Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1103

M0

Aois Críost, míle céd a trí.

M1103.1

Murchadh Ua Flaithecan, airchinneach Arda Bó, saoi n-eccna & n-airchetail, d'écc ina oilithre i n-Ard Macha.

M1103.2

Corbmac Mac Cuinn na m-Bocht, tanaissi abbaidh Cluana Mic Nóis, & fer sona, saidhbhir, d'écc.

M1103.3

In Fer Leighinn Ua Connmhaigh do mhuintir Insi Móire.

M1103.4

Ua Cingedh fer leighind Dermhaighe.

M1103.5

Mac Mic Branáin, saccart Cille Dara.

M1103.6

& Maoil Iosa mac Cuind na m-Bocht, d'écc.

M1103.7

Ua Canannán do ionnarbadh a tighernus Tíre ConaillDomhnall Ua Lochlainn.

M1103.8

Murchadh Donn Ua Ruadhacán do mharbhadh for creich i Maigh Cobha, & an sluagh-sin do mharbhadh an Ghiolla Guitt Uí Chorbmaic isin ló chédna.

M1103.9

Raghnall Ua h-Ocán rechtaire Telcha Occ do mharbhadh do Fheraibh Maighe h-Iotha.

M1103.10

Coccadh mór etir Cenel Eoghain & Ulta, co t-táinic Muirchertach Ua Briain co f-Feraibh Mumhan, co Laighnibh, co n-Osraighibh, co maithibh Connacht, & co f-Feraibh Midhe immo ríoghaibh co Magh Cobha


p.974

h-i foirithin Uladh. Do-lotar uile dibhlinibh co machaire Arda Macha .i. co Cill na c-Cornaire, co m-battar sechtmhain a b-forbhaisi for Ard Macha. Domhnall, mac mic Lachlainn, co t-Tuaiscert Ereann frisan ré-sin i n-Uibh Bresail Macha aghaidh i n-aghaidh friu, ar na ro léigeadh do cheithre choigheadhaibh Ereann foghail no díbherg do dhenamh ní as uille isin chúigeadh. O robtar toirsigh tra Fir Mumhan do-luidh Muirchertach go h-Aonach Macha co h-Emhain, & timcheall do Ard Macha co f-fargoibh ocht n-unga óir fórsan altoir, & ro gheall ocht fichit bó, & iompais co Magh Cobha dorídhisi, & fágbhais Cúiccedh Laighen, agus sochaidhe d'Feraibh Mumhan annsin.

Do-dheachaidh féin iaramh for creich i n-Dál Araidhe, & Midhe, & Connacht, & ro marbhadh Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain don turus-sin, & mac Uí Conchobhair Ciarraighe, & Peta Demhain h-Ua Beoain, & Donn Cuan h-Ua Duibhcind agus drong mhór oile do shaor-chlandaibh amaille friú. Do-luidh Domhnall Ua Lochlainn co c-Clandaibh Néill an Tuaisceirt i Maigh Cobha for amus longpuirt Laighen. Tionóilitt imorro Laighin, & Osraighe, & Fir Mumhan, & Gaill an líon ro bháttar, & feraitt cath cródha for Maigh Cobha dia Cédaoin in Nóin Auguist isin ochtmhadh ló iar t-tocht don Mhacha. Ro meabhaidh tra for Leth Mhodha, & ro ládh a n-ár .i. ar Laighen im Muirchertach, Mac Giolla Mo Cholmocc, ri Laighean, im dha Ua Lorcáin .i. Murchadh righ Ua Muiredhaigh cona bhráthair, & im Muirchertach, Mac Gormáin, co n-druing móir oile cénmothát sidhe. Ar Ua c-Ceinnsealaigh im dhá mac Maoil Mhórdha, & im Ua Riain, tigherna Ua n-Dróna, & araill eile bheós. Ar Osraighe im Giolla Pháttraicc Ruadh, tighearna Osraighe, & im maithibh Osraighe archena. Ar Gall Atha Cliath, im Torstan mac Eric, & im Pól mac Amaind, & im Beollán Armunn co n-druing dírímhe oile. Ar Fer Mumhan im dá Ua Bric .i. dá thanaisi na n-Déisi, & im Ua Failbhe .i. ríogh-dhamhna Corca Duibhne, & eri Laighen, im Ua Muiredhaigh, tigherna Ciarraighe cona mac, & sochaidhe oile do shaor-chlandaibh ro


p.976

badh eimhilt d'áiremh. Do-dheochattar Clanna Néill an Tuaisceirt .i. Cenel Eoghan & Cenel Conaill, co m-buaidh & cosccar dia n-dúinibh co sédaibh somhaoinech, & co n-édalaibh iomdhaibh imon pupall ríoghdha, & im camlinne, & im shédaibh soinemhlaibh archena.

M1103.11

Maghnus, Lochlainne & na n-Innsedh, & fer ro thriall forbhaisi for Eirinn uile, do mharbhadh do Ultoibh ar creich go n-ár a mhuintire imbe.

M1103.12

Ben do bhreith dhá lenamh in aoin-fhecht isin m-bliadain-si, & aen-chorp aca ótha a m-bruinne co rige a n-ímlinn, & a m-boill uile co coir cenmota sin, & aighedh cháich díbh fri aroile, & di inghin iad-sidhe.

M1103.13

Cathalán Mac Senáin do mharbhadh do Choirpribh Gabhra.

M1103.14

Donnchadh, mac Enna, do dhalladh do mac Dúnlaing, I Chaellaighi.

M1103.15

Amhalghaidh mac mic Aedha mic Ruaidhri .i. do Chloinn Chosccraigh, do mharbhadh dia athair & dia derbhrathair fén i n-díoghail a n-dalta .i. Concobhar, mac Ruaidhri Uí Conchobhair, do marbhadh laisiom riasan tan-sin.

M1103.16

Maidhm Atha Calgan eitir Airther Tethbha & a h-Iarthar in ro marbhadh Cionaodh mac mic Amhalghadha, tigherna Callraighe an Chalaidh.

Annal M1104

M1104.0

Aois Críost, míle céd a cethair.

M1104.1

Giolla Críost Ua Echtighern, espucc Cluana Mic Nóis, & airchinneach Ardachaidh Epscoip Mel, d'écc.

M1104.2

Flaithemh Ua Duibhidhir, epscop Airthir Laighen

M1104.3

Feidhlimid, mac Flainn Mainistreach,


p.978

míleadh diongmhála do Chríost, ard-shenóir, & saoi senchasa esidhe.

M1104.4

Cosccrach Ua Cruaidhín, fer léighinn Chille Dara, d'écc.

M1104.5

Maidhm ria n-Ultoibh for Dhál n-Araidhe, i t-torcair Duibhcend Ua Daimhin i friothghuin.

M1104.6

Ua Conchobhair Corca M' Dhruaidh .i. Conchobhar mac Maoilechlainn, d'écc.

M1104.7

Mac na h-Aidhche Ua Ruairc do mharbhadh lá a bhráithribh.

M1104.8

Dúnchadh Ua Conchobhair, tigherna Ciannachta an Ghleinne, do mharbhadh lá a mhuinntir féin.

M1104.9

Fiachra Ua Floinn taoiseach Síl Maoil Ruain, do mharbhadh lá Conmhaicnibh.

M1104.10

Slóighedh la Muirchertach Ua m-Briain co Moigh Muirtheimhne, & ro mhillset treabhaire & arbhar an mhaighe, & as foran sluaighedh-sin ro h-essccradh Cú Uladh Ua Caindealbháin, tigherna Loeghaire h-i t-Traighbhaile, & at-bail de iaramh a c-cind mhís.

M1104.11

Slóighedh lá Domhnall Ua Lochloinn co Magh Cobha, co t-tug gialla Uladh, & do-dheochaidh co Temhraidh iaramh, & ro loiscc bloidh móir do Uibh Laoghaire acht an mheid dia c-cairdibh dia t-tarat termonn.

M1104.12

Leth-shlinn daimh liacc Cluana Mic Nóis do fhorbadh la Flaithbertach Ua Loingsigh iarna tinnshcetal la Corbmac mac Cuinn na m-Bocht.

Annal M1105

M1105.0

Aois Críost, mile céd a cúicc.

M1105.1

Aodh Ua Ruadhán, saccart Achadh Bó

M1105.2

Muirchertach Ua Catharnaigh, sruith tocchaidh do mhuintir Chluana Mic Nóis

M1105.3

& Ailellan Ua Speláin, saccart Achadh Bó, d'écc.

M1105.4

Cathal, mac Giolla Braitte, mic Tighernáin, tigherna Ua m-Briuin Bréifne & Gaileng, do mharbhadh do macaibh a mháthair féin, .i. do mhacaibh Donnchaidh mic Cailigh h-Uí Ruairc.

M1105.5

Conchobhar, mac Maeil Sechlainn, mic Conchobhair, tigherna Temhrach & Bregh uile, & leithe Midhe, do mharbhadh tria bhaoghal lá h-Uibh Briúin Breifne.

M1105.6

Muirghes Ua Con Chenainn, tigherna Ua n-Diarmada, d'écc.

M1105.7

Domhnall, mac An Ghuid Uí Mhaoilechlainn do mharbhadh do Chenel Fhiachach.

M1105.8

Donnchadh Ua Maoilechlainn


p.980

do aithríoghadh lá Muirchertach Ua Briain, & a dhol i n-Airghiallaibh, & ermhór Airthir Mídhe do arccain do asin tir isin, & Muircertach Ua Briain co f-forccla fer n-Erenn ime do dhol i n-deghaidh Donnchadha go Magh Conaille, & ní tarraih ní acht arbhanna do losccadh, & ro randad an Mhídhe lais iaramh ettir macaibh Dhomhnaill Uí Mhaoileachlainn iar feimdhedh síodha dhó & do Dhonnchadh fri aroile.

M1105.9

Muiredhach Mac Cana.

M1105.10

Maol Ruanaidh Ua Bilraighe, tigherna Ua Cairpre, & oide Toirrdhealbhaigh I Briain, d'ég.

M1105.11

Maolsechlainn Ua Conaing d' écc.

M1105.12

Niall Odhar Ua Conchobhair do mharbhadh.

M1105.13

Niall mac Mic Riabhaigh, tigherna Callraighe, d'écc.

M1105.14

Domhnall, mac Amhalgadha, ard-comharba Patraicc, do dhol go h-Ath Cliath do dhénamh síodha etar Domhnall Ua Lochlainn & Muirchertach Ua Briain, go ro ghabh galar a écca, & tugadh ina ghalar co Domhnach Airther Emhna, go ro h-ongadh annsidhe h-e. Tuccadh iarsin co daimh liag Arda Macha, co n-erbhailt 12 August a f-feil Laisrein Innsi Muiredhaigh, & ro h-adhnacht co n-onóir in Ard Macha.

M1105.15

Ceallach, mac Aodha, mic Maoil Iosa, d'oirdneadh i c-comharbus Phátraicc a togha fher n-Ereann, & do-chuaidh fo ghradhaibh a ló fele Adhamhnáin.

Annal M1106

M1106.0

Aois Críost, mile ced a sé.

M1106.1

Tuathal Ua Cathail, comharba Caeimhghin.

M1106.2

Mac Bethadh Ua h-Ailghenan, comharba Bairre.

M1106.3

Muiredhach Ua Maoile Dúin,


p.982

secnab Cluana Mic Nóis.

M1106.4

Corbmac Ua Cillín, airchindech Tíghe Aidheadh Cluana Mic Nóis.

M1106.5

Maol Muire Ua Scolaighe, comharba Ruadhain Lothra.

M1106.6

& Muirchertach Ua Cearnaigh, aird-fher leighind na n-Gaoidheal, d'écc, iar n-deigh-bithaidh chian-aosda h-i c-Cluain Mic Nóis. Do Luighnibh Connacht a chenél.

M1106.7

Maol Muire, mac mic Cuind na m-Bocht do mharbhadh ar lar doimh liacc Cluana Mic Nóis lá h-aos aidhmhillte.

M1106.8

Cathbharr O Domhnaill, tuir cosnamha, & coinghleca, ordáin, & einigh Chenel Luighdeach, d'faghail bháis iar m-breith bhuadha ó dhomhan & ó dhemhan.

M1106.9

Donnchadh Ua Maoileachlainn .i. mac Murchadha mic Floinn, Midhe, do mharbhadh do Uíbh Minneccáin .i. do Uibh Mic Uais Midhe.

M1106.10

Domhnall, mac Ruaidhri Uí Conchobhair, do aithrioghadh lá Muirchertach Ua m-Briain & a bhráthair .i. Toirrdelbhach do ríoghadh occ Ath an Tearmoint uas Siol Muiredhaigh dar éis Domhnaill.

M1106.11

Sittriucc mac Con Medha Ui Laeghacháin, taoisech Sil Ronáin & tóthacht toiseach Teathbha, d'écc.

M1106.12

Muirchertach Ua Maoileachlainn do aithrioghadh, & righe Midhe do ghabháil do Murchadh dar a éisi.

M1106.13

Niall, mac Domhnaill Uí Ruairc, tanaisi Breifne, do mharbhadh do Fheraibh Luircc, & sochaidhe oile do shaer-chlandaibh amaille fris.

M1106.14

Mac Giolla Manntaigh I Ruairc do mharbhadh Domhnaill, mic Domhnaill I Ruairc.

M1106.15

Raghnall Ua Dedhaidh d'écc.

M1106.16

Ceallach, comhorba Phátraicc, for cuairt Uladh cedna cur go t-tucc a oighreir .i. bó gacha seissir, no agh n- dára gacha trír lá taobh n- edhbart n-iomdha archena.

M1106.17

Ceallach for cuairt Mumhan cedna cur


p.984

bheos, co tucc a lán-chuairt .i. secht m-ba & secht g-caoirigh, & leth-unga gacha fuinn triochat céd h-í Mumhain, lá taobh séd n-iomdha olchena, & ar-roet Ceallach gradha uasal-epscoip don chur-sin a forchongra fer n-Ereann.

M1106.18

Caoncomhrac Ua Baoighill, epscop Arda Macha, do écc.

Annal M1107

M1107.0

Aois Críost, míle céd a secht.

M1107.1

Mungairit do orgain do Mhuirchertach Ua Bhriain.

M1107.2

Cend Coradh & Caisiol do losccadh do theine do aitt etir da Chaisc co sesccait dabhach etir miodh & brógoitt.

M1107.3

Cuilen Ua Cathalain, tigherna Uaithne Cliach, d'écc.

M1107.4

Conchobhar (.i. Concobhar Cisenach) mac Duinn Sléibhe, ríogh-dhamhna Uladh, do mharbhadh lá Feraibh Fernmhaighe.

M1107.5

Maidhm ria n-Uibh Breasail Macha for Uibh Méith, i t-torchair an ár imo t-tigherna im Aodh Ua n-Indreachtaigh, & im Ferccus, mac tigherna Conaille, & torcrattar sochaidhe mhór oile amaille friu.

M1107.6

Cathasach Ua Tuamáin, tigherna Ua m-Briúin Archaille, do ghuin do Uibh Cremhthuinn, co n-erbailt dé, & Eoghan, mac Meic Riabhaigh, do marbhadh ina dhioghail.

M1107.7

Domhnall Ua h-Ainfith, tigherna Ua Meith, do mharbhadh lá h-Uibh Eathach Uladh.

M1107.8

Comhrac eitir Airther Teathbha & a Iarthar in ro marbhadh Cionaodh, mac Mic Amhalghadha, tigherna Calraighe, & drong oile amaille fris lá Domhnall Mac Fiacla (no Ua Fiacla). Maidhm Atha Calccáin ainm an mhadhma.

M1107.9

Domhnall, mac Taidhg h-Ui Briain, do chuibhreach do Muirchertach h-Ua Briain i n-Ath Cliath, & oslaccadh de fo chedóir.

M1107.10

Gaeth mhór & tene ghealáin isin m-bliadhain-sin, co ro marbhthar daoine & indile, & co ro bhris taighe, & fíodhbhadha.


p.986

Annal M1108

M1108.0

Aois Críost, mile céd a h-ocht.

M1108.1

An t-epscopMac Mic Donnghail .i. epscop Cilli Dara, d'écc.

M1108.2

Mael Finden .i. ardespucc Laighen, comharba Colaim mic Criomhthainn.

M1108.3

Eochaidh, mac An Fir Leighind h-Ui Fothadáin, uasal-shagart, senoir, & anmchara Disirt Chaoimhghin, d'écc.

M1108.4

Celech h-Ua Caomhoran, comhorba Caindigh, d'écc.

M1108.5

Cocrich, inghen h-Ui Noennenaigh, comhorba Cluana Brónaigh.

M1108.6

Oenghus Ua Cleircein maor Mumhan ó Phatraic.

M1108.7

& Aedh mac Duibh Dá Leithe, adhbhar comharba Phátraicc, fos-aircinneach Arda Macha, d'écc.

M1108.8

Ceallach, comharba Patraic, for cuairt Connacht cédna cur co t-tucc a oighreir.

M1108.9

Etrú h-Ua Duind Chathaigh d'écc.

M1108.10

Tech do ghabháil do Ua Mathghamhna & do Ua Maol Ruanaidh for Gholl n-Garbhraighe Uladh .i. Eochaidh, mac Duinn Sléibhe Ui Eochadha & a dhicendadh leó.

M1108.11

Ua Cerbhaill, tigherna Eoghanachta Locha Léin, do mharbhadh lá a bhráithribh feisin.

M1108.12

Domhnall, mac Donnchadha Ui Ruairc, tigherna Ua m-Briúin Breifne, do thuitim lá Coirpri Gabhra.

M1108.13

Crech lá Niall, mac Domhnaill, tanaisi Oiligh isin Corann, co rug bú & braitt iomdha.

M1108.14

Creach lá h-Ultoibh i n-Uibh Meith, co ro aircset uile acht becc.

M1108.15

Inis Labhradha do thoghail la Feraibh Manach.

M1108.16

Luimneach uile do losccadh oidhche feile Pattraicc.

M1108.17

Dias do losccadh do thenidh ghealáin i t-Termonn Caollainne.

M1108.18

Bliadhain suthach co n-iomat mesa & toradh an bliadhain-si.

Annal M1109

M1109.0

Aois Críost, mile céd a naoi.

M1109.1

Maoil Iosa Ua Cuillen, uasal-espucc Tuaisceirt Ereann, d'écc.

M1109.2

Oenghus Ua Domhnalláin, primh-anmchara & ard-shenoir samhtha Colaim Cille, d'écc h-i c-Cenandus.

M1109.3

Flaithbhertach Ua Loingsigh, comharba Ciaráin, & saccart mór Cluana Mic Nóis d'écc.

M1109.4

Sluaighed lá Muirchertach Ua m-Briain, co f-Feraibh Mumhan, & co b-Feraibh Mídhe, & Connachtuibh i t-Tír Briúin Breifne, hi b-fóiridhin Murchadha Uí Mhaoíleachlainn,


p.988

co t-tugsat bú agus broitt mhór, & co n-deachattar for indsibh Locha Uachtair, & co t-tucsat braitt eistibh. Tainic iarsin Ua Ruairc, & Uí Briúin co farccaibh Ua Maoileachlainn a longport leó, & co ro marbhsat Mac Giolla Fhulartaigh, & sochaidhe amaille fris.

M1109.5

Slóighedh lá Domhnall Mag Lachlainn co t-Tuaiscert Ereann ime co Sliabh Fuaitt, co n-derna Ceallach, comharba Phátraic síth m-bliadhna etir Mhag Lachlainn, & Ua Briain co n-deachattar Tuaiscert Ereann iar sin im Chonall & im Eoghan co Magh h-Ua Bresail for amus Uladh battar i Moigh Cobha, co tartsat Ulaidh na teora gialla ro thoghsat féin dóibh.

M1109.6

Creach lá Murchadh Ua Maoileachlainn, lá Temhra co ro oircc Fiora Rois, & co ro mharbh Ua Finn, .i. tigherna Fer Rois, dar comhairge na Bachla Iosa & comharba Pháttraic, acht ro dioghail Dia fair inn sin.

M1109.7

Aodh Ua Ruairc do theacht h-i longport Murchaidh Ui Maoileachlainn fo dhí, co ro lá a n-ár tria esccaoine samhtha Phátraic.

M1109.8

Ard m-Brecain do losccadh cona thempla do Uibh Briúin, & daoine do mharbhadh and, & bratt do bhreith ass.

M1109.9

Domhnall mac Meic Giolla Phattraig do mharbhadh do mhacaomh oile ag cur chluiche.

M1109.10

Lochaidh ag ithe na n-gort uile in arailibh tiribh i n-Erinn.

Annal M1110

M1110.0

Aois Críost, mile céd a deich.

M1110.1

Cernach, mac Mic Ulcha, airchinneach Cúla Rathain, d' écc i n- aithrighe.

M1110.2

Flann h-Ua h-Aodha, comharba Einde Arann.

M1110.3

Giolla Phátraicc h-Ua Duibh Ratha, fer leighinn Cille Da Lua, & saoi Mumhan.

M1110.4

Feardomhnach Dall, saoi cruitirechta fer leighinn Cille Dara.

M1110.5

& Bran Ua Bruic, senóir Iarmúmhan, d'écc.

M1110.6

Echthighern Ua Ferghail, primh-athlaoch toghaidhe, d'écc.

M1110.7

Giolla Colaim Ua Maol Mhuaidh, tigherna Fer c-Ceall & a bhen do mharbhadh lásan


p.990

n-Geócach Ua Aillén.

M1110.8

Murchadh mac Taidhg Uí Bhriain, ríoghdhamhna Mumhan, d' écc.

M1110.9

Crech lá Domhnall Mac Lochlainn h-i Connachtaibh, co t-tuc trí mhíle do bhraitt, & il-mhíle do chethraibh.

M1110.10

Maidhm Ruiss i Muigh Aoi ar bélaibh Cruachna ria Síol Muireadhaigh, .i. im Thoirrdhealbhach, ar Chonmaicnibh dú i t-torcrattar tri Ua Ferghaile .i. im Giolla na Naomh, & im mac Con Chaille, & maithe iomdha archena im Dhuarcán, mac Duibh Dara Uí Eólusa.

M1110.11

Maol Ruanaidh Ua Machanéin, tigherna Mughdhorn.

M1110.12

Bébhinn, inghen Cinneittigh h-Ui Bhriain, ben Domhnaill h-Ui Lochlainn, righ Oiligh, d'ég.

M1110.13

Ceallach, comharba Phattraicc for cuairt Mídhe cédna cur, co t-tucc a réir.

M1110.14

Maidhm ria Conmaicnibh for Shiol Muiredhaigh .i. maidhm Muighe Bréanghair, dú i t-torchrattar sochaidhe im Menmain Ua Muiredhaigh, & im Ruaidhri Ua Mhuiredhaigh.

Annal M1111

M1111.0

Aois Críost, míle céd a h-aon n-décc.

M1111.1

Cathasach Ua Laedha, do samhadh Pháttraicc, uasal-shenóir Ereann, d'écc.

M1111.2

Dún Da Lethghlas do losccadh etir Ráith & Trian, do thene do ait.

M1111.3

Ceanandus, Port Lairge, & Lughmhadh do losccadh.

M1111.4

Slóighedh la h-Ulltoibh co Tealaigh Occ, co ro theasccsat a biledha. Creach la Niall Ua Lochlainn, co t-tucc trí mhíle do bhuaibh ina n-díoghail.

M1111.5

Senadh do thionól h-i Fiadh Mic n-Aenguis lá maithibh Ereann im Ceallach, comhorba


p.992

Pháttraicc, & im Maol Muire Ua n-Dunáin, im uasal-shenóir Ereann, co c-caeccait n-epscop co t-tríbh cédaibh saccart, & co trí mílibh mac n-ecalsa im Muircheartach Ua m-Briain co maithibh Leithe Mhodha do erail riaghla, & shobhésa for chach etir thuaith & ecclais.

M1111.6

Donnchadh Ua h-Anluain, tigherna Ua Niallain, do mharbhadh dia braithribh a meabhail, & na braithri h-í sin do mharbhadh do Uibh Nialláin ina dhioghail ria c-cinn fhichet oidhche.

M1111.7

Comhdhal etir Domhnall Mag Lochlainn & Donnchadh Ua h-Eochadha co n-dernsat síth & caencomhrac, & co t-tarttsat Ulaidh eittiredha a riara féin do Domhnall.

M1111.8

Cathal mac Cathail Uí Mughróin, toiseach Cloinne Cathail do écc.

M1111.9

Cluain Mic Nóis do orccain do Dhail c-Cais tria chomhairle Muirchertaigh Uí Bhriain.

M1111.10

Creach lá Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair, go ro aircc Termann Dá Bheócc.

M1111.11

Creach aile lais, gur ro aircc co Beind Eachlabhra, co Sliabh Rusén, & go Loch Erne.

Annal M1112

M1112.0

Aois Críost, míle céd a do dhécc.

M1112.1

Conghalach, mac Mic Con Chaille, airchinneach Daire, d'écc iar n-degh-aithrighe iarsan c-cethramhadh bliadhain nochat a aoisi.

M1112.2

Gormlaith, inghen Murchadha, mic Diarmada, comharba Brighde d'ég iar b-penainn.

M1112.3

Raith Arda Macha cona tempal do losccadh in deachmhadh


p.994

Callainn April, & dá sreith do Triún Masan, & an tres sreth do Triun Mhór.

M1112.4

Crech la Domhnall Ua Lochlainn tar Fine Gall, .i. co Droichet Dubhghaill, co t-tucc bóromha mhór & braitt iomdha.

M1112.5

Ughaire Ua Lorcáin, tigherna Ua Muiredhaigh, do écc iar b-pendaind i n-Glind Da Lacha.

M1112.6

Tír Da Glass & Fabhar do losccadh.