Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1403

M1403.0

AOIS CRlOST, 1403.

Aois Criost, mile, ceithre ched, a trí.

M1403.1

Domhnall mac Enrí Uí Néill do gabail tighearnais Tíre h-Eóghain.

M1403.2

Tadhg mac Cathail Óicc Uí Choncobhair do mharbhadh la cloinn Toirrdhealbhaigh Óig Uí Chonchobhair, & d'Eoghan mac An Abadh Uí Concobair for Machaire na n-Aileach, & a adhnacol h-i t-tomba Domhnaill mic Cathail a shenathar.

M1403.3

Conchobhar an abaidh mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh tighearna Ó Maine, nathair neimhe a chinidh & na n-Gaoidheal ar chena do écc iar n-onccadh & iar n-aithrighe, & a adhnacal i mainistir Eoin Baisde h-i t-Tir Maine.

M1403.4

Fionnghuala inghen Toirrdhealbhaigh mic Aedha mic Eoghain Uí Conchobhair ben Maoileachlainn Uí Ceallaigh (tighearna Ua Maine) do écc iar n-deigh-beathaidh.

M1403.5

Sluaigheadh la h-Ua c-Concochair n-Donn, & la Muircertach Bacach mac Domnaill (tighearna Sligigh) i n-Uachtar Connacht dar ghabhsat neart ar Shiol n-Anmchadha. Tiaghaitt i c-Cloinn Riocaird as a h-aithle do chongnamh le h-Uilleac mac Riocaird i n-aghaidh Mhaineach gur chuirsett a t-trén orra dibhlinibh.


p.778

M1403.6

Muirchertach Bacach mac Domhnaill mic Muircheartaigh tighearna Iochtair Connacht do écc (isin f-foghmar) i c-caislén Sliccigh.

M1403.7

Coccadh d'eirghe eidir Breifneachaibh & Clann n- Donnchaidh dar marbhadh Tomaltach Ócc mac Tomaltaigh Mhég Dorchaidh deodh-fhlaith Cheneóil Duachain don aicme-sin, & Muirchertach Óg Ó h-Élighe c-brughaidh cedach conáich, &c.

M1403.8

Maol Mordha mac Con Condacht mic Giolla íosa Ruaidh Uí Raighilligh do ghabhail tighernais Mhuintire Raigilligh.

M1403.9

Maghnus mac Con Maighe Uí Catháin tighearna Ciannachta do écc.

M1403.10

Felim mac Domhnaill mic Muirceartaigh Uí Choncobhair do écc.

M1403.11

Cú Uladh mac Giolla Patraicc Meic Cathmaoil do marbhadh (.i. i f-fiull) ina oirechtus dá dhaoínibh fein.

M1403.12

Corbmac mac Donnchaidh Meg Cartaigh do écc.

M1403.13

O Ceinneittigh Donn do marbhadh la cloinn Philip Uí Cheinneitigh,

Annal M1404

M1404.0

AOIS CRIOST, 1404.

Aois Criost, mile, cethre ched, a cethair.

M1404.1

Tomás Baired epscop Oile Find saoí Ereann i n-eaccna & i n-aird-eolus diadha, do écc, & a adnacal in Airigh Locha Con.

M1404.2

Concobar Ócc mac Aedha meic Diarmada tighearna Mhuighe Luirg, beithir ar beodhacht do ecc (.i. isin f-foghmhar), & Tadhg mac Aedha meic Diarmada do gabail tighearnais.


p.780

M1404.3

Corbmac Mac Diarmada do marbhadh ar sluaigheadh i Cloinn Riocaird in iomruaccadh lá marcshluagh Cloinne Riocaird agus Tuadhmhumhan.

M1404.4

Inghean Uí Choncobhair Fhailghigh ben Giolla Patraicc Uí Mhordha do écc

M1404.5

Maidhm Atha Duibh la Giolla Patraicc Ua Mórdha tighearna Laoighisi for Ghallaibh, i t-torcratar daoíne iomdha. Edáil each, arm, & édeadh do denomh orra.

M1404.6

Iarla Urmhumhan ceann crodhachta Gall Ereann do écc.

M1404.7

Donnchadh Bán Ua Maol Chonaire allamh Síl Muireadhaigh i senchas do écc

M1404.8

Giolla Duibin Mac Cruitin ollamh Tuadhmhumhan le senchas, & le seinm d'écc.

M1404.9

Cearball Ó Dálaigh ollamh Corco Modruadh, Domhnall mac Donnchadha Uí Dhalaigh da n-goirthi Bolg an Dana, Flann mac Seaain Uí Domhnallain ollamh Sil Muireadhaigh i n-dán, Uilliam Ua Deoradháin ollamh Laighen i m-breithemhnas, Nualadh inghe Domhnaill mic Muircertaigh Uí Choncobhair bean Fearghail mic Corbmaic Meic Donnchaidh, & Donncathaigh mac Muireadhaigh Mhég Senlaoich brughaidh cédach conáigh do Corco Achlainn, & lain-fhear gradha do Ruaidhri Ó Choncobhair do righ Connacht d'ég.

M1404.10

Eoghan mac Murchadha mic Cathaoir Uí Choncobhair do mharbhadh la h-iarla Chille Dara.

M1404.11

Antriu Baroid do mharbhadh la h-Uibh Murchadha.

M1404.12

Cogadh d'eirghe eidir Mag Cárthaigh & Ua Suillebhan Buidhe. Toirrdhealbhach Meith Mac Mathgamhna do beith ina loingseoir ag Mag Carthaigh an tan-sin. Breith dó ar Ua Súilleabhain ar fairrge, & ar cloind Diarmada Mhég Carthaigh badar ag cuidiugadh les i n-aghaidh Mhég Cárthaigh. Ua Suilleabháin, do bathadh don dul-sin dó, & Domhnall mac Diarmada Mhég Carthaigh do ghabhail.

M1404.13

Mathgamhain Mac Con Mara do écc sor slighidh na Romha.


p.782

M1404.14

Maoileachlainn Mhág Oirechtaigh taoiseach Muintire Rodhuibh do ecc.

M1404.15

Donnchadh Mac Cathmaoil taoiseach an da Cenel Fearadhaigh do marbhadh la Mág Uidhir.Fedhlimidh mac Aedha Uí Tuathail tighearna Ua Muiredhaigh do écc.

M1404.16

Cathal mac Taidhg Meic Donnchaidh adbar tighearna Ua n-Ailealla do écc.

M1404.17

Taichlech mac Donnchaidh Uí Dubhda, & Tuathal mac Maoilechlainn Uí Domhnalláin adbhar ollamhan Shil Muireadhaigh i n-dán, & Tadhg mac Baethgalaigh Meic Aedhagain adhbar ollamhan Iochtair Chonnacht i f-fenechus, Iaid-sidhe ina t-triur do écc.

Annal M1405

M1405.0

AOIS CRIOST, 1405.

Aoís Criost, mile, ceithre ched, a cúicc.

M1405.1

Slóigheadh la Tadhg mac Aodha Meic Diarmada tigearna Maige Luirg d'iarraidh a tigearnais ar sliocht Concobhair mic Taichligh, & for lucht Airtigh archena, amhail ro budh dual d' fior a ionaid do ghrés. Muintir Airtigh do tharraing Uí Concobair Dhuinn, Cloinne Muirchertaigh Muimhnigh, & cloinne Ferghail Meic Diarmada cuca i n-aghaidh Meic Diarmada. Cruinnighid i c-coinne aroile go Loch Labain i c-crich Airtigh. Ferthar deabhaidh etorra. Brisis Mac Diarmada & Donnchadh mac Meg Domnaill (a Consabal) cona muintir diblinibh i tús an laoí for an c-cumusc-sluagh c-cethardha batar ina aghaidh gur ro marbadh morán da f-fo-dhaoinibh don ruathor-sin. Gidhedh tuc fer eigin d' fianlach an mhadhma agaidh ar an ionadh in ar dhócha lais Mac Diarmata do bheith co t-tug urchor do shoighitt n-duaibhsigh n-doeadrána da ionnsoighidh, gur bheanastair go cert coimh-dhíreach ina braghaid dhó go t-torchair (no gur ecc) Mac Diarmata Tadhg di-sidhe a c-cionn t-sechtmuine ina thigh fein. Ruaidhri mac Aodha Meic Diarmada do ghabhail tighearnais Maighe Luirg iar sin.

M1405.2

Maghnus mac Aedha Uí Uiginn do écc.

M1405.3

Aodh Ua h-Ainlíghi, taoiseach Chenél Dobhtha do écc; & a adhnacal i c-Cluain Coirpthe.


p.784

M1405.4

Risderd Buitiler da n-goirthi Cos Cruaidh do mharbhadh la mac Fachtna Uí Mhórdha.

M1405.5

Cogadh ag Mac Murchadha re Gallaib, go t-tainic de-sidhe an Chontae Riabhach do creachlosgadh lais im Ceithiorlach, & im Diseart Diarmada.

M1405.6

Risdet Mag Raghnaill adhbhar taoisigh na n-Eolasach do écc tre ainmesair óil.

M1405.7

Ua Concobhair Ciarraighe Diarmait mac Donnchadha do mharbhadh la Mac Muiris Ciarroighe.

M1405.8

Inghen Domhnaill Uí Briain, ben Pilib mic Mathghamhna Duinn Uí Chinneidig do écc.

M1405.9

Giolla na Naomh mac Ruaidhri Uí Chianáin ollamh seanchais Fear Manach do


p.786

écc go h-obann i t-tigh mic Neidhe Uí Maoil Conaire, i c-Cairpre Gabra, & a adhnacal i mainistir Leth Ratha.

M1405.10

Fearghal mac Corbmaic Meic Donnchaidh adhbar taoisigh Ua n-Ailealla do écc.

Annal M1406

M1406.0

AOIS CRIOST, 1406.

Aoís Criost, míle, ceithre chéd, a Sé.

M1406.1

Comarba Caindigh do écc.

M1406.2

Ua Concobair Donn, .i. Toirrdhealbhach Óg mac Aedha mic Toirrdhealbhaigh, et cetera, tuir cothaighthe & cosanta enigh & oirrdearcais Connacht do mharbhadh la Cathal Dubh mac Uí Choncobhair Ruaidh, & la Seaan mac Hoibert mic Emainn mic Hoibert mic Sir Dauith a Burc (dar mathair Bean Mumhan inghean mic Fedhlimidh) i t-tigh Riocaird mic Seaain Buidhe mic Emaind mic Hoiberd isin creaccan la taobh Fidhici i Cloinn Connmhaigh, & Sean mac Hoberd do thuitim lá h-Ua c-Concobhair ar an lathair-sin.

M1406.3

Maol Ruanaidh mac Taidhg Meic Donnchaidh tigherna Tire h-Oilealla do écc ina thigh fein, iar m-buaidh n-aithrighe, & a adhnacal i mainistir na Búille.

M1406.4

Maidhm dermair la Murchadh Ua c-Concobhair tighearna Ua b-Failge (cona mac An Calbach imaille ris, & go c- cloinn Uí Choncobhair Ruaidh, .i. Cathal Dubh, & Tadhg go m-buidhin marcsluaigh immaraon riú iar n-dol ar cuairt dóibh co h-Uibh


p.788

Failghi) for Ghallaibh na Midhe, & for Eoghan mac An Abaidh Uí Choncobhair co c-ceithirn chongbala Connacht immaille fris. Co n-deachadar na sluaigh-sin díbhlinibh i n- uachtar Geisille & co n-deachaidh mac an Abaidh cona corugadh ceithirne budhdéin go Cluain Immurrois go baile An Giolla Bhuidhe Mic Maoil Corra go rucc orra annsin An Calbach mac Murchadha Uí Choncobhair & Cathal mac Uí Concobhair Ruaidh sessear marcach, & Eoghan gona muintir ag denomh édála an bhaile. Baoí oighen ón c-Calbach Ua c-Concobhair ar iasacht ag fer an baile-sin ag denomh lenna, & ar b-faicsin An Chalbhaigh chuige dhó aseadh do-ráidh. Ag sin thoighen acc an c-ceithirn a Calbaigh, & fuagraim duit é. Gabhaim lais isin ionad ina b-fuil sé ol an Calbhach. Baoí in t-oighen annsin for muin óglaoích do lucht saraighthe an bhaile, & tug an Calbhach Ó Concobhair urchor aitheasach do cloich tarla ina láimh docum an óglaoigh gur ro ammais an t-oighen, gur ben fuaimm & fothrom an oighin (iar m-béim na cloice dho) bloisg bedhgadh omnaightheach a croidhe gach aoin daos na foghla gur gabsat briseadh cuca fo chétoir. Leantar go lán-athlamh iad go t-tugadh oirleach & athcumma orra.

p.790

Marbhtar mac An Abbaidh Uí Chonchobhair for an mónaigh alla thuaidh don baile annsin, & nochar lúgha ina trí ched i n-easbhadha eidir Ghallaib, & Gaoidhealaibh, óthá sin go Cluain Aíne i c-Crich na c-Cédach. As don toisc-sin do benadh aird-mhionn Connacht, .i. An Buacach Patraig do biodh i n-Oile Find do Ghallaibh.

M1406.5

Tadhg mac Donnchaidh Ui Birn taoiseach Tire Briuin na Sionna d' écc.

M1406.6

Niall O Gairmleadhaigh adhbar taoisigh Cenél Moein do écc.

M1406.7

Mairgreg inghen Toirrdhelbhaigh, mic Eoghain Meic Suibhne ben t-Seain mic Domhnaill mic Neill Uí Domhnaill do écc.

M1406.8

Aodh mac Donnchaidh mic Muircertaigh Uí Concobhair do mharbhadh la a bhraithribh fein lá Maghnas mac Donnchaidh, & la h-Aodh m-Buidhe Mac Donnchaidh.

M1406.9

Mac Con Mara taoiseach Chloinne Cuiléin do écc.

Annal M1407

M1407.0

AOIS CRIOST, 1407.

Aoís Criost, míle, ceithre chéd, a Seachtt.

M1407.1

Muirchertach (.i. mac mic Maine) Ua Ceallaigh Airdepscop Connacht, saoí i n-eccna, i n-eineach, & i crabaidh d'ég.

M1407.2

Seaan mac Taidhg Ui Ruairc adbar tigearna Breifne d'eg i Muigh Luirg, & a adhnacal i n-Druimm Leathain.

M1407.3

Mac Taidhg mic Mathgamna Duinn Uí Chinnedigh tighearna Urmhumhan Uachtaraighe do marbhadh la h-Ua c-Cearbhaill.

M1407.4

Maidhm la Gallaibh for Gaoidhealaibh na Mumhan dú inar marbhadh Tadhg Ua Cerbhaill tighearna éle, feicheamh coitcenn do cliaraibh Erenn eisidhe.


p.792

M1407.5

Maidhm Chille h-Achaidh la h-Ua c-Concobhair Ruadh la cloinn Maoileachlainn Uí Chellaigh & la Mac Diarmata for Mac Uilliam Cloinne Riocaird, & for Cathal mac Ruaidhri Uí Choncobhair (dia ro goireadh ainm righ Connacht deis Uí Chonchobhair Duinn do mharbhadh) gur briseadh forra diblinibh gur gabhadh Cathal Ó Conchobhair, & Uilliam A Búrc, & Remann Mac Hoiberd, & Ó h-Eidhin iar marbhadh moráin da muintir leth for leth. Ro marbhadh ann Raghnall mac Domhnaill Óicc Mec Domhnaill, & Seaan Ballach mac mec Henri. Ro fhaccaibhsiot eich & éitteadh iomdha isin maidhm-sin.

M1407.6

Brian mac Domhnaill mic Muirceartaigh Uí Conchobhair, & Clann n-Donnchaidh ro ghoirset an ghairm righ-si do Chathal mac Ruaidhri for Carn Fraoích dia t-túdcaidhsett co Machaire Connacht gur ro brissett caislen Tobair Tuillsce.

M1407.7

Eoghan mac Cathail mic Aedha Bréifnigh mic Cathail Ruaidh Uí Concobhair do écc, & a adhnacal i mainistir na Búille.

M1407.8

Conmac Ua Ferghail do écc.

M1407.9

Cathal mac Uí Concobhair Fhailgigh do mharbhadh la Cloinn Fheorais.

M1407.10

Aodh Mag Aengusa tighearna Ua n-Echdhach do mharbhadh da braithribh fein, & dá airect.

M1407.11

Sluaigheadh la h-Ua n-Domhnaill Toirrdealbhach mac Neill i c-Cairpre go ro creachadh crioch Cairpre lais.

M1407.12

Aodh Mág Uidhir do ghabhail la Niall Ua n-Domhnaill, & la Cathal Ua Ruairc, & Maghnus Eoghanach Mhág Uidhir, & a m-breith d'ionnsaighidh Uí Domhnaill, & O Domhnaill do légadh Aodha ar slánaibh Eoghain Uí Neill & Meg Uidhir.


p.794

M1407.13

Aodh mac Airt Mheg Aenghusa tighearna Ua n-Eachdhach do iondarbhadh la cloinn Con Uladh Uí Néill, & la a brathair fein, .i. mac Muirchertaigh Óicc Meg Aonghusa as a thír budhdein i crích Mhec an t-Sabaoísigh, & iatt dia lenmain isin tir-sin go ro sraoíneadh lais-siumh forra, & go ro mharbh Mac Giolla Muire.

M1407.14

Aodh Ua Flaithbertaigh tighearna Iarthair Connacht do écc iar c-cian-aois.

M1407.15

Eoghan Ó Dochartaigh adhbar taoisigh Arda Miodhair do écc.

Annal M1408

M1408.0

AOIS CRIOST, 1408.

Aoís Críost, míle, cethre chéd, a h-ocht.

M1408.1

Iarla Chille Dara do ghabhail do mac Righ Saxan.

M1408.2

Sluaigheadh la Gallaibh Atha Cliath im mac Righ Saxan go Laignibh. h-It-sin Diúid do mharbhadh for an sluaigheadh-sin, & ba móir-easbaidh eisidhe.

M1408.3

Tomás mac Hoiberd mic Emainn mic Hoiberd do mharbhadh d'aon- urchor fogha la Giolla na Naomh mac Uilliam Gallda Uí Taidhg.

M1408.4

Maghnus Mag Samradháin do marbhadh don Baothán Mac Giolla Ruaidh d'urchar do chuaille.

M1408.5

Milis Dalatún do mharbadh lá a bráithribh budhdéin. A mhac do mharbhadh iar sin la Sliocht Chathail Uí Ferghail, & a chaislen do briseadh.

M1408.6

Fearghal mac Conconnacht Uí Fherghail do écc.


p.796

M1408.7

Conchobhar mac Iomhair Uí Ainlighe do marbhadh la Corcaibh Achlann & la Cenél Dobhtha budhdhéin for monaigh Cluana na c-Cailleach lá na m-bruach n-dubh (& ba cruaidh an la-sin do cloinn Iomhair Uí Áinlighe, & do Chathal Dubh Ua Chonchobhair), & a adhnacal i Ros Commáin.

M1408.8

Eóghan Ó Ruairc, & cland Duinn Mhég Samradháin do dul i Tir Conaill do chogadh for Bréifneachaibh.

M1408.9

Mac Briain Ó c-Cuanach do marbhadh i meabhail la Gallaib, & lasan m-Breicleighech.

M1408.10

Tadhg Ua Gráda taoiseach Chenél Dúnghaile do écc.

M1408.11

Sean Cam Ó Sechnasaigh do marbhadh la Mac Uí Lochlainn ar sugradh ar faithche Cluana Ramfhotta.

M1408.12

O h-Echeidhein do marbhadh do Uibh Dalaigh i Machaire Maonmaighi.

M1408.13

Mac Giolla Muire do marbhadh i meabhail i c-Carraic Ferghusa la cloinn Mec a t-Sabhaoísigh.

M1408.14

Coccadh ag Mac Murchadha re Gallaibh, & as é Mac Murchadha ba cosccrach.

M1408.15

Coccadh mor acc Ua c-Concobair Failghe re Gallaibh go ro aircc, & go ro mhill ile uaidhibh.

M1408.16

Mac an Bhaird Chúile an Urtain ollamh Ua Maine do écc.

M1408.17

Caislen Baile an Dúin do denamh la Concobhar mac Taidhg Mec Donnchaidh.

M1408.18

Caislen Cuile Maoile do dhenamh la Murchadh mac Corbmaic Mec Donnchaidh.


p.798

Annal M1409

M1409.0

AOIS CRIOST, 1409.

Aoís Criost, míle, cethre ched, a naoí.

M1409.1

Brian mac Seain Ui Eghra epscop Achaidh Conaire do ecc iar m-buaidh ongtha & aithrighe.

M1409.2

Mac rígh Saxan do fhágbhail Ereann, & Iarla Cille Dara do leigean dó riana imtecht.

M1409.3

Athtaoiseach do dhénomh do Maoileachlainn Mor Mhag Eochagain, & Fearghal Ruadh mac Fearghail Ruaidh mic Donnchaidh do óirdneadh ina ionad.

M1409.4

Cos Risdeird A Búrc do briseadh la coin baoí ina rioth do bhuain dó, & a écc treimhid-sidhe.

M1409.5

Creach beoil lece la Tighearnan Ua Ruairc ar Ua n-Domhnaill, & for Chathal Ua Ruairc, & for Eoghan Ua Ruairc. Ua Domhnaill & Cenel Conaill do bheith i foslongport alla tall don eass, Cathal, & Eoghan don taobh abhus don eass cettna go t-tucc-somh an creach uatha diblinibh.

M1409.6

Foslongport do denamh d'Ua c-Concobhair Ruadh & d'Ua c- Ceallaigh i t-timcell Rossa Comaín dia ro mhillsiot arbhanna an bhaile & na mainistire, & ro cuirseat na braithre as in mainistir d'eccla sccel do-rochtain anonn don caislén.

M1409.7

Sluagh mor la Brian mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Concobhair, & la Mac Donnchaidh Thíre h-Oilealla, & la cloinn Tighernáin Uí Ruairc gur ro chuirset costus & lón i c-caislen Rosa Commain d'aimhdheoin fer c-Connacht ó shliabh suas, & iatt in aoin-tionól ara c-cionn do cois & d'each. Agus tangadar tar a n-ais an oidhce-sin isin Airm, & arna marach dia t-tighibh.

M1409.8

Muintir Chuirnín do denamh marbhtha for aroile, .i. Seaan & Connla do mharbhadh la Diarmaitt mac Muircheartaigh Uí Chuirnín i t-tigh Uí Duibhgionnain Baile Coillte Foghair. Diarmaitt do dul iar sin go teach Chonchobhair Chruimm


p.800

mic Taidhg Uí Ruairc a thigherna & a chomhalta budhdhéin. Conchobhar dá ghabhail fo chettóir i c-cionnaidh a mhighníomha, & a thairbert uaidh do Muintir Ruairc & do Muintir Chuirrnín, & a beith i m-braighdenus asa h-aithle go cenn coícthidhisi & mac Seaain Ui Chuirnín dá marbhadh iaramh.

M1409.9

Muircheartach mac Aedhagáin ollamh breitheamhan fear t-Teathba, saoí fhoirccthi erghna ina ealadhain feisin do écc.

M1409.10

Mael Seclainn mac Mael Ruanaidh Mec Donnchaidh, & Sean Buidhe a brathair do ionnsaighidh Thaidhg mic Maoil Ruanaidh mhic Gilli Crist Mhec Donnchaidh i Maigh Luirg, & Tadg do gabáil doibh. Tionól an tíre do breith forra, & deabhaidh do chor etorra, & saighet do chur i Maoilechlainn mac Mhec Donnchaidh, & a écc as a los.

M1409.11

Coccadh mor eittir Ua m-Briain cona cloinn & clann Bhriain Ui Briain. Do-rala etorra gur ro sraoínedh for Ua m-Briain, & ro gabadh mac Iarla Chille Dara do-rala ina fharradh & Diarmait, & ro h-iondarbadh Ó Briain as in Mumain móir amach la cloinn Uí Briain.

M1409.12

Mag Cárthaigh Cluasach, .i. Domhnall mac Fíngin mic Donnchaidh mic Diarmata Remhair do écc.

M1409.13

Fínghin mac Mec Con mic Fínghin Uí Eidersceoil do ecc.

M1409.14

O h-Eidisscceóil Ócc do écc.

M1409.15

Muircheartach mac Giolla Ulltain saoi shenchadha do ecc.

M1409.16

Eiccneach Ó Duinnín adbar ollaimh Desmumhan do écc don plaigh.

Annal M1410

M1410.0

AOIS CRIOST, 1410.

Aoís Criost, míle, ceithre chéd, a dech.

M1410.1

Domhnall Ua Néill tighearna Thíre h-Eoghain fear go n-gairin rígh a cheinóil do ghabháil la Brian Mag Mathghamhna mar nar chubaidh, & a thabhairt ar chomhtaibh d'Eoghan Ó Néill, & Eoghan dia chor dia iomchoimhett go Mag Uidhir.

M1410.2

Raghnall Mag Raghnaill taoiseach Muintire h-Eolais do ecc iar n-ongadh &


p.802

iar n-aithrighe, & Cumhscrach Mhág Raghnaill do chur i t-taoisighecht ina dheoidh, & a écc sidhe h-i c-cionn coictighisi iar sin.

M1410.3

Fedhlimidh Cleireach mac Aedha mic Fedhlimidh Uí Choncobhair do écc.

M1410.4

Tadhg Carrach mac Toirrdhealbhaigh Duinn Uí Concobhair do écc.

M1410.5

Maoileachlainn mac Eoghain Uí Ruairc do mharbhadh la Conallchaibh.

M1410.6

Caislén Dhuin c-Cremtannain do blodhadh d'feraibh Cairpre & do Breifneachaibh.

M1410.7

Tomás mac Maol Mhuire Mec Craith ollamh Tuadhmhumhan le dán do écc.

M1410.8

Sadhb inghen Conchobhair Uí Briain ben Uater A Búrc do écc.

M1410.9

Corbmac Óg Mhág Cárthaigh d'ég i n- geimeal Mhég Cártaigh Mhóir ag á brathair.

M1410.10

Tadhg mac Maoileachlainn mic Uilliam mic Donnchaidh Muimhnigh Uí Cheallaigh tighearna Ó Maine, flaith-fhear dearcach daonnachtach do écc iar m-buaidh n-aithrighe.

M1410.11

Tadhg mac Uilliam mic Concobair Mec Branáin taoiseach Corco Achlann do écc lá Samna ina thigh féin i c-Coillidh Móir Cluana Sencha iar n-ongadh & iar n-aithrighe n-diongmhala, & a adhnacal i mainistir na m- brathar i Ross Commain i n-iomdhaidh a athar & a shenathar.

M1410.12

Donnchadh mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh do ghabhail tighearnais for Uibh Maine i n-deóidh Taidhg.

M1410.13

Cuig céd bó do breith do cloinn Uí Concobhair Duinn o mhuintir Uí Choncobair Ruaidh (i t-timcheal na Samhna) o Ráith Brenainn.

M1410.14

Toirrdhealbhach & Tadhg da mhac Uí Mhaoil Mhuaidh, & Domnall mac mic Hoibicín Uí Maoil Mhuaidh do mharbhadh la Cloinn Mhaoil Ughra.

M1410.15

Maoileachlainn Mór mac Ferghail mic Ferghail mic Muirchertaigh Móir Mhég Eochagain tighearna Chenél Fiachach do écc iar m-buaidh n-ongtha & n-aithrighe.

M1410.16

Domhnall mac Corbmaic Ui Eaghra adbar tighearna Luighne d'écc.

M1410.17

O Briain do thecht i t-Tuadmumhain iar n-denamh siodha fria a bhraithribh, .i. le cloinn Briain Ui Briain.

M1410.18

Caislen Maighe Brecraighe do ghabhail la Gallaibh Midhe & lasin Iustís ar Ua f-Ferghail.


p.804

M1410.19

Domhnall mac Aedha Ui Flaithbertaigh tighearna Iarthair Connacht do mharbhadh la cloinn Briain Uí Fhlaithbertaigh ina oireachtus fein.

M1410.20

Sluaigheadh la h-Ua n-Domhnaill Toirrdhealbhach i m-Breifne Uí Ruairc go ro creachloiscceadh an tir lais. Ruccsat fir Breifne i t- toraigheacht fair. Ro fighedh erghal etorra go ro sraoíneadh for an tóir dú in ro marbhadh Sean mac Eoghain Uí Ruairc go sochaidhibh ele imaille fris, & ruccsat Cenél c-Conaill an c-creich.

Annal M1411

M1411.0

AOlS CRIOST, 1411.

Aoís Criost, mile, cethre chéd, a dech, a h-aon.

M1411.1

Croch naomh Ratha Both do tepirsin fola tar a créchtaibh galra. & tedhmanna iomdha do fhóiridhin lasan b-fuil h-i-shin.

M1411.2

Domhnall mac Concobhair Uí Briain tanaisi Tuadmhumhan do mharbhadh lásan m-Barrach Mór.

M1411.3

Eoghan mac Murchadha Uí Madadháin tighearna Shíl n-Anmchadha d'écc.

M1411.4

Maol Mórdha mac Con Connacht mic Giolla íosa Ruaidh Uí Raghallaigh tighearna Breifne do écc.

M1411.5

Cobhthach Ua Madadháin adhbhar tighearna esidhe ar a dhuthaidh fein d'écc.

M1411.6

Muirchertach mac Con Uladh Uí Néill riogdamhna Chenel Eoghain d'écc.

M1411.7

O Suilleabhán Mor do ghabhail & do dhalladh, & a mhac do mharbhadh la Domhnall (.i. Domhnall Dubh) Ua Suillebháin i fell.

M1411.8

Tomás mac Seain iarla Desmhumhan d'indarbadh a h-ErindSemus mac Gearóid.

M1411.9

Maol Seachlainn mac Briain Mheg Tighernáin tanaisi Teallaigh Dúnchadha d'écc.


p.806

M1411.10

Conchobhar Ua Cathasaigh airchindeach fearainn Muintire Cathasaigh i n-Daimhinis, & Iohanes Mac Sgoloige aircindeach a fhearainn fein i Ros Airtir d'écc.

M1411.11

Muirceartach Midheach mac Briain Uí Fhearghail tighearna an Chaladh isan Anghaile fear nach ar h-imdeargadh riamh d'écc.

M1411.12

Concobhar mac Giolla Mo Chuda Uí Shuillebain do marbhadh da braithribh fein i f-fiull.

M1411.13

Mainistir Eanaigh Dúin do losccadh.

M1411.14

Domnall Doidhiola O Bechain saoí shenchadha do ecc.

M1411.15

Diarmait mac Giolla Iosa Meg Craith ollamh Tuadhmumhan le dán do écc.

M1411.16

Domhnall mac Cathail Ui Ruairc do ecc.

M1411.17

Taichleach Buidhe Ó h-Eghra do ecc.

M1411.18

Sirriam na Midhe do gabail la h-Ua c-Concobair f-Failge, & fuaslaccadh mór do bein as.

M1411.19

Mág Cárthaigh Mór do iondarbhadh la h-Uíbh Suilleabhain.

M1411.20

Maol Muire Mac Suibhne do ghabhail la h-Ua n-Domhnaill tre ionnlach & edarchosaoítt aroile dia mhuintir.

M1411.21

Tadg (.i. Caoch na Moicheirghe) mac Diarmata Meg Carthaigh adbar tighearna Desmumhan do mharbhadh i f-fiull la Feidhlimidh mac Diarmata Még Cárthaigh.

M1411.22

Mac Maghnasa Tire Tuathail & a mhac do mharbhadh la cloinn Ruaidhri Mec Maghnasa.


p.808

Annal M1412

M1412.0

AOIS CRIOST, 1412.

Aoís Criost, mile, cetre ched, a dech, a dó.

M1412.1

Dealbh Muire Atha Truim do denamh miorbhal n-iomdha.

M1412.2

Domhnall mac Néill Uí Dhomhnaill d'écc.

M1412.3

Aodh mac Enrí Uí Neill do éludh a h-Ath Cliath iar m-beith dho dech m-bliadhna i l-laimh & tucc fós móran do braighdibh oile lais ar an elúdh-sin fa mhac Még Uidhir, & fa mhac Uí Néill .i. mac a derbhrathar fein, & ba ar son Uí Neill do-coidh-siumh i m-braighdenas, & iar n-élúdh dó ro measccbuaidhreadh an coicceadh uile ag tobach Uí Néill ar Eoghan Ua Neill, & ar Ua n-Domhnaill, & ar Mag Uidhir, & ar Oirghiallaibh.

M1412.4

Tighearnan Ócc mac Tighearnain mhóir-adhbhar tighearna Breifne d'ecc iarsan seiseadh bliadhain triocat a aoisi a mí april do shonradh.

M1412.5

Cú Chondacht Mac Tighearnáin taoiseach Teallaigh Dúnchadha do mharbhadh la Feraibh Manach ina thigh fein h-i c-Cruachain Mec Tighernáin ar greis oidhche, & tucatar ár fer, ban, & lenamh, & ro loisccset an baile uile, & tiaghaitt iaramh tar a n-ais.

M1412.6

Donnchadh mac Domhnaill Mec Gille Findéin d'écc.

M1412.7

Riocard Bairéd do theacht ar crech go Cúil Chernadha, & daoíne uaisle an tíre do breith fair, & a chur gusan Muaidh, & a bathadh fuirre go sochaidhibh dia mhuintir immaille friss do báthadh & do ghabháil.

M1412.8

Eda Léis & mac iarla Cille Dara do comhthuitim ré aroile i c-Cill Mo Cheallóg.


p.810

M1412.9

Coccadh eitir Ua n-Domhnaill & Ua c-Catháin & clann t-Seaain Uí Dhomhnaill, táinicc trá a Catháin & clann t-Seaain cona shochraide h-i t- Tír Chonaill, & ro marbhadh cethri fir dég do mhuintir Uí Dhomhnaill leó im mac Fedlimidh Uí Dhomhnaill & im Cathal mac Raghnaill Uí Bhuighill.

M1412.10

Mór-shluagh lá Brian mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Choncobhair im Lughnasadh i n-Gailengaibh ar tús. Assidhe i Cloinn Cuain, h-i Cera h-i Conmaicne Chúile Tóladh, & ruc leis Clann Muiris na m-Brígh cona c-caoraigheacht isin crich-sin. Ro thionóilset Clann Uilliam Búrc, Uí Flaithbertaigh, Muintir Mháille, Bairédaigh, Gailenga, & Goisdealbhaigh ara cind, agus ní thuccsat sin uile troid ná tachar dhó, & do loiscc Brian a c-criocha da n-aimhdheóin, cia do mhill a n-guirt, & cia do loisc a longporta, .i. Caislén an Barraigh, Lethinsi, Baile Locha Mescca, & fágbhais Cland Muiris cona c-caoraigheacht ina t-tír fein, & fuair síth o na Gallaibh & ó na Gaoidhelaibh sin don chur-sin, & tainic féin slán dia thigh iar sin.

M1412.11

Sluaigheadh oile lá h-Eoghan mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Chonchobhair co Machaire Connacht fo toghairm cloinne Toirrdhealbhaigh Uí Conchobhair gur mhillset cuid cloinne mic Fedhlimidh don mhachaire & ruccsat bú, & braighde leó iar sin.

M1412.12

Sadhbh inghen Tighearnáin Uí Ruairc ben Emainn mic Tomáis mic Cathail Uí Ferghail d'écc.


p.812

M1412.13

Ruaidhri mac Cathail Uí Fergail do mharbhadh i Machairi Chuircne d'urchur soighde.

M1412.14

An cuicceadh Henrii do rioghadh os Saxaibh .20. marta.

M1412.15

Sluaigheadh la Brian Ua c-Concobhair i t-Tír n-Aedha, go ro loiscc go Murbhach, & go ro marbh Coilín Mac Coilín i m-Bel Átha Senaigh.

M1412.16

Mág Bradaigh taoiseach Chúile Brighdín, Maghnus Mág Raghnaill, mac Lochlainn Uí Ruairc, & Cuabha Mág Gormáin do écc.