Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1453

M1453.0

AOIS CRIOST, 1453.

Aoís Criost, mile, cethre chéd, caoccatt, a tri.

M1453.1

Mag Mathghamhna Aodh Ruadh mac Rudhraighe, fer condail craibhdheach go n-eineach go n-aithne & go n-eolus ar gach n-ealadhain go n-engnamh, & co n-oirbeart


p.986

d'écc oidhche chásg ina tigh fein isin Lurgain, & a adhnacal h-i c-Cluain Eoais, & Fedhlimidh mac Briain Mhégh Mathghamhna do oirdneadh ina ionadh for Oirghiallaibh.

M1453.2

Corbmac mac an Ghiolla Duibh mic Aodha mic Pilib mic Duinn Charraigh Mhég Uidhir d'ég an. 16. Callainn Iul.

M1453.3

Ruaidhri mac Aodha Ui Concobhair do mharbhadh la mac Seain A Búrc i Conmaicne Dúin Móir.

M1453.4

Ruaidhri mac Cathail mic Ruaidhri Uí Chonchobhair do écc h-i c-caislén Rosa Commáin.

M1453.5

Muircertach mac Eoghain mic Domhnaill Uí Concobhair do mharbhadh lá a bhraithribh fein, Domhnall & Cathal.

M1453.6

Eoghan mac Domhnaill Bháin Ui Raighilligh, & Pilib mac Seaain Uí Raighilligh do écc. Emann mac Toirrdhealbhaigh Uí Raighilligh do mharbhadh lá Gallaibh.

M1453.7

Maidhm dearmhair for Cloinn Aodha Buidhe Uí Néill i n-Ard GlaisseSabhaoíseachaibh, & lá Gallaibh Atha Cliath do-dheachaidh loinges lán-mhór forsan b-fairrge budh thuaidh i n-deadhaidh loingis coccaidh do Briotáineachaibh lér sladadh loingeas Atha Cliath, & lér gabhadh aird-epscop Atha Cliath bheós. Do-rala Enri mac Uí Néill Buidhe ainn-sidhe i n-Ard Glaisi for a c-cionn, & ro gabhadh é lá Gallaibh. Ro marbhadh Cu Uladh mac Cathbhairr Meg Aonghusa adhbhar tighearna Ua n-Eachdhach annsin, & Aodh Mag Aonghusa, & Mac Airten, & ceithri cind fheadhna dhécc don Rúta imáraon riú. Ro bí a n-easbaidh uile fiche ar chúicc cedaibh.

M1453.9

Brian mac Concobhair Mec Donnchaidh do gabhail toísighechta Ua n-Oilealla, & Tadhg Mac Donnchaidh do thrégeadh dia chairdibh budhdhéin.


p.988

Annal M1454

M1454.0

AOIS CRIOST, 1454.

Aoís Criost, míle, cethre chéd, caocat a cethair.

M1454.1

Domhnall mac Neill Gairbh Uí Domhnaill do oirdneadh h-i tighearnus Chenél c-Conaill i n-aghaidh Uí Dhomhnaill (Rudhraighe mac Neachtain), & nír bo cian iar sin go ro gabhadh an Domhnall hi-sin la h-Ua n-Dochartaigh tria thangnacht ina thigh fein, & ro chuir dia iomchoimhett é h-i c-caislén Innsi. O ro clos la Rudhraighe anní-sin do-ronadh tionól slóigh laisidhe. Tainicc Ua Cathain, & Mac Uidhilín, go lion a sochraitte ina dhochum, & ní ro ansat go ro ghabhsat occ toghail an bhaile i m-buí Domhnall co n-uathadh ina fharradh occa choimett im Chathal Ua n-Duibhdiorma. Ro loiscceadh comhla & dorus an chaislein la Rudhraighe cona slógh, & ro dhercclas an staighre. Ba doigh la Domhnall cona baoí do saogal occa, acht edh friss a roisseadh an slogh inunn isin m-baile, & ro chuindigh (amail bidh ath-chuingidh fri bás) a légeadh a geimheal ar ro budh meabhail lais a marbadh h-i forcoimead, & h-i c-cuibhreach. Do-ronadh fair-siumh indsin, ar ro leicceadh amach as a geimhel é, & do-choidh iaromh for taibhlibh an bhaile do mhidemain an t-slóigh uada. At-conairc Rudhraidhe frith-roscc foa occ anmhain fris an lasair do traothadh do dhol istegh do mhududhadh Domhnaill. Gebaidh Domhnall dna liacc-chloich lan-mhoir fria ais, & no-s-leiccenn uadh go h-indel-díreach ar amus Rudhraidhe gur ro bhen h-i c-cír a cathbhairr, & h-i c-cléthe a chendmullaigh dó co n-dearna brúireach dia chind gur bo marbh fo chédóir. Ro meabhaidh iaramh dia slógh iarna marbhadh, & tarraidh Domhnall a anam & tighearnus Tire Conuill don urchor-sin.

M1454.2

Domhnall mac Seaain Ui Raigillig d'écc.

M1454.3

Seaan Buidhe, & Giolla Patraicc clann Amlaoibh mic Duinn Charraigh Mhég Uidhir do mharbhadh h-i fell lá Niall mac Corbmaic mic an Giolla Duibh mic Aodha


p.990

(o t-tát Sliocht Aodha Cloinne h-Amhlaoíbh) mic Amhlaoibh mic Pilib mic Amhlaoibh mic Duinn Charraigh &c.

M1454.4

Brian Mac Donnchaidh taoíseach Thíre h-Oilealla do écc isin Aoíne ria Callainn Ianuari, & a adhnacal i Mainistir Sliccigh iar n-ongadh, & iar n-aithrighe diongmhala.

M1454.5

Aodh mac Néill Ui Maoíl Mhuaidh tighearna Fear c-Ceall do écc, & a mhac Cú Choiccriche do ghabháil a ionaid. Cú Coiccriche cona shochraide do dhul i n-airthear Fear c-Ceall i n-aghaidh Theabóid Ui Mhaoíl Mhuaidh baoí occ iarraidh toisighechta dó fein, & creacha móra do ghabháil dóibh, & Teabóid do fágbháil a dhaingin & a bhó fúthaibh, & an sluagh do imthecht lá a n-édalaibh, & mac Uí Mhaoíl Mhuaidh do fhagbháil in uathadh slóigh i n-deóidh na c-creach. Teapóit, & clann Aodha Buidhe Még Eochagáin & h-Uí Riacáin do lenmhain na c-creach, & rugsat for mac Uí Mhaoíl Mhuaidh i n-ucht móna, & ro marbhadh é annsin, & drong oile immaille fris. Ro gabhsat Tadhg Ua Cearbhaill. Do-radadh toisighecht do Theabóit & do mac mic an Cosnamhaigh Uí Maoíl Mhuaidh i n-aghaidh aroile.

M1454.6

Ua Domhnalláin Flann mac Corbmaic d'écc.

M1454.7

Dúnadhach mac Cathail Uí Madadháin do mharbhadh la cloinn Uilliam Ui Cheallaigh.

M1454.8

Sir Édbhard Iustas, Iustís na h-Ereann d'écc, & iarlacht Cille Dara do gabhail do mac Seaain Caim mic an iarla, & Iustis do dhénamh dhe iar n-écc Sir Édbhard Iúsdás.

M1454.9

Ua Brain do mharbhadh i meabhail lá mac a dearbrathar fein ag fágbáil Cille Mantain.


p.992

M1454.10

Fergal Ruadh Mhag Eochagáin do thrégeadh a thighearnais, & a dhul go Durmagh Colaim Chille iar n-díth a radhairc, & Niall Mag Eochagán do ghabháil a ionaid.

M1454.11

Toirrdhealbhach Dall mac Toirrdhealbhaigh Óig Uí Conchobhair do écc do ghalar aithghearr.

M1454.12

Toirrdhealbhac mac Muirchertaigh mic Aodha Uí Concobhair do mharbhadh la Cloinn Ceithernaigh.

Annal M1455

M1455.0

AOIS CRIOST, 1455.

Aoís Criost, míle, cethri chéd, caoccatt, a cúicc.

M1455.1

Tomas Ua Cairnén prióir Atha Luain ceann eagna & eolusa Connacht ina aimsir d'écc.

M1455.2

Toirrdhealbhach Carrach mac Domhnaill mic Muirceartaigh tighearna Slighigh d'écc.

M1455.3

Cathaoír mac Murchaidh Ui Concobhair Failgigh do mharbhadh lá Tadhg mac an Calbhaigh Uí Concobhair & Cuilén Ua Diomusaigh do mharbhadh lais isin ló chédna.

M1455.4

Cumhscrach mac Concobhair Ui Raighilligh d'écc.

M1455.5

Coccadh d'éirghe etir Pilip mac Tomáis Még Uidhir adhbar ticcerna Fher Manach, & Mág Samhradhain. Pilip do dhenamh fhoslongpuirt acc Beinn Eachlabhra, & clann Pilip (Briain, & Toirrdhealbhach) do dhol da fher décc ar eachaibh,


p.994

& moirseisear ar fhichit dia c c-cois. Ro loisccset-sidhe Baile Mhég Samhradhain, & ermhor an tíre, marbhait Maoileachlainn Dubh Mac Samhradháin, & drong mor dia muintir, & soait iar m-buaidh dia t-tighibh.

M1455.6

Toirrdhealbhach mac Pilip Meg Uidir do dhol go Loch Melge, & crannócc baoí ag Mág Flannchaidh do gabhail, & a h-arccain lais.

M1455.7

Eoghan Ua Neill do chumsccuccadh as a fhlaithes la a mhac fein Enri mac Eoghain.

M1455.8

Comarba Patraicc, Mág Uidhir, Mág Mathgamhna, Ó Cathain, & clanna Neill uile do dol la Henri mac Eocchain mic Neill Óicc co Tulach Ócc dia oirdneadh & ro ghoirset Ó Neill de amhail ro badh díor.

M1455.9

Enri mac Uí Neill Bhuidhe do thocht as a gheimhel o Ghallaibh.

M1455.10

Caislén Átha Luain do ghabhail for Ghalloibh iarna brath do mhnaoí boí ann.

M1455.11

Caislén na Sraide do briseadh la h-Ua f-Ferghail, & mac Mhec Hoirbert do marbhadh lais acc gabhail, an chaisléin.

M1455.12

Maol Ruanaidh mac Concobair mic Cathail Ruaidh Még Raghnaill d'écc.

M1455.13

Seffraidh mac Murchaidh Oicc mic Murchadha Móir, mec Catail ticcerna Cloinne Aodha an t-Slebhe d'écc.

M1455.14

Eocchan mac Diarmata Ruaidh ticcerna na c-Coillteadh do mharbhadh la a deirbhfhine.

M1455.15

Maine mac Maoilechlainn Még Caba, adbar consapail an da Breifne, Airghiall, & Fer Manach d'écc.

M1455.16

O Caiside Cúile, .i. Diarmait Ruadh mac Neill Ruaidh do écc.


p.996

Annal M1456

M1456.0

AOIS CRIOST, 1456.

Aois Criost, mile, cethre céd, caocca, a se.

M1456.1

O Néll, Eoghan, mac Neill Óicc, mic Neill Móir d'écc.

M1456.2

Coccadh mór eitir Domhnall mac Neill Ghairbh tighearna Thíre Conaill, & Ó Neill Énrí iar n-ionnarbadh cloinne Neachtain Uí Dhomhnaill lá h-Ua n-Domhnaill h-i t-Tír Eoghain. Tainicc tra Ó Néill & Mag Uidhir lá cloinn Neachtain h-i n-Inis Eoghain, & ní ro ansat gur ro ghabhsat longport i comfhochraibh Cúile Meic an Treóin. An tan ad-clos lá h-Ua n-Domhnaill anní-sin do-chóidh-sidhe, & Aodh Ruadh a dearbhrathair, & mac Mec Suibhne Fanad (Maol Muire) for a n-eachaibh go tinneasnach gan aoín-neach oile ina b-farradh acht iatt budhdéin ina t-triúr do chor bardadh h-i c-caislén Cuile Meic an Treóin ar cionn an t-slóigh mhóir sin ro thairringset clann Neachtain. Iar b-fagbháil an baile dó Domhnaill co na beg buidhin ad-conncadar an sluagh naile radharc forra, & léigid ina n-deóidh amail as déine con-rangatar, & iar m-breith forra ní ro damhadh fír fer ná comhlann fó coimhlíon dóibh acht ro chinn an t-iolar ar uathadh gur ro marbhadh Ó Domhnaill, Domhnall mac Neill Ghairbh annsin (.i. an. 18. do Mai Dia h-Aoíne do shonnradh), & ro gabhadh Aodh Ruadh & mac Mec Suibhne, & ro ghabh Toirrdhealbhach Cairbreach mac Neachtain tighearnus Tire Conaill.

M1456.3

Ferghal mac Concobair Mec Diarmada tanaisi Maighe Luirg, & Lasairfhiona inghen an Fherghail chédna ben Cairpre Uí Chonchobhair d'écc.

Annal M1457

M1457.0

AOIS CRIOST, 1457.

Aoís Criost, míle, cethre chéd, coeccatt, a Seacht.

M1457.1

Brian mac Pilib na Tuaighe Mhég Uidir mac tighearna Fear Manach d'écc iar m-buaidh ongtha & aithrighe.

M1457.2

Coccadh eitir Mhág Uidhir & clann Rudhraighe Meg Mathghamhna. Mag Uidhir do thionol a thíre do dhul in Oirghiallaibh. Ar ná cluinsin sin do cloinn Meg


p.998

Mathgamhna do-chóidhset cona m-buar ina n-daingnighthibh, .i. ar an Eoghanaigh & fá Sliabh Mughdorn. Téd iaromh Mág Uidhir & Pilip i n-Dartraighe Coin-Insi, & ó nach ruccsat ar chreachaibh, ro loisgset Dartraighe uile, & baile Eoghain mic Rudhraigh Meg Mathghamhna, .i. Lios na n-Gabhar, & tangattar dia t-tighibh iar sin.

M1457.3

Pilib mac Tomáis Mhég Uidhir, & a chlann do dhol slóigheadh i m-Breifne Uí Ruairc, & ro cuir Ó Ruairc a bhuar ar daingnighthibh an tíre rempa. Do-chóidh tra Pilib go baile Uí Ruairc. Ro loiscceadh an baile & an tír uile ar chena lais, rug Ua Ruairc ar Philib, & ro ficheadh iomaireacc etorra, & torchair Tighearnán mac Taidhg Uí Ruairc, & mac Maghnusa Grumaigh mic Cathail Bhuidhir Ui Ruairc, & sochaidhe oile cénmothát lá Feraibh Manach don chur-sin.

M1457.4

Brian mac Muirceartaigh Óicc Ui Fearghail tighearna Cloinne h-Amhlaoibh Ui Fearghail d'écc.


p.1000

Annal M1458

M1458.0

AOIS CRIOST, 1458.

Aoís Criost, míle, ceithre chéd, coeccatt, a h-ochtt.

M1458.1

Teampall Achaidh Beithe go n-iomad do leabhraibh derscaighthe do losccadh ann ón óifficel, .i. Niall mac Mec Craith Mhec Mathgamna.

M1458.2

Sluaigheadh lá h-Ua n-Domhnaill Toirrdealbhach Cairbreach, & tainicc Ua Néill Enrí dia chommoradh. Rangattar cétus co h-Iochtar Chonnacht lotar iaromh don Bhrefne. Ro milleadh & ro loiscceadh leó o sliabh siar, & ro loiscceadh baile Uí Ruairc Druim Dhá Ethiar, & ro gabhsat braighde Iochtair Chonnacht, & do radadh i l-laimh Uí Domhnaill iatt. Tangattar iaromh dia t-tighibh.

M1458.3

O Conchobhair Failghe, an Calbhach Mór mac Murchaidh na Madhmann tighearna Ua b-Failghe uile fear nár dhiúlt re drech n-duine tighearna (do Laighnibh) as mó fuair do chomthaibh ó Ghallaibh, & o Ghaoidhealaibh nó bítís ina aghaidh do écc, & Conn O Conchobhair a mac fein do óirdneadh ina ionadh riasiú ro h-adhnaiceadh esium i c-Cill Achaidh.

M1458.4

Ua Ruairc, .i. Lochlainn mac Taidhg leth-tighearna na Breifne d'écc.

M1458.5

Art Ó Néill mac Eoghain mic Neill Óicc cenn oinigh & eangnamha Cenél Eoghain d'écc.

M1458.6

Mac Samhradháin Tomás mac Ferghail d'écc.

M1458.7

Tomaltach mac Conchobhair Mec Diarmada tighearna Maighe Luircc, Airtigh & Tire Tuathail, et cetera, fechemh coitchend do dhamhaibh Ereann fear toirbearta móir d'amhsaibh & d'aos tuarusdail do écc adhaigh fele Patholáin, & a mac


p.1002

d'iongmhala Cathal Mac Diarmada do écc coicthidhis riasan tan- sin, & a n-adhnacal dibhlínibh i mainistir na Búille. Aedh mac Concobhair Mec Diarmada do ghabháil ionaidh Tomaltaigh.

M1458.8

Sefraidh mac Emaind mic Tomáis Ui Fearghail do mharbadh lá Sean mac Domhnaill Mic Seaain Ui Fherghail, & lá cloinn Choncobhair .i. Laoighseach, et cetera.

M1458.9

Emann A Búrc tighearna Gall Connacht, & morain dá Gaoidhealaibh aon-rogha Gall Ereann ar cruth ar dhelbh ar dhénamh ar uaisle, ar eineach ar icht, & ar fhirinne d'écc i n-deiredh na bliadhna-so.

M1458.10

Fearghal Ruadh Mag Eochagain tighearna Cenél Fhiachach d' écc an xvii. febru.

Annal M1459

M1459.0

AOIS CRIOST, 1459.

Aoís Criost, míle ceithre chéd, coeccatt, a naoi.

M1459.1

O Briain Toirrdhealbhach tighearna Tuadhmuman d'écc.

M1459.2

Cu Mhara Mac Con Mara do mharbhadh i mebhail.

M1459.3

Connla Mhág Eochagáin tighearna Cenel Fhiachach do mharbhadh la mac Airt Uí Mhaoileachlainn.

M1459.4

O Birn, Brian, toíseach Thire Briúin d'écc.

M1459.5

Fergal mac Tomais Uí Raghallaigh d'écc.

M1459.6

Maidhm mór do thabhairt lá h-iarla Cille Dara ar Ua c-Concobhair f-Failghi Conn mac An Chalbhaigh dú in ro gabhadh Conn feisin, & in ro marbhadh mac mic Uilliam Uí Cheallaigh & sochaidhe mór dia muintir.

M1459.7

Creacha Chineóil DuacháinBrian mac Pilib mic Tomas Mhég Uidhir.

M1459.8

Creacha Maighe Slécht do dhénomh la Mág Uidhir Tomas Occ, & Baile Mec Samhradhain do losccadh lais don turus-sin.


p.1004

M1459.9

Glaisne mac Concobhair Uí Raghallaigh do marbhadh lá cloinn Rudhraighe Mhég Mathgamhna.

M1459.10

O Neill Enrí mac Eoghain do tabhairt slóigh Gall lais co caislén na h-Oghmhaighe dia gabhail ar cloinn Airt Ui Neill, & sidh do dhenamh dhoibh ré aroile.

M1459.11

Sean Cam mac Con Uladh Mec an Bhaird d'ecc.

M1459.12

Ua Cúirnin, Maghnus, ollamh Uí Ruairc lé Seancus d'écc.

M1459.13

Maol Maire Ua Cianáin adhbhar suadh lé seanchus & lé dan d'écc.

M1459.14

Muircertach Ua Dálaigh saoí lé dan d'écc.

Annal M1460

M1460.0

AOIS CRIOST, 1460.

Aoís Criost, míle, ceithre chéd, Seasccatt.

M1460.1

Mainestir na Maighne h-i Tír Amalgadha i n-epscopoitecht Cille h-Aladh i c-Connachtaibh do thógbhail la Mac Uilliam Burc ar impidhe Nehemias Uí Donnchadha an ced biocaire prouinsi baoí i n-Erind ag ord .S. Franseis don Obseruantia.

M1460.2

An t-epscob O Briain, epscop Chille Da Lua do mharbhadh lá Brian an Choblaigh mic Donnchaidh mic Mathghamhna Uí Bhriain i n-Inis Cluana Ramhfhoda.

M1460.3

Ruaidhri mac Maghnusa Uí Mocháin proaitsi Oile Find d'ecc.

M1460.4

Aodh Ruadh mac Néill Ghairbh Uí Dhomhnaill, & mac Mec Suibne Fánat Maol Muire do léccadh as a m-braighdenus lá h-Ua Néill Énrí iarna m-beith ceithri bliadhna comhlana i l-laimh occa ar ro ba dile lais clann Nechtain oldat clann Néll.


p.1006

M1460.5

Maidhm mór do thabhairt ar Ghallaibh lá h-Ua c-Concobhair f-Failghe, Conn mac an Chalbhaigh dú i t-torchair Barún Calatromma & sochaidhi oile immaille fris.

M1460.6

Maidhm do thabhairt lá Gallaibh for Ua Raghallaigh Seaan mac Eoghain mic Seain mic Pilib mic Giolla Iosa Ruaidh airm in ro marbhadh é, & Aedh dearbhrathair Uí Raghallaigh, & Eoghan Caoch mac Mathghamhna Mec Caba, & drong oile génmothát. Cathal mac Eoghain do ghabháil a ionaid.

M1460.7

Mac Samhradháin Eoghan d'écc.

M1460.8

Ruaidhri Ballach mac Muirceartaigh Ui Concobhair d' écc.

M1460.9

Tomás mac Tomáis A Búrc (ro budh Mac Uilliam dar éis Emainn A Búrc), d'ecc.

M1460.10

Mac Caba Enri mac Giolla Criost do techt isin Anghaile lá h-Ua f-Fearghail, Domhnall Buidhe, & a ég do ghalar obann i Lios Aird Abla, & ceithri fichit décc galloglach co t-tuaghaibh do beith ina timceall ogá breith dia adhnacal don Chabhán.

M1460.11

Mac Maghnusa Thíre Tuathail, Ruaidhri mac Eoghain Ruaidh Mec Maghnusa, sáith an tíre-sin do tighearna do mharbhadh lá Conn Ua n-Domhnaill (.i. Conn mac Nell Gairbh mic Toirrdhealbhaigh an Fhiona), & la Tadhg mac Taidhg Uí Ruairc ag toraigheacht creach an tíre, & rugsat na creacha leó go h-Airged Glind, & ro bensat maithe Cloinne Maghnusa na creacha dhíobh isin glind-sin iar marbhadh Mec Maghnusa.

M1460.12

Domhnall mac Diarmada Uí Mhaille, Uilliam Ua Máille & Seaan Ua Maille


p.1008

do dhol ar siubhal loingsi lá cloinn Uí Bhriain i c-Corca Bhaiscinn for Mac Mathgamhna, & a marbhadh a t-triúr riasiú rangadar a longa, & Domhnall Ua Briain do ghabháil, & Mathghamhain Ua Briain do lot ag dol do shoigidh a loinge, & a bháthadh ria rochtain na luinge h-ísin. Ro cuireadh ár a muintire don turus-sin.

M1460.13

Brian Ua Máille do mharbhadh lá a dearbrathair Aodh Ua Maille tria iomagallamh tarla eaturra. Dá mac Taidhg Uí Mháilli iadsidhe.

M1460.14

Mainistir do togbail i n-Inis Arcain isin Mumain i n-epscopoittecht Ruis do braithribh .S. Franseis i n-duthaigh Uí Eittirsceóil ata Inis Arcain.

M1460.15

Mainestir Insi Corthadh i Laighnibh i n-epscopóitecht Ferna ar brú na h-abann dianadh ainm Sláine do thogbhail do braithribh .S. Franseis.

M1460.16

An cethramhadh Eduard do ríoghadh os Saxaibh .4. Marta.

Annal M1461

M1461.0

AOIS CRIOST, 1461.

Aoís Criost, míle, cethre chéd, Seascat a h-aon.

M1461.1

Felim mac Eoghain mic Néill Óicc Uí Néill d'écc do bedhg saoí ar eneach & ar engnamh cenn dámh & deóradh, neach as mó ro chendaigh do dhántaibh, & ro ba mó duanaire ina aimsir d'écc iar m-breith buadha o dhomhan & deamhan.

M1461.2

Aodh mac Toirrdhealbhaig Óig Uí Concobhair lethtighearna Connacht i n-aghaidh


p.1010

Taidhg Uí Concobhair, diol Choiccidh Connacht do rígh ar cruth ar chaoíndelbh ar chrodhacht ar choccadh ar aoidheadhcairi d'eiccsibh, & dá gach aon nó righeadh a les do ég i m-Baile Tobair Brighde in íd Maii, iar n-ongadh & iar n-aithrighe isin .lxiii. a aoísi, & a adhnacal i Rus Commain.

M1461.3

Clann Neill Ghairbh Ui Domhnaill Aodh Ruadh, Conn, & Eoghan do theglamadh líon a t-tionóil do dhul co Fanaid do soighidh mic Mec Suibne Mhaol Muire uair baoí Ua Domhnaill Toirrdhealbhach Cairpreach ag imbirt a aincridhe for mac Mec Suibhne & for Fánaid uile tria na charadradh la cloinn Neill. Badar dna clann Néill & mac Mec Suibhne ag scrudadh a c-comairle dus cionnus do-ghéndaoís a n-imdhíden ar cloin Nechtain co n-a sochraide ar ro batar acc aithe a n-eccraidhe & a n-anfoladh forra. Iar b-fios scél d'Ua Domhnaill & do cloinn Nechtain clann Néill do dhul i Fánoit do-chóidh-sidhé co n-a bhraithribh, & co n-a thoichestal, & go c-córuccadh Albanach baoí immaille fris ina n-diaidh go ro gabh longport i c-Cenn Maghair do chomhaircis, & do choimhed ar cloinn Neill Uí Domhnaill, & ar Mhael Muire do bhaoi, ag dul leo as an tir & o'd-cualadar clann Neill Uí Domhnaill & muintir Fhanad sin asi comhairle do-rónsat gan an chonair do sheachna no do iomgabhail do lion slóigh no sochaidhe da m-baoi rempa, & o ro cindeadh for an c-comhairle-sin aca, tangatar clann Neill Uí Dhomhnaill & Mael Muire Mac Suibne & Eogan Bacach Mac Suibne, & gach ar gab leo do mhuintir Fanat i c-coinne & i c-comdail Uí Dhomhnaill & cloinne Neachtain go Cenn Mhaghair, & ó ro chomhfhoiccsigset dia 'roile ni ro lamsat gan ionnsoighidh a cele fobit a b-fiocha, & a b-foladh, a n-adbair, & a n-esaenta re aroile gó sin. Tucsat troid & tachar dioghair dasachtach dia 'roile annsin go raoímheadh for Ua n-Domhnaill, Toirrdhealbhach Cairbreach, & ar chloinn Nechtain, & ro gabhadh Ua Domhnaill. Ro marbhadh Maghnus a dearbrathair co sochaidhibh oile immaille fris, & ro h-iomscothadh Toirrdealbhach Cairbreach iar t-tain. Tangatar na


p.1012

maithe-sin iarsan maidm-si Cinn Maghair go Cill Mec Nenain, & do gairedh tighearna d'Aedh Ruadh mac Neill Gairb amail ro ba dir & do gair O Domhnaill .i. Aed Ruadh Mac Suibne Fanat do Mael Muire Mac Suibne.

M1461.4

Magnus mac Briain mic Domhnaill mic Muircertaigh tighearna Cairbre d'ecc.

M1461.5

Mac Cathmaoil .i. Brian tighearna Cenél Feradhaigh d'ecc & tigherna do dhenamh d'Eogan Mac Cathmhaoil.

M1461.6

Fearghal Ua Gadhra tanaisi Cuile O f-Finn do marbhadh la Mac Goisdelbhaigh.

M1461.7

An deccanach Ua Maoil Eoin saoi Erenn uile d'ecc i c-Cluain Muc Nois mic Fiodhaigh.

M1461.8

Aongas Mag Craith saoi le dan, Niall Occ Ó h-Uiccinn, & Niall mac Feargail Ui Uiccinn d'ecc.

M1461.9

Matgamhain mac Uilliam Uí Fergail d'ecc.

M1461.10

Uilliam Ua Flannaccain Saccart & cananach coradh i n-Oil Finn d'ecc.

M1461.11

Feidlim Fionn Ua Concobhair do gabail dia braithrib fein .i. cloinn Briain


p.1014

Ballaigh, & do Ruaidhri mac Ui Concobair Duinn a t-tus na bliadhna-sa gur fas coccadh & commbuaidreadh a Siol Muireadhaigh d' eis na n-gabala-sin, & ro gabadh Tadhg Ua Concobair fein la a braithrib.

M1461.12

Sloicceadh la Mac Uilliam Burc co n-a braithribh co Machaire Connacht do reidhiuccadh Fheidlim Fhinn o mac Briain Ballaigh, & tucsat dó a breth fein as a maithe Connacht a c-cor fris, & ro leicceadh Feidlim a geimhel. Rug-som na maithe-sin lais co Carn Fraoich Mic Fiodhaigh Foltruaidh, & do chuir Mac Diarmada a brocc fair iar n-a chennach, & do gabsat braighde slechta Ona mic Aengusa & Ua m-Briuin, & do imtigh Mac Uilliam iar b-fagbail na m-bragatt-sin ag mac Briain Ballaigh. Iar na cluinsin-sin do chloinn Ui Conchobair Ruaidh ro fuaslaiccset Tadg Ua Concobhair ar leth Baile an Chlair o Ua Concobhair n-Donn do-choídh siot a leith cloinne Concobair Mec Branain iar t-tain.

M1461.13

Coccadh mor ag Gallaibh Midhe & Laighen gur milleadh moran don Midhe don coccadh-sin. Ua Concobair Failge & Mac Risderd Buitiler do techt co Druim Tuirleime deich c-ced no ni as uille do marcslóigh co c-ceinnbeirtibh foraibh uile & badar-sidhe cen oman gan imeccla ag craíthedh a n-each, & a sluagh & a sirthe acc creachlosccadh na Midhe i n-a t-timceall co nona. Ba ar an c-coccadh remraite ro gabadh mac Feidlimidh mic an Calbhaigh Uí Concobair la Sean mac


p.1016

Mic Tomais. Comta mora d'fagbail d'Ua Concobhair o Gallaibh do ciond Sioda amail fa gnath le fer a ionaid do gres.

M1461.14

Creacha mora la Mag Eochagain for barun Dealbhna & creacha mora ele beos for Ledúsachaibh gur aircc an tir co h-Eithne.

M1461.15

Creacha Puirt Lomain la cloinn Iriail I Ferghail.

M1461.16

Maoileachlainn mac Floinn Ui Domnallain d'ecc.

M1461.17

Teboid Ua Maol Muaidh tighearna leithe Fear c-Ceall do marbhadh lá h-Ua Maol Muaidh na Coilleadh.


p.1018

Annal M1462

M1462.0

AOIS CRIOST, 1462.

Aois Criost, míle, cethre chéd, Sescca, a do.

M1462.1

Mainistir Bhrathar Minur do thionnsccnadh i Muineachán le linn Feidhlimidh mic Briain mic Ardgail Még Mathgamhna do bheith 'na tigherna i n- Oirgiallaibh.

M1462.2

Prioir Daimhinsi .i. Parthalon mac Aodha Uí Flannaccain d'ecc ar Loch Dearcc.

M1462.3

Brian mac Pilip Meg Uidhir fer a aoisi ba ferr eineach, & engnamh i c-coiccedh Uladh uile do mharbhadh a t-tóraighecht a creiche la cloinn Airt Uí Néill, .i. la Ruaidhri co n-a braithribh iar f-faemhadh a anacail, & iar m-beith athaidh aca illaimh. Emann Ruadh mac Seain Még Uidhir do marbhadh leis an Ruaidhri c-cedna.

M1462.4

Tadhcc mac Eocchain Uí Concobair ticcerna Cairbre d'écc.

M1462.5

Maidhm la Tadhcc Ua c-Concobhair & la a braithribh for cloinn Briain Bhallaigh in ro marbhadh Diarmaitt mac Donnchadha mic Briain, & Sean mac Taidcc Mic Tighearnáin na Corra, & cuirther iad do druim a t-tire & a n-uile maithesa. Tiaghait da mhac Briain fein h-i Scén h-i c-Cenn Mec Branáin ar in n-Greanchaigh, & ro beiccen do Mac Branain a t-treiccen go ro cuirit ar fogra o thír co tír, & ro h-ionnarbadh Mac Branain feisin as a dhuthaigh isin Anghaile. Ro ghabh Ó Ferghail fris, & do-rad ferann dia cethraibh & coinnmedh tíre dia muintir.


p.1020

M1462.6

Sloiccheadh la Mac Uilliam Cloinne Riocaird i n-Uibh Cairín gur eirigh Ua Meachair, .i. Tadcc co n-a chomhaentaibh doibh gur marbhadh Uilliam Búrc mac Mic Uilliam d'aen urchor gae la mac Ui Mheachair, & ba h-e an t-urchor-sin rucc Ua Mechar co n-a slogh ass. An t-Ua Mechair-sin ticcerna Ua c-Cairin d'ecc iar t-tain & a mhac do ghabháil a ionaid.

M1462.7

Mac Branain, .i. Tomaltach Carrach mac Cuinn mic Aodha d'ecc iar c-cian aois.

M1462.8

Iarla ócc Urmumhan do thecht i n-Erinn co sochaidhe moir do Shaxoibh. Ro fás coccadh mor etir Iarla Urmumhan, & Deasmumhan dia ro gabhadh Geroid mac Iarla Desmumhan la Buitilerachaibh. Ro gabhadh leo beos Port Lairge. Ro chinnset iaramh cath do thabhairt dia 'roile co ro ionnsaigh cach a cele díobh, & bá dar sarucchadh Iarla Urmumhan do dheachaidh Mac Risdeird do thabhairt an chatha an la h-isin. Cidh fil ann thra acht ro sraoíneadh an cath fair, & ro gabhadh é budh dein. At-berat aroile co ro h-adhnaicit deichnebhar ar cheithre chéd


p.1022

díbh cenmótá a n-duadar coin & eathaidedha. Gabhait dona Geraltaigh Cell Chainnigh & bailte mora criche Builterach iar c-cor a n-áir isin cath-sin. Agus bai an t-Iarla occ Urmumhan sin co n-a Shaxoibh i m-baile daingen, & nochar féadadh a thoghail. Brathair ele don Iarla-sin do techt i n-Erinn, & ceithre longa co n-a m-baoí inntibh do ghabhail dó do loinges Iarla Desmumhan for in f-fairrge, & nert mor do gabhail do Buitileracaibh treotha.

M1462.9

Maidhm for Ua f-Ferghail la mac Cuinn Uí Maoilechlainn, la Díolmuineachaibh & la Laoighseach mac Rossa isin Nuachongbhail in ro gabhadh Emann mac Uí Fherghail & aoin-fher décc do shliocht Mhuircertaigh Óicc Uí Ferghail. Sechtmoghat a n-esbadha etir marbhadh & gabhail.

M1462.10

Tomas mac Cathail mic Tomais Uí Fherghail tánaisi na h-Angaile do mharbhadh i m-Beol Atha na Pailisi isin oidhce for lorcc a chreiche la dreim do Dhiolmuinechaibh, la Cloinn Concobhair, & la macaibh Muircertaigh co rucsat a cend & a chreach iar n-a fhagbháil i n-uathadh amhail rob' annamh lais.


p.1024