Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1123

M1123.0

Aois Críost, mile fiche atri.

M1123.1

Aonghus Ua Gormáin, comharba Comhghaill, do écc ina ailithre i l-Lios Mór Mo Chuda.

M1123.2

Flann Ua Duibh Insi, airchindeach Lughmhaidh.

M1123.3

Maol Maire Ua Condubháin, airchindeach Doire Luráin.

M1123.4

& Maoil Iosa Ua h-Airtri, maor Condacht, d'écc.

M1123.5

Conghalach Ua Flaithbhertaigh, ríoghdhamhna Oiligh, d'écc.

M1123.6

Cu Caisil Ua Cearbhaill, tigherna Fernmhaighe, d'écc.

M1123.7

Donn Slebhe mac Cathaláin sonus & sobharthan Uladh, d'écc.

M1123.8

Donnchadh mac Giolla Pattraig Ruaidh, tigherna Osraighe, do thuitim lá derbhfhine.

M1123.9

Mór-shluaighedh la Toirrdhealbhach mac Ruaidhri Uí Conchobhair co Bealach Eochaille dia ro ghabh gialla Deasmumhan uile.

M1123.10

Gailenga do ghabhail tighe i n-Doimhliag Chianain for Murchadh Ua Maoileachloinn for rígh Teamhrach, & ro loiscset ochtmoghatt teagh uime, & ro marbhadh sochaidhe dia mhuintir don chur-sin. Térna imorro Ua Maoileachloinn do eineach Chianáin gan mharbhadh gan losccadh.

M1123.11

Domhnall, mac Donnchadha, ríoghdhamhna Temhra, do mharbhadh do Ghailengaibh.

M1123.12

Amus anaithchnidh do thabhairt for comharba Ailbhe .i. Maol Mordha, mac meic Cloithnia .i. teach do ghabhail fair for lár Imleacha fein, & for mhac Cerbhaill Ui Chiarmhaic tigherna Aine Cliach, & ro marbhadh moirsheiser ann. Térnattar tra na maithe ass tria mhiorbhail Dé, Ailbhe, & na h-eccailsi. Ro loiscceadh ann


p.1018

din An Bernán Ailbhe. Ro marbhadh iaramh ria c-cind mhís an tí ro ghabh an teagh .i. An Giolla Caoch Ua Ciarmhaic. Deochain esidhe iar n-ainmniuchcadh, & ro benadh a chend de a n-díoghail sháraighthe Dé & Ailbhe.

M1123.13

Donnchadh, mac Taidhg Mic Carthaigh, tigherna Desmhumhan, do écc, & Corbmac a bhráthair do ghabháil a ionaid.

M1123.14

Tadhg Ua Maille, tigherna Umhaill, do bhádhadh cona luing a n-Arainn.

Annal M1124

M1124.0

Aois Críost, mile céd fiche a ceathair.

M1124.1

S. Mael Maodhog O Morgair do shuidhe i n-easpogoidecht Chonneire.

M1124.2

Maol Colaim, mac Maoil Maith Uí Connaccáin, uasal-shaccart, & saoi eccna & crábhaidh airthir Ereann, d'écc i n-Inis Pattraig an tres lá fichet December.

M1124.3

Forbadh cloictighe Cluana Mic Nóis la h-Ua Maoileóin, comharba Ciaráin.

M1124.4

Tadhg Mac Carthaigh, tigherna Desmhumhan ordan Mumhan, d'ég iar b-pennainn i g-Caisiul.

M1124.5

Muiredhach Mac Gormáin, tigherna Ua m-Bairrche ordan, & aireachas, & primh-athlaoch Laighen esidhe d' écc.

M1124.6

Ardgar, mac Aodha, ríoghdhamhna Oiligh, do mharbhadh lá muintir Dhoire i n-eneach Choluim Cille.

M1124.7

Maol Sechlainn mac Taidhg, mic Maol Ruanaidh, tigherna Maighe Luirg do mharbhadh lá Fiora Breifne & lá Tighearnán Ua Ruairc.

M1124.8

Giolla Bróide, mac Tighernáin Uí Ruairc, do mharbhadh lá Connachtaibh for Loch En, & sochaidhe oile amaile fris.

M1124.9

Muireadhach (.i. tigherna Cloinne Chosgraigh) mac mic Aodha mic Ruaidhri, d'écc i c-clércheacht.

M1124.10

Lochlainn Ua Follamhain, tigherna Criche na g-Cedach, & a mhac do mharbhadh la mac a dherbhrathar.

M1124.11

Gluin Iarn, Mac Brain, tigherna Airthir Ua f-Faoláin do mharbhadh lá Domhnall


p.1020

mac Mic Fhaolain, la ríoghdhamhna Laighen.

M1124.12

Da mac Taidhg, mic ui Lorcáin, dá thánaisi Ua Muiredhaigh, do mharbhadh lá h-Ua Lorcáin ele i f-fioll.

M1124.13

Aodh Ua Mathghamhna, ríogh-dhamhna Uladh, do thuitim lá Fiora Fearnmhaighe.

M1124.14

Mor-chobhlach la Toirrdhealbhach Ua Concobhair for Loch n-Deirccdherc, & a t-tabhairt leis dar Eass Danainne co ro aircc Ui Conaill ag Faing, & co f-farccaib cobhlach Desmhumhan leis. Mor-longport dna leis oc Ath Caille ó thá féil Martain co Bealtaine.

M1124.15

Trí caisteoil do dhénamh lá Connachtaibh, caislén Dúin Leódha, caislén na Gaillmhe, & caislén Cúile Mhaoile.

M1124.16

Creach-shluaighedh lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair co ro aircc Conmaicne a Maigh Cairbre, & ro aircc Magh Luighne. Ro tionóilset Conmhaicne & Fir Midhe chuighe, & do-radsat ammas fair oc Craibh Rois Da Charn, & ro marbhsat droncc dia shlóghaibh. Ro impo-somh friu iarsin, & ro meabhaidh for Fheraibh Midhe, & for Conmaicnibh, co t-torcrattar sochaidhe do shaor-chlandaibh & daor-chlandaibh dibh lais.

M1124.17

Geill Desmhumhan im mac Corbmaic mic meic Carthaigh, do marbhadh la Toirrdhealbhach Ua Conchobhair.

Annal M1125

M0

Aois Críost, míle céd fiche a cúig.

M1125.1

Maol Eóin Ua Dúnaccáin, saoi eccnaidh, & epscop Ua c-Cennselaigh.

M1125.2

Maol Tréna uasal-shagart, & sruith shenoir Chraoi Caoimhghin, bron-dalta toghaidhe h-Ui Dhúnáin uasal-shenorach Ereann,


p.1022

d'écc co h-eglastacda, iar n-deigh-bheathaidh.

M1125.3

Mac Maoile Suthain, áird-fhear leighinn Iarthair Ereann d'écc i t-Tamhlachta.

M1125.4

Cindeidigh Ua Conaing, airchinneach Cille Da Lua d'écc.

M1125.5

h-i quint Id Enair for aoin didin is indte tuarccbhadh a bhuinne didin for in daimh liag mor Arda Macha iarna láin-eagar do slindibh lá Ceallach comharba Pháttraicc isin triochatmadh bliadhain air chéd ó na raibhe slinn comhlann fair co sin.

M1125.6

Sluaighedh lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair & lá Tighernán Ua Ruairc h-i Mídhe, co ro aithríoghsat Murchadh Ua Maoileachlainn, & do-rattsat triuir tighernadh for Mídhe. Maol Sechlainn, mac Donnchaidh Uí Mhaoileachlainn, an treas thigherna dibhsidhe, do mharbhadh lá Domhnall mac Murchadha Uí Mhaoileachlainn.

M1125.7

Creach do-chuaidh Muirchertach Ua Cearbhaill, tigherna Descert Fernmaighe i f-Fearaibh Breagh conus-tarraidh Diarmaitt Ua Maoileachlainn co f-Feraibh Midhe & Bregh, co t-torchair Muirchertach leis, & drong d'uaislibh Fernmhaighe, co sochaidhe oile.

M1125.8

Dá mhac Aineislis Ui Eidhin do mharbhad d'Ua Flaithbertaigh i fioll oc Bun Gaillmhi.

M1125.9

Droichet Atha Luain & droichet Atha Croich do sccaileadh la Feraibh Mídhe.

M1125.10

Flann & An Giolla Riabhach, da mhac Ainéislis Ui Eidhin do mharbhadh la Conchobhar Ua f-Flaithbertaigh.

Annal M1126

M1126.0

Aois Críost, míle céd fiche a sé.

M1126.1

Aodh Ua Módáin, epscop Glinne Dá Locha, d'écc.

M1126.2

Fionn Ua Conaingén, airchinnech Doire fri re, do ecc.

M1126.3

Muiredhach Ua Cuillein, airchinnech Clochair, do mharbhadh lá Fearaibh Manach.

M1126.4

Conchobhar Ua Cléirigh fear leighinn Cille Dara, d'écc.

M1126.5

Giolla Fíonain, comharba Féichin.

M1126.6

& Maoil Iosa Ua Coinne, saoi Gaoidheal i senchus & i m-breitheamhnas, & i n-Urd Pattraicc, d'écc iar n-aithrighe togaidhe.

M1126.7

Daimh liag Reicclesa Poil & Peadair i n-Ard Macha, do-ronadh la h-Iomhar Ua n-Aedhacain do


p.1024

choisreccadh la Cellach, comharba Phattraicc an 12 Callainn Nouember.

M1126.8

Corcach Mhór Mumhan cona tempall do losccadh.

M1126.9

Enda, mac mic Murchadha .i. mac Donnchadha, Laighen, do écc.

M1126.10

Sluaighedh la Toirrdhealbhach Ua c-Concobhair, co t-tucc ríghe Gall Atha Cliath, & Laighen dia mac féin do Chonchobhar. Táinic dna iar sin co t-tucc maidhm for Chorbmac Mac Carthaigh, & co ro loisc a longphort occ Sléibh an Chaithligh.

M1126.11

Mór-longphort lasan righ cédna i n-Urmhumhain ó Lughnasadh co féil Bríghde, & ro aircc fecht asan longphort-sin Ui Conaill, fecht ele go Móin MóiR, & go Glend Maghair, & fecht co deiscert Osraighe, & ro chuir ár Osraighe im Ua c-Carócc, & tug gialla Osraighe don chur-sin.

M1126.12

Domhnall Finn Ua Dubhda, tighearna Ua n-Amhalghadha, do bhádhadh iar n-dénamh creche h-i t-Tír Chonaill.

M1126.13

Anfadh cogaidh mhóir i n-Erinn i c-coithchinne, gur bó h-éccen do Cheallach do comharba Páttraicc, beith mí for bhliadhain i n-eccmais Arda Macha oc síodhucchadh fer n-Ereann, & oc erail riaghla & soibhésa for cach eitir thuaith & eglais.

M1126.14

Creach mheabhla la Ruaidhri Ua Tuaithchair i n-Airtheraibh, conus-tartatar Fioru Airtir, & ro lasatt a n-ár, & ro díchendadh Ruaidhri fodhéisin leo.

Annal M1127

M1127.0

Aois Criost, mile céd fiche a seacht.

M1127.1

Giolla Criost Ua Maoileóin, abb comharba Ciaráin Cluana Mic Nóis, tobar egna & dé-sherce ordain & oireachais Leithe Chuinn, cenn sonusa & saidhbhriosa Ereann, d'ég.

M1127.2

Maol Maire Ua Gottáin uasal-shaccart, & sruith-senóir Cenannsa.

M1127.3

Conghalach, comharba Cianáin.


p.1026

M1127.4

& Giolla Chiarain Ua Róda, airchindech Cunga, d'écc.

M1127.5

Giolla Comhghaill Ua Tuathail, comharba Caoimhghin, do mharbhadh lasna Forthuathaibh.

M1127.6

Maol Brighde Ua Forannáin, airchindeach Arda Sratha.

M1127.7

Maol Brighde Ua Cionaodha, airchindeach Arda Trea.

M1127.8

& Domhnall Dall Ua Murchadha, áird-eccnaidh Laighen, d'écc.

M1127.9

Mac Con Aonaigh Ua Maolghuirm, airchindeach Ruis Cré, do mharbhadh lá h-Elibh.

M1127.10

Scrín Cholaim Chille do bhreith do Ghallaibh Atha Cliath leo i m-broid, & a h-idhnacal dorídhisi i c-cinn mís dia thigh.

M1127.11

Giolla Criost Ua h-Eiccnigh, tighearna Fear Manach & Airghiall, do écc i c-Clochair Mac n-Daimhine iar n-aithrighe thoghaidhe.

M1127.12

Cearbhall Mac Faoláin do mharbhadh la h-Uibh Failghe for lár Cille Dara co n-druing do anradhaibh & maithibh oile amaille fris.

M1127.13

Slóighedh lá Toirrdhealbhach Ua c-Concobhair do mhuir & do thír co riacht Corcach Mhór Mumhan, co ro chuir Corbmac h-i l-Lioss Mor, & go ro roinn Mumhain i t-trí, & do-bert triocha giall a Mumhain.

M1127.14

Donnchadh, mac Mic Carthaigh, do ionnarbadh iaramh i c-Connachtaibh co fichit céd immaille fris lá Corbmac Mág Carthaigh, iar t-tocht asa oilithre, & Fir Mumhan do iompudh ar Thoirrdhealbhach.

M1127.15

Mór-choblach Thoirrdhealbhaigh Ui Chonchobhair nochatt ar chéd leastar ar Loch n-Derg dherc, gur ro fhásaigh ceanntar Mumhan. Comhrac dá chobhlach for fairrge .i. Connachtaigh, & Fir Mumhan, & ruccsat Connachtaigh buaidh an chathaighthe h-ísin.

M1127.16

Cath eitir Ultaibh budhdhéin i t-torcratar da rígh Uladh .i. Aedh Ua Mathghamhna, & Niall, mac Duinn Shlébhe Ui Eochadha, & ar Uladh immaille


p.1028

friu.

M1127.17

Murchadh Ua Maoilsechlainn do aithríoghadh, & Domhnall a mhac do ghabháil a ionaid. Domhnall do aithrighadh ria c-cind raithe, & Diarmaid Ua Maoileachlainn do ghabhail a ionaidh.

Annal M1128

M0

Aois Críost, mile céd fiche a h-ocht.

M1128.1

Muirghes Ua Níoc, comharba Iarlaithe Tuama Da Ghualann fri ré, d'écc i n-Inis In Ghoill.

M1128.2

Conaing Ua Beiccleighinn, abb Cenannsa, do écc.

M1128.3

Giolla Pháttraicc Ua Cathail, comharba Caoimhghin, do mharbhadh i n-Glionn Da Locha la Laighnibh.

M1128.4

Giolla Chruimhthir Fraoich mac Scolaighe, comharba Bearaigh Cluana Coirpthi.

M1128.5

Ua Bánáin, comharba Crónáin Ruis Cre.

M1128.6

Mac Maras Ua Reabhacháin, comharba Mo Chuda.

M1128.7

Giolla Chiaráin mac Giolla Duibh Uí Draoda, airchinneach Cunga.

M1128.8

Ceinnéittigh Ua Conghail, airchinneach Lis Aoidheadh Cluana Mic Nóis.

M1128.9

Giolla an Choimhdhedh, mac Mic Cuinn, tanaisi abbaidh Cluana Mic Nóis, frí ré.

M1128.10

& Fingart, anmchara Corcu M' Dhruadh, d'écc.

M1128.11

Cennéittigh, mac Aodha mic Duinn Sléibhe, Uladh, do mharbhadh.

M1128.12

Fir Maighe h-Ithe, im Domhnall Ua n-Goirmleaghaid, do ghabháil tighe for Fhaolán Ua Duibh Dara for thigherna Fer Manach, & a thuitim leó co n-druing do mhaithibh Fhermanach ina fharradh.

M1128.13

Maidhm Atha Fhirdhiadh ria marc-shluagh Conchobhair mac Meic Lochlainn for mharc-shluagh Tighernáin Uí Ruairc, i t-torchair Ua Ciarrdha, tigherna Cairpre, & Cathal Ua Raghailligh, Sitriucc Ua Maoil Brighde, mac Aodha Uí Dúbhda, tigherna Ua n-Amhalghadha, & sochaidhe oile amaille friu a n-díoghail enigh Pháttraicc.

M1128.14

Creach-shluaighedh la Conchobhar mac Meic Lochlainn, tigherna Cheneoil Eoghain, & la Dál n-Araidhe, & la h-Airghiallaibh i Maigh Cobha, co t-tugsat gialla Ua n-Eachdach. Tiaghaid asidhe co h-Airther Midhe, & co Feraibh Breagh, & ro fhagaibhsiot dream dia mhuinntir ann.

M1128.15

Creach-shluaighedh la Toirrdhealbhach Ua Conchobhair i l-Laighnibh, co ros-aircc co mór, uair ro timchill Laighen laimh fri faircce co rocht co h-Ath Cliath. As don t-sloighedh isin torcair Ua Gadhra, tigherna Luighne, & sochaidhe ele cenmótha-somh.

M1128.16

Síth m-bliadhna do dhénamh do Cheallach, comharba


p.1030

Páttraicc etir Connachtaibh & Feraibh Mumhan.

M1128.17

Tailltin, inghen Murchaidh Uí Mhaoileachlainn, ben Toirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair, d'écc.

M1128.18

Domhnall mac an Ghille Fhinn mic Mic Uallacháin, taoiseach Muinntire Cionaith, do mharbhadh d'Ua Madadháin.

M1128.19

Móir-chreach lá Connachtaibh i f-Fearnmhaigh, & ro oirccsed an tír, & Lúghmhadh, & do-rochattar don sochaidhe díbh-siumh la Cochall, mac Mic Senáin, & la Feraibh Fernmaighe.

M1128.20

Maghnus mac mic Lochlainn, tigherna Chenéil n-Eoghain & an Tuaisceirt, do mharbhadh lá Cenel c-Conaill, & la Cenél Moein.

Annal M1129

M1129.0

Aois Críost, mile céd fiche a naoi.

M1129.1

Maol Bríghde Ua Flannáin, ancoire Liss Móir.

M1129.2

Giolla Colmáin Ua Ceallaigh uasal-shagart Dearmaighe Cholaim Chille.

M1129.3

Mac Muirghesa fer leighinn Ferna.

M1129.4

& Ua Diarmada, comharba Cronáin Ruis Cré, d'ég.

M1129.5

Teach Choluim Cille i c-Cill Mic Nénain do ghabháil d'Ua Tairchert for Aodh mac Cathbairr Uí Domhnaill, & a losccadh fair.

M1129.6

Caemchludh tighernaCenel n-Eoghain .i. Maghnus i n-ionad Conchobhair. Maghnus din, do mharbhadh ria c-cionn ráithe do Chenel c-Conaill & d'Ua Gairmleadhaigh & do Cenel Moein, & Conchobhar do ríoghadh doridhisi.

M1129.7

Mathghamhain, mac Muirchertaigh Uí Bhriain, d'écc.

M1129.8

Flann Ua Ceallaigh, tigherna Fear m-Bregh, & Muirchertach Ua Conchubhair, ríoghdhamhna Ua f-Failghe, do mharbhadh do Fheraibh Fernmaighe.

M1129.9

Niall Ua Críochain, tigherna Ua Fiachrach Arda Sratha, do mharbhadh la h-Uibh Cenneidigh.

M1129.10

Giolla Chriost h-Ua h-Uidhrín, toiseach Cenél Fearadhaigh, do losccadh i t-tigh a altrann i t-Tír Manach i meabhail.

M1129.11

Caislén Atha Luan do dhénamh, & an droicheat do thogbhail la Toirrdhealbhach Ua c-Concobhair i samhradh na bliadhna-so .i. samhradh an tarta.

M1129.12

Altóir in daimh liag móir h-i c-Cluain Mic Nóis do fhoscriugadh, & seoid do bhreith eiste .i. Carracan Tempail Solman tuccadh ó Mhaoileachlainn mac Domhnaill, Cudín Donnchadha mic Floinn, & na trí seoitt tug Toirrdhealbhach Ua Concobhair .i. bleidhe airccitt, & copan airccid co c-crois óir thairis, & corn go n-ór, & corn h-Ui Riada, righ Aradh, & caileach airccid co f-forneimh óir fair cona thesc ó inghein Ruaidhri Ui Concobhair, & copán airccid Cellaigh, comharba Pattraicc. Ciarán dan ó rugaitt dia f-foillsiuccadh iaramh.

MM1129.13

Ceallach, comharba Phatraicc, mac oighe, & airdespug Iarthair Eorpa, aein-cenn ro riaraighsiot Goill, & Gaoidhil laoich, & clerigh Ereann, iar n-oirdneadh epscop, sacart, & aosa gacha graidh archena, iar c-coisreccadh teampall, & reilghedh n-iomdha, iar t-tiodhnacal séd & maoine, iar n-erail riaghla & shoibhes ar chach etir tuaith, & ecclais, iar m-bethaid aointigh, ernaighthigh, celeabhartadh, oiffreandaibh, iar n-ongadh & iar n-aithrighe tochcaidhe, ro fhaidh a spirat docum nimhe i n-Ard Pattraicc isin Mumhain an céd lá d' April


p.1034

dia luain do shonnradh isin caeccatmhadh bliadhain a aoisi. Rugadh tra a chorp dia adhnacal isin c-cédaoin ar c-cind go Lios Mór Mo Chúda do reir a thiomna budhdein, & ro friothairedh co psalmaibh, & imnaibh, & canticibh, & ro h-adhnaicedh co h-onorach i n-iolaidh na n-epscop dia dardaoin arna bharach.

M1129.14

Muirchertach, mac Domhnaill, d' oirdneadh h-í c-comarbus Pattraicc iarsin.


p.M1032

Annal M1130

M1130.0

Aois Críost, míle céd triocha.

M1130.1

Sord Cholaim Chille co n-a theamplaibh, & miondaibh do losccadh.

M1130.2

Lochlainn Ua Maol Ruanaid, ríoghdhamhna Uladh, do mharbhadh.

M1130.3

Cú Aifne Ua Conchobhair, tigherna Ua f-Failghe, do écc.

M1130.4

Giolla Cualann mac meic Dúnghaile, tigherna Ua m-Briúin Cualann, do mharbhadh lá a bhraithribh.

M1130.5

Diarmaitt Ua Follamhain, taoiseach Cloinne h-Uattach, & Goll Cluana (.i. Giolla Phátraicc) Ua h-Aireachtaigh, ollamh Iarthair Midhe i filidhecht, d' écc.

M1130.6

Seóid Cluana Mic Nóis d'foillsiughadh for Ghallaibh Luimnigh iarna n-goid do Ghiolla Chomhgáin. Giolla Comhgáin féissin do chrochadh i n-dún Cluana Bhriainrígh Mumhan, iar n-a thairbert la Conchobhar Ua m-Briain. Ro shir tra an Giolla Comhgáin-soin Corcach, Lios Mór, & Port Láirge do dhol tar muir. In long i raghbhadh ionadh ní fagbhadh gaoith sheolta, & fo-gheibhdís na longa ele archeana. Deithbhir ón ar no fhostadh Ciaran an luing i t-trialladh-somh teacht tairis, & do-rádh-somh ina coibhsenaibh frí bás co n-aicedh Ciarán cona bhachaill ac fosttadh gacha luinge ina t-trialladh. Ro moradh tra ainm Dé & Ciaráin de-sin.

M1130.7

Slóighedh la h-Ua Lachlainn .i. Conchobhar, mac Domhnaill, & lá Tuaiscert Ereann i nd-Ulltaibh. Ro thionóilsett Ulaidh do thabhairt catha dóibh. O ro comhfhoiccsigh cách di aroile dibh fechar iomairecc ainmhín etorra. Ro mheabhaidh for Ulltaibh fo dheóidh, & ro ládh a n-ár im Aodh Ua Loingsigh tigherna Dal n-Araidhe, im Giolla Pháttraic mac Searraigh, tigherna Dhál m-Buinne, im Dubh Railbhe mac Artáin,


p.1034

co n-droing oile cenmotát-somh, & indrit an tír co h-airther na h-Arda etir tuaith & cill, & tucsat míle do bhrait, & il-mhíle do bhuaibh, & d'eachaibh. Teccait maithe Uladh imo t-tighernadhaibh iar sin co h-Ard Macha i c-comhdhail Chonchobhair co n-dernsatt síth, & comhluighe, & co f-farccaibhsiot gialla lais.

M1130.8

LoingiusToirrdhealbhach Ua c-Conchobhar co riacht co Toraidh, & ro aircc Ros n-Guill.

M1130.9

Loingius eile dan, leis i n-Desmhumhain, & ro aircc Dairbri uile, & Inis Móir.

M1130.10

Cathraoineadh ria Tighernán Ua Ruairc & ria n-Uibh Briuin i Sleibh Guaire for Feraibh Mídhe, dú i t-torchair Diarmaitt Ua Maoilechlainn, Temhrach, & Amhlaoibh, mac Mic Senain, tigherna Gaileng, & Oengus Ua Caoindelbháin, tigherna Ua Laoghaire, mac Mic Giolla Fhulartaigh, tigherna Deisceirt Bregh, & drong oile nach airimhthir.

M1130.11

Meas mór ar na h-uilibh chrandaibh etir chnoa, dearcnoibh, & ubhlaibh.

Annal M1131

M1130.0

Aois Críost, mile céd triocha a h-aon.

M1131.1

Maoil Íosa Ua Foghladha, aird-epscop Caisil, & Muirchertach Ua h-Indreachtaigh, comharba Comhghaill, d' écc i n-Ard Macha an treas lá d' October.

M1131.2

Dubh Chobhlaigh, inghen Ruaidhri na Soidhe Buidhe Ui Choncobhair ben tigherna Luighne d' ég.

M1131.3

Creach-shluaighedh lá Toirrdhealbhach Ua Concobhair, & lá Cóigeadh Connacht i Mumhain, go ro airccset Ui Conaill Gabhra.

M1131.4

Sluaigheadh la Concobhar Ua m-Briain, & lá Feraibh Mumhan i Laighnibh, & ro ghabhsat a n-gialla. Lottar iar sin i Midhe, & ro airgset Inis Locha Semhdighdhe. Comraicit a marc-shluagh, & marc-shluagh Connacht. Sraoiniter for marc-shluagh Connacht, & torchair mac Con Connacht Ui Conchobhair don chur-sin, & an fer dana Ua Carthaigh .i. ollamh Connacht.

M1131.5

Slóighedh lá Conchobhar


p.1036

mac Domhnaill Uí Lochlainn, & la Tuaiscert n-Ereann, & lá h-Ultoibh h-i c-Connochtaibh, & do-bertsat Connachtaigh amus for dereadh an t-sluaigh i f-fail na Seghaisi (.i. Coirrshliabh), & ferthar deabhaidh eatorra, & torchair Conn Ua Maol Ghaoithe, & An Garbhanach Ua Baoighill, & sochaidhe oile isin maighin-sin. Ara aoi comdháilit arnabharach og Loch Cé, & do-gniatt síth m-bliadhna.

M1131.6

Creach lá Tighernan Ua Ruairc, & la Feraibh Bréifne dar eisi an t-sluagh h-i-sin h-í c-Cuailgne, & ro airccset Uí Mhéith. Oc iompúdh imorro d'Ulaidh, & do Deiscert Airghiall dar Ath Luain dia t-tig comhraicit i Maigh Conaille fris an c-crech, & ferthar iomaireacc etorra i t-torchair Raghnall Ua h-Eochadha, Uladh, & Cu Midhe Ua Criocháin, tigherna Fernmaighe cona mac, & Donn Slébhe Ua h-Innreachtaigh, tigherna Ua Meith, & sochaidhe ele bheós.

M1131.7

Tuadhmhumha d'indreadh lá Corbmac mic Mic Carthaigh, 7 lá Conchobhar Ua m-Briain.

M1131.8

Maidm la Murchadh Ua Maoileachlainn, for Shiol Rónáin airm i t-torcrattar ile.

M1131.9

Concobhar Ua Briain do throm-ghuin la a fhior gradha féin gur bho h-otharlighe bais dó. Conchobhar Ua Longarcain ainm an tí ros-gon, & ro marbhadh sidhe fo chédóir ind.

M1131.10

Domhnall Ua Fuircc, tigherna Ua Forcco, do thuitim la Síol n-Anmchadha h-i c-cliathadh.

M1131.11

Maol Sechlainn, mac Muirchertaigh Ui Maoilechlainn, do mharbhadh la Feraibh Ceall.

M1131.12

Cluain Eraird d' arccain do Chairpribh, & d'Feraibh Teathbha fó dhí. Ar Fer t-Tethbha do chur do Mhurchadh Ua Maoileachlainn isin ionadh in ro rannsat bu Cluana Eraird.

M1131.13

Maidhm Chaille


p.1038

Cobhtaigh for Shíol Muiredhaigh ria n-Uachtar Connacht iarna t-techt for crech isin Mumhain, co t-tarla tria meraithne etorra co f-farcsat a n-gabhála.

M1131.14

Fine Gall do orgain do Domhnall mac Murchadha Uí Maoilechloind.

Annal M1132

M1132.0

Aois Críost, míle céd triochat a dó.

M1132.1

Maol M'Aodhog Ua Morghair do shuidhe i g-comhorbus Pattraic tre impidhe cléirech n-Ereann.

M1132.2

Maol Brénainn Ua h-Anradháin, comhorba Brénainn Cluana Ferta, d'écc.

M1132.3

Maol Brighde mac Doilgén, uasal-shaccart Arda Macha, & sinnser sacard n-Ereann, d'écc isin dara bliadhain caoccat a shacardachta, & isin ochtmoghad bliadhain a aoisi, & isin 27 do August.

M1132.4

Uareirghe Ua Neachtain, cend chéledh n-De Cluana Mic Nois, & a sruith-shenóir d' ég.

M1132.5

Cu Caille Ua Find, airchindech Cille Colccán, d' écc.

M1132.6

Sluaighedh lá Conchobhar Ua Lochlaind co h-Ath Fhir Dhiadh, & táinicc Tighernán Ua Ruairc ina theach, & do-rad braighde dhó.

M1132.7

Maol Seachlainn mac Diarmada Mic Murchadha, tigherna Ua c-Ceinnsealaigh, do mharbhadh.

M1132.8

Creach Maonmaighe la Conchobhar Ua m-Briain co rug bú iomdha lais.

M1132.9

Caislén Bona Gaillmhe do losccadh & do scaoileadh lá loinges Fer Mumhan, & ár mór do thabhairt for Iarthar Connacht im Ua Taidhg an Teghlaigh, & im shaor-chlandaibh iomdha oile.

M1132.10

Mac Amhlaibh Ui Lochlainn , tigherna Corco Mo Dhruadh, do mharbhadh lásan loinges chedna.

M1132.11

Ar mór ria b-Feraibh Mumhan for Chonnachtaibh dú i t-torchair Concobhar Ua Flaithbheartaigh, tigherna Iarthair Connacht, & da mac Cathail Ui Mughroin & sochaidhe oile.

M1132.12

Oilén na Beithe for Sionainn do losccadh lá Feraibh Mumhan, & fiche do dhaoinibh im thaoiseach Muintire Cionaith do thuitim ann.

M1132.13

Diarmait Mac Eiticcén, taoiseach Cloinne Diarmada, d' écc.

M1132.14

Creach na fésoicce lá Tighernán Ua Ruairc for dreim d'Feraibh


p.1042

Tethbha, & do Chonnachtaibh, co ráinicc longphort Toirrdhealbhaigh Uí Conchobhair.

M1132.15

Creach Muighe LuirccFearaibh Breifne.