Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

p.656

Annal M1373

M1373.0

AOIS CRIOST, 1373.

Aois Criost, mile, trí chéd, seachtmoghat, a trí.

M1373.1

Uilliam Mac Carmaic epscop Ardachaidh saoí i n-eccna, & i crabadh do écc.

M1373.2

Adam Ó Cianáin cananach & saoí seanchadha do écc i Lios Gabhail.

M1373.3

Iondsoighidh do tabhoirt do Gallaibh Midhe don Anghoile. Ruaidhri mac Cathoil Uí Ferghoil & a mac do marbhadh dóibh don cur-sin, & sochaidhe dá muintir imailli riú. Donnchadh Ua Feorghoil go lion a thionóil dia lenmhain, & marbhadh mór do dénamh lais orra. Urchor do shoighid do bhuain don áirsidh iar sin, & an maidhm roimhe for Gallaibh, go t-torchair dhe, & gur sraoineadh for a muintir.

M1373.4

Uilliam Dalatún & Sirriam na Midhe do marbhadh le Cenél Fhiachach & lé h-Ua Maoíleachloinn.

M1373.5

Mac An Pearsúm Meic Feorais do marbhadh lá Toirrdhealbhach Ruadh Ua c-Concobhair d'aon-bhuilli cloidhimh i c-Conmaicne Dúna Mhoir tar és fell do


p.658

dénamh doibh air, & sé ag teacht a Conmaicne Cúile & é fén d'imtheacht d'aimdheóin a los a láimhe iar sin ó na easccaraid, & é beó loitidhe.Andrias Mac Cionaoith do marbhadh doibh-siomh as a h-aithle, iarna fágbhail do Toirrdealbhach aca i n-geall re na rogha fuasgailte d'fagháil as an tan ro fheallsad fair fén roimhe.

M1373.6

Barrdubh inghean Uí Ruairc ben Domhnaill Mec Tighernáin do écc.

M1373.7

Seaan Mac Con Mara árd-taoiseach Cloinne Cuiléin & Tadhg Ócc Ó Durnin do écc.

M1373.8

Sadhbh inghen Cathail Uí Choncobhair ben Flaitbertaigh Ui Ruairc do ecc.

M1373.9

Raghnall mac Corbmaic Meg Raghnaill do mharbhadh la mac Meg Naiscídh i fell.

M1373.10

Maoileachloinn Connachtach Ó Néill do écc.

M1373.11

Maighistir Niocól Mag Techeadain oifficel Cluana do écc.

M1373.12

Brian Og mac Briain Ui Dhubhda do mharbhadh la Bairédachaibh.

Annal M1374

M1374.0

AOIS CRIOST, 1374.

Aois Criost, míle, trí chéd, Seachtmhocchat a cethair.

M1374.1

Senicin Sabhaois do mharbhadh la Mag Aonghusa.

M1374.2

Domhnall Ócc Ó Dochortaigh .i. mac Seaain do écc.

M1374.3

Cu Coiccriche Ócc Mag Eochaccáin taoiseach Cenél Fhiachach do marbhadh i bh-fell ar n-dul dó lé h-espucc na Midhe go h-Áth Luain, & An Sionnach Mac Meráin do muintir Uilliam Dalatún da mharbhadh d'aon-bhuile sleighi, & é fein do tharraing o aroile iar sin & boill bheacca do denamh da corp a c-cionaidh a mhíghniomha.


p.660

M1374.4

Teabóid A Búrc oighre Meic Uilliam do marbhadh d'Uíbh Maine.

M1374.5

Maidhm la Niall Ó Néill for Gallaibh, dar marbhadh an ridire Roidseach, Bocsa na Cairrge, An Sandalach & William Baile Dalat ceann ainbhféle Erionn, & il-iomad nach n-aacute;irimhther.

M1374.6

Tadhc mac Ruaidhri mic Cathail Ruaidh Uí Choncobhair, degh-adhbor Uí Choncobhair do écc.

M1374.7

Maoileachloinn mac Diarmata Uí Fearghail do dul ar coccadh as an Angaile go Muintir Maoil Mordha do chur i n-aghaidh Gall.Tachor trén amhnus do chur eatorra & Goill iar sin dár marbhadh-somh & sochaidhe oile.

M1374.8

Tadhcc Ócc Mag Raghnaill do lot d'orchor do shoighid go n-erbail de, acht nír bh-feas a demhin cia do telcc an t' urchor. Muintir Bhirn dá chur for Cloinn Muirchertaigh, & Clann Muircertaigh dá cur orra-somh mar an c-cédna, uair as etorra baoí iorghal an tan-sin. Coccadh d'erghi tremid-sídhe edir Eolaschaibh & Muintir Bhirn.

M1374.9

Corbmac mac Tomaltaigh Uí Ferghail do mharbhadh.

M1374.10

Fearghal mac Flaithbertaigh Uí Ruairc do marbhadh do Pilib.

M1374.11

Tighernán mac Briain Meg Tighearnáin do écc.

M1374.12

Maoileachloinn Ruadh O Duibhgennan saoi i sinchus, & Mathghamhain an Chind mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Ruairc do comhthuitim ré aroile.

Annal M1375

M1375.0

AOIS CRIOST, 1375.

Aois Criost, mile, tri chéd, sechtmogat, a cúig.

M1375.1

Donnchadh Caomanach Mac Murchadha righ Laighen do marbhadh la Gallaibh i bh-fell iar t-tabhoirt díothlaithrighe dó go menic roimhe-sin orra.


p.662

M1375.1

Mathgamain mac Maghnasa Ui Concobhair do écc iar m-buaidh n-einigh, & n-eangnamha.

M1375.2

Caislén Rosa Comáin do tabhoirt do Ruaidhri Ó Concobhair, & Baile an Tobair do tabhoirt do Toirrdhealbhach Ruadh as imaille re comadhaibh oile.

M1375.3

Mac Artain uirrí Cenel Fhaghartoigh do marbhadh i bh-fell da brathair fén mac Gille Térnoind Mec Artain.

M1375.4

Maidhm mór do tabhoirt lá Niall Ó Néll for Gallaibh Dúin Da Lethglas, dú i t-torchoir Sir Semus Bhaile Atha Thíd no Alahid fer ionaid righ Saxan, Burcach Caimlinne, & il-iomad nach n-áirimthear.

M1375.5

Cú Uladh Mag Mathgamna tanoisi Oirghiall d'écc do chuislinn.

M1375.6

Art mac Mecc Uidhir aon bá lán d'eneach & d'féle do écc.

M1375.7

Diarmaid Mag Raghnaill do dul d'ionnsaighidh for Corbmac Ua m-Birn, & Donnchadh mac Concobhair an Copáin do marbhadh don toisc-sin, immaille re h-il-iomat do daoinibh oile imaille ris, & édala mora do denamh do.

M1375.8

Maoileachloinn Ua Domnallan ollamh Síl Muireadhaigh go sainredhach le dán, & ard-shaoí Erionn beós isin ealadhain cédna, d'écc d'fiolún.

M1375.9

Cairbre, & Eoghan, dá mac Mécc Tighearnáin do tabhoirt ionnsaighte for Ghallaibh go líon a t-tionóil. Fer da muintir féin do dhénamh felle orra, & dá c-crec le Gallaibh ariomimhas. Goill do chruinniughadh ina t-timcheal iarna m-brath dóibh; clann Mécc Tighearnáin, & cuiccer ar fhichit do maithibh a muintire do dhícheannadh ar én láthoir annsin do Gallaibh.

M1375.10

Seaffraidh mac Giolla na Naomh Uí Fherghoil degh-adhbhor tigherna na h-Anghoile ar eneach, ar chruth, ar chaoin-bhésaibh, do écc iar m-buaidh n-ongtha & n-aithrighe.

M1375.11

Sir Emann Albanach Mac Uilliam Búrc do écc iar m-buaidh n-aithrighe. Tomás a mhac do gabáil tighearnais tar a és.


p.664

M1375.12

Osccor mac Airt Meg Uidhir do marbhadh do cloinn Donnchaidh Még Uidhir.

M1375.13

Donnchadh mac Taidhg mic Conchobhair an Chopáin do marbhadh la Muintir Birn.

M1375.14

Tomás Mac Feorais tighearna Átha na Rígh, & Seann Mac Lochlainn cenn a fhine fén d'ég.

M1375.15

Cathal Óg mac Cathail Oig mic Cathail Móir mic Domhnaill Uí Chonchobhair do mharbhadh le Cloinn Riocaird, & Lochlainn mac Donnchaidh Uí Dhubhda do ghabhail don cur-sin.

M1375.16

Brian Ó Briain tighearna Tuadhmumhan do indarbadh la Toirrdhealbach mac Muirceartaigh Uí Briain; & le Cloinn Riocaird.

M1375.17

Coccadh eitigh Ruaidhri Ó Choncobair rí Connacht, & Maol Seacloinn Ó Ceallaigh tighearna Ua Maine gur ro ghabh Ua Cocobhair nert for Uibh Maine.

M1375.18

Cathal mac Maghnusa Meic Diarmada d'ég.

Annal M1376

M1376.0

AOIS CRIOST, 1376.

Aoís Criost, mile, tri chéd, sechtmhocchat, a sé.

M1376.1

Tadhcc Ó Ruairc tigherna Brefne, aon lán d'eneach d'féle, d'alladh, & d'oirdearcus, Bethir na m-Brefneach, & Leómhan Lethe Cuinn d'écc. Tighernán a mac do gabháil tighernais Brefne 'na dheóidh.

M1376.2

Aodh Ó Tuathoil, tigherna Ua Máil do marbhadh do Gallaibh.

M1376.3

Dalbhach mac Maoileachloinn Uí Bhroin, ceann enigh & eangnamha Laighion do ghuin da spor fesin, & a écc fo chedóir.

M1376.4

Aodh mac Seaain Uí Ferghoil do écc, & bá tiopra go t-tobhrúchtadh a fhéle & a fhairsnge do cliaroibh Erionn go coitchionn ó aois a macdhachta go sin.


p.666

M1376.5

Bébinn inghean Domhnaill Uí Duinn, bean Uí Diomasaigh do écc.

M1376.6

Roibeard Ua Ferghail do écc iar m-buaidh n-aithrighe.

M1376.7

Cuaifne Ua Concobhair Failgi, degh-adbor tighearna Uibh Failge do écc.

M1376.8

Concobhar Ua Becháin saoi Shenchadha, Ceallach Mac Cruitín ollamh Tuadhmumhan le senchas, Eóin Ua Ruanadha ollamh Mécc Aongusa lé dán, Maoileachloinn Ó Maoil Mhena ollamh Uí Catháin, Donnchadh Mac Firbhisigh deig-senchaidh, & Ruarcán Ó h-Adhmaill ollamh Uí Anluain i n-dán do écc. Fer tighe caoidheadh coitchionn gan diultadh ré n-aon an Ruarcan-so.

M1376.9

Cu Moighi Ó Catháin tighearna Oireachta Uí Catháin do gabhail do Gallaibh i b-purt Cúile Rathain, & a chur dóibh go Carraicc Feargusa i n-gemhlibh.

M1376.10

Coimthionol Gall Midhe, Uladh, & Laighen dochum na h-Anghoile. Creacha fill do denamh dóibh isin tír. Ua Ferghoil go líon a thionóil dia saighidh-siomh iar sin fo leith, edir Ghallaibh Uladh & Laighean &ca. gur loiscc a m-bruigh & a m-bailte, gur chreach a c-críocha, & a iompúdh as a h-aithle go n-édálaibh aidbli fo bhuaidh & cosccur.

Annal M1377

M1377.0

AOIS CRIOST, 1377.

Aois Criost, mile, trí céd, seachtmhoghat, a seacht.

M1377.1

An t-espucc Ó Ceallaigh .i. easbacc Cluana Ferta Brénainn, Seaan Ó Rodacháin comhorba Caillín saoi coitchionn, & an Deccánach Mór Mag Muirghiosa do écc. Isin Róimh écc an deccánaigh-si.

M1377.2

Mainistir Eassa Ruaidh do losccadh.

M1377.3

Uater mac Sir Dauith Búrc, Domhnall mac Fergail mic An Manaigh Uí Gallchobair, Seaffraidh Ó Flannaccáin taoiseach Cloinne Cathail, Donnchadh mac Uilliam áloinn; Uí Cherbhaill tighearna Ele, Diarmaid Bacach Mac Branáin


p.668

taoiseach Corc'Achland, Fachtna mac Dauith Uí Mórdha, & Brian Ó Flaithbertaigh do écc.

M1377.4

Sluaigheadh la Riocard A Búrc i Cloind Cuiléin & Cuilenaigh do tionol im, Mac Con Mara .i. mac inghene Uí Dálaigh. Ionnsaigidh do tabhoirt dóibh ar Chloinn Riocaird gur cuirsiod maidm orra, dár marbhadh Teabóid mac Uillicc ceann na cethirne, trí meic Ó n-Edin, & mórán do maithibh Cloinne Riocaird archeana.

M1377.5

Ruaidhrí Ó Concobhair do tabhart madhma i Ros Commain for Mac Uilliam Búrc & for Maoileachloinn Ó Ceallaigh tighearna Ó Maine, dú inar marbhadh Risderd A Búrc .i. dearbhrathair Meic Uilliam, Domnall mac Cathail Óicc Uí Concobhair, Tadhg Óg mac Taidhg Uí Cheallaigh, Ua Maindin .i. taoiseach Sodain, Mac Dubhgaill Galloclaigh, & iomad oile nach n-áirimhthior.

M1377.6

Caislén Leasa Aird Abla do dénamh la Seaan Ó f-Ferghail tighearna na h-Anghoile.

M1377.7

Coccadh edir Mac Diarmata & Ruaidhrí Ó Concobair, go t-tainicc de-sídhe Magh Luirg do milleadh & do losccadh edir gortaibh & foirgneamha. Sochaidhe do marbhadh eatorra leath for leith. Síth do dénamh dóibh fó dheóidh, & comhtha


p.670

d'faghail do Mac Diarmata do chionn na síodha do dénamh, & i n-ionad a d'íoghbhála Ruaidhrí Ó Concobair.

M1377.8

Mathghamhain mac Seaain Meic Con Mara do écc.

M1377.9

An dara Risderd do ghabhail rioghaichte Saxan. .21. Iun.

M1377.10

Gofraidh mac Andaidh Uí Raghallaigh do mharbhadh la Cloinn an Chaoich Uí Raghallaigh.

Annal M1378

M1378.0

AOIS CRIOST, 1378.

Aois Criost, mile, tri ced, Seachmhoghatt, a h-ocht.

M1378.1

Cairbre Ua Feargoil Espucc Ard Achaidh, ealcuing congbhala an crábhaidh, glún oileamhna na h-eccno, soithech désherce & daonnachta esidhe, a écc isin Róimh iar m-breith bhuadha do deaman & domhan.

M1378.2

Mór inghean Uí Feargail ben Mé Raghnaill .i. Diarmaid, do écc, & a h-adnacul i c-Cluain Conmaicne go h-onórach.

M1378.3

Uater Mac Uilliam Búrc do marbhadh la Muintir Mháille.

M1378.4

Fearghal Mag Raghnaill do marbhadh la Conn mac Muircertaigh Meg Raghnaill.

M1378.5

Giolla Criost Ua Ruairc mac tighearna Breifne do éc.

M1378.6

Toirrdealbhach Mac Suibne ard-consubal Connacht.

M1378.7

Tadcc mac Lochlainn Meg Con Mara taoiseach Cloinne Cuilén do marbhadh la mac inghine, Uí Dhálaigh.

M1378.8

Domhnall Mhág Brádaigh taoiseach Cúile Brighdin, & Teallaigh c-Cerbhaill, saoí coitchionn. Seaan Ó Fialáin degh-fer dána, & Dubh Coblaigh ingen Mecc Raghnaill ben Uí Maoil Miadhaigh do écc.

M1378.9

Iondsoighidh do tabhairt do Mag Raghnaill gona bráithribh & gona oireachtaibh,


p.672

do dá Cloinn Aodha, & d'Ferghal Ó Ruairc ar Cathal Ruadh Mag Raghnaill. Cathal do tionol a com-mbraithreach, & a clemhnadh im Diarmait Mac Diarmata go h-én-ionadh ar a c-cionn-somh. Maidhm do tabhairt doibh for Macc Raghnaill.Ferghal Mág Raghnaill deigh-fear sona saidbir, & Mac Senlaoich, Mac Giolla Duibh, & sochaidhe nach n-áirimhthear do mharbadh don imsearccain-sin.

M1378.10

Giolla CriostÓ Sgingín ollamh cenél c-Conaill i senchus do écc do fhiolún.

M1378.11

Brian Mag Uidhir .i. adbar tighearna Fer Manach, do marbhadh la cloinn Airt Meg Uidhir.

M1378.12

Ferghal Ua Maoíl Miadhaigh taoiseach Muintire Cerbhallain d'ég.

M1378.13

Tadhg Mac Aedhagáin ollamh breitemhan Iochtar Connacht saoí gan imresain gan oirbernaigh, & fer thige n-aoidheadh coitchind da gach aen do ég.

Annal M1379

M1379.0

AOIS CRIOST, 1379.

Aois Criost, mile, trí chéd, Seachtmhoccat, a naoí.

M1379.1

Eapscob na Midhe, .i. An Faltach do écc i Saxaibh.

M1379.2

Sémus Ó Conghalaigh prióir Daimhinsi, Flaithbertach Ó Mongáin Airchindeach Ruis Airthir d'écc.

M1379.3

Pilib mac Niocoil, .i. An Dalatúnach tigherna Iarthair Mhidhe d'écc.

M1379.4

Fer Bisigh Mac Fir Bisigh saoi senchadha d'écc.

M1379.5

Dauidh Ua Duinn taoiseach Ua Riagáin do mharbhadh la mac Cearbaill Uí Dhuinn.

M1379.6

Riocard Mac Cathmhaoil do marbhadh la Pilib Mhag Uidhir, tigearna Fear Manach, & la Domhnall Ua Néill.

M1379.7

Maidhm na Dreche do thabhairt d' Ua Néill, .i. do Niall Mhór ar Pilib Mhág


p.674

Uidhir, dú i t-torchair Tadhg Mhág Uídhir, dá mac Meic Maghnusa, Toirrdealbhach mac Donnchaidha Még Uidhir, Brian mac Meic Raith, & Muirchertach Mac Míolchon.

M1379.8

Mac An Chaoích Uí Raighilligh do mharbhadh la mac Andaidh Uí Raghailligh.

M1379.9

Cú Mara Gerr, .i. Mac Con Mara do mharbhadh la a braithribh fein tre fhéill.

M1379.10

Cú Chonnacht mac Pilib Mhég Uidhir adhbhar tigherna Fer Manach ar eineach & ar uaisle, do mharbhadh la Cloinn Domhnaill Cloinne Ceallaigh.

M1379.11

Maol Mordha Óg mac Maoil Mordha Ruaidh Uí Concobair (.i. Failghe) do mharbhadh la Gallaibh.

M1379.12

Fionnghuala inghen Uí Cheallaigh ben Meic Uilliam Búrc do écc.

M1379.M13

Risderd Ua Dubhagain d'écc adbar ollamhan Ó Maine eisidhe.

M1379.14

Uilliam mac An Ghiolla Caoich Meic Cerbaill dearscaightheach Gaoidheal i seinm do écc.

Annal M1380

M1380.0

AOIS CRIOST, 1380.

Aoís Criost, mile, trí chéd, ochtmhocchat.

M1380.1

An t-abb Mac Diarmata Ruaidh, .i. abb na Trionoide for Loch Cé, & Domhnall Ua Lennáin Prióir Leassa Gobhail do écc.

M1380.2

Seaan mac Conchobhair mic Aedha mic Domhnaill Oicc tighearna Tire Conaill, & na n-imeal c-comhfogus dhi, & ríoghdhamna Uladh uile, & a mhac Maoileachlainn Dubh do mharbhadh i mainistir Eassa Ruaidh, la Toirrdhealbhach mac Néill Uí Domhnaill, la cloinn Cathail Oícc Uí Chonchobhair, & la Muintir Dhuirnín ar ammas aidche ina fhoslongport féin.

M1380.3

Bres-mhaidhm la Mac Uilliam Búrc for Mac Uilliam Uachtarach (Riocard


p.676

Óg) h-i m-Baile Atha Leatrain. Mac Siúrtáin d'Exetra tighearna Atha Lethain, & Seon d'Exetra do mharbhadh ann.

M1380.4

Tadhg mac Muirceartaigh Uí Briain do mharbhadh la Brian Sremach Ua Briain.

M1380.5

Ruaidhri mac Cathail mic Aodha Breifnicch Uí Choncobhair do theacht ar greis ar mhuintir Ruairc, & a marbhadh la Maghnus Ua Ruairc.

M1380.6

Maidhm mór-adhbhal do thabhairt la Mág Aengusa, Art, ar Ghallaibh, & ar Oirtheraibh. O h-Anluain tighearna Oirthear, & sochaidhe mór do Ghallaibh do mharbhadh don chur-sin.

M1380.7

An Moirtimérach do thecht i n-Erinn immaille re mor-chumachtaibh (.i. ina Iustis). Uaisle Gaoidheal do dul ina cend im rioghdhamhna Ereann, .i. Niall Ó Néill, Ó h-Anluain, Ó Fearghail, Ó Raghallaigh, Ó Maoil Muaidh, Mag Eochagain, An Siondach, & aroile saor-chlanna.

M1380.8

Art Mhág Aonghusa tighearna Ua n-Eachdhach Uladh do gabhail tré fheill h-i t-tigh An Moirtimeraigh. Gaoidhil Ereann & moran do Gallaibh fein do ghabail eccla roime iar sin fa beith ara iocht, ionnus gur chuirset rompa gan tataighe do dhenam air.

M1380.9

Art mac Gerailt Caomhanaigh do mharbhadh la Gallaibh.

M1380.10

Maidhm mór do thabairt la h-Ua n-Domhnaill Toirrdhealbhach ar Choncobhar Óg mac Seaain mic Concobhair mic Aedha mic Domnaill Óig, ar Ua n-Dochartaigh, ar Chloinn t-Shuibhne du in ro marbhadh morán dá maithibh. Dias dearbrathar Meic Suibhne do ghabhail ann, .i. Eoin & Murchadh. Edala aidhble do bhuain díobh d'eachaibh, d'arm, & d'éidedh.


p.678

M1380.11

Art mac Gearailt mic Tomáis Finn (.i. do Cloind Murchadha) do mharbhadh la Mac Murchadha rí Laighen.

M1380.12

Sloighead la Cloinn Muircertaigh & la Pilib Ua Raighilligh i m-Brefne Uí Ruairc, & Tomás Macc Dhorchaid do mharbhadh dóibh. Ua Ruairc do-breith orra, & a c-cur dhó as an tír go h-aimhdheonach iar b-fágbáil coda dá n-daoinibh & da n-eachaibh dóibh.

M1380.13

Cian mac Ruaidhri Uí Cherbhaill adbhar degh-thoísigh críche éle do mharbhadh d'Aodh mac Muirceartaigh Uí Maoíl Muaidh d'urchur soighde.

M1380.14

Sloigheadh lasan Moirtemerach go h-Ultoibh gur milleadh dúinte & bailte iomdha don toiscc-sin lais eitir ecclais, & túaith, an Urnaidhe, Domhnach Mór, Aireaccal, & Clochar, et cetera.

M1380.15

Corbmac Óg Mag Carthaigh, Enrí mac Domhnaill Uí Fherghail, Aodh mac Muircertaigh Mhuimhnigh Meg Eochagáin, & Domhnall mac Dauidh Meg Eochagáin d'ég.

M1380.16

Domhnall mac Briain Uí Dhubhda tighearna Ua f-Fiachrach, & Ó n-Amhalgaidh fear cosanta a criche d'aimhdheoin Ghall & Ghaoidheal batar ina aghaidh do ég ina baile budhdhéin an .3. Mai, & a mhac Ruaidhri do ghabhail a ionaid.


p.680

Annal M1381

M1381.0

AOIS CRIOST, 1381.

Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchatt, a h-aon.

M1381.1

Dealb Muire Chille Móire i n-Uibh Briúin do labhairt co h-iongnath.

M1381.2

Uilliam mac Donnchaidh Muimhnigh Uí Cheallaigh tighearna Ó Maine aon-dhuine ro ba mó clú, aireamh, & oirrdearcus don chineadh da m-baoi, & an fear tug gairm coitchionn einigh do chliaraibh Ereann, & do dhíol iad do reir a n-oigréire uile, do écc ina Shenoir chian-aosda iar m-buaidh n-aithrighe, & Maol Sechlainn a mhac do ghabhail a ionaidh.

M1381.3

Tadhg Ruadh Mac Diarmada Gall 'ga m-baoi urlamhus Airtigh do mharbhadh la Cloinn Goisdealbhaigh.

M1381.4

Diarmaitt Mhág Carthaigh adbar tighearna Deasmhumhan do mharbhadh d'Ua Mathgamna.

M1381.5

Ceindeidigh Mac Briain ó c-Cuanach do mharbhadh la Gallaibh.

M1381.6

Clann mic Fedlimidh Uí Concobhair d'ionnradh do Ruaidhri Ó Choncobhair & Baile an Tobair do buain díobh.

M1381.7

Cathal mac Ruaidhri Uí Chonacobhair do ghabhail la Brian m-Ballach iar sin co crodha cosccrach i m-Beól an Tachair, & daoíne maithe immaille ris im Brian Ua m-Birn, & im Lochlainn Ua n-Ainlighe dia m-batar occ filleadh ó Chonmhaicne Dúin Móir, Brian da congbail aige i m-braighdenus co b-fuair a breth fein ó Ua c-Concobhair & go n-dernsat síth as a h-aithle.


p.682

M1381.8

Caislen Atha Luain do gabhail don Iarla (an Moirtemerach) & mac Riocaird an t-Sonnaigh do marbhadh ann.

M1381.9

Caislen Atha Leathain do legadh do Cloinn n-Donnchaidh & a chomh-la do thabhairt doibh go Baile an Mhotaigh.

M1381.10

Ua Duinn do mharbhadh d'Feraibh Ceall dia m-baoi ag denomh creichi orra.

M1381.11

Pilib Ua Cinneidigh tighearna Urmhumhan, & a bean Aine ingean Meic Con Mara do écc.

M1381.12

Slóigheadh la Niall Ó Néill i n-Oirghiallaibh, creacha móra do dhenomh dóibh, & Airghialla dia lenmhain gur briseadar ar deireadh sluaigh Uí Neill, & gur bensat cuid da c-creachaibh dhíobh.Donnchadh mac Maghnusa Mheg Mathgamhna do mharbhadh don tachar-sin.

M1381.13

Sir Émann Mortemer tighearna Gall Ereann d'écc.

M1381.14

Dub Cablaigh inghean Aedha Meic Diarmata ben Chathail Ruaidh Mhég Raghnaill, Lasairfhíona ingen Toirrdealbhaigh Uí Concobair bean Mheg Raghnaill, Fionnghuala inghen Con Maighe Ui Chatháin bean Toirrdhealbhaigh Meic Suibhne, Sadhbh inghen Uillic A Búrc ben Uí Choncobair, Dubh Coblaigh inghen Uí Choncobhair Fhailgigh ben Domnaill mic Teaboid Uí maoíl Mhuaidh, & Laisairfhiona inghen Ferghail Uí Duibhgennáin bean Uí Mithidhéin an Bhealaigh d'écc.

M1381.15

Eoghan Sionnach tanaisi Muintire Tadhgain do mharbhadh do Dalatúnachaibh.

M1381.16

Aodh mac Muircertaigh Mhuimhnigh Mhécc Eochagáin do mharbhadh do Maoilir mac Teaboitt Uí Mhaoil Mhuaidh ar iomruagadh do buille ga.


p.684

M1381.17

Ua Murchadha do mharbhadh la h-Uibh c-Ceinnsealaigh.

M1381.18

Dunghalach Ua Madadhain do mharbhadh i n-iommruaccadh la Cloinn Riocaird.

M1381.19

Raghnailt inghen Mhecc Bradaigh bean Meg Dorchaidh d'écc.

M1381.20

Eoghan Ó Cuinn taoiseach Mhuintire Giollgán do écc.

M1381.21

Domhnall Ó Murchudha tighearna Ó f-Félimedha do marbhadh la h-Uibh c-Ceinnsealaigh.

M1381.22

Pilib mac meic Pilib Uí Ceinnéidigh tighearna Urmhumhan, & Aini inghean Meic Con Mara a bhean do écc ina n-dís.

Annal M1382

M1382.0

AOIS CRIOST, 1382.

Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchat, a dó.

M1382.1

Tomás Ua Carmacain epscop Tuadhmuman, Matha Mag Muireadhaigh prioir Cille Moire d'écc.


p.686

M1382.2

Diarmaid Ó Domhnaill, mac-sidhe Eoghain (.i. mac na h-Inghine Ruaidhe an t-Eogan hi-sin) mic Aodha mic Domhnaill Óig adhbhar tigherna Tire Conaill d'ég.

M1382.3

Labrás Diúid do mharbhadh la cloinn t-Seaain Uí Fhearghail, Murchadh, Corbmac, & Domhnall.

M1382.4

Fearghal Ruadh mac Donnchaidh mic Muircertaigh Mhóir Meg Eochagáin toiseach Chenel Fhiachach do mharbhadh la Fearaibh Ceall tre fheill i c-Cill Mona ó Raith Aodha Meic Bric soir. Ferghal Ó Maoíl Muaidh, & mac Teabóid do-rinne an ionnsoighidh, & Maoilir Maintin ro buail é.

M1382.5

Cuid do thaoiseachaibh Connacht do ghabhail le Ruaidhri O c-Concobair ina oirechtus fén, .i. Ó h-Ainlighe, Ó Birn, & Mac Ceithernaigh tre mar fuair a fhios orra co m-bádar ag dénomh caradra ina aghaidh le cloinn meic Fedlimidh

M1382.6

Rudhraighe mac Seaain Uí Fearghail d'ég.

M1382.7

Clann Muiris d'ionnsoighidh Corco Modha, & creach do denamh dhoibh orra, & Ua Concenainn do dol i t-toraighecht na creiche, & a mharbhadh fo cetoir. Concobar Óg Mac Diarmata cona braithribh d'ionnsoighidh Cloinne Muiris iar sin, &


p.688

ro badh do-rochtain rompa, Clann Muiris cona t-tionól do beith suidighthe ar a c-cionn. Iad-somh do dhul da n-aimhdheóin gusan m-baile, a losccadh doibh eidir foirgneamh & arbar, & daoine dho mharbhadh ina timcheal & imthecht do Chonchobhar gona mhuintir as a h-aithle tre neart a n-engnamha gan dioghbhail do dhenamh d'aon-chuid diobh.

M1382.8

Creach-sluaigheadh la Murchadh Ua m-Briain go Desmumhain gur ro-s-leraircc í.

M1382.9

Domhnall mac Mathgamhna Duinn Ui Cheinneittigh, & Emann Ócc mac Emainn Buitiler do écc.

M1382.10

Muircertach mac Mathgamhna Maon Maighe Uí Briain d'écc h-i b-priosún Bhaile Atha Truim.

M1382.11

Domhnall Ó Briain, Toirrdhealbhach mac Diarmata Uí Briain/, & Brian mac Diarmata Uí Briain do cloinn Briain Ruaidh do écc.

M1382.12

Giolla Brighde Ó Sgingin adbar ollamhan Chinél c-Conaill do écc.

M1382.13

Muircertach Ócc mac Meic Maghnusa Tiré Tuathail do écc.