Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1153

M1153.0

Aois Críost, míle céd caecca a trí.

M1153.1

Aodh Ua Mael Eóin, comharba Ciaráin Cluana Mic Nóis, tobar sonusa & saidhbhresa Leithe Cuinn, fer co n-de-sheirc, & co t-trócaire do chríochnughadh a bheathad.

M1153.2

Colman Ua Breislein, uasal-shaccart Cenannsa, saoi eccnaidhe esidhe.

M1153.3

Dunlang Ua Cathail, comharba Caoimhghin.

M1153.4

Cuairt Dál c-Coirpre, & Ua Eachdhach Uladh do thabhairt lá Flaithbertach Ua Brolcháin, comharba Cholaim Chille, & do-bert each ó gach toiseach, & caora ó gach deataigh, screpall, each, & cóicc m-bó on tigherna Ua Duinn Sléibhe, & uinge d'ór bheós ó a mhnaoi.

M1153.5

Murchadh Ua Maoilechlainn, Temhra & Mídhe cona forthuathaibh, Airghiall & ermhór Laighen frí ré, tuile ordain aireachais, & shaor-chlandachta Ereann, d'écc i n-Dermaigh Cholaim Chille.

M1153.6

Flaithbhertach Ua Canannáin, tigherna Cenél c-Conaill, & a ben Dubh Chobhlaigh, inghen Toirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair, do bhadhadh co lucht luinge do dhaoinibh ina b-farradh forsan b-faircce fo erchomhair Cairpre Droma Cliabh.

M1153.7

Domhnall Ua Cathasaigh, tigherna na Saithne, do mharbhadh lá Maol Seaclainn, mac Murchadha


p.1106

Uí Mhaoileachláinn, & Conchobhar mac Domhnaill Ui Mhaoileachlainn, do dhalladh leis bheós.

M1153.8

Niall Ua Mórdha, tigherna Laoighisi, do légadh a geimhel lá Laighean Diarmaid Mac Murchadha, iarna dhalladh dar snadhadh laoch & cléireach.

M1153.9

Muirghius, mac mic Murchadha Uidhir (no Muirchertaigh), toisech Cloinne Tomaltaigh, d'écc.

M1153.10

Donn Cathaigh, mac Aireachtaigh Uí Rodhuibh d'écc iar n-deigh-bhethaidh.

M1153.11

Sluaighedh lá Toirrdhealbhach Ua c-Concobhair co Doire an Ghabhláin a c-coinne Meic Murchadha, Laighen, & tuc inghen Uí Mhaoileachlainn cona crodh uadha co raibhe for comus Fer Midhe. Tainic Tighernan Ua Ruairc ina theach don chur-sin, & ro fhágaibh braighde occa.

M1153.12

Toirrdhealbhach Ua Briain do ionnarbhadh i t-tuaisccert EreannToirrdhealbhach Ua c-Conchobhair, & Mumha do roinn ar dhó etir Thadhg Ua m-Briain & Diarmaitt mac Corbmaic mic Muiredhaigh mec Carthaigh.

M1153.13

Slóighedh lá Muirchertach mac Néill Mhég Lachlainn, & lá Tuaiscert Ereann i foirithin Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain, dia thabhairt i ríghe Mumhan doridhisi, co ráinic co Craib Teine.

Toirrdhealbhach Ua Conchobhair do thionól Connacht, co riacht co Magh Lici Patraic i n-aghaidh an Tuaisceirt. Tainic dna Tadhg Ua Bríain cona shlóchc co Raithin Uí Shuanaigh h-i fóirithin Connacht co t-torachtatar co Magh Cisi.

Luidh din Ua Lachlainn dhá chath do roighnibh a shlóigh dar Ath Maighne, & fo-raccaibh a slógh archena (cenmothait-síde) occ Craibh Teine, & do-dheachaidh cona uathadh slóigh do fhobairt longphuirt Taidhg Uí Bhriain, co t-taratt maidhm fair, & gur chuir ár a mhuintire. Do-rat dna bheos maidhm for mharc-shluagh Laighen. Ro ascomhlaidh iaromh coa longport feisin co Craibh Tene, & bú iomdha lais, iar n-orgain droinge d'Feraibh Teathbha.

Tainic ais-sidhe do saighidh Connacht co t-torracht Iseal Ciaráin. Luidh Toirdhealbhach Ua Conchobhair dar Ath Luain siar. Tainic Ruaidhri, mac Toirrdhealbhaigh, & cath Iarthair Connacht, & glaslaith Shil Muireadhaigh h-í Fordruim. An tan tra ro bhattar ag gabháíl longpuirt andsin ro


p.1108

dhoirtset treóin an tuaisceirt ina c-cend gan rathughadh dóibh, & ro marbhadh sochaídhe do Chonnachtaibh leó im Ghiolla Cheallaigh Ua n-Eidhin, tigherna Aidhne, & immo mac .i. Aodh, im Brian Ua n-Dúbhda, tigherna Ua f-Fiachrach an Tuaisceirt, im Muirchertach mac Conchobhair .i. mac Toirrdhealbhaigh Ui Conchobhair, im Domhnall Ua m-Birn, im Dhomhnall mac Cathail Uí Chonchobhair, & im Sitriucc mac mic Dubhghaill. Tainic Ua Lachlainn iarsin cona shlócchaibh co Loch n-Aindind, & táinic Ua Maoileachlainn ina thigh co b-fárccaibh gialla aige, & do rad-somh an Midhe uile dhó ó Sionainn co fairrge, & Ui bh-Faolain, & Ui bh-Failge. Do-rad Ui Briúin & Conmaicne do Thighernán Ua Ruairc, & rug a m-braighde dibhlinibh lais, & ria siu ro soí dia tigh ina fritheing, & ro coinnmhedh lá h-Ua Lachlainn Muimhnigh for Feraibh Midhe, for Breifne, for Airghiallaibh, for Ultaibh, for Conallchaibh, & for Eoganachaibh, uair ro ghabh galar Toirrdhealbhach Ua Briain don turus-sin cona eadh sin ros-toirmisc gan techt dó isin Mumhain.

M1153.14

Tadhg Ua Briain do erghabháil la Diarmaid Find Ua m-Briain, & a dhalladh lais fó chédoir.

M1153.15

Toirrdhealbhach dna, co n-a mhuintir do dhol isin Mumhain, & leith ríghe Mumhan do ghabháil do tria neart Muirchertaigh Mheg Lachlainn.

M1153.16

Braighde Ua b-Failghe, & Ua b-Faoláin do ghabháil lá Maoil Seachlainn mac Murchadha, Midhe.

M1153.17

Gerr na c-Cuinneogh Ua Bric, tigherna na n-Déisi, do mharbhadh i n-geimhiul, lá Diarmaid mac Corbmaic Mecc Carthaigh.

M1153.18

Cliath-droichet Atha Luain do dhioscaoileadh lá Maol Sechlainn mac Murchadha, & a daingen do losccadh.

M1153.19

Cliath-dhroichet Atha Liag do dhénamh lá Toirrdhealbhach Ua c-Concobhair.

M1153.20

Flann Ua Flannaccáin, tigherna Teathbha do écc.

M1153.21

Derfforgaill, inghen Murchadha Uí Mhaoileachlainn, do thocht ó righ LaighenDhiarmaid) do shaighidh Tighernain Uí Ruairc dorídhisi.

Annal M1154

M1154.0

Aois Críost, míle céd caoccat a ceathair.

M1154.1

Muiredhach Ua Cluccain, abb Cenannsa.

M1154.2

& Cian Ua Greacan, comharba Caindigh d'ég.

M1154.3

Tadhg Ua Brian, Mumhan, d'écc.

M1154.4

Ceall Da Lua, Imleach Iubhair, Ros Cre, Lothra, & Daurmagh, do losccadh.

M1154.5

Diarmaid Ua Conchobhair, tigherna Ciarraighe Luachra, d'écc.


p.1110

M1154.6

Mac Giolla Mo Cholmóg, tigherna Ua n-Dúnchadha, do mharbhadh lá a bhraithribh.

M1154.7

Fergal, mac mic Cionaoith Uí Mhaoil Brighde, do thuitim lá tigherna Gaileng.

M1154.8

Mac Cuirr na c-Colpthach Uí Fiachrach, tigherna Ua Feneachlais, do mharbhadh lá Muircheartach Ua Tuathail , tigherna Ua Muireadhaigh.

M1154.9

Mac Raghnaill Duinn Uí Aireachtaigh, taoiseach Muintire Maoil Martain, do mharbhadh lá mac Muircheartaigh mic Brain Ui Fhearghail.

M1154.10

Aodh, mac Ruaidhri Uí Chanandáin do ghabháil tighernais Tire Conaill.

M1154.11

CoblachToirrdhealbhach Ua c-Concobhair for muir timchell Ereann fo thuaith .i. loinges Duin Gaillmhe, Chonmaicne Mara, Fhear n-Umhaill, Ua n-Amhalgadha, & Ua Fiachrach, & An Cosnamhaigh Uí Dubhda h-i c-cennas forra, & ro airccset Tír Chonaill, & Inis Eóghain. Do-chuas ó Chenel Eoghain, & o Mhuircertach, mac Néill dar muir


p.1112

co ruaiclidis .i. go cendcadís longas Gall-Ghaoidhel Arann, Cinn Tíre, Manann & centair Alban archena, & mac Scelling í c-cennas forra, & iarna t-torracht h-i c-comhfhogus Innsi h-Eoghain ima c-comhráinicc dóibh & don loinges oile feachair cath longda co h-amnus aighthighe eatorra, & bháttar occan iomtuarccain ó prim co nóin, & marbhthar sochaidhe mhor do Chonnachtaibh imon c-Cosnamhaigh Ua n-Dubhda lásna h-allmhurachaibh. Ro mheabhaidh, foran sluagh n-allmhurach, & ro ládh a n-ár, & fhagbhait a longa, & ro benadh a fhiacla a mac Scelling.

M1154.12

Sluaighedh lá Muirchertach Ua Lochlainn co t-Tuaisceart Ereann h-i c-Connachtaibh, co ráinig Dún Iomghain h-i Maigh Aoi, & ro aircc an dun, & ro mhill arbhanna Maighe Luirg, & Maighe Aoi. Ar a aoi ní rug bú na braighde.As eadh iaramh do-choidh tar Ath Innsin Sruthra 'san m-Breifne co ro riaraidh Fir Bréifne do Thighernán Ua Ruairc, & ro ionnarb Ua Lochlainn Gofraidh Ua Raghallaigh i c-Connachtaibh. Luidh ais-sidhe co h-Ath Cliath, & do-ratsat Goill Atha Cliath a ríghe dhó.

M1154.13

Do-rad-somh dá chéd décc bo do Ghallaibh ina t-tuarastal, & sóidh dia tigh iar t-tain.

M1154.14

Creach lá Toirrdhealbhach Ua c-Concobhair h-i Midhe & ro iompoidh gan bhú iar marbhadh a mhic .i. Maol Sechlainn, & Donnchadha Uí Cathail, tigherna Cenel Aodha na h-Echtghe.

M1154.15

Maidhm ria n-Ossraighibh for Uibh Ceindselaigh, du i t-torcrattar ile im mac Eochadha Uí Nualláin.

M1154.16

Creach-shluaigheadh lá Tighernán Ua Ruairc i Laichcnibh, & ro oircc Uibh Muireadhaigh eitir cella & tuaith.

M1154.17

Muintir Maoil Siónna do orccain do Mhaoil Sechlainn, mac Murchadha, & a n-ionnarbadh i c-Connachtaibh iar t-tain cona t-taoiseach .i. Iomhar Mac Carrghamhna.

M1154.18

Creach lá Deasmumhain for Dhal c-Cais, creach lá Dal c-Cais dna for Deasmhumhain.

M1154.19

A mac fein do dhalladh la mac n-Deóradh Uí Fhlainn, uair ro ghaibh-sidhe tighernus Ua t-Tuirtre ar


p.1114

bélaibh a athar. Mac Deóradh dna d'ionnarbadh i c-Connachtaibh lá h-Ua Lachlainn.

M1154.20

Ar mór for indilibh Ereann isin m-bliadhain-si.

M1154.21

An dara Henry do ríoghadh ós Saxaibh 27 October.

Annal M1155

M1155.0

Aois Críost, mile céd caogat a cúig.

M1155.1

Maol Maire, mac Giolla Chiaráin, oirchinneach Lis Aoidheadh Criost i n-Ard Macha, cléireach airmhidneach aeidheachair do laochaibh & cléirchibh Ereand.

M1155.2

Fearghal Ua Finnachta uasal-shaccart Rossa Commáin.

M1155.3

& Maol Ruanaidh Ua h-Ainlighi uasal-shaccart Cluana Coirpthe, d'écc.

M1155.4

Ath Truim cona thempal do losccadh, & Dermhagh fho dhí i n-aoin-mhí do losccadh bheós.

M1155.5

Ceall Dara, Tuaim Dá Ghualann, Ceall Dá Lua, & Cell Mhedhoin do losccadh.

M1155.6

Maol Seachlainn, mac Murchadha Uí Mhaoileachlainn, Midhe & urmhóir Laighean, do écc isin triochadmhadh bliadhain a aoisi do digh nimhe i n-Daurmaigh Cholaim Chille, h-i t-tuile a ratha & a ríghe, aidhche fhéle Brighde, iar m-buaidh n-aithrighe. As muc rémhi-téth mes, as craobh riana bláth écc ind fhir h-isin.

M1155.7

An t-Aithchlérech Ua Conchobhair Failghe do mharbhadh lá a mhuintir fein.

M1155.8

Amhlaoibh Mac Cana, tigherna Ceneoil Aenghusa, tuir gaisccidh & beodhachta Cenéil Eoghain uile, d'écc, & a adhnacal i n-Ard Macha.

M1155.9

Aodh Ua h-Eaghra, tigherna Luighne, d'écc.

M1155.10

Fiacha, mac Cethernaigh Uí Cheirín, tigherna Ciarraighe Locha na n-Airne, d'écc.

M1155.11

Sluaighedh lá Muirchertach, mac Néill Uí Lochlainn co h-Ath Dúini Calman for Indeóin, & ro ghabh braighde Teathbha, & tug ógh-aisecc cruidh Fer Midhe do neoch ro airccset roimhe. Do-rad dna, righe Mídhe ó Shionainn co fairge do Dhonnchadh, mac Domhnaill Uí Mhaoil Sechlainn, & ro shóidh dia thigh iar sin.

M1155.12

Tighernán Ua Ruairc do ghabháil Donnchadha Uí Chearbhaill, tigherna Oirghiall, iarna dhol 'na chomhdhail go Cenandus i nd-uathadh sochaidhe, & a chur i laimh fo Loch Silenn, & ro bhaoí coicthídhis ar mhís ann, & ro


p.1116

fuaslagadh dhó tria mhiorbhail Dé & naomh Pattraicc & na naomh archena, la Gofraidh Ua Raghallaigh, & ro mharbh an luct báttar occa forchoimhéd, & ro ghabh Donnchadh tighernas Oirghiall dorídhisi.

M1155.13

Creach la Tighernan Ua Ruairc isin Corann, & do-bert bú iomdha lais.

M1155.14

Cobhlach la Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair co h-Ath Luain, & cliath-dhroichet Atha Luain do dhénamh lais ar dhaigh ionnsaighthe Midhe.

M1155.15

Caislén na Cuilenntraighe do losccadh & do mhúradh lá Ruaidhri, mac Toirndhealbhaigh Uí Chonchobhair.

M1155.16

Droichet Atha Luain do scaoileadh, & a longport do losccadh la Donnchadh, mac Domhnaill Uí Mhaoil Sechlainn.

M1155.17

An Giolla God Ua Ciardha do mharbhadh i c-Cluain Ioraird la Donnchadh Ua Maoileachlainn, Midhe.

M1155.18

Donnchadh din do aithríghadh lá Fearaibh Midhe feisin i n-díoghail dímiccne Findén, & Diarmaid, mac Domhnaill do thabhairt chuca ina ionadh.

M1155.19

Cuilén na Claonghlaisi, tigherna Ua c-Conaill Gabhra, do thuitim lá h-Ua Cind Fhaoladh, & a mharbhadh-somh fo chédóir lá muintir Chuilén.

M1155.20

Conchobhar mac Domhnaill Ui Bhriain, & mac Mic Giolla Mo Cholmóg do léccadh lá Diarmait Mac Murchadha as a chuimhreach dar cenn braghat, & comhluighe.

M1155.21

Maidhm ria n-Iomhar Mac Carrgamhna, & ria n-Giolla Criost a mhac, & ria Muintir Mhaoil Sionda for Breaghmhainibh, & for Muintir Thadhgain, & for Mhuintir Tlamáin, i t-torchair taoiseach Mhuintire Tlamáin, Giolla Fiadnatan, mac Aodha, & a mac .i. An Giolla Riabhach. Ciarán dan ro bhris an cath-sin for Bhreghmhainibh uair do-chuatar-somh co Cluain, & rugsat a coitedha leó, co t-tuccsat ina b-fuarattar do mhucaibh samhtha Chiaráin. Do-chuattar dna, an samhadh cona scrín ina n-dedhaidh go Lios an t-Soiscela, & ní fuairset a riarucchadh. Ro briseadh maidhm forra arna bharach tria a aimhreir samhtha Chiaráin.

M1155.22

Creach lá Domhnall Ua c-Conchobhair for Thuaith Rátha, co ruc buar dhírímhe.

M1155.23

Creach Maighe FindFeraibh Teathbha, go ro oirgset dream do Uibh Máine.


p.1118

Annal M1156

M1156.0

Aois Críost, míle céd caoccat a sé.

M1156.1

An chéd-bhliadhain do Mhuirchertach Ua Lachlainn uas Erinn.

M1156.2

Maol M'Aodhócc mac Dubhradáin, ab Canánach Sabhaill, d'écc.

M1156.3

Tadhg Ua Catharnaigh, tigherna Teathbha, d'écc i c-clércheacht.

M1156.4

Eochaidh Ua Cuinn an t-ard-mhaighistir do losccadh i c-cloicthech na Fearta.

M1156.5

Cenandas do losccadh tighibh templaibh, ó Crois Dorais Urdoim co Siofoicc.

M1156.6

Daurmagh Ua n-Duach, Achadh Mic Airt, Cúl Caissin, & Ferta Caerach do losccadh.

M1156.7

CobhlachToirrdhealbhach Ua c-Concobhair for Loch n-Dergdheirc. Táinic dna, Toirrdhealbhach Ua Briain ina theach, co t-tarat braighde dhó dar cenn leithe Mumhan do thabhairt dhó.

M1156.8

Coinne etir Thoirrdhealbhach Ua Conchobhair & Tighernan Ua Ruairc, & ro naidhmset sídh & osadh coitchenn eitir Breifneachaibh, & Midheachaibh, & Connachtaibh co Beltaine baoi ar c-cionn.

M1156.9

Toirrdhealbhach Ua Conchobhair, Connacht, Midhe, Breifne, Mumhan, & Ereann uile co freasabhra, tuile ordáin & oireachais Ereann, August iarthair Eorpa, fer lán do dhé-seirc, & trócaire, d'eineach, & d'oirbeart d'écc iarsin ochtmadh bliadhain sesccat a aoisi, & a adhnacal h-i c-Cluain Mic Nóis lá taobh altóra Chiaráin iar t-tiomna, & iar roinn óir & airccit, bú & eoch ar cleirchibh & eccailsibh Ereann i c-coitchinne.

M1156.10

Ríghe Connacht do ghabháil do Ruaidri, mac Toirrdealbaig Ui Concobair, gan nach freasabhra.

M1156.11

Trí mic Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair, Brian Breifnech, Brian Luighnéch, & Muirchertach Muimhneach do érghabháil lá Siol Muireadhaig, & a t-tabhairt for chomus Ruaidri mic Toirrdhealbhaigh.

M1156.12

Brian Breifnech do dhalladh la Ruaídhri Ua c-Concobhair & lá Diarmaid mac Taidhg.

M1156.13

Toirrdhealbhach Ua Briain do thocht h-i c-cenn Ruaidhri Uí Conchobhair, & dá bhraghaid décc do mhaithibh Dail c-Cais do fhagbháil dó aige.

M1156.14

Aedh, mac Ruaidhri Uí Chanannáin, tigherna Cenel c-Conaill, do


p.1120

mharbhadh lá h-Ua gCatháin, & lá Fearaibh na Craoibhe tria meabhail.

M1156.15

Iompudh d'Ultaibh for Mhuirchertach Ua Lachlainn, & coccadh d'fógra fair.

M1156.16

Slóighedh lá Muirchertach i n-Ultaibh, & do-bhert braighde Uladh fri a réir, ara aoi do-bertsat araill d'Ulltaibh im Eochaidh Ua n-Duinn Sléibhe ammus ar dhruing don t-sluaigh, & ro mharbhadh leó Ua h-Inneirghe, taoiseach na Cuileanntraighe. Ua Loingsigh, tigherna Dháil Araidhe, do mharbhad la Cenél n-Eóghain.

M1156.17

Sloighedh oile lá Muirchertach & la Tuaisceart Ereann h-i Laighnibh, co t-tard ríghe Laighen do Dhiarmaid Mac Murchadha, dar cenn braghad, & ro innrestar Osraighe etir cealla & tuatha.

M1156.18

Maidhm la Diarmaid mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn for Dhonnchadh, fora derbhratair, dú h-i t-torchair mac Giolla Deacair Ui Cairpri, toiseach Tuaithe Buadhga.

M1156.19

Creach lá Diarmait Mac Murchadha & lá Gallaibh Atha Cliath, & lá Dondchadh mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn i n-Airthear Midhe, co ro indirset an tír eitir chealla & tuatha, & rugsat bú Ard Breacáin, Sláine, Cille Taillten, Domhnaigh Pattraicc, & araill do bhuar na tuaithe immaille friú.

M1156.20

Maidhm Cuasan ag Lios Luighdhi h-i Laoghaire for Tighernán Ua Ruairc ria n-Diarmait Mac Murchadha & ria n-Gallaibh Athá Cliath, & ria n-Donnchadh mac Domhnaill Uí Mhaoil Sechlainn, airm i t-torcrattar ile im Dhomhnall mac Fionnbhairr, toiseach Mhuintire Geradhan, im Fógartach Ua c-Cuinn, & im Aodh mac Duibh Dothra, & im mac Cionaeith Bric Uí Ruairc. Aedh, mac Donnchaidh Uí Mhaoil Mhuaidh, tigherna Fer c-Ceall, do mharbhadh lá Muintir Luainimh & lá Conchobhar Ua m-Braoin Breghmaine i n-Inis Mo Chuda Raithne.

M1156.21

Muirchertach mac Domhnaill Uí Mhaoil Seachlainn, do orccain & do ghabháil lá Donnchadh mac Domhnaill.

M1156.22

Donnchadh mac Domhnaill Uí Mhaoil Seachlainn, do ghabháil righe Midhe, & Diarmaid, mac Domhnaill, do ionnarbadh i c-Connachtaibh.

M1156.23

Magh Teathbha, & Machaire Cuircne d'ionnradh


p.1122

la Ruaidhri Ua c-Conchobhair.

M1156.24

Dailfhind inghen Bracáin, ben Con Uladh Uí Caoindealbhain, d'écc.

M1156.25

Snechta mór & reód dermair i n-geimhreadh na bliadna-so, gur ro reódhsat locha, & aibhne Ereann. Bá sé méd an t-seaca gur tairrngeadh lá Ruaidhri Ua Conchobhair a longa, & a ethra forsan leic oighreadh otha Bléin n-Gaille go Rinn Dúin. Badh marbha imorro, ermór én Erenn lá méd an t-snechta & an reóidh.

Annal M1157

M1157.0

Aois Críost, mile céd caogad a seacht.

M1157.1

Giolla Pháttraicc, mac Donnchaidh Mec Cárthaigh, comharba Bairre Corcaighe, d'écc.

M1157.2

Daimhinis, Lios Mór, & Lothra cona t-templaibh do losccadh.

M1157.3

Cú Uladh ua Duinn Sléibhe Uí Eochadha, Uladh, d'écc iar b-peandaind i n-Dún Da Lethghlas, & a adhnacal i n-Dún budh-déisin.

M1157.4

Domhnall Ua Raghallaigh do mharbhadh lá Gailengaibh.

M1157.5

Ruaidhri Ua h-Eaghra, tigherna Luighne, do mharbhadh lá a thuaigh fein.

M1157.6

Tadhg, mac Murchaidh Ui Eaghra, do mharbhadh lá mac Donnchaidh Uí Eaghra.

M1157.7

Cú Uladh Ua Caindealbháin, tigherna Laoghaire, fer robharta ro-einigh amhail Guaire Aidhne, segainn soinemhail amhail Mhongán mac Fiachna, locharn lasamhail ar dé-sheirc fri bochtaibh, aen-chaindeal engnamha gasraidhe Gaoidheal do mharbhadh tria fheill & mheabhail for snadhadh (.i. comairce) laoch & cléireach Ereann, lá Donnchadh, mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn, lá rígh Mídhe.

At iat na comairgedha ro bháttar fris, comharba Pháttraicc & Bachall Isu, imon légait .i. Ua Con Doirche, comharbha Colaimm Cille cona mhionnaibh, Grene, epscop Atha Cliath, abb na manach, comharba Ciaráin cona mionnaibh comharba Fechin cona mhionndaibh, h-Ua Lochlainn rí Ereann (.i. co fresabhra), Donnchadh Ua Cerbhaill, tigherna Oirghiall, Tighernan Ua Ruairc, tigherna Breifne, Diarmaid Mac Murchadha, Laighen, maithe Fher Midhe & Fer Tethbha archena. Maircc tír a


p.1124

n-dearnadh an gníomh h-isin.

M1157.8

Creach lá Donnchadh Ua c-Cearbhaill & lá Tighernan Ua Ruairc i n-díoghail a n-einigh, & ro oirccset Saithne. Do-rochair dna, Ferghal Ua Ruairc co sochaidhibh maraon fris lasna Saithnibh.

M1157.9

Coimhthionol senad ag cléirchibh Ereann, & ag druing dia ríocchaibh acc mainistir Droichit Átha do choisreagadh tempaill na manach. Seacht n-epscop décc imon léccaid, & im comharba Pháttraicc. Dírimh imorro, do aos gacha gráidh archena.

Ro bhaoi ann ó ríoghaibh Muirchertach Ua Lachlainn, Tighernán Ua Ruairc, h-Ua h-Eochadha, & h-Ua Cerbhaill. Iar c-coisreaccadh imorro in tempaillcomharba Pháttraicc, ro h-esscoitcendadh imorro, ó cleirchibh, & ro h-ionnarbadh ó ríoghaibh Donnchadh Ua Maoileachlainn a righe Midhe, & ro ríghadh Diarmaid a bhráthair ina ionadh.

Do-rat Muirchertach Ua Lochlainn secht fichit bó & trí fichit uinge d'ór do Dhia & dona chléirchibh i n-idhbairt do raith a anma. Do-rad dóibh bheós baile oc Droichet Átha .i. Fionnabhair na n-Inghen. Do-rad din O Cerbhaill tri fichit oile uinge d'ór dóibh, & ro rad ben Tighearnain Uí Ruairc inghean Ui Mhaoileachlainn an c-comatt cedna & caileach óir ar altoir Mhairi, & edach ar gach n-altóir dona naoi n-altoraibh oile bátar isin teampall isin.

M1157.10

Slóighedh lá Muirchertach, mac Néill Uí Lochlainn co t-Tuaisceart Ereann imme h-i Laighnibh go t-tart Laighen, Diarmaid Mac Murchadha, géill dó. Do-lóttar dna, Laighis, & Ui bh-Failghe, & leth Osraighe h-i c-Connachtaibh for teicheadh. Do-chóidh tra iarsin go Laighnibh lais i n-Desmumhain, & do-rad braighde Deasmhumhan lais. Luidh as-sidhe go Dál c-Cais, & ro ionnarb a Tuadhmumhain iatt, & oircter sochaidhe díobh lais h-i t-Tuadhmhumhain. Tucc iarsin forbhais for


p.1126

Luimneach, co t-tardsat Goill a ríghe dhó, & go ro dhiochuirset Toirrdhealbhach Ua Briain uaidhibh.

Ro rand Mumhain ar dhó iar tain eitir mac Mec Carthaigh .i. Diarmaid mac Corbmaic, & Conchobhar mac Domhnaill Uí Briain. Táinic iaramh co Magh Ua Farca, & ro la creich dar Adhairceach uadh h-í Síol n-Anmchadha. Ro briseadh dna, maidhm foran sluagh h-i sin, & ro marbhadh sochaidhe dhíbh im Ua c-Catháin na Craoibhe. Ro mhillset dna, na h-Eoghanaigh Ros Cré don chur-sin. Ro soí ais-sidhe dia thigh iar cosgar.

M1157.11

Cein tra ro gníthe na h-íse do-dheachaidh Ruaidhri Ua Concobhair i t-Tír n-Eoghain, gur ro loisc Inis Enaigh, & ro thescc a h-abhallghort, & ro indir an tír co Cuaille Cianacht.

M1157.12

Sluaighedh lá Ruaidhri Ua c-Conchobhair, lá rígh Connacht, h-i Mumhain, co t-tarat leith-righe Mumhan do Thoirrdhealbhach Ua Briain, & do-rad Diarmaid mac Corbmaic Mec Cárthaigh braighde ina urlaimh frí h-edh dia t-tuitim occa mena t-tísadh Muirchertach Ua Lachlainn dia c-cosnamh.

M1157.13

Cend Eachdhach .i. Eochaidh mac Luchta, do fhaghbháil oc Fiondchoraidh, ba méidither coire mór é, no raghadh gédh


p.1128

as mó bís dar toll a shúla, & dar toll a smera smentuine.

M1157.14

Cobhlach mór lá Ruaidhri Ua c-Conchobhair for Sionainn da ná frith a samhail an tan-sin ar líonmhaire & iomat a long & a ethar.

Annal M1158

M1158.0

Aois Críost, mile céd caoccat a h-ocht.

M1158.1

Domhnall Ua Longarccáin, aird-epscop Caisil, aird-senóir Mumhan, saoi ar eaccna & ar dhé-sheirc, d'écc ina shendataidh.

M1158.2

An breithemh Ua Dúilendáin, airchindeach Eassa Dara, ollamh feineachais, & taoiseach a thuaithe, d'écc.

M1158.3

Coimhthionól senaidh oc cléirchibh Ereann occ Brí Mic Taidhg h-i l-Laoghaire, bhail i rabhattar cóicc epscoib fichet im leccaitt comharba Phetair do earail riaghla & soibhés. As don chur-sin ro ordaighset cléirigh Ereann im comharba Phátraicc cathaoir amhail gach n-eapscob do chomharba Cholaim Chille, do Fhlaithbheartach Ua Brolcháin, & árd-abdhaine ceall Ereann co coitchend.

Epscoib Connacht dna, ro báttar oc dol gusan senadh-sin do shlatt & do bhualadh, & dias dia muinntir do mharbhadh h-i c-Cuirr Cluana, iar b-fágbhail Cluana dóibh, lá h-amhsaibh Diarmada Uí Maoileachlainn, Mídhe, & ro sóitt dia t-tighibh.

M1158.4

Conchobhar Ua Briain .i. mac Domhnaill, tigherna Airthir Mumhan, & a mhac do dhalladh lá Toirrdhealbhach Ua m-Briain tar comairce cléirech Mumhan & a laoch.

M1158.5

Cearnachán Ua Brain, tigherna Luighne, d'écc.

M1158.6

Ua Domhnaill, tigherna Corca Bhaiscind, do mharbhadh lá h-Ua c-Concobhair Corca Mo Dhruadh.

M1158.7

Ferghal, mac Aodha na n-Amhus Uí Ruairc, d'écc.

M1158.8

Tadg, mac Aodha, mic Ruaidri, d'écc.

M1158.9

Ua Failbhe, tigherna Corca


p.1130

Duibhne, do mharbhadh lá h-Uibh Séghdha.

M1158.10

Cú Uladh, mac Deóraidh Uí Fhlainn, tigherna Ua t-Tuirtre & Dáil Araidhe, Guaire Thuaisceirt Erenn ar eineach, d'écc.

M1158.11

Cenél c-Conaill do iompódh ar Ua Lachlainn.

M1158.12

Slóigheadh lá Muirchertach Ua Lachlainn co n-Ultaibh & co n-Airghiallaibh i t-Tír Conaill, & ro indirset an tír eitir ceallaib & tuathaibh. Tucsat dna, Cenél c-Conaill ammus longpuirt for Ultaibh, & ro marbhadh Aodh ua Duinn Slébhe Uí Eochadha, ri Uladh, leó, & An Gall Ua Searraigh, & sochaide d'uaislibh & d'anradhaibh oile cenmothát-somh.

M1158.13

Slóicchedh lá Ruaidhri Ua c-Conchobhair co ráinicc Léithghlind, & ro ghabh braighde Osraighe, & Laoighisi, & do-rat geimheal for Mac Raith Ua Mordha, tigherna Laoighise.

M1158.14

Sitriug mac Giolla Enáin Uí Domhnaill, toisech Cloinne Flaithemhail, do mharbhadh lá Murchadh, mac mic Taidhg Uí Cheallaigh. Dá mhac Murchadha mic Taidhg dna do mharbhadh lá Ruaidhri Ua c-Conchobhair i n-geimheal ina dhíoghail-sidhe.

M1158.15

Cobhlach mór do dul ó Ruaidhri O Conchobhair h-i t-Tír n-Eoghain, co n-dernsat ulca móra innte.

M1158.16

Creach lá Ruaidhri Ua Conchobhairrigh Connacht i t-Tethbha, & ro oircc dream do Mhuintir Cérin, & rug bú iomdha. Tugsat din Fir Teathbha maidhm for druing dia mhuintir-siomh airm i t-torchair Tomaltach Ua Maoil Bhrénainn, & Donnchadh mac mic Aodha mic Ruaidhri, & mac Giolla Dé Uí Treasaigh, & Ua Mac Liacc, & mac Aedha na n-Amhus & Ferchair Ua Follamhain, & ro gabhadh mac Uí Flaithbhertaigh, co n-druing oile do mharbhadh cenmothát.

M1158.17

Cairpre Ua Ciardha & drong d'Feraibh Teathbha do iompúdh ar Dhiarmait Ua Maoileachlainn, & Donnchadh do ríoghadh dóibh. Tighernan Ua Ruairc & Diarmaid do thocht ina n-deatthaidh, & maidhm Atha Maighne do bhriseadh forra, & creacha móra do dhénamh dóibh for Síol Rónáin, & for Cairpribh. Cairpre dna, & Donnchadh d'ionnarbadh i Laighnibh. Sídh Cairpre do dhénamh iarsin, & Donnchadh do dhol i c-Connachtaibh.

M1158.18

Maidhm siodha din, eitir Connachtaibh, Bréifneachaibh & Midheachaibh.

M1158.19

Folc dermhair isin samhradh dia t-táinic tola uisce in abhainn Insi na Subh h-i Sliabh Fuaid, & ro báithit


p.1132

triar ar fhichit do dhaoinibh i n-Inis na Subh.

M1158.20

Cú Cóirne Ua Madadhain, tigherna Síl n-Anmchadha, d'écc.

Annal M1159

M1159.0

Aois Críost, míle céd coeccat a naoi.

M1159.1

Maol Maire Ua Loingsigh, epscop Lis Móir, d'écc.

M1159.2

Abél & Giolla Muiredhaigh, da angcoire Arda Macha, d'écc.

M1159.3

Giolla Caoimhghin Ua Ceinneittigh, tigherna Urmumhan, d'écc ina oilithre i c-Cill Da Lua.

M1159.4

Ceinneittigh Ua Briain .i. mac mic Murchadha, d'écc.

M1159.5

Domhnall Mac Con Mara do bádhad for Sionaind.

M1159.6

Diarmaid, mac Taidhg Ui Mhaoil Ruanaidh, tigherna Mhaighe Luircc, cend comhairle, céille, & dégh-impidhe choiccidh Connacht, d'écc.

M1159.7

Aodh, mac Donnchaidh Uí Conchobhair, tigherna Ua b-Failghe, do mharbhadh lá Maol Sechlainn mac Conghalaigh mic Con Aifne Ui Chonchobhair.

M1159.8

Ua Maol Doraidh & a dhias bhráthar do mharbhadh lá h-Ua Canannáin, i meabhail.

M1159.9

Sloighedh lá Muirchertach mac Néill Uí Lochlainn co Rubha Chonaill, h-i Midhe, & ro iondarb Diarmaid, mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn a ríghe Mídhe, & do-rad ríghe Midhe do Dhonnchadh, mac Domhnaill Uí Maoileachlainn ó Shionainn co fairrge.

M1159.10

Comhdhál síodha etir Ruaidhri Ua Conchobhair & Tighernán Ua Ruairc, & ro ronsat sídh & comhluighe do réir ratha & miond. Tighernán dna do iompód co b-Feraibh Breifne ar Mhuirchertach Ua Lachlainn, & a dhul i cleith Connacht.

M1159.11

Cliath-dhroichet do dhénamh oc Ath LuainRuaidhri Ua c-Conchobhair ar daigh innsaighthi Midhe.

M1159.12

Sluaigheadh lá Fearaibh Midhe & lá Fearaibh Tethbha im rígh Mídhe, Donnchadh Ua Maoil Sechlainn, do thoirmesc an droichit, & ro ronsat deabhaidh cechtarnae im Ath Luain, & ro guineadh Aodh mac Ruaidhri Uí Chonchobhair,


p.1134

riogh-dhamhna Connacht, co n-erbhailt i cind sechtmhaine dia ghonaibh.

M1159.13

Slóighedh mór la Ruaidhri Ua Conchobhair iarsin co Connachtaibh ina fharradh, & co c-cath do Thuadhmhumhain, & la Tighernán Ua Ruairc co b-Feraibh Breifne i Midhe, co rainic Loch Semhdhidhe. Lotar ais-sidhe iaramh co h-Ath Fhir Dhiaidh. Slóighedh oile la Muirchertach Ua Lachlainn co maithibh Chenél Conaill & Eoghain, & an Tuaisceirt archena i foirithin Oirghiall co h-Ath Fhir Dhiadh bheós.

Feachair cath etorra annsin, & maidhm for Chonnachtaibh, for Chonmhaicnibh, & for Uibh Briuin amhail ro bhattar uile sé catha comhmóra, & laait an dá cath oile a n-dearg-ár im Ghiolla Chriost, mac Taidhg Uí Mhaoil Ruanaidh, tigherna Muighe Luirg, im Muirchertach mac Taidhg, im Muiredhach Ua Mannacháin, tigherna Ua m-Briúin na Sionna, im Branán Mac Branáin, toisech Corco Achlann, im Cethernach Ua Follamhain .i. taoiseach Cloinne h-Uattach, im Aodh mac Mic Uallacháin, toiseach Mhuintire Cionaetha, im Gealbhuidhe Ua Seachnasaigh, im Donnchadh mac mic Aodha mic Ruaidhri, im Diarmaid Ua Con Cheanainn, im Aithius mac Mic Cnaimhín, im dhá mac Conchobhair Uí Chonchobhair, & im Murchadh mac Domhnaill Uí Fhlaithbhertaigh, co sochaidhibh oile d'uaislibh, & d'anradhaibh immaille friú.

At iat na maithe torchratar annsin ó Uibh Briúin, Mac na h-Aidhche Ua Cernachain, Cú Mara Ua Cumráin, Giolla na Naomh Ua Galáin, taoiseach Cloinne Dunghalaigh, Annadh mac Noennenaigh Uí Chearbhaill, & a brathair, mac Con Fraich Uí Loingsígh, taiseach Cenél Bacaitt, Mac Raith Ua Tormadáin, Mac Raith Ua Cuaggain, da taoiseach Cenél Duacháin, mac mic Fionnbhairr Uí Geradháin, & sochaidhe ele cenmothát-somh. Drong mór do Mhuimhneachaibh im mac mic Giolla Ciaráin Uí Cinnéittigh.

Ro innrustair Muircertach Uí Briúin, & ro oircc Muintir Géradhain. Do-rad dna Tír m-Beccon, & Tír Fhiachach, & Cailli Follamhain, & Sodain, & Fionntain dia fherann fein do Fheraibh Midhe, & ro soiset iar sin Conaill & Eoghain im Muircertach dia t-tíghibh co


p.1136

c-cosccar & comhmaoidhemh.

M1159.14

Sluaighedh oile lá Muirchertach co maithibh Cenel Conaill, Eoghain, Airghialla, & an Tuaiscceart uile araon ris co Connachtaibh, & ro loiscset Dún Mór, Dún Ciarraighe, Dún na n-Gall, & ro mhillset mór don tír archena. Soais dia thigh iaromh gan síth gan gialla.

M1159.15

Sluaighedh ele bheós lá h-Ua Lachlainn i Mídhe do ionnarbadh Uí Ruairc. Ro coinnmhedh da chath Cenél Conaill & Eoghain frí ré mís for Feraibh Midhe .i. cath i n-Iarthar Midhe, & cath ina h-Airther. Do-róine síth iar t-tain frí h-Ua Rúairc, & ro léicc a ferann fein dó .i. feronn an iomchosnamha.

Do-rád dna ríghe Laighen uile do Mac Murchadha & ro ionnarb mac Mic Faoláin. Occ soadh do dia thígh ro oircc Delbhna Mhór, & Ui Mac Uais Breagh.

Annal M1160

M1160.0

Aois Críost, míle céd seasccat.

M1160.1

Fiond Mac Gormáin, epscop Cille Dara, & abb manach Iubhair Chind Trachta frí ré, d'ég.

M1160.2

Neachtan epscop d'écc.

M1160.3

Giolla na Naemh Ua Duinn fer léighinn Insi Clothrann, saoi senchusa, & dána, & degh-fher labhra, ro fhaidh-sein a spirat co a athardha etir coraidh aingel an 17 do December iarsan ochtmhadh bliadhain ar chaogad a aoise.

M1160.4

Giolla Chriost Ua Maoil Beltaine, an t-uasal-shacart, & an t-árd-mhaighistir, d'écc ina shendataidh iar n-degh-bhethaidh.

M1160.5

Aodh ó Doimh Liacc d'écc.

M1160.6

Lúghmhadh & Cend Coradh do loscadh.

M1160.7

Donnchadh mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn, Midhe, do marbhadh


p.1138

Murchadh Ua Findolláin, tigherna Dealbhna Móire, & la a mhacaibh tria a anfoltaibh & tria chiontaibh féin.

M1160.8

Ua Maol Doraidh do mharbhadh h-i fioll lásan Aithchléreach Ua c-Canannáin, lá tigherna Cenél Conaill for snadhadh laoch & cléireach Cenél Conaill buddhéin. An t-Aithcleireach feisin & dá Ua Canannáin oile immaille fris do mharbhadh lá Cenél Conaill i n-díogail a n-einig.

M1160.9

Lorcán Ua Caindelbháin, tigherna Laoghaire, do thuitim lá h-Aodh mac Con Uladh Uí Caindealbháin i n-Ath Truim.

M1160.10

Domhnall Ua Gairmleadhaigh, toiseach Ceneoil Moáin do thuitim la Maol Ruanaidh, tigherna Fer Manach, & maithe Cenel Moain imaille fris tria fhéill, & mebhail, ar forccongra Muirchertaigh Uí Lochlainn.

M1160.11

Aedh Ua h-Anmchadha, tigherna Ua Mac Caille, do mharbhadh la macaibh An Giolla Chaoich Uí Anmchadha.

M1160.12

Brodar mac Turcaill, tigherna Atha Cliath, do mharbhadh lá Maol Crón Mac Giolla Sechnaill.

M1160.13

Flaitbertach Ua Cathusaigh tigherna Saithne, caindeal ghaisccidh & engnamha Midhe, d'ég.

M1160.14

Domhnall Mac Giolla Sechnaill, tigherna Deisceirt Breagh, do mharbhadh la Muirchertach, mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn gan chionaid.

M1160.15

Murchadh Ua Ruadhacán, tigherna Ua n-Eachdhach, d'ég.

M1160.16

Tadhg Ua Ferghail do mharbhadh lá a bhráthair féisin, Aedh Ua Fearghail.

M1160.17

Ruaidhri Ua Tomaltaigh, taoiseach Muintire Duibhetáin, eineach & engnamh Ua Tuirtre, do tuitim lá Feraibh Breifne.

M1160.18

Drong do Chenél Eóghain im Ua n-Gairmleadhaigh, & im mac Uí Néill, do iompud for Ua Lachlainn, & creach mhór do dhénamh dóibh fair. Mí-chostadh mór do fhás h-i t-Tuaisceart Ereann de-sin gur ro mhill an tír co mór. Creach dna lá h-Ua Lachlainn ina n-diaidh-siomh h-í t-Tearmann Dá Bheócc, gur ro ben buar dírímhe dhíobh.

M1160.19

Maidhm Mhaighe Luadhat ria c-Cenél Eoghain Tolcha Occ for Ua n-Gairmleadhaigh, & for Domhnall Ua Criocháin, & for Uibh Fiachrach, dú in ro marbhadh sochaidhe dhíobh, & as don chur-sin do-rochair, co neimh-chiontach, Muirchertach Ua NéillLochlainn Mac Lochlainn, & do-rochair Lochlainn iaramh ina dhíoghail lá mac Uí Néill.

M1160.20

Sluaighedh dna, lá Ruaidhri Ua c-Conchobhair, lá rígh Connacht, co h-Ath Feine co Ioraras, & ro ghabh braighde Fer


p.1140

Tethbha, & Fer Midhe, & do-rad Diarmaid, mac Domhnaill Uí Maoileachlainn a c-cennas, & a t-tighernas forra.

M1160.21

Comhdhál síodha occ Eas Ruaidh eitir Ruaidhri Ua Chonchobhair, & Muirchertach Ua Lochlainn, & ro scaoil a c-coinne ó aroile gan naidhm síodh na osadh eatorra.

M1160.22

Sluaighedh lá Muirchertach Ua Lochlainn co t-Tuaiscceart Ereann immi co h-Ath na Dairbhríghe ar dhaigh Fer Midhe & Fer m-Breifne do ghabháil. Sloighedh lá Ruaidhri Ua c-Conchobhair co Magh n-Gartchon h-i foirithin Tighernáin Uí Ruairc, tigherna Breifne, & Dhiarmada Ui Mhaoileachlainn, Mídhe. Acht ro deiligh Dia gan cath, gan cathrae, gan sídh, gan osadh.

M1160.23

CobhlachRuaidhri Ua c-Conchobhair ar Sionainn, & ar Loch n-Dergdheirc, & ro ghabh braighde Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain & Dal c-Cais.

Annal M1161

M1161.0

Aois Críost, mile céd seasccat a h-aon.

1161.1

Aodh Ua h-Oissein, aird-epscop Thuama, & cenn crábhaidh, & genmnaighechta Leithe Chuinn.

M1161.2

Tadhg Ua Longarcan, epscop Tuadhmhumhan.

M1161.3

Isac Ua Cuanáin epscop Ele & Ruis Cré, ógh, & aird-shenóir Airthir Mumhan.

M1161.4

Maol Bhrénainn Ua Ronáin, epscop Ciarraighe Luachra.

M1161.5

& Iomhar Ua h-Innreachtaigh, airchinneach Mucnamha, & tigherna Ua Meith fri ré, d'écc.

M1161.6

Ragnall Ua Dálaigh, ollamh Desmhumhan le dán, d'écc.

M1161.7

Ruaidhri Ua Conchobhair, ri Connacht, do ghabhail ghiall Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain.

M1161.8

Sloighedh lá Ruaidhri Ua c-Conchobhair go c-Connachtaibh, & lá Tighernán Ua Ruairc go b-Feraibh Breifne, h-i Midhe, & ro gabh braighde Ua b-Faoláin & Ua b-Failghe, & ro fháccaibh Faolan, mac Mic Fhaoláin h-i tighernas Ua b-Faoláin & Maol


p.1142

Sechlainn Ua Conchobhair h-i t-tighernas Ua b-Failghe.

M1161.9

Sluaigheadh la Muirchertach Ua Lachlainn i n-Uibh Briúin, & ro indir an tír roimhe go ráinic Lic m-Bladhma. Tangattar Gaill & Laighin co n-a rígh, Diarmaid Mac Murchadha, ina theach co nn-icce sin. Do-rad Ruaidhri Ua Conchobhair ceithre braighde dhó dar cenn Ua m-Briuin & Conmhaicne, leithe Mumhan & Midhe, & tuc Ua Lachlainn a chóicceadh comhlán do-somh. Do-rad dna, coighedh Laighen uile do Dhiarmaid Mac Murchadha. Rí Ereann dna cen fresabhra Muirchertach Ua Lachlainn don chur-sin. Do-rad an leth ráinic dó don Mhídhe do Dhiarmaid Ua Mhaoileachlainn, & baoi an leath oile occ Ruaidhri Ua Conchobhair. Ro sói Ua Lachlainn dia thigh iaromh.

M1161.10

Do-rad dna Diarmait Ua Maoil Sechlainn Bend Artghaile do Dhia & dó Chiaran.

M1161.11

Slóighedh oile lá h-Ua Lachlainn i Mídhe h-i c-comhdháil fer n-Ereann, laechaibh, clérchibh co h-Ath na Dairbrighe, & ro gabh a m-braighde uile. As don chur-sin ro saoraitt cealla Cholaim Chille h-i Mídhe & h-i Laighnibh la comharba Colaim Chille, Flaithbhertach Ua Brolcháin, & tugadh dhó a c-cáin, & a smacht uair robtar daora roimhe-sin.

M1161.12

Cuairt Osraighe do thabhairt lá Flaithbhertach Ua m-Brolcháin, & as eadh bá dior dhó seacht fichit damh, acht as é fiach ro toibhgheadh ann fiche uinge ar ceithri céd d'airgeat ghil.

M1161.13

Gofraidh Ua Raghallaigh do mharbhadh h-í c-Cenandus la Maol Seachlainn Ua Ruairc. Do-rochair dna, a mhac Giolla Iosú lásan Maol Seachlainn cédna arna bhárach.

M1161.14

Teach do ghabháil do Chathal Ua Raghallaigh, .i. mac Gofradha, for Maol Sechlainn Ua Ruairc for lár Sláine, & ro marbhadh ann Muirchertach Ua Ceallaigh, tigherna Bregh, & a bhen .i. Indearbh, inghen Uí Caindealbhain. Terna imorro Maol Seachlainn as don chur-sin.

M1161.15

Maidhm ria n-Domhnall Caomhanach, mac Mic Murchadha, & ria n-Uibh Ceinnsealaigh for Ghallaibh Locha Carman, dú i t-torcrattar ile im Ua n-Domhnaill.

M1161.16

Matudhan, mac mic Cronáin, tigherna Cairpre


p.1144

Gabhra, do thuitim lá macaibh Mec Con Gheimhle.

M1161.17

Domhnall, mac Conghalaigh mic Con Aifne Ui Chonchobhair Failghe, tanaisi Ua Failghe, do mharbhadh la Cloinn Mhaoili Oghra.

M1161.18

Maidhm ria t-Tuadhmhumhain for Dheasmhumhain, i t-torchair Maol Sechlainn, mac Ceallachain, mac mec Carthaigh, & Amhlaoibh Ua Donnchadha co sochaidhibh oile.

M1161.19

Maidhm oile dna, las an lucht cédna for Deasmhumhain i t-torchair Aodh Ua Caoimh, tigherna Fer Muighe, & dá Ua Anmchadha.

M1161.20

Loinges demhnacdha do fhaicsin for Cuan Gaillmhe, & siad occ seoladh i n-aghaidh gaoithe. Dun Gaillmhe do losccadh arabhárach da dhaigh.

M1161.21

Domhnall, mac Con Mhedha Uí Laeghacháin, taoiseach Cloinne Suibhne, do mharbhadh lá Ruaidhri Ua c-Conchobhair, i n-geimhiul, iar m-beith dhó ar chomairce comharba Chiaráin.

M1161.22

Fallamhan Fionn Ua Fallamhain, taoiseach Cloinne h-Uadach, do écc h-i c-clérceat.

Annal M1162

M1162.0

Aois Críost, míle céd seasccat a dó.

M1162.1

Gréine, aird-epscop Gall & Laighen, saoi ecna & il-bhérla, d'écc, & Lorcán Ua Tuathail, comharba Caoimhghin, do oirdneadh ina ionad lá comharba Phatraicc.

M1162.2

Cathasach mac Comhaltáin, fer leighinn Doire Cholaim Chille, d'ég. Saoi toghaidhe esídhe.

M1162.3

Diarmaid Ua Laighenáin, fer leighinn Cluana h-Uamha, saoi Mumhan, do mharbhadh lá h-Uibh Ciarmhaic.

M1162.4

Taisi Epscoip Maoinenn & Cummaine Foda do thabhairt a


p.1146

talmhain lá samhadh Brénainn, & ro cuireadh scrín cumhdaighthe iompa.

M1162.5

Cairbre mac Samuel, ard-ollamh Ereann h-i scribhenn, d'écc i n-Ard Macha an 4 lá Febhru.

M1162.6

Mainistir manach occ Iubhar Cinn Trechta do losccadh cona h-uilibh aidmibh & leabraibh & bheós an t-iubhar do chuir Pátraic féisin.

M1162.7

Imleach Iubhair cona teampal do losccadh.

M1162.8

Erscartadh na t-tighedh o tempal Doire do dhénamh lá comharba Colaim Cille Flaithbhertach Ua Brolcháin, & lá Muirchertach Ua Lachlainn, lá rígh Ereann, & ro thógbhait ochtmhoghat teagh nó ní as uille asin maighin i rabhattar, & Caiseal an Urláir do dhénamh lá comharba Colaim Cille bheós, & do-bhert mallacht forsan tí nó thiocfadh thairis.

M1162.9

Senadh cléirech n-Ereann im comharba Phátraicc, Giolla Mac Liacc, mac Ruaidhri, h-i c-Claonaidh, airm i rabhattar sé h-epscoip fichet go n-abadhaibh iomdha, occ erail riaghla & soibhés, for feraibh Ereann, laechaibh cléirchibh, & as don chur-sin ro chinnset clérigh Ereann na badh fer leighinn i c-cill i n-Erinn an fer na badh dalta Arda Macha cédus.

M1162.10

Cuairt Cenél Eoghain do thabhairt lá comharba Phátraicc, Giolla Mac Liacc, mac Ruaidhri, dá nach fríth a h-ionsamhail reimpe.

M1162.11

Sluaighedh lá Muirchertach Ua Lachlainn co t-Tuaiscert Ereann, & co b-Feraibh Mídhe, & go c-cath do Chonnachtaibh araon friú, co h-Ath Cliath d'forbais for Ghallaibh. Acht ro impódh Ua Lachlainn gan cath, gan ghialla, iar n-indreadh Fine Gall. Ro fhágaibh dna, Laighnigh & Midhigh i c-coccadh for Ghallaibh. Do-ronadh sídh iaramh eittir Ghallaibh, & Ghaoidhealaibh, & do-radadh secht fichit uinge óir ó Ghallaibh do Ua Lachlainn, & do-radadh cúig fichitt uinge d'ór ó Dhiarmaid Ua Maoilechlainn do Ruaidhri Ua c-Conchobhair, dar chenn Iarthair Midhe.

M1162.12

Ceall Ua Mílchon, & Ros M'Ídhe do saoradh do Dhiarmaid Ua Maoil Sechlainn do


p.1148

Dhia & do Chiarán ar choinnimh ríogh-flatha co bráth.

M1162.13

Conchobhar mac Taidhg Ui Bhriain, do mharbhadh lá Muirchertach mac mic Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain.

M1162.14

Cathal, mac mic Cathail Uí Mughróin, toiseach Cloinne Cathail, frí ré, d'écc.

M1162.15

Donnchadh, mac Mec Giolla Patraicc, tigherna Osraighe, d'écc.

M1162.16

Cathal Ua Raghallaigh, tigherna Muintire Maoil Mhórda, eineach & eangnamh Ua m-Briúin, do bhádhadh.

M1162.17

Creach lá Maol Sechlainn Ua Ruairc i c-Cairpri Ua Ciarrdha, maidhm dna ria c-Cairpribh fair-siomh co b-farccaibh ár daoine.

M1162.18

Maol Sechlainn, mac Tighernáin Uí Ruairc, ríogh-dhamhna Bréifne, caindel gaisccidh, & enigh Leithe Chuinn, do mharbhadh la Muintir Maoil Mhórdha, & lá mac Annaidh Uí Ruairc.

M1162.19

Creach la Diarmaid Ua Maoil Sechlainn, la rígh Mídhe, for Fheraibh Breifne, & torchair Tadhg mac mic Carrghamhna Ui Gille UltáinFeraibh Bréifne.

M1162.20

Creach la Tighernán Ua Ruairc ar Cairpribh Ua Ciarrdha, & do-rochair mac mic Findbhairr Uí Gerudháin don chur-sin la Cairpribh.

M1162.21

Coccadh mór eitir Deasmumhain, & Tuadhmumháin co n-dernadh il-chreacha, & gur ro marbhadh ár daoine etorra.

M1162.22

Mac Raith Ua Mac Liacc, taoiseach Ceneoil Lughne, d'écc.

M1162.23

Mac Donnchaidh mic Mec Carthaigh, do ghabhail la Corbmac mac Mec Cárthaigh.

M1162.24

Creach mhór lá h-Uibh Failge i n-Eile, & i n-Urmhumhain, co tucsat búar dírímhe.


p.1150

M1162.25

Mac Donnchaidh mic Mec Carthaigh do elúdh a geimheal.

M1162.26

Uí Diomusaigh .i. Ceallach, Cú Broga, & Cuilén do mharbhadh lá Maoil Sechloinn Ua c-Concobhair, tigherna Ua Failghe, for lár Cille h-Achaidh.

M1162.27

An Cosnamhaigh Ua Dubhda, tigherna Ua n-Amhalgadha do mharbhadh lá a derbhfhine.