Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1443

M1443.0

AOIS CRIOST, 1443.

Aoís Criost, míle, cethre chéd, cethrachatt, a trí.

M1443.1

Aonghus Mhac Gille Fhindéin abb Leassa Gabhail d'écc.

M1443.2

Maghnus Mhág Mathghamhna adhbhar tighearna Oirghiall ar eineach & ar engnamh d'écc.

M1443.3

Eimher Mhág Mathghamhna do mharbhadh la h-Ua Néill .i. Eoghan mac Neill Óig.

M1443.4

Finghin Mac Giolla Patraicc & Diarmait dá mac Mec Giolla Phatraicc tighearna Osraighe do mharbhadh h-i fill h-i c-Cill Chaindigh ar forgall mhec Risderd Buitilér.

M1443.5

Brian mac Emainn mic Tómáis mic Cathail Ui Ferghail do mharbhadh & do bhadhadh & é acc tairccsin elaídh ar eccin d'inis Puirt an Goirtin iarna beith da bliadhain go leith i l-láimh ag Domhnall Buidhe Ua Fherghail.

M1443.6

Maol Ruanaidh mac Taidhg Ui Cherbhaill tigherna Éle d'écc.


p.930

M1443.7

Tadhg Ua Dubhda Mac tigherna Ua f-Fiachrach do mharbhadh la a bhraithribh féin.

M1443.8

Creacha móra la h-Aedh Buidhe Ua Néill for a sinnsear brathar, .i. for Muirchertach Ruadh Ua Néill co t-tucc a riar dhó tar cenn a chreach, & co n-dearnsat óighsidh fri aroile.

M1443.9

O Floinn Sil Maoile Ruain & cuid da braithribh do mharbhadh la Cloinn Goisdelbhaigh i tigh Ui Chillín.

M1443.10

Maol Ruanaidh mhac Maol Ruanaidh Uí Dhubhda do marbhadh la a dearbhrathair féin i fiull.

M1443.11

Mac Aedhagáin Urmhumhan, .i. Giolla na Naomh mac Giolla na Naomh mic Aedha ollamh Mumhan i feineachus saoí coitcind in gach ceird, & fear tighe n-aoidheadh da gach aon do ég.

M1443.12

Aodh mac Aodhagáin mac Feargail mic Baothghalaigh do ecc h-i tuile a ratha, fer ro b-fearr tenga & erlabra baoi do Ghaoidhealaibh ina aimsir, ollamh Iochtair Chonnacht i fénechus ei-side.


p.932

Annal M1444

M1444.0

AOIS CRIOST, 1444.

Aoís Criost, míle, ceithri chéd, cethrachatt, a cethair.

M1444.1

Risderd mac an Deaganaigh Mhoir mic Domhnaill mic Seaain Gallda Ui Fearghail, epscop Ard Achaidh d'écc.

M1444.2

Uilliam Ua h-Etigen epscop Oile Find do dhul do Roimh, & drong mór do clerchibh Connacht & a n-écc d'urmhór .i. Tadhg mac Taidhg Mic Diarmada iar n-gnoughadh abdhaine na Búille, & Uilliam mac an Deccanaigh Ui Fhlannagain prioir Commain, Mac Maoilechloinn mic Corbmaic Mec Donnchaidh abb Baile Eassa Dara, & sochaidh oile do clerchib Uladh.

M1444.3

Aodh Buidhe mac Briain Ballaigh Ui Néill rioghdamna Ereann, neach ro ba mo clu, & do b-fir ferr eneach, & engnam do rioghdhamhnaibh a aimsire fer as mó ro áitigh d'feronn Gall da n-aimhdeoin da raibhe ina ré do lot d'urchar ga i n-Uibh Eachdhach, & a bheith h-i cróilighe bhais cuig la fhichet .i. o chetaoine an bhraith gusan dara lá do shamradh, & a écc iar sin iar m-breith bhuadha ó dhomhan & ó dhemhan Dia Sathairn do sunnradh.

M1444.4

Sluaigheadh adbhal la h-Eogan .i. Ua Neill, mac Néill Óig, & la h-urmhor


p.934

Gaoidheal Uladh uile cenmothá Ua Domhnaill do indreadh & do argain Cloinne Aedha Buidhe iar n-écc Aedha. Ro thionóil Muircertach Ruadh Ua Néill, & Énrí Ua Néill, & Mac Uidhilín cona lucht comhaenta uile for cind an t-sluaigh mhóir sin isin Duibh-thrian. Ro gherrsat bealach coilleadh for an c-conair in ro ba dóigh leo a rochtain chucu. Tainicc Ua Néill cona sloghaibh do shoighidh an bealaigh iomcumaing. Ro ionnsoighset an lucht oile iad gur ro mharbhsatt Mac Domhnaill Gallocclach baoi for deireadh an t-sluagh h-i c-commasg an lóitt. Do-chuaidh an slógh h-i mímheisneigh mhoir de-sidhein, go tugsat roighne na n-giall ro thoghsat fein do cloinn Mec Ui Néll Bhuidhe, .i. Aedh mac Uí Neill, mac Énrí Uí Néll, mac Mhég Mhathghamhna, mac Ui Mealláin & cúig braighde décc immaille friú do chind na slighedh do légean dhoibh ina f-fritheing gur ro imhtighset iar sin fo mhéla & cuitbhedh.

M1444.5

Eoghan mac Domhnaill mic Muirceartaigh Ui Concobhair tighearna Sliccigh & criche Cairpre do mharbhadh d'urchur do shoighitt la cloinn Corbmaic Mec Donnchaidh, uair ro marbhadh mac Maoileachloinn mic Corbmaic Mec Donnchaidh riasan tan-sin h-i t-trodan la mac mic Eóin Ui Airt, conadh trid-sidhe ro marbhadh Eoghan mac Domhnaill.

M1444.6

Sluaigheadh la h-Ua Néill .i. Eoghan i n-Galldacht Oirghiall gur ro chreachloiscc mórán díobh, & ro aircc Srád-bhaile Dhúine Dealgan, & fuair trí fichitt marg & da thonna fhíona do chind gan an baile fein do losgadh.


p.936

M1444.7

Miorbhail mor do denamh do dhelbh Mairi Atha Truim, .i. a shúile do thabhairt do dall, & a thenga do amhlabhar, & a chosa do cláiríneach & a lámh do síniudh do neoch aga raibhe-si cengailte dia thaobh & cait do breith do mhnaoi thorraigh.

M1444.8

Forbhais la h-Ua Neill for Ghallaibh, gur ro mhill mórán iompu, & co b-fuair comtha móra ó Ghallaibh do cind sidh leith bliadhna do dhenomh friú. Creach sluaigheadh riasan sídh-sin do dhénomh la mac Ui Néill Brian mac Domhnaill mic Eoghain Ui Néill i n-Galldacht gur ro marbhadh Brian fein d' óen urchur cloiche & ro gabhadh Eimear Mhag Mathghamna, & ro marbhadh aroile dia muintir.

M1444.9

Toirrdhealbhach mac Eoghain mic Ruaidhri Uí Chonchobhair do mharbhadh la Cloinn Connmhaigh d'urchur do shoighitt.

M1444.10

Seaan mac Briain mic Emainn Ui Fherghail do mharbhadh & ochtor immaille fris la Seaan Ua Fergail, & la cloinn Domhnaill Buidhe Ui Fergail for Sliabh Callraighe Bri Leth.

M1444.11

Emann mac Tómáis mic Cathail Ui Ferghail do écc.


p.938

M1444.12

Magnus Mhág Mhathgamhna adhbhar tighearna Oirghiall d'écc, & a adhnacal i Cluain Eoais.

M1444.13

Eber mac Briain Még Mathghamhna adhbhar tighearna Oirgiall do mharbhadh.

M1444.14

Tadhg Ua Briain tighearna Tuadhmhumhan do écc.

M1444.15

Síoda Camm Mac Con Mara taoiseach Cloinne Cuiléin feichemh coitchenn fear n-Ereann d'écc eittir da Nottlaig.

M1444.16

Dubhchoblaigh inghean Tomáis Mheg Uidhir (tighearna Fear Manach) bean Eoghain Mhég Cathmhaoíl bean dhaonnachtach dheshearcach deigh-einigh do écc.


p.940

Annal M1445

M1445.0

AOIS CRIOST, 1445.

Aoís Criost, míle, cethre chéd, cethrachatt, a cúicc.

M1445.1

Tomas Ua Lennain cananach & Sacrista Leassa Gabail d' écc.

M1445.2

Sloigheadh mór do dhenomh la h-Ua n-Domhnaill go Sligeach, & la Pilib Mhág Uidhir la cloinn AedhaMhég Uidhir & la cloinn Eoghain Ui Choncobhair. Ro loiscceadh leo Sligeach for Toirrdhealbhach Carrach mac Domhnaill mic Muircertaigh Ui Choncobhair, & ro marbhadh Mac Donnchaidh tighearna Tíre h-Oilealla, .i. Tomaltach mac Donnchaid leo co sochaidhibh oile.

M1445.3

Uilliam mac Seaain mic Domhnaill Ui Fherghail tighearna na h-Angaile d'ég iar n-deigh-bethaidh cian-aosda & da taoiseach do ghairm iar sin isin Angaile, .i. do Rossa mac Muirchertaigh Midhigh mic Briain Ui Fherghail, & sliocht Murchaidh Ui Ferghail uile do gairm anma dhe. Da Cloind Aedha & Cland Seaain


p.942

Uí Fherghail & a chairde for gach leth do gairm taoisigh do Domhnall Buidhe mac Domhnaill mic Seaain Ui Fherghail, & an tír do mhilleadh etorra co n-dearnsat sidh, .i. leth na h-Angaile ag cechtar de.

M1445.4

Ruaidhri mac Tómáis Mhég Uidhir mac tigherna Fear Manach d'écc.

M1445.5

Mac Gille Finnéin, .i. Brian taoíseach Muintire Peodachain saoí einigh & fer cosnamha a chirt fri a comarsain d'écc.

M1445.6

Donnchadh Ballach Mac Samhradhain adbar taoisigh Teallaigh Eachdach d' écc.

M1445.7

Diarmait Ua Tuathail tighearna Cloinne Tuathail do mharbhadh for lorcc creiche la cloind mhic Tomaltaigh Uí Dhiomasaigh, iar m-beith ceithre fichitt bliadhain dh'aoís.

M1445.8

Conchobhar mac Uí Chonchobhair Ciarraighe do mharbhadh la Mathghamhain Ua c-Concobhair, la a brathair, & siat araon i m-bád ag dol go h-Inis Cathaigh.

M1445.9

Risderd Mac Uidilin do marbhadh.

M1445.10

Tomas Diolmain & Risderd Óg Diolmain do écc.

M1445.11

Laighneach mac Aedha Buidhe Meg Eochagain do mharbhadh for Coill na Connaidh la cloinn Muircertaigh Óig Mheg Eochagain.

M1445.12

Donnchadh Bacach Ua Ruairc d'écc, & an Brefne Thiar do gairm Ui Ruairc do Donnchadh mac Tighearnain Óig i n-aghaidh Lochlainn mic Taidhg Uí Ruairc.


p.944

Annal M1446

M1446.0

AOIS CRIOST, 1446.

Aoís Críost, míle, ceithri chéd, cethrachatt, a Sé.

M1446.1

Eóin Ua Lennain prióir Mainistreach Leassa Gabhail do ecc.

M1446.2

Rudhraighe mac Ardghail Moir Mheg Mathgamhna tighearna Oirghiall do écc. & a mhac Aedh Ruadh mac Rudhraighe do oirdneadh ina ionad la h-Ua Néill.

M1446.3

Ua Domhnaill do thocht slógh mor h-i Connachtaibh do chongnamh la a chairdibh, do shoighidh Ui Ruairc ar tús, & do- chóidh aissidhe tria Maigh Nisse, & tar Sionaind, & h-i Maigh Luirg, tre Machaire Chonnacht tre Cloinn Connmaigh &


p.946

tainicc Mac Uilliám Búrc ina choinne co Dún Iomdháin, & rug leis é iar sin h-i Conmhaicne Chuile Toladh.

M1446.4

Cú Choiccriche mac Maine mic Neill Shionnaigh tigherna fer t-Teathbha do écc.

M1446.5

Emann Ua Brain tighearna Ua Faoláin do écc, & Dunlaing Ua Brain d'oirdneadh ina ionad.

M1446.6

Donnchadh mac Airt mic Diarmata tigherna Ua c-Ceindsealaigh do marbhadh la Branachaibh.

M1446.7

Coccadh mór eitir Ua c-Conchobhair Failge & Gaill na Mide gur ro creachloisgeadh mórán don Mide & gur ro marbhadh sochaidhe mor dia n-daoinibh, & no teighdis a sirthe co Temraigh budh thuaidh, & co Cul Maige Claraigh soir, & ro gabhadh Brian mac an Calbhaigh Uí Choncobhair ar an c-coccadh-sin la Gallaibh.

M1446.8

Cogadh eitir an da Ua Concobhair i Machaire Chonnacht, dia ro marbhadh


p.948

Diarmaid Ruadh mac Taidhg Ui Chonchobhair la h-Ua c-Conchobhair n-Donn, & la Cloinn Muiris na m-Brigh, & la cuid do cloinn Fhedhlimidh h-i Cuil Ua f-Fionntain.

M1446.9

Cogadh mór h-i t-Tuadhmhumhain dia ro milleadh Tuadhmumha uile, & dar' gabhadh Ua Briain budhdhéin co n-deachaidh Mac Uilliam Cloinne Riocaird h-i t-Tuadhmhumhain, & tucc Ua Briain amach ar éccin, & ro fhagaibh h-i c-córa iatt.

M1446.10

Clann Donnchaidh, & Toirrdhealbhach Carrach Ua Concobhair, & Ua Concobhair Donn do dhol diblinibh h-i c-cenn Meic Uilliam Cloinne Riocaird do dhenamh aoin Mhec Donnchaidh, & a t-taoidheacht na n-dá Mac Donnchaidh fo dheóidh, & roinn leithe etorra .i. Seaan mac Concobhair Mec Donnchaidh, & Tadhg mac Tomaltaigh Moir Mec Donnchaidh.

M1446.11

Fedlimidh mac Seaain Ui Ruairc do mharbhadh for lar Fiodhnacha la a derbhfine .i. clann Lochlainn Uí Ruairc.

M1446.12

Mac Domhnaill Ui Ruairc do mharbhadh la cloinn Donnchaidh mic Tighearnain Uí Ruairc.

M1446.13

Tómás mac Tomais Óig Ui Raghallaigh do mharbhadh lá Notlag Mór la cloinn Rémaind mic Giolla Iosa Uí Raghallaigh.

M1446.14

Domhnall Ua Cobthaigh, cenn fedna maith & saoí le dán do mharbhadh cona dhias mac for Cro-inis Locha h-Ainnind Mic Neimid la cloinn mheic Airt Ui Maoíl Sheachlainn, & la cloinn mheic Fhiachach Mhég Eochagáin.

M1446.15

Tanaidhe mac Maoilín mic Tanaidhe Uí Mhaoil Conaire d' écc h-i Cloinn Fheorais eitir da Chaisg & a adhnacal i mainistir Uí Bhoccáin.


p.950

M1446.16

Tadhg Mhág Fhlannchaidh do mharbhadh la Corbmac mhac Uí Fhlanngáin.

M1446.17

Emann mac Mec Muiris Ciarraighe do mharbhadh la Corbmac mac Eoghain Mheg Cárthaigh.

M1446.18

Brian Ua Dubhda do mharbhadh la Tír n-Amhalgadha.

M1446.19

Diarmaitt mac Ir mic Cathail Ruaidh Mheg Raghnaill do mharbhadh.

Annal M1447

M1447.0

AOIS CRIOST, 1447.

Aoís Criost, mile, cethre chéd, cethrachad a Seacht.

M1447.1

Comorba Fiodnacha fer tighe aoidheadh coitcinn da gach aon do écc.

M1447.2

Plaigh mhór h-i samhradh & h-i foghmar na bliadhna-so, dia ro écc prioir Baile Ui Bogáin, prióir Connala, barún Calatroma, Geróitt mac Mec Ualronta, &


p.952

sochaidhe mhór h-i Midhe, h-i Mumhain, & i l-Laighnibh, & at-berat aroile gur ro éccsat secht céd sacart di.

M1447.3

Cenn do chur ar tempall Achaidh Urchair, & an bend airtherach de do thóccbháil le Tomás Óg Mag Uidhir tighearna Fear Manach i n-onóir Dhé, Tighearnaigh, & Rónáin do ráith a amna feisin.

M1447.4

Domhnall Ballach mac Tomais mic Pilib Meg Uidhir, do mharbhadh la Donn mac Pilib Mhég Uidhir, le macaibh Airt Mhég Uidhir, le macaibh Mec Oirghiallaigh, & le macaibh Ua n-Daimhín, uair baoí an Domhnall h-í-sin i n-esaonta re Mág Uidhir & re Pilib tanaisi an tíre, & ag tionntúdh dhó o Breifne Uí Raighilligh & é ag dul go baile Énrí Ui Néill as ann tárrthus é gur ro mharbhadh. Ro h-adhnaiceadh iaromh i mainistir Leasa Gabhail.

M1447.5

Aedh mac Tómáis Óig Még Uidhir mac tighearna Fer Manach d'écc.

M1447.6

Fedhlimidh mac Seaain mic Pilib Uí Raighilligh adhbhar tighearna Breifne ar oirbeart & oineach do dul go h-Ath Truim d'ionnsoighidh fir ionaid rígh Saxan Lord Furnumáil & Fedlimidh do ghabhail lais, & a écc don plaigh, iar m-buaidh ongtha & aithrighe, & a adhnacal i mainistir Atha Truim.

M1447.7

Fionnghuala (inghean an Chalbhaigh Ui Chonchobhair Failgigh & Mairgrege inghene Uí Cerbhaill) ben Uí Domhnaill cettus, & Aedha Buidhe Uí Neill iaromh an aoin-bhen do b-ferr dealbh & denam, & do ba mó clú, & oirrdearcus baoí i n-Erinn uile i n-aon aimsir fria génmóthá a mathair budhdhein, do tregadh an t-saoghail


p.954

ercradhaigh ar an m-beathaidh shuthain gan fhoircend, & a dul fo chuing riaghla & crabhaidh i mainistir Chille h-Achaidh.

M1447.8

Aodh mac Muirchertaigh Óig Meg Eochagain luamh gaisccidh Ua Néill an Deisceirt & adhbhar toísigh Cheneoil Fiachach uile d'écc do ghalar aithghearr.

M1447.9

Emann mac Emainn a Burc do écc.

M1447.10

Fedhlimidh mac Murchadha Mhég Raghnaill d'écc.

M1447.11

Giolla na Naomh mac Airechtaigh mic Solaimh Mec Aedhagain saoí Ereann le breithemnus & le féneachas d'écc.

M1447.12

Uilliam Ua Deoráin ollamh Laighen le breithemhnus, & a bean do écc don pláigh.

M1447.13

Eoghan mac Pedrais mic Saordhalaigh Ui Breislén ollamh brethemhan Fer Manach & ard-airchindeach Airigh Mhaoláin do écc.

M1447.14

Concobhar mac Seaain Mec Branain do trégudh a tighearnais & Tomaltach Carrach mac Cuind mic Aedha do oirdneadh ina ionadh.

M1447.15

Mainistir Laoighisi i l-Laighnibh, i n-easpuccóideacht Leithglinne do thóccbhail la h-Ua Mordha i n-onoir .S. Fronseis, & togha adhnacail Ui Mhórdha & a shleachta 'na dhiaidh innte-sidhe.


p.956

Annal M1448

M1448.0

AOIS CRIOST, 1448.

Aoís Criost, míle, ceithre chéd, cethrachatt, a h-ochtt.

M1448.1

Plágh mhór isin Midhe, Concobhar mac Aodha Ui Fherghail, Diarmaitt Mág Con Maighe, & Hainri Dubh Mac Techedain triur brathar do bhraithribh Longpuirt Ui Ferghail d'ég don pláigh-sin.

M1448.2

Conchobhar Mac Faolchadha epscop Ruis Ailithir d'écc.

M1448.3

Abb na Trinoide for Loch Cé d'écc.

M1448.4

Semus Óg mac Semais Gallda mac iarla Urmumhan d'écc.

M1448.5

Cathal mac Ui Concobhair Failghe do mharbhadh lá Gallaibh Laighen.

M1448.6

Cú Chonnacht mac Pilib Mhég Uidhir d'écc fá bhuaidh n-aithrighe, & a adhnacal i tempall Achaidh Urcair.

M1448.7

Ua h-Eghra Riabhach do mharbhadh.

M1448.8

Ua Lochlainn tighearna Bóirne d'ég.

M1448.9

Niall Ó Maol Mhuaidh do mharbhadh lá h-Uibh Riaccain.


p.958

M1448.10

Conchobhar mac Seaain mic Eachmharcaigh Mec Branáin tighearna Corca Achland fri ré secht m-bliadhan tríochat do écc i n-Dumha Sealga for Maigh Ae iar t-tregadh a thighearnais isin m-bliadhain roimhe, & a adnacal i Ross Commain.


p.960

M1448.11

Cathal mac Fedhlimidh mic Ruaidhri Ui Conchobhair do mharbhadh la cloinn Ruaidhri meic Cathail Ui Concobhair Toirrdelbhach & Diarmaitt.

M1448.12

Tadhg Ócc mac Taidhg mac Giolla Colaim Uí Uiginn priomh-oide aosa dána Ereann & Alban do écc iar n-aithrighe i c-Cill Connla, & a adhnacal i mainistir Atha Lethain.

M1448.13

Diarmait mac Eoghain mic Mathgamhna Uí Dalaigh ollamh fear Midhe uile saoí fhoghlainntigh & fhir dhana d'écc, & a adhnacal i n-Durmaigh Colaimm Chille.


p.962

Annal M1449

M1449.0

AOIS CRIOST, 1449.

Aoís Criost, míle, cetre chéd, cethrachatt, a naoí.

M1449.1

Donnchadh mac Tighearnáin Óig tighearna Breifne Thiar do écc iarná beith h-i seircc-ghalair ochta re bliadhain láin, & Tighearnán mac Taidhg Uí Ruairc do thogha ina ionadh lásan m-Breifne Thiar.

M1449.2

Eoghan mac Seain tighearna Muintire Maoil Mhordha do écc, & Sean Ua Raghailligh a mac fein do thogha ina ionadh lá h-Ua Neill, & la Sliocht Seain Ui Raighilligh, & Fearghal Ua Raghailligh, .i. mac Tomais Mhóir, do thogha lá Sliocht Mathgamhna Ui Raghilligh, & lá Gallaibh gur ro fhas coccadh & comhbuaidhreadh eatorra. Tainicc an Iustís & iarla Urmumhan do chongnamh lá Fearghal Ua Raghallaigh, & tuc Sean Ua Raghailligh cona sochraide ammus for thossach an t-sluaigh gur ro marbhadh & gur ro gabhadh tri fichit díobh im mac Toirrdhealbhaigh & im mac Domhnaill Bhain Ui Raighilligh.

M1449.3

Brian Ócc Ó Néill d'écc.

M1449.4

Mór inghen Aodha mic Pilib na Tuaighe Még Uidhir ben Airt mic Eoghain Uí Néill d'écc.

M1449.5

Maghnus Buidhe mac Cairpre meic Duinn Mheg Uidhir d'écc.

M1449.6

Bress-mhaidhm lá Mac Uidhilín for Muircheartach Ruadh Ua Neill dú in ro


p.964

marbhadh mac Maoil Muire Mec Suibhne consubal meic Ui Néill, & Aonghus mac Mec Domhnaill na h-Alban, & sochaidhe oile immaille friú.

M1449.7

Coccadh mór eittir Conallcaibh budhdhein, & moran do mhilleadh.

M1449.8

Ua Fialáin & Giolla Criost Mac an Baird d'écc.

M1449.9

Aodh mac Lochlainn mic Seaffraidh tighearna Cloinne Cathail mic Muireadhaigh Muillethain ré h-edh imchian iar t-tréccadh a tighearnais ar gradh Dé, & iar n-aontughadh Diarmatta mic Sefraidh Ui Fhlannagáin do chor ina ionadh d'ecc.

M1449.10

Diuice de Iorc do thecht i n-Erinn co n-onóir mhóir, & iarladha Ereann do thecht ina theach, & Gaoidhil leithimil Midhe, & a breith fein do mhartaibh do thabhairt dó dochum a chistinighe.


p.966

Annal M1450

M1450.0

AOIS CRIOST, 1450.

Aoís Criost, míle, cethre ched caoccatt.

M1450.1

Airdepscop Condacht, .i. mac an Persúin mic Mic Seóinín Búrc do écc i n-Gaillimh.

M1450.2

Piarrus Mhag Uidhir epscop Clochair d'écc i c-Claoíninis, & a adhnacal i l-Lios Gabhail.

M1450.3

An t-epscop Ua Gallcobhair d'écc.

M1450.4

Abb Essa Ruaidh, .i. Émann, d'écc.

M1450.5

Conchobhar Ua Domhnaill tanaisi Tire Conaill d'écc.

M1450.6

Niocolas Ua Flannagáin pearsún Daimh-Insi d'écc i Róimh iar n-dol do dénamh turais.

M1450.7

Mág Uidhir Tomás mac Tomáis mic Pilib na Tuaighe do dhul dia oilithre don Róimh, h-i cind sechtmaine iarttain tainicc Donnchadh Dúnchadhach Mac athar do Mag Uidhir, .i. Tomas Occ, do soighidh Cathail mic Meg Uidhir gur ro ghabh é ina ionad (no ina thigh) féin h-i c-Cnuc Nindidh. Rucc leis é cona chrech go Gort an Fhedáin, & ro mharbh ann sin é. Do-chuaidh iaromh co Teallach n-Dúncadha h-i c-coccadh ar Emann & ar Dhonnchadh Mag Uidhir. Tainicc tra h-i cind ree iar sin, Donnchadh Dúncadhach i c-coinne do soighidh Emainn & Donnchaidh, & do-rónsat sith re aroile, ar a aoí ro gabh Emann fá dheóidh Donnchadh Dúnchadhach h-i n-Gabhal Liúin, & do-rad lais é go h-Achadh Urchair, & ro ben cos & lamh dhe i n-dioghail marbhtha Cathail.


p.968

M1450.8

Muirchertach Ua Flannagáin taoíseach Tuaithe Ratha do dhul dia oilithri don Róimh, & a écc iar m-buaidh n-aithrighe, & a dearbrathair Corbmac do gabail a ionaidh.

M1450.9

Slóigheadh do dhenomh lá Hénrí O Néill lá h-Art Ua Neill, & lá mac Eoghain Uí Neill h-i t-Trian Congail do congnamh lé Mac Uidhilín.

M1450.10

Niall mac Enrí mic Eoghain do dul ar creich ar Muirceartach mac Ui Neill Buidhe, & ro ghabhsat gabhala. Mac Uí Néill Bhuidhe & Eoghan mac Briain Óig Ui Néill do breith ar Niall, & sraoídh for a mhuintir. Do-rad Eoghan mac Briain Óig mic Briain Mhóir mic Enri Aimréidh da forgamh dia shleigh for Niall gur bhó marbh de, & ro h-adhnaiceadh i n-Ard Mhacha co n-onóir mhóir.

M1450.11

Síth do dhenamh do Sheaan mac Eoghain Ui Raghailligh & do Domnall Bhán Ua Raghailligh re aroile, & Ferghal mac Tomais Mhoir do chor a tighearnas, & an Breifne uile do beith ag Seaan mac Eoghain, & Fearghal do ghabhail tuarustail uadha.

M1450.12

Tadhg mac Pilib mic Tomais Mhég Uidhir do mharbhadh la cloinn Corbmaic Mec Samradhain, & a adhnacal i l-Lios Gabhail.

M1450.13

Andreas mac Giolla Criost Uí Droma saoí eagnaidh craibhdheach d'ecc iar d-tionntúdh ó Roimh.

M1450.14

O Caiside Cúile, Tadhg mac Ióseph ollamh Fear Manach le leighes d'écc.

M1450.15

O h-Uigind, .i. Tuathal priomh-oide aosa dána Ereann do ég do ghalar obann.

M1450.16

Oirgne móra do dhenomh lá mac Meg Eochagáin for Ghallaibh uair ro creachloisc


p.970

Raith Guaire, Cill Lucain, Baile Portel, Baile na n-Gall Oirghiallach, & Cill Bicsighe. Ro gabhadh Cairpre mac Laoighsigh mic Rossa, & ro marbadh dá mac mic Teabóid Mec Hoibert lais ar an c-cogadh-sin. Ro marbhadh beós Brian mac Laoighsigh mic Rossa lais i m-Baile Mhór Locha Semhdighe. Acht chena bá dírímh in ro milleadh lais don coccadh-sin. Tangadar Goill Midhe & Diúice de Iorc, & bratach an rígh conige an Muilenn Cearr, & tainicc mac Mhég Eochagáin marcsluagh mór edighthe co Bél Atha Glas arnárach h-i c-coinne Gall conidh í comairle do-rónsat Gaill aind-sidhe sídh do dhenamh fris, & ro maithset dó uile a n-dearna forra do chionn síodha d'faghail uaidh.

M1450.17

Dondchadh O Gallcubhair comorba Adhamnáin d'ecc.

Annal M1451

M1451.0

AOIS CRIOST, 1451.

Aois Criost, mile, cethre ched, cáoccatt, a h-áon.

M1451.1

Remann mac Uilliam Mec Fheórais do écc for sligeadh na Romha iar n-gnoucchadh epscopoide Tuama.

M1451.2

Mainistir an Cabháin do losccadh.


p.972

M1451.3

Mairgrécc inghen Ui Cherbhaill (Tadhg) ben Ui Conchobhair Fhailgigh (an Calbhach) ben as ferr baoí ina h-aimsir i n-Erinn uair as í tucc gairm enigh fá dhó i n-aoín-bliadhain do lucht iarrata neth d'écc iar m-buaidh ongtha & aithrighe iar m-breith bhuadha ó domhan & o deaman. Fedhlimidh Ua Concobhair mac An Chalbhaigh, & na Mairgrege cédna ádhbhar tighearna Ua f-Failghe fer bá mór ainm & oirdearcus d'écc iar m-beith h-i serg-galair fri ré fhoda roimhe-sin, & ní bhaoí acht aon-oidhche eitir a n-ég-sidhe.

M1451.4

Murchadh Ua Madadhain tighearna Síl n-Anmchadha fer bá coimsighe ara duthaigh fein, & do ba crodha lamh, & bá fearr smacht do écc.

M1451.5

Ruaidhri mac Maoil Mordha Riabhaigh Ui Concobhair do écc.

M1451.6

Eoghan mac Concobhair Mec Gille Fhinnén mac toisigh Muintire Peódachain & Giolla Patraicc Buidhe Mac Gille Fhinnéin do mharbhadh la Con Connacht mac Seaain mic Con Connacht Mhég Uidhir an .6. id febru.


p.974

M1451.7

Coccadh mór ag Maineachaibh, & ó Conchobhair Donn do dhul do chosnamh Uí Cheallaigh, & tuc a mhac & dias braghad oile dó i n-geall ré fiche marg do greass, .i. ceithre marg dhécc fearainn na Síthe fuarattar Mainigh h-i c-ceannach o Thoirrdhealbhach Ócc riasan tan-sin, & tuc Aodh Ua Concobhair sin isteach, & sé mharcc oile for Mag Eocagáin don cogadh sin, & do cosain sé Ua Ceallaigh don cur-sin.

M1451.8

Caislén Coradh Finne do denomh lá Mac Uilliam Cloinni Ricaird.

M1451.9

Cathal Dubh mac Tomaltaigh Óig Mec Donnchaidh do marbhadh.

M1451.10

Cathal mac Briain Mec Donnchaidh do mharbhaidh lá Brian fein do urchur do scín, & sé occa shárucchadh fó a comairge.

M1451.11

Trí meic Maoileachlainn Ui Bhirn Tadhg, Uilliam, & Donnchadh do marbhad h-i c-Cluain Creamha i n-aon-uair lá Sliocht Maoíleachlainn Még Raghnaill, & lá Domhnall mac Briain Ui Bhirn.

M1451.12

Creach lá Fedhlimidh Ua Concobhair for Ua n-Gadhra, & creach lá h-Ua n-Gadhra for lucht Baile Mhóir h-Uí Fhloinn.

M1451.13

Diarmaid mac Taidhg mic Corbmaic Meg Carrtaigh do mharbhadh. Diarmaid mac Uí Suilleabháin Mhóir do mharbhadh ina dhioghail-sidhe.

M1451.14

Cathal Ruadh mac Cathail Duibh Ui Conchobhair do écc.

M1451.15

Giolla Padraicc Óg Ó Fialan saoí fhir dhána d'écc.


p.976

Annal M1452

M1452.0

AOIS CRIOST, 1452.

Aoís Criost, mile, cethre ched, caogatt, a dó.

M1452.1

Neachtain Ua Domhnaill (.i. mac Toirrdhealbhaigh an Fhíona) tighearna Tíre Conaill, Cenel Moáin, Innsi h-Eoghain & na c-coiccrioch c-comhfogus, fer crodha cosantach, ceinnlitir siodha & coccaidh an tuaisceirt do mharbhadh le cloinn Neill Uí Domhnaill a dherbráthair i n-dubhrur oidhce Féile Brenainn do sonnradh uair ro iondarb-somh an chlann-sin Néill a Tír Conaill riasan tan-sin .i. Domhnall & Aodh Ruadh. Seascca bliadan ba slan do Nechtain an tan do cher.

M1452.2

Ro éirigh comhfhuachadh coccaidh & esaonta anbfoill eitir Domhnall mac Neill Gairbh & Rudhraighe mac Neachtain Uí Domhnaill im thighernus Thíre Conaill, gur ro mesccbuaidhreadh an tír etorra, go m-batar cairde, & comhaentaidh cechtar nae aca ag foghail, & acc díbearg for aroile. Do-ronadh marbhadh & mudhadhadh daeine, airgthe & creacha iolarda etorra adiú & anall.

M1452.3

Slóigheadh lá h-Ua Néill (Eoghan) isna Feadhaibh do choccadh ar Gallaibh Machaire Oirghiall, & Mag Uidhir do dol for an slóiccheadh-sin. Mac Uí Néill, .i. Eoghan Óg Ó Néill, & muintir Mhég Uidhir do dhul for creich ar Gallaibh co Cloich an Bodaigh & an creach do tabairt leó dia longport. Goill & muintir Mhég Mhathgamna & a bhraithri dia lenmain h-i toraigheacht go rangattar an longport. Ua Néill & Mag Uidhir cona muintir do eirghe ina n-aghaidh. Ro figheadh ergal etorra & ro marbhadh Mac Domhnaill Gallocclach, .i. Somairle Mor co sochaidhibh iomdhaibh immaille fris, & ro gabhadh araill don t-slógh. O Neill do shódhadh


p.978

dia longport an oidhche-sin co b-feircc mhóir. Enrí a mac (iarna cluinsin sin) do thocht ina dháil. Tainicc Mág Mathghamhna iaromh h-i c-cenn Ui Néill, & a cloinne, do-ronsat síth re aroile, & do-radadh éraic a eas-onora d'Ua Neill lá taobh Érca Mec Domhnaill.

M1452.4

Iarla Urmumhan & iustis ná h-Éreann do briseadh caisléin Uaithne for Concobhar Ua Maoil Riaain, & do gabhail caisléin Leige for Uibh Diomusaigh co t-tuccsat ced slighe dhó co h-Airem, do bhuain mic Mec Fheórais amach do bhaoí i l-laimh ann. Ro loisc Airem iar sin. Do-chóidh aissidhe i n-Uibh Failghe, & tainicc Ua Concobhair ina theagh chuige i n-geall ré mac Mec Fheórais do légheadh amach. Aissidhe isin Anghaile co t-tainig Ua Feargail ina teach, & gur ro gheall naoi f-fichit mart do cionn a síodha. Do-dheachadar dibhlinibh go Magh m-Bregmhaine, & ro briseadh caislén Barrcha leó, & ro mhillset urmhór a n-arbhann. Luidh aissidhe go Fabhar, & aisidhe co Magh Maine. Tangatar Muintir Ragallaigh ina theagh & tucsat a riar dhó. Aissidhe go Machaire Airghiall co t-tucsat Még Mathgamhna


p.980

a riar dhó. Do-chóidh iaromh h-i c-coinne Cloinne Néill, & tuc ar Énrí Ua Neill ingean Mec Uilliam Búrc do bhaoí ina mnaoí aige iar n-ég Ui Domhnaill a fir fein do cor uadha, & a bhen phósda fein do thabhairt chuige doridhisi, .i. inghean Mec Murchadha, & derbhsethar an iarla budhdhéin. Do-chóidh aissidhe co Baile Atha Fhirdhiadh Mic Damháin & at-bath annsin eitir da Fhéil Muire iar n-dénamh na siubhal-sin uile in aon-lethráithi amháin.

M1452.5

Inghen iarla Cille Dara condaois Urmumhan do écc tri sechtmaine ria n-écc a fir an iarla remhráite.

M1452.6

Síth Gall & Gaoidheal do dhul ar c-culaibh iar n-écc an iarla, & iustis do denamh do Sir Edbard Iusdás.

M1452.7

Mór inghean Uí Concobhair Failge ben Mec Uilliam Cloinne Ricaird do ecc do easgar.

M1452.8

Dearbairdhi iongnadh do thecht in bliadhain-so seal riasan iarla do écc, .i. fedh dá mhíle do traghadh d'abhainn Life.

M1452.9

Sean Mac Donnchaidh leth-toiseach Ua n-Oilealla d'écc.

M1452.10

Tadhg mac Diarmada Ruaidh Ui Concobhair Duinn d'écc.

M1452.11

Toirrdhealbhach Ruadh mac Briain Bhallaigh Ui Concobhair, & Toirrdhealbhac mac Taidhg mic Toirrdhealbhaigh Ruaidh Uí Concobhair, & Hainri Crumthaind mac Uilliam Mec Dauid do mharbhadh for Coirrsliabh na Segsa lá sluagh Cloinne Donnchaidh h-i samradh na bliadhna-so.

M1452.12

Dauidh Ua Mórdha mac tighearna Laoighisi do mharbhadh lá h-easgur.


p.982

M1452.13

Cathal mac Uilliam mic Seain mic Domhnaill Ui Fheargail do marbhadh d'urchar ga iar loscadh Fobhair leó.

M1452.14

Giolla na Naomh mac Aodha Uí Ainlidhe tighearna Cenel Dobhta do ég h-i c-Cluain Coirpthi iarná beith edh cian dall innte iar t-tregeadh a tighearnais dó.

M1452.15

Lochlainn Ócc Ua h-Ainlidhi taoisech Chenél Dobhta do marbhadh i meabhail for crannóig Locha Lesi lá mac Murchaidh mic Giolla na Naomh Ui áinlidhi, & la mac Uaitne mic Giolla na Naemh, iarna brath da muintir fein & la Domhnall Carrach Ua Maoil Brighde & a mhac, & Tomas mac Giollchrosaigh Uí Maoil Brighde & taoíseach do dhénamh do Ruaidhri Bhuidhe mac Giolla na Naomh, & an triar maor sin dá muintir fein do fheall for Lochlainn, ro crochadh iat lásan Ruaidhri sin ina míghníomh.

M1452.16

Tegh Munna do creachlosgadh lá Ferghal Mhág Eochagáin.

M1452.17

Mág Carthaigh Riabhach (.i. Donnchadh) tighearna Ua c-Cairpre d'écc, & Diarmaid an Dúnadh do óirdneadh 'na ionadh.

M1452.18

Brian mac an Chalbhaigh Uí Chonchobhair & Mairgrege do mharbhadh lá h-easgar.

M1452.19

Fearghal Ruadh Occ mac Fearghail Ruaidh mic Fearghail Ruaidh mic Donnchaidh mic Muirceartaigh Mhóir Mhécc Eochagáin cend fedhna bá mór clú & alladh ina aimsir do mharbhadh lá mac barúin Dealbhna, & lá cloinn mhac Piarais Dalatún h-i Cruach Abhall, & a dhichendadh leó, & a chend do breith h-i t-taisbénadh leo co h-Ath Truim, & co h-Ath Cliath, & a thabairt tar ais doridhisi, & a adhnacal ar aon-lia choloinn i n-Durmhagh Colaim Chille.

M1452.20

Maoleachlainn mac Ioraird Uí Mhaoil Chonaire do écc do ghalar medhóin lá Féle Michíl Dia h-Aoine do sonnradh.


p.984

M1452.21

Ua Cobthaigh, .i. Aodh mac an Clasaigh saoí lé dán & le tighedhus do écc don pláigh h-i Feraibh Tulach.

M1452.22

Cú Chonnacht Ua Fialáin & Giolla Íosa Ua Fialán d'écc.

M1452.23

Ua Duibhgennan Baile Cailleadh Foghair, .i. Magnus mac Maoileachlainn Ruaidh d'ég.

M1452.24

Aedh mac Aedha Óig mic Aodha mic Pilib na Tuaighe Mhég Uidir do mharbhadh h-i c-caislén Uí Ruairc (.i. Tighearnan mac Taidhg mic Tighearnáin) lá Brian mac Donnchaidh mic Aodha Mhég Uidhir, an .ui. idus April.

M1452.25

Concobhar Mac Gille Fhinnéin taoiseach Mhuintire Pheódacháin d'écc an .uí. Callainn April.