Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1393

M1393.0

AOIS CRIOST, 1393.

Aois Criost, míle, trí céd, nochat, a trí.

M1393.1

Seaan mac Seaffraidh Uí Raighilligh espucc na Breifne d'ecc.

M1393.2

Matha Ua h-Eoghain caibellán Innsi Caín d'écc.

M1393.3

An Sacart Ó Clérigh do écc.

M1393.4

Aodh mac Concobair (.i. mic Tomaltaigh) Meic Diarmada tigerna Moighe Luirg d'écc iar m-buaidh n-einigh & n-aithricche, & Cathal a mhac do bhathadh iaramh.

M1393.5

Maol Ruanaidh mac Ferghail Meic Diarmada do ghabhail tigearnais Moighe Luircc tre nert & tre cuidiuccadh Thomaltaigh Meic Donnchaidh.

M1393.6

Ionnsaighidh do thabhairt do chloinn Aodha Meic Diarmada go Cluain Ó c-Coindén (i c-caladh Locha Techet) ar mhac n-Diarmatta. Iombualadh do thabhairt doibh dia 'roile.Briseadh for chloinn Aodha. Concobhar & Ruaidhri dá mhac Aodha Meic Diarmata do ghabhail. Ferghal mac Donnchaidh Riabhaigh do ghabail imaille riú, & a éludh as a h-aithle. Domhnall Dubh Mac Diarmata & sochaidhe oile do mharbadh don toiscc-sin ina t-timcell.


p.728

M1393.7

Brian mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh tanaisi Ua Maine, Ferghal Mag Samhradhain taoíseach Teallaigh Eachdhach, fer go n-úire n-einig do cliaraibh, & Maghnus Ó h-Eaghra tanaisi Luighne d'écc.

M1393.8

Sith do dhénamh d'uaislibh Moighe Luircc re 'roile im roinn a n-domhgnasa, & im chomfuasluccadh a n-giall a geimhlibh.

M1393.9

Raghnailt inghean Aodha mic Feidhlimidh Uí Choncobhair ben deigh-dealbhdha daonnachtach, Muiris Cam mac Ruaidhri Még Eochagain, & Brian mac Uilliam Óicc Mécc Eochaccáin d'eg.

M1393.10

Edaoin inghen Cathail Oícc Uí Concobhair ben Brian mic Maoilechlainn Uí Chellaigh, Domhnall & Emann da mhac Maoileachlainn Uí Cheallaigh, & Diarmait Ua Flannaccain adhbar taoisigh Tuaithe Ratha do écc.

M1393.11

Mainistir Chille h-Achaidh i n-espuccóidecht Chille Dara do dhenomh do braithribh S. Franseis la h-Ua c-Concobhair f-Failge.

Annal M1394

M1394.0

AOIS CRIOST, 1394.

Aois Criost, mile, trí chéd, nochatt, a cethair.

M1394.1

Richard Ri Saxan do thecht i n-Erinn fo Fheil Michil, & a thecht i t-tír h-i Port Lairge & a dhol asidhe go h-Ath Cliath.


p.730

M1394.2

Giolla Domhnaigh Ua h-eoghain oifficel Locha h-Erne,pearsún & airchinnech Insi Caoín, Matha Mac Giolla Coisccle biocaire Claoininsi, & Lucás Mág Scoloicce biocaire Achaidh Urchair do écc.

M1394.3

Iarla o Mars do thect i n-Erinn.

M1394.4

Tadg mac Giolla Iosa Uí Flannaccáin taoíseach Tuaithe Ratha do mharbhadh la cloinn Dauéd Uí Flannaccain, & la cloinn Muircertaigh Uí Flannaccáin.

M1394.5

Aodh Ó Díomusaigh do marbhadh la Gallaibh i lurg creiche.

M1394.6

Tomás Ua Díomusaigh adbhar tigerna Chloinne Maoil Ighra do marbhadh la Saxanchaibh.

M1394.7

Mac Siurtain Sean mac Maoilir tigherna Bhaile Atha Lethain do mharbhadh da braithribh i f-fell .i. clann t- Seain d'Exetra.

M1394.8

Sluaicceadh la h-Art Mac Murchadha la Rígh Laighen do shaighidh Gall go ro loiscc Ros Mic Triúin cona thighibh & cona chaislenaibh, & do-rad ór & airgett & braighde laiss.


p.732

M1394.9

Iarla Urmumhan do tionol go Laighnibh dá milleadh gur loiscc, & gur mhill Gailine & críoch Uí Cheallaigh Mhaighe Drúchtain i Laoighis, & sóadh do dia thigh iaromh.

M1394.10

Ruaidhri mac Ruaidhri Uí Neill do marbhadh la cloinn Enrí Uí Néill.

M1394.11

Mac Murchadha .i.Art mac Airt do dhenamh coccaidh re Righ Saxan cona muintir go ro marbhadh sochaidhe lais, & a thocht fo dheóidh do thigh an Righ la h-aslach Gall & Gaoidheal Laighen, & ro gabhadh eisidhe tria ionnlach an Iustís .i. Iarla Urmumhan. Ro leicceadh iaramh, & ro congbadh Ó Brain, Ó Mórdha, & Sean Ó Nualláin i l-láimh dia éis.

M1394.12

Mac Uilliam Burc .i. Tomás, do dhul co tech an Righ, & onóir mór d'faghbáil dó, & tigearnus & cennus ar Ghallaibh Connacht.

M1394.13

Toirrdhealbhach mac Murchaidh na Raithnighe Uí Bhriain do cloinn Briain Ruaidh do dhenamh coccaidh ar mhuintir an Righ i Mumhain & i l-Laighnibh & condae Luimnigh do losccadh & do arccain dó.

M1394.14

Cam Cluana Ó Dubhaccáin do mharbhadh la muintir Righ Saxan i n-Áth Cliath.


p.734

M1394.15

Brian mac Maoil Ruanaidh mic Fearghail Meic Diarmada adbar tigearna Maighi Luircc do mharbhadh la Maelsechlainn Clérech Mac Diarmata .i. dearbrathair a athar.

M1394.16

Tadhg Ua h-Eachaidhéin saoí fhir-dhána do mharbhadh la cloinn Con Chonnacht Uí Dálaigh im ollamhnacht Uí Néill.

Annal M1395

M1395.0

AOIS CRlOST, 1395.

Aoís Criost, mile, tri ced, nochat, a cúicc.

M1395.1

An t-epscop ócc Ó Mocháin d'écc ar slighidh na Romha.

M1395.2

An biocáire Ó Flannghaile, .i. biocáire Sccríne Adamnain do écc.

M1395.3

An t-oifficel Ó Tuathail, & ro ba biocáire in Iomdhaidh Feichin, fer tighe n-aoídedh oirrdeirc do écc.

M1395.4

O Neill Buidhe do écc, & adhnacal in Ard Macha.

M1395.5

Pilip mac Aedha Mhég Uidhir tighearna Fher Manach caithme & chosanta a chriche, fer dar lán Ére dá chlú, & da oirdearcus do écc iar m-buaidh n-aithrighe. Tomás Mág Uidhir .i. An Giolla Dubh mac Pilip do ghabhail tigernais Fher Manach.

M1395.6

Domhnall .i. Ua Maoile Dúin Luircc do ghabhail la cloinn Airt Mhég Uidhir i


p.736

f-fell i t-Termonn Dábheócc, & a chur i m-braighdenus go h-Ua n-Domhnaill, & a écc da és i n-geimhiol.

M1395.7

Concobhar mac Aedha Ruaidh Még Uidhir do ghabhail leis An n-Giolla n-Dubh .i. Tomás, & lena dearbrathair Aodh Mág Uidhir & a éludh iaramh .i. a bhreith lais dia mhac fein.

M1395.8

Drem do mhuintir Righ Saxan do dul ar creich i n-Uíbh Failghe, & Ua Concobhaír dia lenmain go tóchar Cruacháin, & drong mor diobh do marbhadh, & tri fichit each do bhein díobh. Drem ele do mhuintir Righ Saxan im Iarla Maruscal do dhul ar creich in Éilibh, & Ó Cerbaill cona mhuintir do-bhreith forra, & sochaidhe do Ghallaibh do mharbhadh leó, & eich iomdha do bein díobh.

M1395.9

Niall Ócc mac Neill mic Aedha Uí Neill, & O Briain, .i. Brian mac Mathgamhna do dhol i tech Righ Saxan.

M1395.10

Coblaigh Mór inghen Chathail mic Domhnaill Uí Concobair inghen Righ Connacht, ben thoictheach trom-conaich go f-feabhus n-einigh do écc iar m-buaidh n-aithrighe, &


p.738

a h-adhnacal i mainistir na Buille. As di-sidhe do gairthí Port na t-trí namat, uair as í ba ben d'Ua Domhnaill .i. Niall tigerna Tire Conuill, d'Aodh Ua Ruairc tighearna Breifne, & do Chathal mac Aodha Breifnigh Uí Concobhair rioghdamhna Connacht.

M1395.11

Una inghean Taidhg mic Maghnusa Uí Choncobhair ben Még Uidhir do écc.

M1395.12

Sean mac Airt Mhég Uidhir do ghabháil lé Mág Uidhir, & a thiodhnacal d'Uíbh Maoile Dúin Luircc, & a marbhadh dóibh ar Fionntracht Droma Bairr amhail ro thuill uatha roimhe-sin.

M1395.12

Saxan do fháccbáil Ereann im Beltaine iar n-dol druinge moire do Ghallaibh & do Ghaoidhealaibh Erenn ina thech, & An Moirtimérach do fhaccbáil don Rígh ina ionadh i n-Erinn, & ge do-chuaidh Mac Murchadha i tigh in Righ ní ro chreid dó iarttain.

M1395.14

Ard Sratha & Clochar Mhac n-Daimhin do losccadh cona n-uilibh iol-mhaoinibh.

M1395.15

Ruaidhrí Ó Ceallaigh adhbar tighearna Ua Maine do écc.

M1395.16

Mac Siúrtain d'Exter do gabhail la Cloinn Meic Siúrtain, & a thabhairt


p.740

i l-laimh Mheic Uilliam Burc. Sloiccheadh la Domhnall mac Muircertaigh & la Gaoidhealaibh Iochtair Connacht i c-crích Meic Uilliam fo dháigh gabhála Meic Siurtáin, & Mac Siurtáin do leigen, & sidh do shnadhmadh eittir Gallaibh, & Gaoidhelaibh an choiccidh don chur-sin.

M1395.17

Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill, Toirrdhealbhach, i t-Tír n-Eóghain ar cloinn Enrí Uí Néill, & crecha & oirccne aidhble do dhenamh leó isin crích. Clann Enri cona sochraitte do thocht ina lenmain. Do-rala iomairecc eittir na slóghaibh cechtardha go ro sraoineadh fo dheoidh for Chenél n-Eoghain gur ro ládh a n-ár. Ro gabhadh dana, Brian mac Enrí Uí Néill, & tri braighde d'écc do mhaithibh a shlóigh amaille fris.

M1395.18

Sloiccheadh n-aile la h-Ua n-Domhnaill c-cedna co ráinicc co Slicceach tria Chairpre Dromha Cliabh gur ro h-indradh an tír ina n-uir-thimcell leo gur ro millset gach ní gusa rangattar, & do-bearsat creacha & édala iomdha leo dia t-tír, acht namá ro gonaitt uaite do dheiredh an t-slóigh.

M1395.19

Iondsoighidh do dhenamh la Domhnall mac Enrí Uí Neill ar Bhrian mac Uí Neill, & a ghabháil, & crecha aidhble do denamh air. Indsaighidh oile do denamh la Domhnall mac Enri go baile Uí Néill, & ben Uí Neill do-breith lais, & braighde oile immaille fria, & a m-breith lais i n-uct Gall.

M1395.20

Ro triallsat Goill Laighen feall do dhenamh ar Mac Murchadha, ar Art, & a ghabhail. Acht chena nír' bó torbha doibh ar do-chóidh-siumh uaidhibh dia n-aimhdeóin a los a lámh & a ghaisccidh co na ro cumhaingset ní dó.

M1395.21

Domhnall mac Muircertaigh Uí Concobhair tigerna Cairpre & Sliccigh & beós tigherna ó Shliabh sios uile do écc i c-caislén Shliccigh seachtmain ria Nodlaicc.


p.742

M1395.22

Aodh mac Cathail Óicc Uí Concobhair mac inghine Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair, & Muiris mac Póil Ulltaigh ollamh leighis Chenél c-Conuill do écc.

Annal M1396

M1396.0

AOIS CRIOST, 1396.

Aois Criost, mile, trí ched, nochatt, a sé.

M1396.1

An t-epscop Ó h-Eghra do écc.

M1396.2

Matha Ua Luinín airchinneach na h-Arda, fer il-cerdach, i seanchus, i n-dán, i seinm, & i leighionn do écc.

M1396.3

O Concobhair Ciarraighe do mharbhadh i f-fiul dia fhine fein.

M1396.4

O Ceinneittigh ticcerna Urmumhan do écc.

M1396.5

Irial Ua Lochlainn tighearna Chorc' Modruadh do mharbhadh do Mhac Ghirr an Adhastair dá oirecht fein, i n-díoghail a dherbh-comhalta, .i. Maoilechlainn Ua Lochlainn ro mharbh-somh roimhe-sin.

M1396.6

Concobar mac Eoghain Uí Maille do dhol ar ionnsaighidh i n-Iarthar Connacht


p.744

lucht luinge. An long do líonadh do mhaoinibh & d'édálaibh na h-eachtra-sin, & a m-bathadh uile, acht madh aon-duine eittir Eirinn & Árainn.

M1396.7

Maidhm na crecca le h-Ua c-Concobhair Ruadh cona braithribh, for Ua c-Concobhair n-Donn, & for Aodh Ua c-Concobhair, for Chonn Mhac Branáin, & for Aodh Ua n-áinlighi taoiseach Cheneoil Dobhtha; dú inar marbhadh Conn Mac Branáin taoiseach Chorc' Achlann, Sean Ó Taidhg, mac Seain Uí áinlighi, & sochaidhe ammaille riú.

M1396.8

O Domhnaill do thecht slógh i c-Cairpre, & drong don t-slógh do-breith ar cloinn Maoilechlainn Chaoich Mic Muirceartaigh baí acc foraire, & acc forchoimhétt do Chonnachtaibh go n-dírim móir marcsluaigh amaille friú. Ro sraoineadh forra la h-Ua n-Domhnaill go ró faccaibhsiot urmhór a n-ech, & ro gonadh araill diobh, & térnaiset aroile a l-loss eissiumail. Ro creachadh iaramh Cairpre lásan slogh, & sóaid for c-culaibh cona c-crechaibh.

M1396.9

Maoilechlainn Caoch mac Muircertaigh mic Domhnaill Uí Concobhair do écc.

M1396.10

Maidhm la h-Ua t-Tuathail ar Ghallaibh Laighen & ar Shaxanchaibh, airm i t-tuccadh ár adhbal ar Ghallaibh, & do-radadh se fichit cenn i t-taiselbadh go h- Ua t-Tuathail la taobh il-iomaitt do braighdibh, & d'edálaibh airm, & each, & éittigh.

M1396.11

Cú Uladh Mág Aenghusa adhbar tigerna Ua n-Eachdach do mharbhadh la Gallaibh.

M1396.12

O h-Annluain tigearna Oirthir do mharbhadh i f-fiull la dreim dia fhine fein.

M1396.13

Maire inghen Uí Chatháin ben Uí Dhochartaigh do écc.


p.746

M1396.14

Brian mac Enri Uí Neill do fhuaslaccadh la h-Ua Neill ó Ua n-Domhnaill, & do-rad eich, eitteadha, & ionnmhus iorlardha as, & do-rad Ua Néill eisidhe do mhac eile Enri, .i. do Domhnall a f-fuaslaccadh a mheic fein, .i. Brian mac Neill maille comhthaibh oile.

M1396.15

Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill Toirrdhealbhach mac Neill Ghairbh, & la Tadhg mac Cathail Uí Concobhair go rangattur go Sliccech go ro loisccseat an baile uile eittir chloich & chrann, & ro marbhadh mac Concobhair Maonmaighe go sochaidhibh ele leó don chur-sin. Ba doiligh an baile i-shin do losccadh, ar ba dersccaighte a chumhdaighthe eittir cloich & chrunn.


p.748

Annal M1397

M1397.0

AOIS CRlOST, 1397.

Aois Criost, mile, tri ced, nochat, a seacht.

M1397.1

Sluaiccheadh mor do thionol la Niall Ó Neíll la Rígh Cenél n-Eoghain do dhul for Ua n-Domhnaill, Toirrdhealbhach, & for chloinn Enri Uí Neíll. O Domhnaill, & clann Enri do chruinniucchadh shloigh oile ina aghaidh. Báttar athaidh amhlaidh-sin aghaidh i n-aghaidh na ro chumhaingsiot ní dia 'roile. O ro scithigedh Ua Neill cona shlogh, ro triallsat for c-cúlaibh dia t-tighibh gan airiuccadh don t-slogh oile. O ro ráthaighset an slógh oile indsin ro leiccsiot sceimhealta ina lenmain go ro marbhadh araill do mhuintir Uí Néill, & co f-farccaibhsiot eich & edala iomdha ag Cenél c-Conuill, & acc cloinn Enrí don chur-sin.

M1397.2

Sluaiccheadh la Toirrdhealbhach Ua n-Domhnaill la tigerna Cheineoil c-Conuill i f-Feraibh Manach, & do-bert ethra iol-ardha lais for Loch Eirne, for oilenaib, & for innsedhaibh an locha gur ro h-oircceadh, & gur ro h-iondradh lais iaid-sidhe uile cenmothát eccailsi, no neimhedha, & do-bhert édala iomdha anffoille lais, & iompaidhis gan nach f-frioth-orgain.

M1397.3

Sluaiccheadh n-aile la h-Ua n-Domhnaill i c-Cairpre do dhíochur chloinne Domhnaill mic Muirceartaigh eiste go ro loisccead an tír go leir lais go Cluain Derg Rátha.


p.750

M1397.4

A Shúile do fhaghbháil doridhisi do Aodh Mag Mathgamhna tria trosccadh do dhenamh ind onóir na croiche naoimh Rátha Both, & in onóir dheilbhe Muire Atha Truim.

M1397.5

Niall Mor mac Aodha Uí Neill Rí Chenél Eoghain, & iomchosnamhaigh Erenn, inneoin órdain, & oirechais an fhlaithemhnais, tuir iomfhulaing gach anfforlainn, diosgaoiltigh Gall, táthaightheóir Gaoidheal, móradh eccailsi & ealadhan na h-Erenn do écc iar m-buaidh n-ongtha & n-aithrighe, & Niall Óg a mhac do ghabháil a ionaid.

M1397.6

Mac Donnchaidh Tire h-Oilella do dhul go Machaire Chonnacht (go lion a thionóil, a mhaoine, & a innile) do chongnamh d'Ua Choncobhair Dhonn, gur ghabhsat foslongport ag Cuirreach Chinn Eitigh eittir daoinibh & airneis mar a m-baoi Ó Concobair. Iarna clos sin d'Ua Concobair Ruadh cruinnighis da gach taoibh go h-én-ionad Mac Uilliam Burc, Tómas mac Sir Emainn Albanaigh, clann Chathail Óicc Uí Choncobair, clann Aodha Meic Diarmata, Mainigh, & clann mhac Feidhlimidh feisin go lión sochraitte gach aoín diobh, & go c-coimhtionol gallócclach ina f-farradh. Triallaitt iar sin do shaighidh an mhachaire, acht cena ni raibe Ua Concobhair Donn i f-farradh Mheic Donnchaidh annsin & nochar airigh Mac Donnchaidh an sluagh no go t-táinicc Ua Concobhair Ruadh sonn mór marshluaigh ina thimcel. Ferthar iomairecc ettorra go díochra duthrachtach cechtar da líona iar sin gur maidhedh for Mac Donnchaidh cona muintir. Lenaid na beithre ler briseadh orra iad gur cuirsiot a n-ár, Marbhthar Mac Donnchaidh annsin, & Aodh Caoch mac Aodh a mic Toirrdhealbhaigh Uí Choncobhair, Mac Suibhne ard-chonsapal Connacht o shliabh síos cona dhias derbhrathar Donnchadh & Donn Slebhe, Cú Aifne mac Con Aifne Uí Concobhair, & Diarmait Mac Donnchaidh tanaisi


p.752

Ua n-Oilealla ammaille le h-iomatt d'uaislibh & d'árd-mhaithibh a m-braithreach & a muintire. Ba dirímh do aisneidh a f-fríth d'édalaibh & maoinibh la h-Ua c-Concobhair Ruadh don turus-sin gan airemh ar eachaibh ar arm, na ar édeadh. Oidhche chéid fhéile Muire foghmair tuccadh an maidhm-sin Chinn Eitigh. Iar c-clos na sccel-sin d'Ua Concobhair Dhonn (an tres lá iar t-tabhairt an mhadhma) tainicc fo bhótháintibh Uí Concobhair Ruaidh, & Cloinne Feidhlimidh, & a m-buailte ar na suidhiucchadh i t-timcheall Liattroma go t-tucc maidhm imirgedh orra da n-goirthi an geal-maidhm go rucc creacha, & édala aidble uatha don dul-sin.

M1397.7

Feidhlimidh mac Cathail Óicc & Dubhghall mac Domhnaill Gallócclach do dhul i c-cenn Í Dhomhnaill d'iarraidh a chonganta i n-aghaidh a n-esccaratt. Ua Domhnaill go maithibh Thíre Conuill do thocht go Cairpre don chur-sin do chuidiucchadh le cloinn Chathail Óicc. Cairbrigh & Oileallaigh do theicheadh fo dhaingnibh, & fo droibhelaibh an duithche roimhe. O Domhnail do rochtain go h-aonach Thíre h-Oilealla, tighe iomdha & arbhanna do losccadh da mhuintir, & crecha do denamh doibh ar mhac Corbmaic mic Ruaidhri. Maol Ruanaidh Mac Donnchaidh tighearna Tire h-Oilealla, Ua Dubhda, & Ua h-Eghra do thabhairt chor, & eidiredh d'Ua Domhnaill & do cloinn Chathail Óicc iar sin le gan cur 'na n-aghaidh go brath. Sith do chengal etorra d'Ua Domhnaill ar an c-coingeall-sin, & e fein d'iompúdh go Tír Conaill fo chédoir. Clann Cathail Óicc, Muintir Duirnin, & Mac Domhnaill Ghallócclach cona cloinn do theacht i c-Cairpre annsin. Suidhe doibh i l-Lios an Doill, & a m-beith ag roinn na críche etorra an oidhche-sin, & roptar imresnaigh impe. Ua Domhnaill do thocht uathadh marcsluagh ina c-comhdháil arabhárach do reidhiucchadh etorra.

M1397.8

Muircertach Bacach mac Domhnaill mic Muircertaigh Uí Concobhar, & Clann


p.754

t-Suibhne do beith h-i f-fassa choilleadh an tan-sin. Ua h-Eghra iartharach, & sliocht Flaithbertaigh Uí Ruairc do bheith imaille riú. Iondsaighidh do thabhairt doibh a mucha na maidne ar cloinn Chathail Óicc & ar Ua n-Domhnail go Bun Brénóicce ar belaibh Lesa an Doill, siorthae marcsluaigh chloinne Cathail Óicc do dhol tharsa go Slicceach. Bun Brenoige do beith do thaobh díobh-somh & an fhairrge do líonadh don taobh araill diobh go sona sodhánach doibh-siumh conár fédadh a t-tacmang na a t-timcealladh samhlaidh. Do-beiritt tachar tinnesnach dia 'roile as a h-aithle. Maidter for Ua n-Domhnaill, & for cloinn Chathail Óicc, & Marbhtar Marcus Mac Domnaill & Dubhgall a mhac, Eóin Mac Síthigh & sochaidhe mhór oile da n-gallócclachaibh. Crecha & airccne do dhenamh ar chloinn Chathail iaramh, & a n-diochur tar Eirne anonn doridhisi go Dubha, & dhoimenmain im Fheil Muire mór do shonnradh.


p.756

M1397.9

Diarmait mac Iomhair Ui Bheirn do beith i f-fiabhras, & a breith i c-coite for loch ona thigh fein d'ionnsaighidh tighe Mhurchaidh mic Tomáis, & leim do-breith dó gan fhios do chách amach as an c-coite isin loch go ro baidhedh a c-cedóir.

Annal M1398

M1398.0

AOIS CRIOST, 1398.[gt ]

Aois Criost, mile, tri céd, a h-ocht.

M1398.1

Tomás mac Muirghesa Meic Donnchaidh epscop Achaidh Conaire do ég.

M1398.2

Cogadh mor do eirghe eitir Ua Néll, Niall Óg, & Ó Domhnaill Toirrdhealbhach, & a thaoisigh & a oirecht do thregeadh Uí Dhomhnaill go m-buí i c-cumhga mhoir occ cloinn Enrí Uí Neill ag cloinn t-Seaain Ui Dhomhnaill, ag Ua n-Dochartaigh, & ag Cloinn t-Suibhne. Do-choidh mac Uí Domhnaill Niall Garb, & clann Domhnaill mic Néll Uí Domhnaill for indsoighidh i Fanait gur ro gabhadh leó Eóin mac Maoil Muire Meic Suibne, & co n-dernsat orgain. Goill & Gaoidhil Coigedh Uladh do dhul i teach Uí Neill, & braighde, & umla do thabhairt dó cénmothá Ó Domhnaill a aenar.

M1398.3

Sloicceadh mor la Niall Ócc Ó Neill Ri Chenel Eoghain, & la cloinn Enrí I Neill do shaighidh Uí Domhnaill go rainicc Ess Ruaidh gur airccsiott an mhainistir fo na h-uile ionnmhasaibh, & Tír Aodha go h-uilidhi. Drem do muintir Uí Dhomhnaill do thabhairt tachair doibh. Aodh mac Ferghail Uí Ruairc do ghabháil don turus-sin. Ua Neill d'iompúdh go Tír Eoghain doridhise.


p.758

M1398.4

Sloigheadh la Tomás A Búrc tigearna Gall Connacht, la h-Ua c-Concobhair Ruadh, la cloinn Chathail Óicc, & la cloinn Meic Diarmata go rangatar Tír Oilealla gur leir airccsiot í. Concobhar Ócc mac Aodha Meic Diarmatta, & a bhraithre do thilleadh ón slogh iar sin do cuartughadh Moighi Luircc. Ferghal Mac Diarmata tighearna Moighe Luircc do dhol in oidhche-sin go mainistir na Búille, & a b-fuair do biadh, & do cosdus innte do chur ar in m-baile dar ab ainm an Charrag dó. Lorcc na fedhna do theccmail do cloinn Meic Diarmata, & a lenmain dóibh. O ró rathaighsiot-somh an toraighecht forra, gluaisitt trésan tír go rangattar Eachdruim mic n-Aodha i t-Tir Baiúin na Sionna. Clann Meic Diarmata do losccadh tempail Eachdroma orra. Concobhar Mac Diarmada, .i. mac Ferghail do mharbhadh doibh, & sochaidhe da muintir imaille ris, & Maol Ruanaidh mac Diarmata do ghabail, edail do denamh da n-eachaibh, da n-arm, & da n-eidedh.

M1398.5

Murchadh Bán mac Seaáin mic Domhnaill Uí Fhergail degh-adbar tighearna na h-Anghaile fécce enigh, & oirdearcais, gaile, & gaisccidh slechta Ferghusa d'fior a aoisi, do écc iar m-buaidh n-aithrighe mí ria notlaic, & a adhnacul i mainistir Leathratha i t-tomba a athar, & a shenathor.

M1398.6

Muiris mac Piarais Dalatún do mharbhadh la Muircertach Ócc Mag Eochagáin, & la Brian mac Ui Choncobhair Fhailghe.

M1398.7

Gleann Da Locha do losccadh do Gallaibh.


p.760

M1398.8

Muircertach Ua Concobhair do dhul i t-Tír Aodha, a ionntúdh go h-Ess Ruaidh gan morán édala d'fagail don cuairt-sin. Aodh Ua Duirnín do-breith orra annsin. Iomruaccadh do tabairt doibh fa Bhel Atha Senaigh, each Aodha do lot, e fein do leaccadh, & a marbhadh iaramh.

M1398.9

Gearoitt iarla Desmumhan, fer suairc soibhésach, do dearsccnaigh do Gallaibh Ereann, & do moran da Gaoidealaibh i n-aithne, & i n-eolus Gaoidhelcce, i n-dán, & i senchus amaille re gach foghlaim ele da raibe aicce, & a écc iar m-buaidh n-aithrighe.

M1398.10

Iarla Chille Dara do ghabhail don Chalbhach Ua Concobhair, & do marcsluaigh dhuithche Ó b-Failge, & a chur ar laimh Murchaidh Uí Concobhair.

M1398.11

Sir Seon iarla Deasmumhan do báthadh isin Siuir gar becc iar n-gabhail na h-iarlachta dó. (Vide 1399).

M1398.12

Cath do tabhairt for Ghallaibh d'Ua Bhrain, & d'Ua Tuathail. Iarla ó Mars do mharbhadh isin c-cath-sin, & ár Gall imaille ris.

M1398.13

Fionnghuala ingen Ualghaircc Móir Uí Ruairc ben t-Seaáin Mhóir Uí Eaghra d'ég.

M1398.14

Dauith Ua Duibhgionnain ollamh Cloinne Maoil Ruanaidh i senchus, biatach coitchenn comroghnach, & saoí duine ealadhna do écc.


p.762

M1398.15

Ua Concobhair Ruadh & Mac Diarmata do dhul sluagh lán- mhór ar Cloinn n-Donnchaidh Tire h-Oilealla go rangattar Magh Tuireadh. Creacha móra do denamh doibh. Clann n-Donnchaidh do-breath orra, & Muircertach mac Domhnaill Uí Concobhair cona leirtionol. Iomairecc do chur ettorra. Maidhm for Ua c-Concobhair & Somhairle Buidhe Mac Domnaill cona muintir do mharbhadh ann.

M1398.16

Tomas mac Cathail mic Murchaidh Uí Ferghail tighearna na h-Anghaile ealchuing enigh & oirdercois Cloinne Rosa do marbhadh ina bhaile fein isin c-Coillín c-Crubach la Gallaib na Midhe & la barún Delbhna, iarna thogha i t-tigernus roimhe-sin ar bélaibh a shinsior bhrathar, .i. Seaan Ó Ferghail, & Seaan do oirdneadh iar sin i t-tighearnus na h-Angaile.

M1398.17

Maidhm mór-adhbal la Mág Carthaigh c-Cairpreach for Ua Suilleabhain, & da mhac Uí Shuillebhain, Eoghan & Concobhar do marbhadh isin c-caithgliaidh-sin, & sochaidhe imaille riú.

M1398.18

O Briain Maol do écc don teidhm isin n-Galldacht.

M1398.19

Mac Muiris Buidhe Uí Mhórdha tigherna Slebhe Mairgi, fer cothaighthe dámh, & deoradh Ereann do ecc.

M1398.20

Mac Uilliam Búrc do losccadh Slicigh.


p.764

M1398.21

Cathal mac Ruaidhri Meg Uidhir do marbhadh la h-Eoghan mac Néill Óicc Uí Néill.

M1398.22

Art Cúile mac Pilip Mhég Uidhir do marbadh la Teallach Eachdhach.

M1398.23

Clann Enri Uí Neill, & clann t-Seaain Uí Domhnaill, & Fir Manach do thionol sloigh ind aighid Uí Domhnaill. Ua Domhnaill do cruinmuccadh a shochraitte ina n-aghaidh don leith eile, & a m-beith i n-díbh fhoslongportaibh for aghaidh a chele go ro sccarsat fo deoidh gan nach n-gniomh n-oirdeirc.

Annal M1399

M1399.0

AOlS CRlOST, 1399.

Aois Criost, mile, trí céd, nochat, a naoí.

M1399.1

Sluaigeadh la h-Ua Neill (Niall Og) for Gallaibh go ro creachoirgedh, & go ro h-ionnarbadh lais a n-ermhor.

M1399.2

Concobar Mag Carmaic espucc Ratha Both d'Uíbh Domnaill Corca Baiscind do écc.

M1399.3

Cu Uladh (.i. Cu Uladh Ruadh) mac Neill Móir mic Aodha Uí Neill d'écc don teidhm.

M1399.4

Brian Ua Briain (.i. mac Matgamhna) tigerna Tuadhmumhan do écc.

M1399.5

Toirrdhealbhach mac Murchaidh (.i. Murchadh na Raithnighe) Uí Briain do écc.

M1399.6

Feidhlimidh mac Cataoír Uí Concobhair tanaisi Ua f-Failge d'ecc (.i. don teidhm) i t-tigh Uí Raighilligh.

M1399.7

Clann Enri Uí Neill do dol ar ionnsaighidh for Ghallaibh Tragha Baile. Ro tionoilsiot Goill ina n-aghaidh go ro rainsiot forra, & go ro gabhadh Domhnall


p.766

mac Enri, & drong mór dia muintir do mharbadh. Domhnall do chor go Saxaibh isin m-bliadhain ar c-cinn iar f-feimdhedh a fhuaslaicthe.

M1399.8

Seaan Ua Ferghail tigerna na h-Angaile, fer eargnaidh, inntleachtach, fesach foghlamta go n-oirdercus n-einigh & n-engnamha do écc.

M1399.9

Aodh Ua Donnchadha tigearna Eoganachta Locha Len, O Broin, (.i.) Geralt mac Taidhg, & Toirrdhealbhach mac Maol Muire Meic Suibhne Fánatt, & Amhlaoibh mac Pilip mic Amhlaoibh mic Duinn Charraigh Még Uidhir, toisech Muintire Feodachain do écc.

M1399.10

Aodh Mag Mathgamhna do écc iar n-dol a súl uadha.

M1399.11

Domhnall mac Giolla íosa Ruaidh Uí Raighilligh do écc.

M1399.12

Mag Aonghusa Muircertach Ócc mac Muircertaigh Moir, tigearna Ua n-Echdhach do mharbhadh dia fhine budhdein.

M1399.13

An cetramadh Henrii do rioghadh os Saxaibh, 29. September.

M1399.14

Baothgalach Mac Aedhagain saoi choitchionn i f-feineachus & i seinm, & fear tighe n-aidheadh n-airdeirc, & Giolla na Naomh mac Concobhair Meic Aedagain ard-ollamh i f-feineachus do écc.

M1399.15

Iarla Deasmumhan Sean mac Gearoitt do bádhadh i n-áth Arda Fionain for Siuir. (Vide 1398).

Annal M1400c

M1400.0

AOIS CRIOST, 1400.

Aois Criost, mile, cethre chéd.

M1400.1

Aodh Ua Maol Muaidh ticcerna b-Fer c-Cell, Laighneach mac Ferghail Ruaidh mic Donnchaidh Még Eochagain Donnchadh Sionnach tigerna Muintire Tadhgain, &


p.768

taoiseach Tethba, Diarmait & Brian dá mac Catharnaig Mic an t-Sionnaigh do écc.

M1400.2

Caislén Dúin Iomdhain do ghabháil do Mhac an Abaidh Uí Concobhair, & Hoiberd mac Emainn mic Hoiberd a Burc do marbhadh inn, & Mac mic Emainn Uí Cheallaigh do bí i l-laimh ann do leccen amach.

M1400.3

Grigoir mac Tanaidhe Uí Maoil Conaire, saoi foirbthe ina ealadain duthcois, deagh-adbar ollaim Sil Muiredhaigh esidhe do marbhadh go tegmaiseach d'aon-buille ga do láimh Uilliam Gairbh for tochar dúin iomdhain i n-aimhriocht. Sé ba & sé fichitt do thabhairt ina eraic iar sin.

M1400.4

Ruaidhri mac Airt Mhég Aonghusa tighearna Ua n-Eachdhach Uladh do marbhadh la cloinn Con Ulad Ui Neill, & la Cathbarr Mhág Aonghusa a dearbrathair fen.

M1400.5

Sluagh mór la Niall Óg Ua Néill h-i Tír Conaill gur mhill moran do ghortaibh & d'arbannaibh innti. Tangatar Cenél c-Conaill ina aghaidh gur ro ficceadh iomairecc etorra go ro mheabhaidh for Chenél Eoghain, & go ro marbhadh sochaidhe dhíobh, & go ro beanadh ech iomdha dhíobh don chur-sin.


p.770

M1400.6

Mac Maghnasa Mhég Uidhir, .i. Giolla Patraicc da n-goirthi An Giolla Buidhe d'écc ina thigh fein fo-bithin cuislinne do legeadh dhó.

M1400.7

Seaan mac Pilib mic Giolla íosa Ruaidh Uí Raighilligh tighearna Breifne, aon do b-fearr enech, & uaisli da chineadh d'ég do biodhg ina iomdhaidh i t-Tulaigh Mhongáin.

M1400.8

Mac righ Saxan do theacht i n-Erinn.

M1400.9

Maghnus mac Con Connacht Uí Raighilligh adbar tighearna Mhuintire Maoil Mordha do ecc.

M1400.10

Conchobhar mac Domhnaill mic Néill Ghairbh, mic Aodha, mic Domhnaill Óicc Uí Dhomhnaill do dhol ar creich tar sliabh soir i t-Tír Chonaill, & é fein, & Eoccan Ruadh Mac Suibhne do comhtuitim ré aroile.

M1400.11

Clann Flaithbhertaigh Uí Ruairc do ionnarbhadh as an m-Breifne, & a n-dol go Tír Conuill, & araill do Chenél c-Conaill do-breith leo isin m-Breifne co n-dernsat creacha mora for Ua Ruairc & do-radsatt leo i t-Tír Conuill iaid-sidhe.

Annal M1401

M1401.0

AOIS CRIOST, 1401.

Aóis Criost, míle, ceithre chéd, a h-aon.

M1401.1

Maoíleachlainn Ua Ceallaigh tighearna Ua Maine, fear deig-einigh daonachtach, & Tomás mac Sir Émainn (.i. Emann Albanach) a Burc Mic Uilliam tighearna Gall Connacht do écc iar m-buaidh n-aithrighe. Da mac Mac Uilliam do denom tar éis Tomais A Búrc, .i. Mac Uilliam do denamh d'Uilleacc mac Riocaird Óicc, & Mac Uilliam oile do Uater mac Tomais a Burc, & umhla uaidh do Mac Uilliam Cloinne Riocaird ar sinnsireacht.

M1401.2

Domnall Ua Maille tighearna Umhaill d'écc iar f-forbadh a aoisi.

M1401.3

Cathal Ruadh Mag Ragnaill taoiseach Muintire h-Eolais do marbhadh i n-Druim Chubra la Seafraidh mac Maoileachloinn Még Raghnaill.


p.772

M1401.4

Maol Ruanaidh mac Cathail Ruaidh Meg Ragnaill do mharbhadh la cloinn an Maoileachlainn cettna a t-toraighecht a c-creiche.

M1401.5

Concobhar Anabaidh Ua Ceallaigh do ghabháil tighernais Uíbh Maine déis a athar.

M1401.6

Carrac Locha Cé do gabhail la cloinn Ferghail Meic Diarmata. Daoine iomdha do mharbhadh, & do bathadh 'na timcheal, & lucht a coimheda da tabhairt uatha dar cenn comhadh.

M1401.7

Fedlimidh mac Cathail Óig Uí Concobhair do ghabhail la mac Uí Choncobhar Dhuinn.

M1401.8

Coinne do dhenamh eidir Ó Néill, .i. Niall Óg & Ó Domhnaill Toirrdhealbhach ag Caol Uisge & síth do dhenomh doibh re aroile don chur-sin.

M1401.9

Coccadh d'eirghe eittir Ua n-Domhnaill iaromh & Brian mac Enrí Uí Néill, uair tug Brian slógh lais go Tír Conaill, gur ro ionnsoigh longport Uí Dhomhnaill, & ro marbhadh mac Néill Óig mic Neill Ghairbh mic Aedha mic Domhnaill Óig, & Maoileachloinn mac Flaithbertaigh Uí Ruairc & sochaidhe oile leo. Do deachaidh Ó Domhnaill cona cloinn, & Muintir Duirnín isin ló cedna i l-leanmhain Briain go ruccsat fair, & creac Uí Gairmleadhaigh (.i. Enrí) roimhe iar marbhadh Enrí lais. Ro figheadh iomaireg amhnus eidir Ua n-Domhnaill & Brian Ua Néill, & ro marbhadh Brian lais, & ro sraoineadh for a mhuintir iar b-fágbhail creach Cenél Moain. Ro marbhadh bheos sochaidhe oile imailli fri Brian ar an lathair-sin. Soais Ua Domhnaill slán cona muintir co n-edalaibh aidhblibh iar m-buaidh & cosccor.

M1401.10

Corbmac Mac Branain taoísech Corco Achland do marbhadh la a braithribh i fell, .i. Concobhar mac Seaain Meic Brarain, &c.

M1401.11

Domhnall mac Enrí Uí Néill d'fuasccladh ó Ghallaibh.

Annal M1402

M1402.0

AOlS CRIOST, 1402.

Aois Criost, mile, ceithre ched, a dó.

M1402.1

Coccadh mor eittir Ua Néill, & clann Enrí Uí Néill, & an tír dho milleadh ar gach taebh etorra.

M1402.2

Muirchertach Ua Flannagain airchideochain Oile Finn d' écc.


p.774

M1402.3

Coccadh eidir iarla Urmhumhan & iarla Deasmhumhan, & an da Mhac Uilliam do dhul do chongnamh la h-iarla Urmhumhan.

M1402.4

Carrac Locha Cé do ghabail la Conchobhar Ócc macc Aedha ar cloinn Ferghail Meic Diarmata.

M1402.5

Ferghal Ua Ruairc adbar tighearna Breifne, fer bruth-mor beodha dealbdha deigh-einigh, do mharbhadh ina thigh fén la Cloinn Cába & (a) adhnacul i mainistir Sligigh.

M1402.6

Niall Óg mac Néill Moir mic Aedha Uí Néill (Ri Cenel n-Eoghain) d'écc iar m-buaidh einigh & oirrdhercais ongtha & aithrighe.

M1402.7

Brian mac Néill Óig d'écc iarttain (.i. don galar bhrec).

M1402.8

Muirchertach mac Donnchaidh Uí Dhubhda saoí- coitchinn i n-uaisle, & i n-eineach d'écc, & a adhnacul i n-Ard na Riagh.

M1402.9

Matha O Scingín do écc don fhiolún.

M1402.10

Pilib mac Briain Mhóir Meg Mathghamhna tigherna Oirgiall d'écc, & Ardgal mac Briain do gabhail tighernais 'na dhéoidh.

M1402.11

Cú Connacht mac Magnusa mic Con Connacht Uí Raighilligh tanaisi Brefne do écc. Una inghen Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair a mathair-sidhe.

M1402.12

Brian mac Domhnaill Uí Fhlaithbhertaigh adbar tighearna Cairn Geccaigh d'écc.

M1402.13

Fedlimidh mac Cathail Óig do legeadh as a braighdenus.

M1402.14

Mainistir Chuinche i t-Tuadhmumhain i n-easpuccoideacht Cille Da Lua do toccbail do braithribh .S. Fronses la Sioda c-Cam Mac Con Mara tigerna Cloinne Cuilein fo dhaigh go madh í badh Roimh adhnaicthe dó fein, & dia chenel.

M1402.15

Aodh Seanchaidh Ó Domhnaill Saoi shenchadha do écc.

M1402.16

Coccadh mór eittir Ua n-Domnaill (Toirrdhealbhach mac Neill) & Ua Cathain (.i. Maghnas) go ro h-indreadh, & go ro creachoirgedh oireacht Uí Chathain la h-Ua n-Domhnaill, & gur ro leirmilleadh an tír uile lais.


p.776