crech ele lais for Ua Maoileachlainn. Crech ele lais isin Cuirrín Chonnachtach for cloinn Giolla na Naomh mic Domhnaill.

M1490.27

Emann Dubh mac Rossa tighearna Chaladh na h-Anghaile d'écc, & Feidhlimidh mac Giolla na Naomh mic Domhnaill do gabháil a ionaid.

M1490.28

Diarmait Buidhe mac Uí Ainlighi do mharbhadh lá Ferccus mac Emainn i c-Coill na Cloiche, & Ua h-Ainlighi a athair, .i. Tadhg mac Giolla na Naomh do dhalladh dia cumhaidh. Ua h-Ainlighi do ghairm do Mhuircheartach mac Uaitne Uí Ainlighi i n-a ionad.

M1490.29

Siubhan inghen Murchaidh mic Taidhcc Glai bean Domhnaill Meg Cormáin d'écc.

M1490.30

Maoilechlainn mac Uilliam Uí Cheallaigh do gabhail a meabhail lá Tadhcc mac Donnchaidh Uí Cheallaigh & mac Uí Mhainnín do mharbhadh i n-a fhiadhnaise & Maoíleachlainn do léiccean iar t-trioll.

M1490.31

Emann Díolmhain tighearna Machaire Cuircne d'écc.

M1490.32

Brian mac Taidhcc (.i. Mag Raghnaill) mic Cathail Óicc Meg Raghnaill do mharbhadh a meabhail i Liath Druim lá sliocht a sheanathar fein (.i. Tadg mac Concobhair & da mhac Maoilechlainn) bai i n-a n-daltaibh ag á athair.


p.1184

M1490.33

Caislén Liath Droma do ghabhail la Hoiberd mac Taidhg Mhég Raghnaill, & lá sliocht Tomaltaigh Mec Diarmata, Cathal mac Mhaoílechlainn Meg Raghnaill do marbhadh isin c-caislen la Hoiberd a n-dioghail a dhearbhrathar. Caislén Liath Droma do gabhail d'Eoghan Ua Ruairc iar sin.

M1490.34

Caislen Atha Luain do gabhail don Diolmaineach.

M1490.35

Geralt mac Dúnlaing Uí Bhrain tighearna Branach d'écc & Catháoír Ua Broin i n-a ionad.

M1490.36

Eoin Ócc mac Eoin Mhóir a h-Íle do mharbhadh a mebail lá fear téd Ultach bai i n-a gradhaibh fein Diarmait Mag Cairpre, & boill do dhenam de fein i n-a chionaidh.

M1490.37

Fionnghuala inghen Ruaidhri Meg Con Mara ben Toirrdhealbhaigh mic Murchaidh Uí Briain d'écc.

M1490.38

Conn mac Domhnaill Uí Concobhair Corc Mo Dhruadh do marbhadh la Cathal mac Uí Concobhair.

M1490.39

Maidhm talmhan do thóbhruchtadh h-i Sleib Gamh dia ro mucchadh ced do dhaoinibh im mac Maghnusa Crosaigh Uí Egra, & lás ro marbhadh capaill & bú iomda, & iascc brén iomdha do thecht amach as & loch i n-a n-gabar iascc do fhás i n-a ionad.


p.1186

Annal M1491

AOIS CRIOST, 1491.

M1491.0

Aoís Criost, míle, ceithre ced nóchat, a h-aon.

M1491.1

Eoghan mac Muirceartaigh mic Neill Óicc Uí Néill Muirceartach mac Airt mic Eoghain Uí Neill, & Sean Ruadh mac Ruaidhri Meg Uidhir d'écc.

M1491.2

O Cathain, .i. Sean mac Aibhne mic Diarmatta do léiccean as a braighdenus & a chaoraighecht do bhein dó do chloinn Mhagnusa Uí Cathain suil do fhidir neach dia thir fein a legean amach.

M1491.3

Feidlimidh mac Aodha mic Eoghain Uí Neill do mharbhadh la Brian mac Rudhraighe mic Emainn Meg Mathghamna, & Art Ua Neill dearbrathair Fheidhlimidh do denamh creiche i t-Teallach n-Geallaccain i n-a dioghail. Daoine iomdha do losccadh, & do mharbhadh leis.

M1491.4

Coccadh anbháil etir Ua Neill, .i. Conn mac Enri, & Ua Domhnaill .i. Aodh Ruadh mac Neill Gairbh co na ro fédadh a siodhuccadh co n-dechsat araon do shaicchidh an Iustís Iarla Cille Dara, & a t-toidhecht uadh for cula gan sidh gan ossadh. Brian mac Aodha Gallda mic Neill Uí Domhnaill do marbhadh ar an c-coccadh-sin lá Henrí mac Enri Uí Neill. Ro coimhéid & ro imdegail an t-Enri cedna an tir a c-cein ro baoí Ó Neill h-i t-tigh gall.

M1491.5

Eachmhilidh mac Még Aongusa .i. mac Aodha mic Airt do marbhadh i n-a tigh fein ar greis oidhche la cloinn Maoilechlainn mic Muircertaigh mic Eoghain Uí Neill.

M1491.6

Ua Raghallaigh (Sean mac Toirrdhealbhaigh mic Seain) macaomh ócc aoidheadhach dearlaictheach deagheinigh do ecc h-i remhthus a ratha, & a adhnacail i mainistir an Cabhain, & Ua Ragallaigh do gairm do Shean mac Cathail mic Eoghain.

M1491.7

Cathal mac Toirrdhealbhaigh Uí Raghallaigh do tharraing Iarla Cille Dara ar Ua Raghallaigh Ócc co n-a braithribh & dioghbhala móra arbha, & innile, & airneisi do denamh lasan sluagh n-Gall. don tír, & Mac Mec Balronta do gabháil ón t-sluagh Gall lá cloind Cathail, & mac Emainn mic Tomais mic Feidhlim Uí Raghallaigh do marbhadh lásan sluagh h-isin.


p.1188

M1491.8

Creacha mhóra lasan Iarla (Semus mac Tomáis) ar cloinn Glaisne mic Concobhair Ui Raghallaigh.

M1491.9

Mag Craith h-i Tearmann do dhenamh do Ruaidhri mac Diarmata mic Marcais.

M1491.10

Aedh & Ruaidhri da mac Domnaill mic Aodha Óicc mic Aodha mic Raghnaill mic Donnchaidh Alainn Még Craith d'écc.

M1491.11

Murchadh mac Eogain Még Craith d'écc.

M1491.12

Hanri mac Hoiberd mic Semais Diolmhain do mharbhadh a athar feisin Hoberd d'erchor do sgin & é fein do dol dochum na Romha as a los.

M1491.13

Fliuchdhoinenn mhór h-i samhradh na bliadhna-sa & isin fhoghmhar ar cind go m-ba samhalta fri dílinn go ro mheth arbhanna na h-Erenn.

Annal M1492

AOIS CRIOST, 1492.

M1492.0

Aoís Criost, mile, cethre ched, nochat, a dó.

M1492.1

An t-Oificel Ó Duibhidhir .i. Aodh d'écc.

M1492.2

Ruaidhri (.i. Ua Concobhair Ruadh) mac Feidhlimidh Uí Concobair, fer sona re sídh, fear crodha ré coccadh d'écc iar sendataidh tocchaidhe & a adhnacal h-i t-Tuillscce.

M1492.3

O h-Áinlighi Giolla na Naemh mac Domhnaill taoíseach Cenél Dobhtha do mharbhadh la a chenel feisin.

M1492.4

Coccadh adhbal mhór etir Ua Raghallaigh Ócc .i. Sean mac Cathail mic Eoghain & Cathal mac Toirrdhealbhaigh mic Seain mic Eoghain, do-rónadh creacha mora la Cathal for Ua n-Gobhann. O Gobhann dia lenmhain, & a écc suil do impaídh.


p.1190

M1492.5

Síth & osadh do denamh eitir Ua n-Domhnaill & O Neill go Beltainne.

M1492.6

Conn mac Airt mic Cuinn Uí Conchobhair do mharbhadh lá muintir Iarla Cille Dara tre urchor cuaille tucc sé ar succradh ar an Iarla.


p.1192

M1492.7

Conn mac Uí Dhomhnaill do geimhliucchadh lá a athair.

M1492.8

Sean mac Cairpre Uí Neill do marbhadh la cloinn h-Ui Anluain & lá cloinn Remainn Uí Anluain h-i t-Traigh Baile Dúine Dealccan.

M1492.9

Feidhlimidh mac Toirrdhealbhaigh mic Aedha Uí Neill do mharbhadh lá Henri mac Briain na Coilleadh mic Eoghain Uí Neill.

M1492.10

Corpmac mac Aodha mic Pilip Meg Uidhir d'écc.

M1492.11

Colla mac Donnchaidh Mec Domhnaill do mharbhadh i n-a tigh fein do chaoir theineadh & an tegh do losccadh, & triúr nó cethrar do lethmarbhadh ann don chaoír cedna.

M1492.12

Brian mac Emainn Mec Domhnaill, & a mhac do mharbhadh lá cloinn Még Mathghamna & lá cloinn t-Seain Bhuidhe Meg Mathghamna.

M1492.13

Aibhne mac Aibhne Uí Catháin, Gofraidh, & Sean Gallda, dá mhac Sheain (.i. Ó Catháin) mic Aibhne mic Diarmada do mharbhadh la Ualtar Mac Uidhilín & la h-Eóin Cathánach mac Eóin mic Domhnaill Bhallaigh, & lá Tomas Ua Cathain brathair a n-athar uair as ar a tharraing tangattar do denamh an mharbhtha h-ísin.

M1492.14

Mac Gille Fhinnéin .i. Toirrdhealbhach mac Briain mic Enrí Chrosaigh, & Feidhlimidh Ruadh mac Donnchaidh Mec Gille Fhinnein d'écc.

M1492.15

Mág Craith (.i. comharba tempaill Dabheócc) Diarmait mac Marcais mic Muiris mic Niocoil mic Andriasa d'écc.

M1492.16

Pilip mac Uilliam Meg Uidir do mharbhadh lá h-Ua c-Cathalán i m-baile Risdeird mic an Ridere Belle.


p.1194

M1492.17

Toirrdhealbhach Ballach mac Uí Conchobhair Failge .i. mac Cuinn mic an Chalbhaigh, & Mac Con Mara (Cumeada) mac Seain Mec Con Mara d'écc.

M1492.18

An Calbhach mac Uí Conchobhair Failghe .i. mac Cathaoir mic Cuinn mic an Chalbhaigh do mharbhadh lá cuid do muintir mic Iarla Urmumhan (Semus mac Seain mic Semais Buitiler) .i. le Maigistir Gart, & Maighistir Gart féin do gabhail fó cedóir la h-Iarla Cille Dara.

M1492.19

Creacha móra la Cathal mac Toirrdhealbhaigh Ui Raghallaigh, & le cloinn Mécc Mhathgamna (.i. Rémann) Glaisne & Brian, & le Giolla Pattraicc mac Aodha Óicc Mécc Mathghamhna (ar tarraing Chathail Uí Raighilligh) ar Ua Raghallaigh .i. ar Seaan mac Cathail mic Eoghain, & ar a braithribh archena.

M1492.20

Creacha mora ele la h-Ua Raghailligh ar cloinn Glaisne Uí Raighilligh, & mac Seain Buidhe Mecc Mathghamhna .i. Eoghan do mharbhadh a t-tóraighecht na c-creach-sin lá cloinn Glaisne, & Gearóid mac Émainn mic Tomais mic Feilim Ui Raighilligh do gabhail ar in tóraigecht cedna.

M1492.21

Sean Buidhe mac Eoccain mic Rudhraighe mic Ardgail Meg Mathgamhna d'écc h-i f-Féil Tighearnaigh.

M1492.22

Domhnall mac Enri mic Eoccain, & Giolla Pattraicc Mac Cathmhaoíl do ghabhail & Mac Cathmhaoil (.i. Emann) do mharbhadh la cloinn Remainn Mhég Mhathghamhna .i. Glaisne & Brian. Ro marbhadh, & ro gabhadh sochaidhe oile don chur-soin cenmothat-sidhe. Domhnall tra do eludh as caislén Muineacháin h-i c-cionn t-sechtmhaine iar n-a ghabhail.

M1492.23

Ua Cléiricch Tadhcc Cam ollamh Uí Domhnaill i n-eiccsi h-i filidheacht & a senchus fer tighe aoidhedh coitchinn do thrénaibh & do truacchaibh d'écc iar m-breith buadha ó dhomhan & ó dhemhan.

M1492.24

Pláigh ionggnáthach isin Midhe .i. pláigh cetheora n-uair fichet, & gach aen teicchedh tar an re-sin nó téarnadh, & ní ghabhadh naoidhin nó leinb becca.


p.1196

M1492.25

Mac Iarla Urmumhan do teacht i n-Erinn iar m-beith athaidh foda h-i Saccsaibh. Sluaiccheadh laisidhe, á h-Ua m-Briain co n-a bhraithribh, & la Mac Uilliam Cloinne Riocaird i n-duthaigh Buitilerach & umhla Buitilerach do thabhach do mac an Iarla & Gaoidhil Laighean do gabhail leó. An Mhidhe do milleadh lasan sochraide-sin. Sráid na c-Caorach i n-Áth Cliath do losccadh on Iustis. Sídh do dhenamh iar sin etorra & an Iustis .i. etir mac Iarla Urmhumhan & Iarla Cille Dara, .i. ionad a athar féin ag gach aon diobh & ionadh an Rígh i n-Erinn, .i. an cloidheamh & gach ar ben lais do cor i n-orlaimh Airdespuicc Atha Cliath nó go reidhighedh an etorra & co c-cuireadh ar an c-córaidh iatt. Bá h-é fochann ar ar léicc Iarla Cille Dara a oific .i. an iustisecht de, & trés ar éirigh a barántus Gall Midhe fó dháigh ná ro chongainsiot lais i n-acchaidh mic Iarla Urmumhan.


p.1198

Tangatar uilc iomdha do Ghallaibh treimhit-sidhe uair ro crechadh & ro loiscceadh go coitchenn iatt as gach aird i n-a t-timcheall lá Gaoidhealaibh iar na t-tréiccen don Iarla.

M1492.26

Hoiberd mac Maol Ruanaidh Meg Raghnaill adhbhar toísigh Conmaicne Réin na b-Fomhorach & sé fir dhécc maraon ris do mharbhadh, & do losccadh i t-tempall Cille Trenain for bru Sionna lá sliocht Cathail Óicc Mécc Ragnaill, & lá Muintir Chearbhalláin.

M1492.27

Creach lá h-Eoghan Ua Ruairc i n-Uibh Briúin na Sionna dia ro marbhadh mac Uí Birn (Cathal mac Muircertaigh mic Taidhg mic Corbmaic).

M1492.28

Forbhaisi la Conchobhar Mac Diarmata tighearna Maighe Luircc for Charraicc Locha Cé, & Ua Domhnaill da chor dhi do druim siodha.

M1492.29

Caislén Bhaile na h-Uamhadh do aithdenamh lá sliocht Aodha Mec Diarmatta.

M1492.30

Concobhar Ócc mac Conchobhair mic Cathail Óicc Meg Raghnaill do mharbhadh lá sliocht Maoilechlainn Meg Raghnaill.

M1492.31

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill, la h-Ua Ruairc & lá h-Eoccan Ua Ruairc h-i Muintir Eolais do thabhach tighearnais Uí Ruairc a cloinn Maoilechlainn, & a b-feimghedh uime & an tír do mhilleadh eitir arbhar & fhoirccnemh. Mag Raghnaill do ghairm dhóibh d'Uilliam mac Ir i n-acchaidh Maoilechlainn mic Uilliam baí athaidh fhoda isin taoísighecht i n-a aenar.

M1492.32

Muirceartach mac Mathghamhna Uí Bhriain do écc da ghonaibh i t-Tuadhmumhain iar n-a lot ar an sluaiccheadh remhraite .i. sloiccheadh mic Iarla Urmumhan.

M1492.33

Anluan mac Mathghamna Uí Briain do marbhadh la sliocht Donnchaidh Uí Bhriain.

M1492.34

Aodh Mac Flannchadha ollamh Tuadhmumhan i f-féinechus, & i m-breithemhnas, d'écc.

M1492.35

Tadhcc mac Seain mic Taidhcc Mec Donnchaidh, & Corbmac mac Concobhair


p.1200

mic Domnaill Caim do chomhthuitim lé aroile ar an n-Gaebaigh, & aroile diobh do chiorrbhadh a cheile an mhéid do erna dhibh.

M1492.36

Brian mac Neill Gallda & Eimear a mac do ghabhail i mebhail lá Gallaibh Cairrge Fergusa, & a thiodhnacal do chloinn Chuinn mec Aedha Buidhe.

M1492.37

Mac Rudhraighe Mec Uidhilín co sochaidhe móir do troigheachaibh amaille fris do mharbhadh lá h-Ua c-Cathán.