Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1383

M1383.0

AOIS CRIOST, 1383.

Aoís Críost, míle, trí chéd, ochtmhoccat a trí.

M1383.1

An t-abb Mac Dauit, .i. abb na Búille Saoi ar dérc & ar daonachtt do écc.

M1383.2

Tadhg Mac Donnchaidh (.i. mac Tomaltaigh mic Donnchaidh o raiter Clann n-Donnchaidh) tighearna Tíre h-Oilealla fear lán d'féle & d'eineach do écc Aine an Chésda & a mhac Tomaltach do gabail a ionaidh.

M1383.3

Sloigheadh mór le Niall Ó Néill cona cloinn, & go maithibh Cenél Eoghain i t-Trian Conghail d'ionnsoighidh for Ghallaibh, gur loisgeadh & gur lomairgeadh iomat da m-bailtibh. Goill na criche do chruinniughadh ar a c-cionn. Aodh Ó Néill,


p.690

& Raibilin Sauaois do thegmhail re aroile i n-iomruagadh marcshluaigh, da forgomh for-nertmara da c-craoíseachaibh do tabairt h-i c-curpaib aroile doibh. Raibilin do dul beoghonta dia thigh & Mac Eoin Biséd da athmarbhadh ann, & Aodh Ua Néill do écc an treas lá iarna lot tria bithin a ghona. & Mac Eoin Bisett do marbhadh la muintir Raibhilín an tres lá iar marbhadh Raibhilín feisin.

M1383.4

Muircertach Ua Flannagain taoiseach Thuaithe Ratha, & Corbmac mac Airt Mhecc Uidhir d'écc.

M1383.5

Seaan Mac Gaffraidh & Maghnus Mac Dauith do mharbhadh in en-ló.

M1383.6

Art mac Tomais Fhinn do Chloinn Murchadha ríoghdhamhna Laighen do mharbhadh do Ghallaibh Condaoí Locha Garman.

M1383.7

Pláigh aidhbhseach anbhfóill go comchoitchinn seachnon Érionn.

M1383.8

Art Mag Aonghusa tighearna Ó n-Eachdhach Uladh én-phost einigh Ereann ina aimsir, d'écc don plaigh i m-Baile Átha Truim, & é i láimh occ Gallaibh.

M1383.9

Murchadh na Raitnighi Ó Briain, Mor inghen Murchadha Uí Madadhain bean Meic Uilliam Cloinne Riocaird (.i. Riocard), Siobhan inghen iarla Urmhumhan ben Taidhg Uí Cherbaill tighearna Éle, d'ég di.

M1383.10

Murchadh mac Briain Uí Chinneidigh, Donnchadh an Chúil Mac Mathghamhna tighearna Corca Bhaiscind, Eoghan mac Donnchaidh mec Ruaidhri Uí Cheallaigh, & Lundrasach Bhaile átha Buidhe d'écc.

M1383.11

Fonntach Tighe Munna, & Inghen Uí Briain ben Uí Chinneidigh do écc.

M1383.12

Onara inghen Uilliam Burc ben Uí Mhechair. Mac Giolla Patraicc tighearna Osraighe, & Mac Ceallaigh Meic Giolla Patraicc tanaisi Osraighe d'écc uile don pláigh cédna.

M1383.13

Diarmait Ó Diomusaigh tighearna Cenel Maoil Ughra do mharbhadh la Gallaibh.


p.692

M1383.14

Donnchadh O Concobhair tighearna Ciarraighe Luachra, & Maoileachlainn Mhag Shamhradain tanaisi Theallaigh Eachdach d'écc.

M1383.15

Seaan mac Domhnaill Uí Fherghail tighearna na h-Angaile d'écc i l-Lios Aird Abla & a adhnacal i mainistir Leath Rátha.

M1383.16

Cathán mac Ruaidhri Uí Chatháin, Seaan Gallda mac an iarla, Uilliam Baróid, & Ruaidhri mac Aedha Óig Uí Maoil Mhuaidh tigherna Fer c-Ceall do écc.

M1383.17

Ruaidhri mac Airt Meg Uídhir do mharbhadh la mac Donnchaidh Meg Uidhir.

M1383.18

Diarmait Mac Diarmata tanaisi Maighe Luircc do écc.

M1383.19

Ferghal mac Tomais Mec Tighearnain,taoíseach Tellaigh Dunchadha do écc.

M1383.20

Murchadh mac Cathaoir Uí Choncobhair Fhailghe do écc.

M1383.21

Milig Mac Oisdelb do marbhadh la cloinn Fhiachra Uí Fhloinn.

M1383.22

Iomhar Ó h-Áinlighe adhbar taoísigh Chenél Dobhtha do mharbhadh la a chineadh fein.

M1383.23

Cathal mac Sefraidh Uí Fherghail do écc.

M1383.24

Diarmaitt Mag Raghnaill taoiseach Muintire h-Eolais do dhénamh creiche ar Ua Ruairc.

Annal M1384

M1384.0

AOIS CRIOST, 1384.

Aois Criost, mile, tri chéd, ochtmhocchatt, a cethair.

M1384.1

Seon Mac Giolla Coisccli, maighistir, airchindeach, & pearsun Airigh Broscca d'écc.

M1384.2

Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh Uí Choncobhair Rí Connacht d'écc don pláigh chedna aidhche Fhéli Catairiona iar c-caithemh sé m-bliadhan dég & ráithe i láin-ríghe Connacht amail dearbhus an file Maoilin Ua Maoíl Conaire i n-duain an réme riograidhe.


p.694

    1. Fuair Ruaidhri Rioghdha an snaithe,
      A sé décc as degh-ráithe
      Do Chruachain Aoí gan iorghail,
      Mac tacharborb Toirrdhealbhaigh.

thigherna do dhenomh h-i Conachtaibh iar sin, i. Toirrdhealbhach Ócc mac Aodha mic Toirrdhealbhaigh do oirdneadh h-i t-tighernus d'Ua Cheallaigh, do Chloinn Riocaird, do Domhnall mac Muirchertaigh Uí Concobair, & do Chloinn n-Donnchadha archena, & Toirrdhealbhach Ruadh mac Aedha mic Félim mic Aodha mic Eóghain do oirdnedh h-i t-tighernus mar an c-cedna do Mhac Diarmata, do Cloinn Muircertaigh Muimnigh, & do thaoiseachaibh Sil Muireadhaigh archena, gur ro fhás coccadh h-i c-Connachtaibh uile h-i coitcinne iar sin co m-batar ar na c-commbuaidhreadh tremhid.

M1384.3

Mag Raghnaill (.i. Mág Raghnaill Dubh ).i. Diarmait mac Maoileachlainn sár-thaoiseach einigh & engnamha Muintire h-Eólais do mharbhadh tre fheill la cloind Raghnaill Meg Raghnaill i n-dorus tighe Risdet Mecc Raghnaill.

M1384.4

Muircheartach Ó Conchobhair tigherna Ó bh-Failghe d'écc iar c-cian-aois.

M1384.5

Tomaltach Mag Dorchaidh taoiseach Cenél Duachain do mharbhadh la a scín fén, & é ag cur chru.

M1384.6

Comhdhal oirechtais eidir Ua b-Flaithbeartaigh & Ua Máille. Imresain do eirghe etorra da t-torchair Eoghan Ó Máille, Corbmac Ó Máille (.i.Corbmac Cruinn), & sochaidhe immaille friu la muintir Fhlaithbeartaigh.

M1384.7

Carrac Fherghusa do losccadh la Niall Ó Neill, & nert mór do chor ar Ghallaibh dó.


p.696

M1384.8

Cu Connacht Ua Ferghail (.i. mac Aodha) tigherna Mhoighe Treagha, & Seffraidh Ó Ferghail d'écc.

M1384.9

Uilliam mac Sir Émann a Burc, & Riocard mac Maidiucc mic Tomin Baired feichem coitchionn na c-cliar do écc.

M1384.10

Uigistin Ua Duibhgennáin ollamh Chonmhaicne re senchus d'écc.

M1384.11

Ualgharcc Ua Ruairc degh-adhbhar Breifne do bathadh ar Loch Gamhna.

M1384.12

Pilip Ua Raghailligh tigherna Muintire Maoíl Mordha do écc.

M1384.13

Maoilir mac Sir Uilliam Burc do mharbhadh do easccar, Seaan, & Dauit da mhac ele Meic Uilliam Burc do écc don plaigh.

M1384.14

Maghnas mac Maoilechlainn Uí Fherghail, Tomaltach mac Cairpre Uí Fherghail, & Ferghal mac Cathail Uí Fherghail do écc.

M1384.15

Sluaiccheadh la Domhnall mac Muircertaigh gona oirechtaibh i Maigh Luircc go ro lóiscc longport Meic Diarmata.

M1384.16

Donnchadh Ó Dubhda do écc, a mhac Muirceartach do ghabháil a ionaidh.

M1384.17

Domhnall mac Flaithbertaigh Uí Ruairc do écc.

Annal M1385

M1385.0

AOIS CRIOST, 1385.

Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchatt, a cúig.

M1385.1

Dauith mac Emainn mic Hoiberd do ghabhail la h-Ua c-Conchobhair, & a écc iar sin ina braighdenus i m-Baile an Topair.


p.698

M1385.2

Sluaigheadh la h-Ua Ruairc & la mac Donnchaidh gona saor-clannaibh leth ar leth go Magh Luirg, gur loisccset longport Meic Diarmata, & an tír uile i coitchinne, mac Seaain Uí Eaghra do mharbhadh i t-toraigheacht an t-sluaigh-sin, & a brathair oile do ghabháil.

M1385.3

Feidhlimidh Clereach Ó Conchobhair & Conchobhar Óg Mhac Diarmada do dhul ar sluaigheadh co Tír n-Oilella. Raibhthe do-rochtain rómpa, oirchill do dénomh fa c-comhair. Iad-somh do dhul fon tír iaram, daoine, & indile do mharbhadh doibh innti, lucht iomchoimheda na criche do-breith orra iar sin, tachor dhóibh fri aroile. Cathal Cairpreach Mac Donnchaidh do marbhadh, Concobhar Mac Diarmada do ghabhail & Feidlimidh Ó Concobhair do lot.

M1385.4

Ionnsoighidh do thabhairt do Muirchercach mac Cathail, do Corbmac mac Ruaidhri, do Tadhg Mac Diarmata, & do Chathal Mac Diarmata for Mág Raghnaill Ruaidh, & for Aodh Ua c-Concobhair. A n-gabháil diblinibh doibh, & a m-breith go Carraic Locha Cé da c-coimhéd.

M1385.5

Cathal Ua Ferghail degh-adhbhar tigherna na h-Anghaile, & Cú Maighe Ó Cathain tighearna Oirectha Uí Chatháin do écc fo rinn airmhe & oirrdearcais.

M1385.6

Ua Concobhair Ruadh, Mac Diarmata, clann Muircertaigh, & taoisigh Connacht do dhul sluagh lan-mór go h-Uíbh Maine. Baile mic Emainn Uí Cheallaigh do losccadh doibh. Uilliam Buidhe Ó Neachtain do marbhadh don chur-sin.

M1385.7

Fir Bréifne, & muintir Thíre h-Oilella do theacht a c-comhdhail Uí Choncobair


p.700

Duinn. Ionnsoighidh do thabhairt doibh go Corc' Achlann gur loisccedh moran da m-bailtib leo, & gur gerradh iomad da n-gortaibh.

M1385.8

Tír Fiachrach do losccadh do Mhac Uilliam Burc. A dhul go Slicceach as a h-aithle & a losccadh lais mar an c-cedna imaille re Cairpre abus, tachar do thabhairt dó annsin.M' áidecc Maol do mhaithibh a muintire do mharbhadh, & braigde do buain de as a h-aithle.

M1385.9

Tir Amhalgadha do losccadh la Domhnall mac Muircertaigh Uí Choncobhair, sochaidhe do dhaoínibh do marbhadh, édála móra do dhenamh do innte, & braighdemaithibh do thabhairt dó lais iar sin.

M1385.10

Maidhm do thabhairt la Murchadh Ua c-Concobhair tighearna Ua b-Failghe & la Cenél Fhiachach for Ghallaibh na Midhe i t-Tóchar Cruacháin Brí Éle in ro marbhadh Uinnsionnach na Midhe, An Seomrach, & a mhac, & líon dírímhe immaille friú do mhaithibh Gall, & dá n-daoscur-sluagh.

M1385.11

Tanaidhe Ua Maol Conaire ard-ollamh Connacht i senchus, & i f-filidhecht d'écc (.i. im Lughnasadh) ina tigh féin iar m-buaidh n-ongtha, & n-aithrighe, & a adhnacal i Cluain Choirpthi co h-onorach.

M1385.12

Sith do dhenomh do Connachtaibh re roile, & Síol Muireadhaigh do roinn ar dhó etir an dá Ua Conchobhair.


p.702

M1385.13

Art mac Airt Mhoir Uí Mhaoileachloinn; Dearbforgaill inghean Chathail Óig bean Uí Chonchobhair Ruaidh, & Bean Mhidhe inghen Mécc Mhathgamhna ben Uí Neill d'écc.

M1385.14

Giolla Criost Mac Gille Finnéin taoiseach Mhuintire Pheodachain d'écc.

M1385.15

Creacha mora la Cloinn n-Donnchaidh i c-Cera. Clann Cathail Óig Uí Concobair do-breith orra, Sdondunaigh, & mor-sochaidhe oile immaille friú,Maidhm do thabhairt for Chloinn n-Donnchaidh, moran da n-daoínibh do marbhadh, & iad féin do chor isteach i c-Cill Chonduib as a h-aithle.


p.704

Annal M1386

M1386.0

AOIS CRIOST, 1386.

Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchatt, a sé.

M1386.1

Aine inghen Taidhg Meic Donnchaidh ben Tighernáin Uí Ruairc (tighearna Breifne) aon-rogha ban Leithe Cuinn d'écc i t-Tuaim Seancha acc Loch Fionnmaighe, & a h-adnacal i Slicceach.

M1386.2

Cairbre mac Briain mic Murchadha Ui Fearghail tigherna Calaidh na h-Anghaile, fear tiodhlaictheach tabhartach crodha cosantach d'écc ier m-buaidh n-anma & n-oirrdearcais, ongtha & aithrighe.

M1386.3

Niall mac Con Choiccriche Óig Mhéicc Eochagain adhbhar tigherna a chinidh do mharbhadh la h-Uilliam n-Dalatún, & la a mhac.

M1386.4

Maghnus mac Aedha Meic Diarmada do mharbhadh do Dhalatúnachaibh bheos.

M1386.5

Sloigheadh mór la Domhnall mac Muircertaigh Uí Chonchobhair, la Cloinn n-Donnchaidh, la h-Ua n-Dubhda, & la Muintir Eaghra i c-crich Meic Uaittin. A h-ionnradh, & a h-arguin uile don chur-sin, & morán do daoínibh do mharbhadh im Roiberd Dúin Domhnainn, & im Mac Maoilir an Chorrainn, & im M'Aigeocc Gallda, & caislen Lionoid do gabhail, aball-ghort Caertannain, & aball-gort Insi Cua do gearradh leó.

M1386.6

Ereamhon Ua Maoileachloinn do marbhadh do Mhag Amhalgaidh & do Dalatunachaibh.

M1386.7

Ua Concobair Ruadh cona b-fuair lais do Chonnachtaibh do dhul do chongnamh le Mac Uilliam Búrc i n-aghaidh Domhnaill mic Muircheartaigh & Cloinne


p.706

Donnchaidh. Creacha mora do thabairt a Tír Fiachrach Mhuaidhe dhóibh. A n-dul iar sin for creach-ruathar i Cloinn Riocaird. O Briain do breith orra go mór-sluagh imaille ris, & Mac Uilliam Cloinne Riocaird mar an c-cedna. O Conchobair Ruadh d'iompúdh friú. Maidhm do tabhairt dho forro, & Conchobhar mac Taidhg mic Conchobhair Uí Briain do mharbhadh leo do ruathar-sin.

M1386.8

Sochaidhi do Ghallaibh Osraighe do thuitim la Mac Murchadha rí Laighen.

M1386.9

Domhnall Mhág Cochláin tighearna Delbhna d'écc.

M1386.10

Finghin mac Ruaidhri Mag Eochagain do mharbhadh.

M1386.11

Sith do denumh do Connachtaib re aroile a h-aithle a c-cogaidh, & Mac Uilliam Burc do dhul i teach Meic Uilliam Cloinne Riocaird, & tighearnas do thabhairt dó. Mac Feorais do dul ina theach on mudh c-cetna.

M1386.12

Donnchadh Mac Caba do mharbhadh la cloinn Maghnusa Uí Raghallaigh.

M1386.13

Cathal Ó Nechtain do mharbhadh la h-Ó c-Concobhair Ruadh.

Annal M1387

M1387.0

AOIS CRIOST, 1387.

Aoís Criost, míle, trí chéd, ochtmocchatt a Seacht.

M1387.1

Teach do dhenom in Eamhain Macha do Niall Ó Néill (do rígh Uladh) do díol dámh Éreann.


p.708

M1387.2

Sadhb inghen Aodha Uí Néill aon-rogha ban slechta Néil Naoíghiallaigh re na linn bean mic Eóin Bised do écc iar m-buaidh n-aithrighe.

M1387.3

Riocard Ócc, .i. Mac Uilliam Cloinne Riocaird d'écc.

M1387.4

Goffraidh Fionn Ó Dalaigh ard-ollamh Ereann le dán & Ruaidhri Ó Cianáin saoi seanchadha, & ollamh Oirghiall eisidhe do écc.

M1387.5

Domhnall mac Donnchadha Docair Mhég Uidhir, & Matha Mac Conlegha do mharbhadh i Cill Naile.

M1387.6

Concobhar mac Briain Carraigh Uí Néill do marbhadh la Gallaibh an t-Sratt-baile.

M1387.7

Uilliam mac Diarmada Meg Raghnaill adbar taoisigh Muintire h-Eolais do marbadh la Muintir Bhirn.

M1387.8

Eoin mac Aenghusa Meic Domhnaill tighearna Insi Gall do écc.

M1387.9

Diarmaitt Ruadh Ó Duirnín do écc.

M1387.10

Teach do denamh i n-Eamhain Mhacha la Niall Ó Neill, ar ni bhuí tegh inti-sidhe fri ré inchein go sin.


p.710

Annal M1388

M1388.0

AOIS CRIOST, 1388.

Aoís Criost, míle, trí chéd, ochtmocchatt a h-ochtt.

M1388.1

Corbmac Mac Donnchaidh riogh-ghaiscceadhach Thíre h-Oilella, & a tanaisi do dhol ar creich oidhche i Muigh Luirg. Creacha mora do dhénomh lais. Ó Concobhair Ruadh, clann meic Fedhlimidh, clann Chathail Óicc Uí Chonchobhair, & clann Aedha Meic Diarmada .i. Cathal, & Corbmac gona sochraidibh da leanmhain i t-toraighecht na c-creach. Corbmac Mac Donnchaidh do gabáil deireadh for a muintir fein. Chuid do muintir Uí Choncobhair da ionnsoighidh cédus, & a m-beith 'ga ammus gan choigill, Ua Concobhair fein do-breith orra, & do smachtadh ara muintir gan eisiomh do mharbhadh da n-damhadh a ghabháil. Gidh edh nochar fhaomhsomh anacal gur beccen a marbadh fo dheoidh & ní raibhe da chineadh cobéis dó ar eineach, & engnomh go sin. Concobhar Mac Donnchaidh, Murchadh mac Corbmaic Meic Donnchaidh, & Mac Diarmada Ruadh do ghabháil iar sin, & braigde do dhénomh dhíobh. O Concobair Ruadh da leanmain tar sliabh síos iaramh & Clann n-Donnchaidh do thecheadh roimhe fo chúil maile & fó íochtar Tire h-Oilella.

M1388.2

Muircertach mac Domhnaill mic Muirchertaigh Uí Chonchobhair do dhul fo fhoslongphort Uí Domhnaill i c-comfhogus Essa Ruaidh & daoíne iomdha do mharbhadh lais don ionnsoighidh-sin im cloinn Uí Bhaoighill, & im Ua n-Gallcobair cona m-braithribh. Mac Suibne & a mac do ghabail do, & a t-tabhairt lais iaram immaille re h-édáil each arm & eideadh, & Clann Muirchertaigh do iompúdh for Ua n-Domhnaill don chur-sin.

M1388.3

Seaan Ruadh Ua Tuathail tigherna Ó Muireadhaigh cleithe einigh & engnomha


p.712

a chinidh do mharbhadh do mhoghaidh da mhuintir féin ar lár a longpuirt feisin, & an bodach do mharbhadh inn fo chéttóir.

M1388.4

Clann Uí Chuirrnín, Siodhraidh, Cairpre, & Giolla Patraicc do mharbhadh la Gallaibh Laighen.

M1388.5

Creacha móra do denomh Ua Conchobhair Ruadh & da Mac Diarmada ar Ua c-Concobhair n-Donn & coccadh coitchionn d'eirghe h-i c-Connachtaibh as a loss. Mac Donnchaidh do losgadh Muighe Luirg trias na creachaibh remraite.

M1388.6

Cú Coiccriche Ó Maoíl Mhuaidh tigherna Fer c-Ceall do écc.

M1388.7

Commbuaidhreadh coccaidh eidir Ua Ruairc & Clann n-Donnchaidh.

M1388.8

Domhnall Ua Concobhair do dul ar Machaire Connacht. Ard an Choillín, & Inis Locha Cairrgín do losccadh lais & Domhnall Óg Mac Domhnaill (.i.consabal gallocclach) do mharbhadh don toiscc-sin.

M1388.9

Sluaigheadh la h-Ua n-Domnaill .i. Toirrdhealbhach an Fhiona, ar Cloinn Muirchertaigh go rainic co Sligeach co ro h-indreadh & co ro h-oirgeadh Cairpre Droma Cliabh uile lais & iar marbhadh sochaidhe & iar n-indradh na criche don chur-sin do thaet Domhnall mac Muircertaigh i teagh Uí Dhomhnaill co n-derna sidh fris, & do-bert a oighriar n-dó la taobh na n-giall ro gabhadh ó Chenél c-Conaill riasan tan-sin.

M1388.10

Coccadh eittir Ua Ruairc & Clann n-Donnchaidh, & Domhnall (.i. mac Muirceartaigh) do eirghe le Cloinn n-Donnchaidh.

M1388.11

Maghnas mac Maoileachlainn Meic Maghnusa do mharbhadh la cloinn Meic Donnchaidh, & la Maol Ruanaidh Mac Donnchaidh.


p.714

Annal M1389

M1389.0

AOIS CRIOST, 1389.

Aois Criost, mile, trí chéd, ochtmoghat, a náoi.

M1389.1

Biocaire Innsi Caín d'écc.

M1389.2

Niall Ócc Ó Neill do ghabhail do Ghalloibh.

M1389.3

Muiris Maol Ua Concobair Failge do marbhadh d'aon-urchor soighde ag tempall Cluana Da Thorc la fer d'Uíbh c-Ceallaigh Legi.

M1389.4

Maoilechlainn Cam Ua Lochlainn tighearna Corc' Modruadh do marbhadh la a derbrathair fein i b-feill.

M1389.5

Eoghan Ó Ruairc & clann Cathoil Óicc do dhul go Caislén an Uabhair. Marcsluagh Muintire h-Éilighi d' eirghe dóibh. Ruaig do thabhairt orra. Maghnus Ó h-Élighi do marbhadh annsin, & daoine oile. Creacha Muintire h-Élighi do denamh doibh iaramh, & Muircertach ó h-Élighi do mharbhadh. Sith do dhenamh d'Ua


p.716

Ruairc, do Dhomhnall mac Muircertaigh, & do Cloinn n-Donnchaidh iar sin re 'roile. Sith do denamh do Mhac Diarmata & do Cloinn n-Donnchaidh beos, & na braighde do benadh do Cloinn n-Donnchaidh roimhe do tabhairt doibh, & Cathal Mac Diarmata baí i m-braighdenus ag Cloinn n-Donnchaidh do leiccen amach iar snadmadh na síodha rémraitte.

M1389.6

Creacha Tíre Conaill do denamh do Domhnall mac Muircertaigh.

M1389.7

Raghnall Mag Ruairc flaith Teallaigh Conmasa d'écc.

M1389.8

Brian mac Domhnaill Oícc Uí Raighilligh do marbhadh do Cloinn Muirceartaigh.

M1389.9

Maghnus Ua Ruairc do gabhail do Corbhmac Ua Ferghail tre tangnacht.

M1389.10

Aiffric inghen Aodha Uí Néill, bein Henri Aimhreidh Uí Néill, do écc.

Annal M1390

M1390.0

AOIS CRIOST, 1390.

Aois Criost, míle, trí chéd, nochat.

M1390.1

Niall Ó Taichlich canánach coradh Clochair, & comharba Daimhinnsi d'écc.

M1390.2

Petrus Ua h-Eoghain deccánach Locha h-Erne, & Parthalón Ó Conghaile canánach, & sacrista Lesa Gabhail d'écc.

M1390.3

Coccadh mór etir Ua Ruairc & Ó Raighilligh. Anghailigh, & Eolasaigh, &


p.718

Clann Muircertaigh do thocht fo toghairm ar coccaidh isin tré sheoladh Domhnaill mic Muircertaigh, & Tomaltaigh Meic Donnchaidh.

M1390.4

Maghnus Ó Ruairc baí i m-braighdenus ag Ua Raighilligh i c-cloich Locha h-Uachtair d'elodh esde, & tarraing dó go caislén Locha an Sccuir. Clann Muircertaigh d'faghbail bratha air, & a marbhadh doibh ag teacht as coite amach do.

M1390.5

Sith do denam d'Ó Ruairc, & d'Ua Raighilligh, & comtha móra d'faghail d'Ua Raighilligh ar son easccarat Uí Ruairc d'athcur, & d'ionnarbadh uaidh. Eogan Ua Ruairc, & mac Cathail Riabhaigh do tabairt do i n-gioll ris na comhtaibh-sin.

M1390.6

Clann Muircertaigh & Teallach Dunchadha do denamh imerce neirt ar Muintir Ruairc im Fhiodh Ua Fionnoicce, & im Sliabh c-Corrain, & im Cenél Luachain.Iarna fhios sin d'Ua Ruairc (& é i n- Glionn Gaibhle an tan-sin) rucc a imirgedha lais fo bharr Chenél Luachain. Ionnsaighidh do thabhairt dó forro-somh, maidhm forra roimhe, & marbhadh do beith ar a n-ellaigibh & ar a n-daoínibh o Bheal Atha Doire Dubain go mullach na t-Tulach m-Brefnech.

M1390.7

O Raighilligh, .i.Tomás mac Mathgamhna d'écc, & Seaan mac Pilip Uí Raighilligh do gabhail tighearnais.


p.720

M1390.8

Caislén Chille Barrainne do briseadh la Domhnall mac Muircertaigh.

M1390.9

Brian Mac Aodhaccain ollamh na Brefne i m-breithemhnas d'ecc, & Seaan (.i. oifficel Mac Aodhacain) fear ionaid Briain do marbhadh ceitheora h-oidche ria Nodlaic.

M1390.10

Duibhgionn Ua Duibhgionnáin ollamh Conmaicne i senchus d'écc.

M1390.11

Ferghal Ua h-Eghra tigherna Luighne d'ecc.

Annal M1391

M1391.0

AOIS CRIOST, 1391.

Aois Criost, míle, trí chéd, nochat, a h-aon.

M1391.1

Ua Ruairc, .i. Tigernan do dhul i c-coinne Uí Raighilligh, Sheaain, go Druim Lethain uathadh sochraide. O'd-chualatar Clann Muirceartaigh Uí Choncobhair sin tiaghoid foir-lion roimhe ar Bealach an Chrionaigh. Brisis Ó Ruairc cona beccán buidhne orra, & marbhais Seaan mac Mathgamhna Uí Choncobhair, & Donnchad mac Aodha an Cleitigh da laim budein genmothá ar marbsat a muintir don cuid ele díb.

M1391.2

Domnall Ócc Mág Cárthaigh tigerna Desmumhan d'écc, & a mhac Tadg do ghabhail tigernais na dheoidh.

M1391.3

O h-Anluain taoiseach na n-Oirther do mharbhadh da bhraithribh fein tre fheill.


p.722

M1391.4

Mac Gilli Muire (.i. Cu Uladh Ua Morna) taoiseach Ua n-Erca Cein & Leithe Cathail do mharbhadh da brathair budhein.

M1391.5

Tadg mac Gille Coluim Uí Uiginn, & Be Bhinn inghean Uí Maoil Conaire ollamh dersccaighte i n-dán, & i n-daonnacht d'écc iar n-aithrighe.

M1391.6

Corbmac Maol Ua Ferghail do mharbhadh h-i f-fiull la Gallaibh.

Annal M1392

M1392.0

AOIS CRIOST, 1392.

Aois Criost, míle, tri céd, nochat, a dó.

M1392.1

Grigoir Ua Mochain aird-easpucc Tuama saoí cráibdheach deshercach do écc. Enrí Aimhreidh mac Neill Móir Uí Néill rioghdamhna Cenél n-Eoghain, & degh-adhbhar aird-righ Erenn do chert, d'uaisle, & d'einech d'écc, fo fhel Brénoinn iar m-buaidh n-ongtha, & n-aithrighe.

M1392.2

Domhnall mac Enrí Uí Néill do gabhail la Toirrdhealbhach an Fhíona Ua n-Domhnaill tigerna Tire Conaill. Creacha, & urtha aidble do dhenamh dó ar mac Enrí cona muintir an la cedna.

M1392.3

Mor-sluaigheadh la Niall Ua Neill Rí Chenel n-Eoghain go maithibh in chuiccidh ime do shoighidh Gall Tragha Baile agus Duini Dealgain, nert do chur orra dó don dul-sin, & Seffín Faoít do thuitim lais iar t-tabhairt tachair doibh du 'roile.


p.724

M1392.4

Sloiccheadh mór do-breith d'Ua c-Concobhair Donn (go n-urmhór maithe Connacht ina fharradh) go h-Uibh Maine. An tír do losccadh & do lomarccain doibh. O Concobhair Ruadh dia lenmain. Cathal mac Aodha Uí Ruairc do bheith ar deiredh slóigh Uí Choncobhair Dhuinn, & a ghabhail la h-Ua c-Concobair Ruadh, & sochaidhe da muintir do marbadh.

M1392.5

Condaois Desmumhan inghen iarla Urmumhan, ben derlaictheach deigh-einigh d'écc iar m-buaidh n-aithrighe.

M1392.6

Toirdhealbhac Mac Briain ó c-Cuanach Ruaidhri mac Donnchaidh Uí Cherbhaill tánaisi Eile, & Fionnghuala inghen Maghnusa mic Cathail Uí Concobhair d'écc.

M1392.7

Diarmaitt Mag Eochagain taoiseach Cenel Fiachach do ecc.

M1392.8

Sloiccheadh mór la h-Ua Neill, Niall, & la cloinn Enrí Uí Néill co n-Ulltoibh uile h-i c-Cenél c-Conuill for Ua n-Domhnaill, Toirrdhealbach. Sloigheadh ele la Domhnall mac Muirchertaigh cona braitribh for Ua n-Domhnaill beós. Creacha an tire do teicheadh fo diamraibh, & fo dhroibhélaibh, & Ó Domhnaill cona shochraitte do beith for cúl a mhuintire. Ni ro h-anadh lasan sluagh c-connachtach go rangatar go Cenn Maghair. Fo gabhaitt édala an dú-sin. Ticc Ua Domhnaill cona sochraitti ina lenmain go raímheadh forra go ro marbaitt sochaidhe diobh im mac Donnchaidh Még Cába. Dála Uí Níill & cloinne Henri cona slogh ro h-aircceadh leo-sidhe críoch Uí Dochartoigh eittir cill & tuaith, & ní ro h-anadh leó-sidhe go rangatar go Fearsaitt Mhoir i n-aireas catha d'Ua Domhnaill. Battar athaidh aghaidh i n-aghaidh amhlaidh-sin. Cona eadh do-ronsat sídh do denamh fo deoidh.


p.726

M1392.9

Crecha la h-Ua n-Domhnaill ar cloinn t-Seain Uí Domhnaill, uair báttar iad-sidhe baí ag tarraing Cloinne Muircertaigh, & d'eolus rempa ar an sluaigheadh remhraite.