Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1113

M1113.0

Aois Críost, míle céd a trí décc.

M1113.1

Ord San Bernard do thionnscnadh.

M1113.2

Flannaccan, mac Maoil Iosa, adhbhar abbadh Arda Macha, d'écc iar n-ongadh & iar n-aithrighe toghaidhe.

M1113.3

Connla Ua Floinn, comharba Mo Laisi Leithghlinne.

M1113.4

Diarmaid Ua Ceallaigh, comharba Ui Shuanaigh, d'écc.

M1113.5

Diarmaid Ua Longáin, maor Mumhan, d'écc oidhche fhele Páttraicc.

M1113.6

Fionnchas Ua Loingsigh, tigherna Dál n-Araidhe.

M1113.7

& Maol Seachlainn Ua Conchobhair, tigherna Corc' Mo Dhruadh, d'écc iar n-aithrighe.

M1113.8

Donnchadh O Taircheirt, taísech Cloinne Snedhghaile, do marbhadh láNiall Ua Lochlainn.

M1113.9

Slóighedh la Domhnall Ua Lochlainn co maithe Cenél Conaill, & Eocchain, & Airghiall go Glend Ríghe, co ro iondarbsat Donnchadh, a ríghe Uladh, & co ro rannsat Ullta etir Ua Mathgamhna, & mac ui Duinn Slébhe. Dal n-Araidhe imorro, & Uí Eathach aicce féin. Slóighedh lá Muirchertach Ua m-Briain co Feraibh Mumhan co Laighnibh, & co Connachtaibh co Magh Cobha h-í fóirithin Donnchadha. Slóighedh dan lá Domhnall Ua Lochlainn gusna slóghaibh remhraitibh co Magh Cobha h-i fóirithin Uladh, co raibhe imneisi catha etorra co ron-edarsccar Ceallach, comharba Phátraic


p.996

fo ghné shíodha & caencomhraic. Donnchadh Ua h-Eochadha do dhalladh la h-Eochaidh h-Ua Mathghamhna & la h-Ulltaibh.

M1113.10

Slóighedh lá Muirchertach Ua m-Briain, & la Leth Mhodha etir laech & chléireach go Grenóicc. Domhnall imorro mac meic Lochlainn, co maithibh Tuaisceirt Ereann co Cluain Chaoin Fher Rois, co m-báttar fri ré mís i cinn comhair fria aroile, go n-dearna Ceallach, comharba Phátráicc co m-Bachaill Iosa síth m-bliadhna etorra.

M1113.11

Scainder crodha etir Fhiora Fernmaighe fádhéin, i t-torchrattar dá rioghdhamhna Fernmhaighe .i. Ua Críochain, & Ua Donnaccáin.

M1113.12

Bradán do ghabháil i c-Cluain Mic Nóis an bhliadhain-so, i m-báttar dá traigheadh dhécc ina fhod, dá dhorn décc ina leithet gan sgoltadh, trí duirn, & dá mhér i fad a eite brághat.

Annal M1114

M1114.0

Aois Críost, míle céd a deich a ceathair.

M1114.1

Diarmaid Ua Floinn, comharba Ailbhe Imleacha Iubhair, uasal-epscop, & fer leighinn ernedhach seótt, bídh & deirce.

M1114.2

Flann Mac Flannchadha, comhorba Mo Laisi Daimhinsi.

M1114.3

Maol Colaim Ua Corbmacáin, comhorba Ende Arann.

M1114.4

& Ferdomhnach Ua Clucáin, comarba Cenannsa, d'écc.

M1114.5

Ruaidhri Ua Canannáin, ríogh-dhamhna Ceinil c-Conaill, do mharbhadh lá Cenél n-Eóghain.

M1114.6

Aodh, mac Donnchadha Uí Eochadha, ríoghdhamhna Uladh, d' ég.

M1114.7

Donnchadh Ua Loingsigh, tigherna Dhal Araidhe.

M1114.8

Muirchertach, mac Mic Lochlainn, ríoghdhamhna Oilichc, d'écc.

M1114.9

Teidhm galair mhóir do ghabháil Muirchertaigh Ui Bhriain, co n-dearna anbobracht de, & co ro scar fria righe. Diarmait, im, do gabháil ríghe Mumhan ina fhiadhnaisi gan ceadughadh.

M1114.10

Slóigheadh lá Domhnall Ua Lachlainn co Raith Cendaigh, & do


p.998

dheachaidh Eochaidh Ua Mathghamhna, co n-Ultaibh ina theach, & Donnchadh Ua Loingsigh co n-Dail Araidhe, & Aodh Ua Ruairc, co Fearaibh Breifne, & Murchadh Ua Maoilechlainn co Feraibh Midhe. Do-lotar iar sin dibhlinibh tar Ath Luain co Dún Leodha, & táinic Toirrdhealbhach Ua Conchobhair co c-Connachtaibh, & Niall, mac Domhnaill Meg Lochlainn, a mac fein co maithibh Cenel Conaill ina aireacht. Do-chótar dno uile iarsin co Tealach n-Deadhaidh i n-Dail c-Cais, co n-dernsat osadh m-bliadhna fri Fiora Mumhan. Do-dheachaidh tra Domhnall Ua Lochlainn ar fud Connacht dia thigh.

M1114.11

Toirrdhealbhach Ua Conchobhair do indarbadh Domhnaill Uí Conchobhair, a dherbhrathar, isin Mumhain, & Domhnall do ghabháil iarttain lá h-Uibh Máine, & a thabhairt i laimh Thoirrdhealbhaigh.

M1114.12

Fobhar Fheichín, Cluain Ioraird, Ceall Beneóin, Cunga, Ceall Chuilinn, Ceall Caindigh, & Ard Pátraicc, do losccadh uile an bhliadhain-si.

Annal M1115

M1115.0

Aois Críost, míle céd a cúicc décc.

M1115.1

Diarmait Ua Briain, Mumhan, do erghabháil lá Muirchertach Ua m-Briain, & Muirchertach Ua m-Briain do ghabháil a ríghe dorídhisi, & techt sloighedh i l-Laighnibh & i m-Breghaibh.

M1115.2

Muirchertach Ua Ciarmhaic, tigherna Aine Domhnall Ua Conchobhair Ciarraighe, Murchadh Ua Flainn, mac Flannchadha, tigherna Músccraighe, do mharbhadh.

M1115.3

Daimh liacc Arda Breacáin cona lán do dhaoinibh do losccadh d'Feraibh Mumhan, & cella iomdha archena i f-Feraibh Bregh.

M1115.4

Crech mhór lá Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair


p.1000

& la Connachtaibh, co ro airgset Tuadhmhumha co Luimneach, co rugsat boromha díairmhe & broid iomdha.

M1115.5

Maidhm ria n-Domhnall Ua m-Briain & ria n-Gallaibh Atha Cliath for Laighnibh, dú i t-torchair Donnchadh ua Maoil na m-Bo, tigherna Ua c-Ceinnselaigh, & Conchobhar Ua Conchobhair, tigherna Ua f-Failghe, cona mhacaibh, & sochaidhe ele cenmothát.

M1115.6

Domhnall Ua Briain, .i. mac Taidhg, rioghdhamhna Mumhan, do mharbhadh do Chonnachtoibh.

M1115.7

Saighidh greisi .i. ag Ath Bó, do thabhairt do macaibh Maoilechlaind, mic Aodha, mic Ruaidhri, ar Thoirrdhelbhach Ua c-Conchobhair, ar rígh Connacht, coro loitsiot, & gur bhó crólighe dhó.

M1115.8

Maol Ruanaidh Ua Ciarrdha, tigherna Coirpre, d'écc.

M1115.9

Maol Sechlainn Ua Maoileachlainn, ríoghdhamhna Teamhrach, do mharbhadh.

M1115.10

Doinenn dermhair, reodh & snechta ón chuiccedh callainn décc Ianuarii co cúigeadh callainn décc Márta nó ní as uille, co ro lá ár for cethraibh for énlaith, & for dhaoinibh, & dia ro fhás teirce mhór fo Erinn uile, & i l-Laighnibh sainreadh.

M1115.11

Cobhlach la Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair, Connacht, gur ro aircc Domhnall mac Con Slebhe Ui Ferghail, & co t-táinic Murchadh Ua Maoilechlainn ina theach, & gorro dhaingnigheadh les Buidhi an Bheithe. Ro iodhbair tri seoda do Naoimh Chiarán .i. corn go n-ór, & bleidhe go n-ór, & mullócc umha go n-ór. Ro ránn Midhe iarttain eittir da mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn, Maoilsechlainn do thuitim fo chedóir lá Murchadh.

Annal M1116

M1116.0

Aois Críost, míle céd a dech a sé.

M1116.1

Conghalach mac Giolla Chiaráin, airchinneach Lis Aeidheadh, d'écc iar b-pennainn, & iar n-degh aithrighe.

M1116.2

Ceallach, comharba Pháttraicc, for cuairt Connacht an dara cur, co t-tuc a lán-chuairt.


p.1002

M1116.3

Ceall Da Lua cona tempall do losccadh.

M1116.4

Corcach Mhór Mumhan, Imleach Iubhair, Derthech Mhaoil Iosa h-I Bhrolcháin, Achadh Bó Chaindigh, Cluain Ioraird, teach n-abadh mór Arda Macha co f-fichit tegh uimme, & blodh mhór do Lis Móir Mo Chuda do loscadh i t-tosach corghais na bliadhna-so.

M1116.5

Plágh mór & gorta isin m-bliadhain-si i Mumhain, & i Laighnibh, co ro fhásaigh cealla, & dúine, tuatha, & treabha, & co ro esreidh cidh fo Erind, & dar muir iaramh.

M1116.6

Dearbhail inghen Toirrdhelbhaigh h-ui Briain, d' écc.

M1116.7

Creach-shluaighedh lá Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair i Mumhain, gur ro loiscc & gur ro mhúr Boromha & Cenn Choradh, & ro marbhadh sochaidhe lais. Do-bert buar & broid iomdha lais no go t-taratt an m-broid do Dhia & do Fhlannán.

M1116.8

Sluaighedh la Diarmaitt Ua m-Briain, & lá Feraibh Mumhan i c-Connachtaibh, & ro ládh a n-ár isin Ruaidh Bheithigh, co f-fargaibhset a lón, a n-eich, a n-arm, & a n-éidedh.

Annal M1117

M1117.0

Aois Críost, míle céd a dech a seacht.

M1117.1

Maol Maire, epscop Dúin Dá Lethghlais.

M1117.2

Flann Ua Scula, epscop Condere.

M1117.3

Giolla Mo Chua mac Camchuarta, epscob Doimh Liacc.

M1117.4

Ceallach Ua Colmáin, epscobh Ferna.

M1117.5

Cathassach Ua Conaill, uasal-epscop Connacht.

M1117.6

Anmchaidh h-Ua h-Anmchadha, epscop Arda Fearta Brénainn.

M1117.7

Muiredhach Ua h-Enlaingi, epscop Cluana Fearta Brénainn, d'écc.

M1117.8

Maol Muire Ua Dúnáin, airdepscop Mumhan, cenn clérech n-Ereann,


p.1004

& muirigh dérce iarthair Eorpa, d'écc isin sechtmhadh bliadhain sechtmodhat a aoisi in nonis Cal. Ianuarii.

M1117.9

Maol Ruanaidh Ua Cibhleacháin, comhorba Feichin Fobhair, d' écc.

M1117.10

Conchobhar Ua Follamhain, comhorba Cluana Eraird.

M1117.11

Eoghan mac Echtighern, comharba Buite, d'écc.

M1117.12

Maol Brighde Mac Ronáin, comhorba Cenannsa, & ar muintire Cenannsa uime do mharbhadh lá h-Aedh Ua Ruairc, & la h-Uibh Briuin aidhche domhnaigh Cromm Duibh.

M1117.13

Diarmaitt, mac Enda, Laighen, do écc i n-Ath Cliath.

M1117.14

Conchobhar Ua Cairelláin, do mharbhadh d'Fhearaibh Manach.

M1117.15

Cath Lecáin do thabhairt do Brian mac Murchadha Ui Flaithbertaigh, & do mhac Cathail Ui Conchobhair co c-Connachtaibh iompadh do Toirrdhealbhach, mac Diarmatta, & do Dail c-Cais, & ro ládh a n-ár isin cath isin.

M1117.16

Maidhm for Chenél n-Eoghain na h-Insi la Cenel c-Conaill, airm in ro ladh a n-ár, & in ro marbhadh ile dia maithibh.

M1117.17

Diarmait Ua Briain, & Fir Mumhan do indreadh Thíre Fiachrach, & Thíre Briúin, gur ro chuirset Connachtaigh cath fodhes tar a n-éisi im Chathal mac mic Cathail Uí Chonchobhair, & im Brian mac Murchadha co no indirset rempa co Sliabh, co n-dernsat loiscthe, & marbhtha. Ro laiset Muimhnigh shluagh ina n-armaidh, gur ro figedh sgainder etorra oc Leitreachaibh Odhrain, go raoimheadh fo dhes, gur ro marbhadh da Ua Cindéittigh, & sochaidhe oile don cur sin.

Annal M1118

M1118.0

Aois Críost, míle céd dech a h-ocht.

M1118.1

Ruaidhri Ua Conchobhair .i. Ruaidhri na Soighe Buidhe, Connacht fri ré chian do écc ina oilithre h-i Cluaín Mic Nóis,


p.1006

isin sesedh bliadhain ficheat iarna dhalladh d'Ua Flaithbheartaigh.

M1118.2

Diarmaitt h-Ua Briain, Mumhan & Lethe Mogha archena, d'écc h-i c-Corcaigh Móir Mumhan iar n-ongadh & iar n-aithrighe.

M1118.3

Domhnall, mac Ruaidhri Uí Conchobhair, ríoghdhamhna Condacht, d' écc.

M1118.4

Laidhgnén Ua Duibh Dara, tigherna Fer Manach, do mharbhadh do Uíbh Fiachrach & d'Feraibh na Craoibhe.

M1118.5

Brian, mac Murchadha Uí Briain, ríoghdhamhna Mumhan, do mharbhadh lá Tadhg Mac Carthaigh & la Desmhumhain.

M1118.6

Slóighedh lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair, Connacht, & la Murchadh Ua Maoileachlainn, Temhra, & la h-Aodh Ua Ruairc isin Mumhain go Glenn Mhaghair, co t-taratt Desmhumha do Mhac Carthaigh, & Tuadhmhumha da mhacaibh Diarmada Ui Bhriain, & do-beart a n-gialla díbhlínibh. Slóighedh oile lais co h-Ath Cliath, co t-tuc mac righ Temhrach .i. Domhnall mac Murchadha Uí Maileachlainn, bai i l-laimh Ghall, & gialla Gall fadhéin, & Osraighe, & Laighean 30 m-bliadhna a aeis an tan-sin.

M1118.7

Maidhm Chind Daire for Uibh Eachdhach Uladh ria Murchadh Ua Ruadhacáin, co ro ladh a n-ár.

M1118.8

Murdhuchann do ghabhail do iasccairibh coradh Lis ar Glind i n-Osraighibh, & aroile h-i Port Lairge.

M1118.9

Mórshluagh Connacht im Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair go Cenn Coradh, gur ro cuireadh leo h-e isin Sionainn eitir cloich & crann.

M1118.10

O Baoigheallain, ollamh Ereann, do mharbhadh las an Spailleach Ua Flannagáin iar n-gabhail tighe fair.


p.1008

Annal M1119

M1119.0

Aois Críost, míle céd a naoi décc.

M1119.1

Ruaidhri airchindeach Othna Móire

M1119.2

Fearghal Innsi Locha Cré, senóir airmhidnech, mileadh toghaidhe do Chríost

M1119.3

& Diarmaid Ua Lenna, comharba Shenain Innsi Cathaigh, saoi aithrichce, d'écc.

M1119.4

Muirchertach Ua Briain, Ereann, tuir ordain & aireachais iarthair domhain, d'ég iar m-buaidh righe & aithrighe, i féil Mo Caemhócc Léth, i seisedh Id Marta, & a adhnacal i t-teampall Cille Da Lua, iar n-aithrighe isin seiseadh bliadhain a threabhlaíde.

M1119.5

Niall, mac Domhnaill Meg Lachlainn, rioghdhamhna Oiligh & Ereann, teathra Erenn bheós ar chruth, ar chéill, ar einech, & ar ergna, do thuitim lá Cenel Moain isin ochtmadh bliadhain fichet a aoisi.

M1119.6

Domhnall Ua h-Adeith, tigherna Ua n-Echdach, do mharbhadh lá h-Echri mac Flaithbhertaigh.

M1119.7

Conchobhar Ua Goirmledhaigh, taoiseach Cenél Moain, do mharbhadh do Uibh Dubhda, & do Chloinn Flaithbhertaigh.

M1119.8

Flaithbheartach Ua Laidhgnén, tigherna Fernmaighe frí ré, d' écc.

M1119.9

Mac Donnchaidh Mic Giolla Pháttraicc, rioghdhamhna Osraighe, do mhárbhadh do Osraighibh fein.

M1119.10

Cú Collchaille Ua Baigheallain, ard-ollamh Ereanndán, saoi lé deirc, le h-einech & le conaircle coitchinn fri truaghaibh & trénaibh, do mharbhadh d'Feraibh Luircc & do Thuaith Rátha, cona mhnaoi, & cona dhias mac lán mhaith amaille lé cóiger & triochait ele etir mhuintir & aoidhedhoibh i n-aoin-tigh h-i Satharn minchaisg h-i féil Becáin mic Cula.

M1119.11

Aodh


p.1010

Ua Brain, tigherna Airthir Laighen, do écc.

M1119.12

Ua Tuathail, tigherna Ua Muiredhaigh, do mharbhadh.

M1119.13

Aodh Ua Con Chenainn, tigherna Ua n-Diarmada, do écc.

M1119.14

Mór-chobhlachToirrdhealbhach Ua Conchobhair, lá Ereann riasiú ro réidhigheadh an t-Sionann lais, go Laighen .i. Enda Mac Murchadha, & go n-Osraighe .i. Donnchadh Mac Giolla Phattraicc & go maithibh Gall Atha Cliath imaille fris go rainicc go Cill Dá Lua, & báttar athaidh isuidhe ag tochaitheamh bídh Mumhan.

Annal M1120

M1120.0

Aois Críost, mile céd a fiche.

M1120.1

Slóighedh lá Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair i Midhe, gur ro ionnarb Murchadh Ua Maoilechlainn isin tuaisceirt go rug a ghéill lais for faosamh comharba Pháttraicc & na Bachla Iosa.

M1120.2

Ceallach comharba Pháttraicc for cuairt Mumhan an dara cur co tuc a óighréir, & co f-farccaibh bennachtain.

M1120.3

Slóighedh lá Domhnall Ua Lochlainn i fóirithin Murchaidh Uí Mhaoileachlainn co h-Ath Luain in achcaidh Connacht, co t-taratt Toirrdhealbhac Ua Conchobhair bréicc-síth impú.

M1120.4

Echmharcach mac Uidhrin taoiseac Chenél Fearadhaigh, do mharbhadh d'Feraibh Manach.

M1120.5

Maidhm machaire Chille Moire Ua Nialláin ria Raghnall mac Meic Riabhaigh for Uibh Eachdhach, in ro ládh a n-ár.

M1120.6

Branán mac Giolla Críost, taoiseach Corca Achlann, do écc.

M1120.7

Droichet Atha Luain, droichet Atha Cróich, & droichet Dhúin Leódha for Suca do dhénamh la Toirrdhelbhach Ua c-Conchobhair.

M1120.8

Aonach Taillten do denamh lá Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair.

Annal M1121

M1121.0

Aois Críost, mile fiche a h-aon.

M1121.1

Samuel Ua h-Angli, epscop Atha Cliath, do écc, & Ceallach comharba Phatraicc, do gabháil espugóide Atha Cliath a


p.1012

togha Gall & Gaoidheal.

M1121.2

Domhnall, mac Ardgair mic Lochlainn, rí Ereann, dearsccaightheach Gaoidheal ar cruth, cenél, céill, gaiscceadh, sonus, & sobharthan, ar thíodhnacal seód & bídh do thrénaibh & thruaghaibh, do écc i n-Doire Choluim Chille, iar m-beith secht m-bliadhna fichet uas Erinn i ríghe, & én-bhliadhain décc i righe Ailigh, isin treas bhliadhain sechtmoghat a aeisi oidhche Cédaoine i cethramhadh Id Febra, & i f-féil Mo Chuarog sainreadh.

M1121.3

Gille Espuig Eoghain Ua h-Aindiarraidh, tigherna Ciannachta Glinne Geimhin do mharbhadh dia bhraithribh.

M1121.4

Cu Maighe mac Deoradha Uí Floinn, tigherna Durlais, do bhádhadh i l-Loch Eachdhach, iar n-gabháil Innsi Draicrenn fair do Uibh Eachdach dú i t-torcrattar coiger ar cetráchat.

M1121.5

Maol Sechlainn Ua Ceallachain .i. tigherna Ua n-Eathach Mumhan, airechas deisceirt Mumhan, do écc.

M1121.6

Slóighedh la Toirrdhealbhach Ua Conchobhair, & la Coicceadh Connacht i n-Desmhumhain dia ro indirset ó thá Magh Feimhin co Traigh Lí ettir thuatha & cealla.

M1121.7

Creach-shluaighedh lá Toirrdhealbhach bheós i n-Desmhumhain, co ruacht termann Lis Móir, & co t-taratt bóromha diairmhe, & ro farccbadh dhon cur-sin Muiredhach Ua Flaithbheartaigh, tigherna Iarthair Condacht, & Aodh Ua h-Eidhin, tigherna Ua Fiachrach Aidhne, & Muirghes Ua Lorcáin co sochaidibh oile.

M1121.8

Cu Gaileng Mac Giolla Seachnaill, tigherna Deisceirt Bregh do mharbhadh la Gallaibh Atha Cliath.

M1121.9

shreth Trin Masáin ó dhoras Ratha co Crois m-Brighde do losccadh in Ard Macha.

M1121.10

Athach gaoithe móire do thiachtain i n-December na bliadhna-so co ro lá a bhendcobhar do chloictheach Arda Macha, & ro la dan fíodh-ár mór fó Erinn.

M1121.11

Cloictheach Thelcha n-Ionmainde i n-Osraighibh do dluighe do chaoir theineadh, & cloch do sgeinm as an


p.1014

c-cloictheach isin, co ro mharbh mac leighinn isin cill.

M1121.12

Ríghbhardán, mac Con Choirne, tighearna Ele do écc.

M1121.13

Concobhar Ua Foccarta, tigherna Desceirt Ele do mharbhadh.

Annal M1122

M1122.0

Aois Críost, míle céd fiche a dó.

M1122.1

Scrín Colmáin, mic Luacháin, do faghbháil in iolaidh Lainde fear-cubhad i t-talmhain cedaoin an braith do sonnradh fo ríth.

M1122.2

Fergna mac Echtigheirn, comharba Búithe, saccart eccnaidh.

M1122.3

Andadh mac Meic Ulca, airchindech Cúile Rathain.

M1122.4

& Conchobhar Ua Lioghda, comharba Ailbhe, d'écc.

M1122.5

Conghal, fer leighinn Cluana h-Eraird, d'écc i n-Glionn Dá Locha ina ailithre.

M1122.6

Aodh Ua Duibh Dhíorma, toiseach na Brédcha, ceann einigh Tuaisceirt Ereann, & Domhnall a bhráthair do écc.

M1122.7

Donn Sléibhe Ua h-Occáin, taoiseach Cenel Ferccusa, & rechtaire Telcha Og, d'écc.

M1122.8

Mael Sechlainn Ua Donnacáin, tighearna Aradh Thíre, d'écc.

M1122.9

Aodh Ua Ruairc .i. mac Domhnaill, tigherna Conmhaicne, do thuitim lá Feraibh Mídhe oc breith creiche uadhaibh.

M1122.10

Slóighedh la Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair co Loch Sailech i Midhe, co t-tainic Mac Murchadha, Laighen & Gall ina theach.

M1122.11

Crech mhór lá Conchobhar Mac Lachlainn, & lá Cenél n-Eoghain co rangattar co Cill Ruaidh i nd-Ulltoiph, &


p.1016

tugsat bóromha dhírimhe.

M1122.12

Maol Coluim Ua Brolchain, epscop Arda Macha, do écc ina oilithre i n-disert Doire fo buaidh martra & n-aithrighe.