Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1133

M1133.0

Aois Críost, míle céd triochat a trí.

M1133.1

Muiredhach Ua Duibh Innsi, airchindeach Lughmaidh.

M1133.2

Conaing mac Duibh Da Leithi fos-airchindeach Arda Macha.

M1133.3

Maol Brighde Ua h-Ainnin uasal-mhairtir Ereann, & berre cráibhdech cennsa, & deirc iarthair bhetha, d' écc.

M1133.4

Ros Cré & Lúghmhagh do losccadh.

M1133.5

Muirchertach, comharba Pháttraicc for cuairt Tíre h-Eoghain, & a riarughadh do bhuaibh, & d'eachaibh, co f-farccaibh bennachtain.

M1133.6

Conchobhar, mac Murchadha Ui Mhaoilechlainn, rioghdhamhna Temhrach, do mharbhadh lá Donnchadh Mac Giolla Mo Cholmóg riogh-dhamhna Laighen, & Donnchadh feissin do mharbhadh la Feraibh Midhe .i. lá h-Aodh Ua h-Aedha a c-cionn mhís i n-díoghail Conchobhair.

M1133.7

Lusca cona tempal lán do dhaoinibh, & taisccedhaibh do losccadh for Fine n-Gall don lucht chédna a n-díoghail meic Murchadha .i. Chonchobhair.

M1133.8

Móir-chreach lá Murchadh Ua Maoileachlaind a n-díoghail a mhic, co ro aircc Fine Ghall, & Airtheir Laighean.

M1133.9

Sluaighedh lá Corbmac Mac Carthaigh, & la Conchobhar Ua m-Briain i c-Connachtaibh, co ro mharbhsat Cathal mac Cathail Uí Conchobhair, ríogh-dhamhna Connacht, & Giolla na Naomh Ua Floind, taisech Sil Maoile Ruain, & ro scailset Dun Mughdhorn, & Dún Mór, & ro indirset mór don tír. Impaid iarsin gan gialla.

M1133.10

Creach lá Donnchadh Ua Cearbhaill, & la Feraibh Fernmhaighe h-i Fine Ghall, conus-táirsetar Goill oc Fiondabhair na n-Inghen, co n-dhernsat deabhaidh i t-torchair Raghnall mac Póil, & drong mhór do Ghallaibh uime. Cidh iad Fiora Fernmhaighe tugadh éccendáil forra.

M1133.11

Creach lá Tighernán Ua Ruairctigherna Breifne for Uibh Fiachrach an Tuaisceirt.

M1133.12

Maidhm ria b-Feraibh Teathbha for Shíol Muiredhaigh, dú i t-torchair Amhlaoibh mac mic


p.1044

Aireachtaigh Uí Ródhuibh, taoiseach Cloinne Tomaltaigh, & in ro gabhadh Mac an Lestair Uí Ainlighi taoisech Ceneil Dobhtha, & i t-torcrattar ile.

M1133.13

Droichet Atha Luain & a chaistiall do scaoileadh lá Murchadh Ua Maoileachlainn & lá Tighernán Ua Ruairc.

M1133.14

Comhdhál la Toirrdhealbhach Ua Concobhair, & lá Conchobar Ua m-Briain co maithibh cleireach Connacht & Mumhan oc Abhaill Cethernaigh, & síth bliadhna do dhénamh eatorra.

M1133.15

Maol Sechlainn, mac mic Diarmada mic Maoil na m-Bó, & Eochaidh Ua Nualláin, tigherna Fothart, do thuitim i c-cliathadh lá h-Ugaire Ua Tuathail, & lá h-Uibh Muiredhaigh, & ár mór amaille friu.

M1133.16

Dá mac Con Chonnacht Uí Choncobhair do bháthadh i l-Loch Ríbh.

M1133.17

Giolla na Naomh Ua Birn d' écc rígh-rechtaire Ereann eisidhe, & a adhnacal i Ros Commáin.

M1133.18

Bo-dhíth mhór i nd-Erinn, dá n-goirthí Maolgarbh, dá ná frith samhail ó tháinic an bó-díobhadh oile i n-aimsir Fhlaithbheartaigh mic Loingsigh, conar fháccaibh acht tiruairsi becc do bhuaibh i n-Erinn, dia n-ebhradh,

    1. A trí 'sa triocha, na ceil
      céd ar mhile do bhliadhnaibh,
      o ghein Críost i m-Beithil bhinn
      gus an m-bó-díth-si i n-Erinn.

M1133.19

Flaithbhertach Ua Flaithbhertaigh do mharbhadh lá mac Lochlainn Uí Lochlainn, i n-díoghail a athar.

M1133.20

Mór-shluaigheadh Leithe Mogha uile im Chorbhmac Mac Cárthaigh, & im Chonchobhar Ua Maoil Sechlainn a c-Connachtaibh, gur ro marbhadh leó mac mic Cathail Uí Chonchobhair, & Giolla na Naomh Ua Floinn, taoiseach Síl Maoil Ruanaidh, & ro loisccset Dun Mughdhorn, & Dún Mór, & ro iompaidhset gan sídh gan gialla.


p.1046

Annal M1134

M1134.0

Aois Críost, míle céd triocha a ceathair.

M1134.1

Celeachair, mac CorbmaicChuinn na m-Bocht, sruith-shenóir, cenn comhairle, & tobar eccna senchusa, cend einigh & coimheda riaghla Cluana Mic Nóis, d' écc i n-Iomdhaidh Chiaráin iar m-buaidh n-aithriche i nóin September. As dó ro ráidh mac Macaimh Uí Cíocharáin ó Edargabhail an rann-so,

    1. Mo-ghenar duit it bhethaid,
      A mhic Cuind, a Chélechair,
      ataoi-si a Chelechair Cluana,
      i n-glé-bhethaidh gle-bhuadha.

M1134.2

Maol Ciaráin mac don Chorbmac cédna, uasal-shaccart tuir craibhaidh, & eccnae uasal-chend Cluana Mic Nois, d' ég oidhche Fhéile Michil, & ba i n-Iomdhaidh Ciaráin bheós.

M1134.3

Fógartach Ua Riagain, airchindeach Ruis Cré.

M1134.4

& Giolla Brénainn Ua h-Aedhaccáin, comharba Brénainn Cluana Fearta, d' écc.

M1134.5

Iomhar Ua h-Aedhaccáin, las ro cumhdaiccheadh reccles Póil & Peadair i n-Ard Macha, d' écc i Róim ina ailithre.

M1134.6

Be Bhinn, inghen Mic Con Chaille ban-airchinneach Doire, d'écc 22 December.

M1134.7

Maol M'Aodhócc Ua Morghoir for cuairt Mumhan, & do-bert a réir.

M1134.8

Archu Ua Flaithbertaigh, ríogh-dhamhna Oiligh do thuitim lá Cenel Conaill i frithghuin.

M1134.9

Donnchadh, mac mic Murchadha Uí Bhriain gona mac do mharbhadh lá Deasmumhain.

M1134.10

Donnchadh .i. mac Con Aifne Ua Conchobhair, tigherna Ua Failghe, & Maol Sechlainn, mac a athar, do dheabhadh fri aroile co t-torchrattar comhthuitim.

M1134.11

Sloighedh lá mac Mic Murchadha, & la Laighnibh i n-Osraighibh, conus-tairthethar Osraige & ro lásat a n-ár, & torchair ann Ughaire Ua Tuathail, ríoghdhamhna Laighen co sochaidhibh oile.

M1134.12

Ar Osraige, & Gall Puirt Láirge do chur lá mac Mic Murchadha, & la Laighnibh a n-díoghail an áir rémhráite.

M1134.13

Teampall do-ronadh lá Corbmac mac Meic Carthaigh, Caisil, do


p.1048

choisreccadh lá seanadh cléreach n-Ereann i n-aoin-ionadh.

M1134.14

Muirchertach mac Domhnaill mic Amhalgadha, comharba Phátraicc, d' ég iar m-buaidh martra, & n-aithrighe 17 September.

M1134.15

Niall, mac Aedha, d'oirdneadh i c-comarbus Patraicc.

M1134.16

Caemhchludh abbadh i n-Ard Macha .i. Mael M'Aedhocc Ua Morgair i n-ionad Néill.

M1134.17

Maol M'Aedhócc iar sin for cuairt Mumhan, go t-tucc a reir.

M1134.18

Aodh mac meic Lochlainn Mécc Cochlain, tigherna Dealbhna Eathra, do écc.

M1134.19

Murchadh O h-Eaghra, & a bhen .i. inghen Toirrdealbhaigh Uí Conchobhair do mharbhadh lá Taichleach Ua n-Eaghra.

Annal M1135

M1135.0

Aois Críost, míle céd triocha a cúicc.

M1135.1

Cionaet Ua Baoighill, uasal-epscop .i. epscop Clochair, & ard-shenóir thuaisceirt Ereann.

M1135.2

An t-epscop Ua Cattan .i. áird-espucc Ua c-Cennselaigh.

M1135.3

& Maol Iosa Ua Fionnachta, comharba Rosa Commain, d' ég.

M1135.4

Giolla Comáin Ua Conghalaigh, fer léighinn Rossa Commáin, do mharbhadh lá Conmhaicnibh.

M1135.5

Domhnall, mac Muirchertaigh Uí Bhriain, tigherna Gall, & Laighen céttus do écc i c-cuincc cléircechta i l-Lios Mór iar sendataidh.

M1135.6

Fiachra Mac Etnén srúith-senoir Cluana Eraird, & Fer Mídhe archena, d' écc.

M1135.7

Fland Ua Sionaigh, maor Bachla Iosa, d' écc iar n-aithrighe tocchaidhe.

M1135.8

Maoil Iosa Ua h-Ainmire .i. epscop Puirt Lairge, & ard-shenóir Gaoidheal iarsan ochtmhadh bliadhain ochtmhoghadh a aoisi d' écc i l-Lios Mór Mo Chutta.

M1135.9

Eachmharcach Ua h-Ainmire sruith-shenóir na n-Gaoidhel, topar egna & déirce d' écc i l-Lios Mór.

M1135.10

Maol M'Aedhócc Ua Morgair, comharba Pháttraicc, do chendach Bachla Iosa & dia tabhairt asa fochla an seachtmhadh lá do mhí Iúl.

M1135.11

Doire Cholaim Chille cona themplaibh do losccadh an 30 do Mharta.

M1135.12

Ruaidhri Ua Canannáin, tigherna Cenel Conaill, tuir cocthach cosnamhach co n-désherc & co n-daonnacht, do mharbhadh d'Feraibh Maighe h-Ithe .i.


p.1050

do Mhaol Ruanaidh Ua Caireallain, & do Cloinn Diarmada, & ár mór iarsin ó Chonall for Eoghan.

M1135.13

Cathal mac Taidhg Uí Conchobhair, tanaisi Connacht, do mharbhadh lá Feraibh Teathbha co sochaidhibh oile amaille fris.

M1135.14

Cluain Eraird, Cenannus, Ráith Lúraigh, & il-chealla archena do losccadh.

M1135.15

Sochaidhe do Dhesmumhain do thuitim la Tuadhmhumhain for thóchar Cluana Caoin Mo Díomócc. Bá dibh-séin Fionghuine Ua Caoimh, tigherna Glendamhnach, Mathghamhain Ua Donnchadha, tigherna Cenel Laoghaire, Maol Gorm Ua Rind, & mac Lochlaind Uí Cionaedha d'Uíbh Mac Caille, go sochaidhe ele.

M1135.16

Aodh Ua Conchobhair, tigherna Corca Mo Dhruadh, & Cu Mara mac Con Mhara mic Domhnaill, tigherna Ua c-Caisín, do thuitim i f-friothghuin ó Thuadhmumhain.

M1135.17

Magh n-Aoi, Magh Luircc, & an Corann do losccadh la Conmhaicnibh.

M1135.18

Ros Commáin do arccain & do losccadh taighibh teamplaibh lasan lucht cédna a c-cionn mhís iaramh.

M1135.19

Ua Madadháin, tigherna Sil n-Anmchadha & Ua Maine frí ré, do mharbhadh i f-fioll lá mac Giolla Caoimhghin I Cenneittigh, & ogh a mhuinntire amaille fris.

M1135.20

Amhlaibh, mac Domhnaill Fhinn Uí Dhubhda, tigherna Ua n-Amhalghadha, do mharbhadh lá h-Uibh Fiachrach an Tuaisceirt.

M1135.21

Cobhlach Murchadha Ui Mhaoileachlainn, righ Temhrach, for Shionainn, & for Loch Ríbh. Tangattar Síol Muiredhaigh cona rígh, .i. Conchobhar, mac Toirrdhealbhaigh, & Uí Maine cona t-tigherna .i. Tadhg Ua Ceallaigh, co b-farccaibhsiod díbhlinibh braighde ag Murchadh.

M1135.22

Teine saighnéin do bhéim a chind do chloictheach Cluana Mic Nóis, & do tholladh cloicthigh Ruis Cré.

M1135.23

Fiora Fernmhaighe do iompudh ar Mhidheachaibh, & sídh doibh frí Bréifnechaibh.

M1135.24

Stephen do ghabháil rioghaichte Saxan 2 December.


p.1052

Annal M1136

M1136.0

Aois Criost, mile céd triocha a sé.

M1136.1

Aodh Ua Finn, epscop na Bréifne, do écc i n-Inis Clothrann.

M1136.2

Domhnall Ua Dubhthaigh, aird-espucc Connacht, & comhorba Ciaráin, cenn eaccna & einigh an chóiccidh d'fagháil bháis iar n-oifrend & celebradh i c-Cluain Ferta Brénainn.

M1136.3

Robhartach Ua Ceallaigh, airchindech Fathna Móire, d' ég iar n-degh-aithrighe.

M1136.4

Giolla Críost Ua h-Echain, comharba Findéin.

M1136.5

& Saerbhreathach Ua Ceallaigh, comharba I Shuanaigh, d' ég.

M1136.6

Mac Ciaráin, airchindeach Suird, do thuitim lá Fiora Fearnmhaighe.

M1136.7

Mael Maire mac Colmáin, airchinnech Doire Luráin.

M1136.8

Maol Iosa mac Maol Cholaim, primh-challadóir Arda Macha, a primh-crióchaire & a leabhar-coimhédaigh, d' écc iar n-aithrighe thoghaidhe aidhche aeini an chésta.

M1136.9

Conchubhar, mac Domhnaill Uí Lochlainn, tigherna Ailigh céttus, & an Tuaisceirt uile etir Chonall, Eoghan, Ullta, & Airghialla, & riogh-dhamhna Ereann bheos, do mharbhadh d'Feraibh Maighe h-Ithe i meabhail.

M1136.10

Echrí Ua h-Aittéidh, tigherna Ua n-Eachdach, do mharbhadh d' Uibh Eachdach féisin.

M1136.11

Aodh mac Domhnaill Uí Conchobhair, riogh-dhamhna Connacht, do mharbhadh dona Tuathaibh iarna thoghairm dóibh chuca tria cheilcc dia rioghadh, & drong dia aes gradha amaille ris do mharbhadh.

M1136.12

Mac Domhnaill Uí Dhúbhda, tigherna Ua n-Amhalghadha, do mharbhadh.

M1136.13

Donnchadh, mac Maoileachlainn Uí Fhaoláin, do thuítim lá Corbmac Mac Carthaigh i meabhail.

M1136.14

Aodh, mac Toirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair, do dhalladh la Toirrdhelbhach fodhéin.

M1136.15

Domhnall


p.1054

Ua Caindelbhain, tigherna Cenel Laoghaire, do mharbhadh lá Tighernán Uá Ruairc & lá h-Uibh Briúin, & torchrattar sochaidhe do BréifnechaibhFeraibh Míde.

M1136.16

Maidhm síodha eittir Midheachaibh & Breifnechaibh. Creach la h-Airthear Mídhe i n-Uibh Briuin, co t-tuccsatt buar dírimhe. Crech ele lasan lucht chédna i f-Fernmhaigh.

M1136.17

Creach Locha CairrccínFeraibh Teathbha, & ro loiscsett an caislén co n-ár a dhaoine.

M1136.18

Creach ele lasin lucht cédna co ro oirccset Muintir Fídhne.

M1136.19

Crech la Domhnall mac Murchadha Uí Mhaoilechlainn tar Uíbh Dunchadha, & as lasan c-creich-sin do mharbhadh Giolla Sechnaill mac Giolla Seachnaill.

M1136.20

Giolla Múra Ua h-Ogáin do mharbhadh lá mac Néill mic Mic Lochlainn.

M1136.21

Cuairt MumhanMaol M'Aodhócc Ua Morgair, comhorba Páttraicc.

M1136.22

Caemhchludh abbadh i n-Ard Macha .i. Niall, mac Aedha, i n-ionadh Maol Mh'Aedhóicc.

M1136.23

Ruaidhri Ua Conchobhair & Uada Ua Con Chenainn do ghabhail lá Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair ar comaircce comharba Iarlaithe, & I Dubhthaig, & na Bachla Buidhe & Uí Dhomhnalláin.

M1136.24

Néidhe Ua Maoil Chonaire, an senchaidh, do écc.

M1136.25

Maol Mh'Aedhócc Ua Morgair do léigen comhorbais Phattraicc de ar Dhia.

Annal M1137

M1137.0

Aois Críost, míle céd triocha a secht.

M1137.1

Domhnall Ua Conaing, aird-espucc Leithe Mogha, tuir chrábhaidh, ernaighthe, eccna, & eirnidhthe bídh & seód do thruacchaibh, & trénaibh.

M1137.2

An t-espucc Ua Baoighill, & an t-espucc Ua Maol Fhoghmhair, d' écc. An t-epscop Ua Cléirigh do Chonnachtaibh & An Dall Ua Cadhla, egnaidh ergna, d'écc.

M1137.3

Mac Raith Ua Forreith saoi senchaidh, & anmchara co c-cennsa, & co n-áilghine.

M1137.4

Aodh Ua Finn, aird-fher leiginn Fear m-Breifne, d'écc.

M1137.5

Mac Giolla Fhionáin I Chibhleacháin, comharba Feichin Fobhair, d' écc.

M1137.6

Caemhchludh


p.1056

abbadh i n-Ard Macha .i. airchindeach Doire i n-ionadh Néll, mic Aodha.

M1137.7

Cluain Uamha, & Ardachadh Espuicc Mel do losccadh, taighibh teamplaibh.

M1137.8

Gaoth mhór fo Erinn, co ro trascair cranda iomdha, tighe, templu, & cumhdaighthe. Ro fhuadaigh dan daíne & innile isin f-faircce i Maigh Conaille.

M1137.9

Domhnall, mac Murchadha Uí Mhaoileachlainn, ríogh-dhamhna Ereann, & ri Temhra frí ré, aon-Ghuaire Ereann ina aimsir ar eineach, do mharbhadh dona Saithnibh, & d'Airther Mídhe co n-ár a mhuintire uime, uair i c-coccadh do dheachaidh-sídhe for a athair & forra-somh.

M1137.10

Uada Ua Con Chenainn do dhalladh lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair ina mhí-ghniomhaibh.

M1137.11

Mór, inghen Muirchertaigh Uí Bhriain, ben Mhurchadha Uí Mhaoileachlainn, d' écc i n-Dearmhaigh Cholaim Chille iar b-peannainn.

M1137.12

Forbhais Puirt Láirge la Diarmaitt Mac Murchadha, lá righ Laighen, & lá Conchóbhar Ua m-Briain, tigherna Dal c-Cais, & Goill Atha Cliath, & Locha Carman, for muir dá chéd long. Tucsat gialla Donnchaidh Meic Carthaigh, na n-Déisi, & Gall Puirt Láircce leó.

M1137.13

Conchobhar Ua Briain, tigherna Tuadhmhumhan & Urmhumhan, do dhol i t-tegh Diarmada Meic Murchadha, Laighen, co f-fargaibh braighde ann dar cenn Desmhumhan, do chosnamh dhó.

M1137.14

Crech lá Corbmac, mac Meic Carthaigh ar Cheindeittigh Ua m-Briain, & ar Ghallaibh Luimnigh.

M1137.15

Cobhlach la Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair for Shionainn, & for Loch Ribh. Turas cródha dhó-somh ón an turas h-i sin h-i c-cenn cobhlaigh Fher m-Breifne im Tighernán Ua Ruairc, & i c-cend chobhlaigh Fhear Mídhe, & Teathbha im Mhurchadh Ua Mhaoileachlainn, im rígh Temhrach, bail i rabhattar dá chéd lestar, & ní raibhe lá Toirrdhealbhach cénmothá fiche long.

M1137.16

Ben Mídhe, inghen Chonchobhair Uí Mhaoileachlainn, d'écc i c-Cluain Eraird iar n-degh-bheathaidh cian-aosda.

M1137.17

Maidhm síodha eittir Mídheachaibh, & Breifneachaibh.

M1137.18

Ard Macha, Tuaim Da Ghualann, Conga, & Termann Caollainde, do losccadh.

M1137.19

Magh n-Eo & Buidheamhnach do losccadh.

M1137.20

Cóicceadh Chonnacht uile do fhásughadh ó Dhróbhaois go Sionainn, & co h-Echtge, & a c-cur féin i n-Iarthar Chonnacht.


p.1058

Annal M1138

M1138.0

Aois Críost, mile céd triocha a h-ocht.

M1138.1

Giolla Criost Ua Morghair, epscop Clochair, aird-shaoi i n-egna & i c-crábhadh, lochrann solusda no shoillsichceadh tuaith & eacclais tria fhoircedal & chaoin-ghníomh, modh díles dúthrachtach do Dhia, aoghaire tairise na h-eccailsi, go coitchenn, d' écc, & a adhnacal h-i reccles Peattair & Póil i n-Ard Macha.

M1138.2

Maol Páttraicc Ua Druccain, saoi egna na n-Gaoidheal ard-fher leighinn Arda Macha, cenn athchomhairc iarthair Eorpa i c-crabhadh, & caon-duthracht, d' écc ina ailithre i n-Inis Locha Cre an 2 Ianuarii.

M1138.3

Ceall Dara, Lios Mór, Tegh Mo Ling, & Sord do losccadh.

M1138.4

Cuairt Mumhman cédna cur lá comharba Pháttraicc lá Mac an Fhir Dhána, go tuc a réir.

M1138.5

Corbmac, mac Muiredhaigh meic Carthaigh, righ Desmhumhan, & espucc righ Ereann ina réimheas ar thiodhnacal séd, & maoine do chléircibh & ceallaibh, fer leasaighthe tuath & ecclas, do mharbhadh ina thigh féin i f-fioll lá Toirrdhealbhach, mac Diarmada Uí Bhriain, & lá dá mhac Uí Conchobhair Ciarraighe.

M1138.6

Raghnall, mac Iomhair I Cathain, tigherna na Craoibhe, Ciannachta, & Fer Lí, do thuitim tre thangnacht & meabhail, la h-Uibh Eoghain Glinne.

M1138.7

Maol Ruanaidh Ua Cairealláin, caindel thuaisceirt Ereann ar chruth ar chéill & ar ghaiscceadh, do mharbhadh do Cenél Moain.

M1138.8

Domhnall Ua Ciarrdha, tigherna Cairpre, do mharbhadh lá Tighernan Ua Ruairc.

M1138.9

Mathghamhain Ua Conchobhair, tighearna Ciarraighe Luachra, d' écc.

M1138.10

Toirrdhealbhach Ua Conchobhair co c-Connachtaibh, Tighearnán Ua Ruairc co f-Feraibh Breifne, & Donnchadh Ua Cerbhaill co n-Airghiallaibh, do thionol a sochraitte do chosnamh a ferainn fein co h-anfhirén


p.1060

lá h-Ua Maoilechlainn. Táinicc dan Murchadh Ua Maoilechlainn, co f-Feraibh Midhe & Gallaibh, & Diarmaid Mac Murchadha, co Laighnibh ina n-achcaidh don leith aile, co rangattar an dá shochraide-sin co Craoibh Maighe Lorccaigh. Rob é tra iomfhoicsi boí etir an da longphort cona boí acht bealach coilleadh bicce etorra. Fri ré sechtmhaine dóibh amhlaidh-sin aghaidh i n-acchaidh. Acht chena ros-deiligh Dia gan cath gan gialladh neich díbh dia 'roile. Ro mhillset Fir Midhe iaramh arbhanna Ua m-Briuin, & Fher Fernmaighe gur bhó gorta diofhulaing dóibh isin m-bliadhain ar c-cionn. Iarsin dan do-lóttar Midhigh, Laighnigh, & Goill co h-Inis Mochta dia h-argain, do-dheachaidh drong dhirimhe díobh ar rathannaibh, & ar snámh ar in loch do rochtain na h-innsi, & do-riacht dream díobh an inis. Tangattar dna iarsin lucht na h-innsi chúca i n-arthraighibh. Ro báidhit, & ro mharbhaitt sochaidhe díbh léo, & teichit an drem díbh bhoí isin inis este, & ní ro fhédsat losccadh na h-innse tré mhiorbhail Dé & an erlamha.Is annsin ro marbhadh Cú Bruinne Ua Longaircc, & mac Tadhg mac Mic Ualghaircc & mac Mic Turgaill.

Annal M1139

M1139.0

Aois Críost, míle céd triocha a naoi.

M1139.1

Cathal Mac Maoil Fhinn, comharba Tighernaigh Cluana h-Eoais, topar sonasa & saidhbhresa tuaisceirt Ereann erneadhach bídh do thuaith & ecclais.

M1139.2

Cu Chonnacht Ua Dálaigh, ard-ollamh lé dán, d' écc i c-Cluain Eraird. O Leacain Mídhe doi-sidhe.

M1139.3

Slóigheadh lá h-Ulltoibh co Tulaigh n-Oc, co ro loisccset an mhachaire cona cheallaibh.

M1139.4

Mathghamhain Ua Dúbhda, toiseach Cloinne Laithbhertaigh go maithibh a thuaithe uime, do mharbhadh la Muirchertach, mac Néill a n-díoghail Conchobhair Uí Lochlainn.

M1139.5

Donnchadh Ua Maol Mhuaidh, tigherna Fer c-Ceall, & Cheneóil Fhiachach, do mharbhadh i n-gemhel la Murchadh Ua Maoilechlainn.

M1139.6

Muirchertach Ua Maol Muaidh, tigherna ele Fear c-Ceall, do losccadh d' Fearaibh Ceall .i. do Uibh Luanaimh i tempall Raithne.

M1139.7

Ua Cadhla .i. Aodh, tigherna Conmhaicne Mara, do mharbhadh


p.1062

Donnchadh mac Taidhg dia mhuinntir féin.

M1139.8

Dondchaidh, mac Taidhg h-Uí Maol Ruanaidh, do dhalladh lá Toirrdhealbhach Ua c-Concobhair.

M1139.9

Ferghal, mac Raghnaill, mic Muiredhaigh, taoiseach Muintire h-Eolais, do mharbhadh la Tighernan Ua Ruairc ar chomairce Ua m-Briúin & Fer m-Breifne ettir laech & cleirech, mionn & fethal.

M1139.10

Cland Cárthaigh do ionnarbadh a MumhainSíol m-Briain.

M1139.11

Síth m-bliadhna do dhénamh ittir Feraibh Mumhan & Laighniucomharba Phattraicc & la Bachaill Iosa.

M1139.12

Maol Brighde Ua Brolcháin, epscop Arda Macha, & cend crábhaidh tuaisceirt Ereann, saoi ar eccna, ar chennsa, & ar ailghine, d' écc iar n-deigh-phennainn 29 Ianuarií.

M1139.13

Niall, mac Aodha mic Maoil Íosa, comhorba Pháttraicc frí ré, d' écc iar n-aithrighe dhíochra.

Annal M1140

M1140.0

Aois Críost, míle céd ceathracha.

M1140.1

Eochaidh Ua Ceallaigh, aird-chenn Fer Midhe, suí--espucc na h-Ereann uile, d' écc ina shendataidh i n-Dearmhaigh Coluim Chille.

M1140.2

Domhnall Ua Sealbhaigh, airchinneach Corcaighe, tuir ordain & aireachais Mumhan, d' ég.

M1140.3

Comharba Pattraicc for cuairt Connacht ina cédna fecht, co t-tug a oigh-reir, & ro dilsighíd a c-cealla for a comus ó Thoirrdhealbhach O Conchobhair, & ó mhaithibh Connacht, co f-fárccaibh comharba Pháttraig cona shamhad bennachtain forsan righ, & for mhaithibh Chonnacht.

M1140.4

Cliath-dhroichet do dhénamh la Toirrdhealbhach Ua Conchobhair dar Ath Liag, & a fhoslongport i Maigh Teathbha oc coimhéd Conmhaicne. Táinic iaramh Murchadh Ua Maoileachlainn co sochraide Fer Midhe, & Teathbha, & Tighernán Ua Ruairc, co sochraide Fer m-Breifne do saighidh longphort Connacht & Conmhaicne. Fágbhait-sein a longphort leó. Loiscter é lásan lucht andeas, & marbhaid Raghnall,


p.1064

mac mic Duibh Dhara, toiseach Muintire h-Eolais, co sochaidhibh iomdhaibh.

M1140.5

Comdhál oc Ath LuainMurchadh Ua Maoileachlainn, & lá Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair, & do-ronsat comhluighe & comhosadh, & sccarsatt fó shídh.

M1140.6

Cliath-dhroichet oile la Toirrdhealbhach dar Ath Luain co ro fhásaigh Iarthar Midhe.

M1140.7

Cú Uladh Ua Caindelbháin, tigherna Laoghaire, & Flaithbhertach Ua Cathasaigh tigherna na Saithne, & Domhnall a bhrathair do erghabhail la Murchadh Ua Maoileachlainn ina n-éccóraigh fein.

M1140.8

Tighernán Ua Ruairc do athcur a flaithes Ua m-Briuin lá h-Uíbh Briúin feissin, & a c-cendus do ghabháil dorídhise dhó.

M1140.9

Creach lá Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair, co ro oircc Muintir Maoil t-Sionda. Tugsat Fir Tethbha fuabhairt bhíodhbhadh for a shlógh-somh, & ro chuirset ár forra im Muiredhach, mac mic Muireadhaigh Uí Fhionnachta, toiseach Cloinne Murchadha, & im mac mic Aodha mic Ruaidhri.

M1140.10

Maidhm for Ghallaibh Atha Cliath ria n-Gallaibh Puirt Láirge, dú i t-torchair mac Mic Tormair.

Annal M1141

M1141.0

Aois Críost, míle céd ceathrachat a h-aon.

M1141.1

Domhnall Ua Coinfhiacla, tigherna Teathbha, d' écc i c-Cluain Eraird iar b-pennainn.

M1141.2

Aodh Ua Longán, maor Mumhan, d'écc.

M1141.3

Comharba Ciaráin do orgain lá Síol n-Anmchadha, & la Conchabhar mac Mic Cochláin i c-Cluain Fionnlocha. An creach-sin do aisecc fo chédóir lá Conchobhar mac Toirrdhealbhaigh Uí Conchobhair.

M1141.4

Diarmaid Mac Murchadha, Laighen, do dhénamh feille for mhaithibh Laighen .i. for Domhnall tigherna Ua f-Faoláin & ríogh-dhamhna Laighen, & for Ua t-Tuathail .i. Murchadh & a marbhadh lais diblínibh, & Muirchertach Mac Giolla Mo Cholmóg, tigherna Fer g-Cualann do dhalladh lais bheós. Enerte mór i Laighnibh don ghníomh-sin, uair ro marbhadh & ro dalladh seacht f-fir dhécc do saor-chlandaibh Laighen co sochaidhibh oile immaille friu an tan-sin.

M1141.5

Donnchadh mac Guill Gaibhle .i. Ua Conchobhair Failge, do mharbhadh do Uibh Failge feissin .i. do Cloinn Mhaoil Ughra.

M1141.6

Domhnall Ua Loingsigh, tigherna Dal Araidhe, do mharbhadh do Crotraighibh.

M1141.7

Giolla na Naomh Ua Ferghaile, toiseach Muintire h-Anghaile fer ard-raith


p.1066

Ereann d' ég, iar c-cian-aois, & a adhnacal a n-Inis Clothrann.

M1141.8

Slóighedh lá Conchobhar Ua m-Briain co h-Ath Cliath, co t-tugsat Goill a ríghe dhó. Marbh drong dia mhuinntir ag sódh anoir iar n-ithe an ghráin ghlais dóibh i n-araile locc i l-Laighis.

M1141.9

Mor-shluaighedh lá Síol m-BriainConchobhar h-Ua Conchobhar, lá Toirrdhealbhach, lá Tadhg, & lá Conchobhar mac Domhnaill dar Iarthar Connacht, co rugsat il-mhíle bó, & dán ro oirccett, & ro indirset, & ro mhúrsat Dún n-Gaillmhe don turas-sin.

M1141.10

Creach lásan lucht chédna i n-Uibh Ceinnselaigh, co ruachttatar Loch Garman.

M1141.11

Creach lá Diarmaid Mac Murchadha i l-Laighis, & maidhm ria Laighis fair-siumh iar t-tabhairt mhóir-creiche uaidhibh.

M1141.12

Ulltaigh Laighen uile do thocht dia t-tíribh féisin .i. i n-Ulltoibh, & bá comarda díoghla són i l-Laighnibh.

M1141.13

Comhdhál shíodha oc Uisneach etir Toirrdhealbhach Ua Conchobhair, Connacht, & Murchadh Ua Maoileachlainn, Temhrach. Tug Ua Maoileachlainn a bhraighde do Thoirrdhealbhach tar cenn Midhe & Teathbha, braighde Fer m-Breifne bheós do thabhairt lá Toirrdhealbhach don chur-sin.

M1141.14

Conchobhar mac mic Donnchaidh Uí Maoileachlainn do mharbhadh i n-geimhel lá Murchadh Ua Maoilechlainn. Do-róine Dia miorbhal ar Murchadh ina chionaidh .i. Art a mhac do éccadh a c-cionn coigdhisi. Adhbhar rígh Ereann in t-Art isin.

M1141.15

Domhnall, mac Ruaidhri Uí Mhaoil Mhuaidh, tighearna Fear g-Ceall do mharbhadh la Muintir Luainimh i r-Rathain h-Ui Suanaigh.

M1141.16

Creach-shluaighedh lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair i f-Fothartaibh Airbhreach, & ro oircc dream d'Feraibh Midhe, & d'Fhothartaibh, & regles h-Uí Dhúnáin.

Annal M1142

M1142.0

Aois Críost, míle céd cethracha a dó.

M1142.1

h-Ua Rebecáin, abb Liss Móir Mo Chúda, do mharbhadh la Tadhg Ua Ceinnéidigh.

M1142.2

Cathasach Ua Cir Caerech, fear leighinn Arda Macha, sagart eccnaidhe aosda ba foirgthe do Ghaoidhealaibh, do écc.

M1142.3

Ceall Dá Lua, Eanach Dúin, & Teach Mo Chua do losccadh.

M1142.4

Conchobhar


p.1068

mac Diarmada h-I Bhriain, airdrí dá chóigeadh Mumhan tuir ghaiscidh & engnamha Leithe Mogha, d' écc i c-Cill Da Lua iar m-buaidh aithrighe, & airdríghe Mumhan uile do ghabháil do Thoirrdhealbhach Ua m-Briain fo chédóir dia éis.

M1142.5

Donnchadh, mac Meic Carthaigh do thecht i n-Désibh Mumhan, & drem do mharbhadh dhó, & araill dia mhuinntir-siomh do thuitim, & Donnchadh budhéin do ghabháil lásná Déisib, & a thabhairt iarsin do Thoirrdhealbhach Ua Briain.

M1142.6

Conchobhor, mac Domhnaill Uí Bhriain, do ionnarbadh do Thoirrdealbach Ua Briain, Mumhan, & teacht do for coccadh h-i c-Connachtaibh.

M1142.7

Maidhm re mac Neill mic Meic Lochlainn, tigherna Cenel Eoghain for Feraibh Droma, & ro crechtnaigheadh-somh fén co mór i frithghuin an madhma h-i shin.

M1142.8

Slóigheadh lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair, lá rígh Connacht co f-Feraibh Mídhe & Bréifne & co Laighnibh leis do thecht isin Mumhain, acht ro iompaidhset gan bú gan gialla (cenmotha braighde Laighen) iar síredh Osraighe & Laoighisi, & iar milleadh neith dia n-arbhannaibh.

M1142.9

Móir-chreach lá Toirrdhealbhach Ua m-Briainrigh Mumhan i Laighnib, & ro oircc Uí Muiredhaigh, & araill do Uibh Ceinnselaigh, & do-bert buar dírímhe lais.

M1142.10

Donnchadh Ua Conchobhair, tigherna Ciarraighe Luachra, do mharbhadh lá tigherna Ua c-Caissin .i. Cú Mara Becc.

M1142.11

Mac Meic Con Roí, tigherna Dealbhna Thire Dá Locha, do mharbhadh.

M1142.12

Mac Ferghail Ui Mhaoil Mhuaidh, tigherna Fer c-Ceall, do mharbhadh do mac Ruaidhri Uí Mhaoil Mhuaidh i n-Daurmaigh Colaim Chille.

M1142.13

Mac Mic Ottir .i. Ottir do lucht Insi Gall, do gabháil chennais & forlamhais Atha Cliath.

M1142.14

Mathghamain, mac Floinn Ui Fhollamain, tigherna Críche na c-Cédach, do thuitim lá a dhias derbhrathar fein i bh-feill & a meabhail.


p.1070

M1142.15

Crech lá Conchobhar, mac Toirrdhealbhaigh, & lá h-Uibh Maine ar Cenel Forggo, co t-tucsat buar dhírímhe.