Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1073

M1073.0

Aois Críost, míle sechtmodha a trí.

M1073.1

Maol Mórdha, abb Imleacha Iubhair.

M1073.2

Corbmac Ua Maol Duin, aird-fher leiginn & sruith-senóir Ereann.

M1073.3

& Giolla Caissi Osraighech, comharba Fedha Dúin, do écc.

M1073.4

Conchobhar Ua Maol Sechlainn, Midhe, do mharbhadh dar sáruchcadh Bachla Iosa tré fheill & meabhail, la mac a dherbhráthar, Murchadh, mac Flainn, & Mídhe d'fásúcchadh iaramh etir Maol Sechlainn, mac Conchobhair, & an Murchadh-sin mac Flainn.

M1073.5

Cluain Ioraird & Cenandus cona templaibh do losccadh uile i n-aon-mhí.

M1073.6

Ceand Chonchobhair Uí Maoileachlainn do bhreith lá Toirrdhealbhach ua m-Briain a Cluain Mic Nóis ar éiccin aidhche Aoine ria c-caiscc móir, & dia domhnaigh fo chédóir tuccadh andes doridhisi co n-dibh failgibh oir amaille fris tria fertaibh Dé & Ciaraín.


p.906

Galar mór do ghabháil an rígh Toirrdhealbhaigh trias rochuir a fholt & a fionnfhadh tria fhiortaibh Dé & Ciaráin, uair an tan ruccadh an cenn 'na fhiadhnuise do sgeind luch a cind Conchobhair fo choim Toirrdhealbhaigh gur bo h-e fochann a ghalair.

M1073.7

Bé Bhind, inghen Bhriain, d'ecc ina h-oilithne i n-Ard Macha.

M1073.8

Domhnall, mac Ualghairg, toiseach Ua n-Duibh Indrecht, & Cú Chaille Ua Finn, tigherna Fer Roiss, d'ecc.

M1073.9

Slóichcedh lá Toirrdhealbhach i l-Leith Chuinn, co n-derna creach diairmidhe for Ghailengaibh, & ro marbhadh Maol Mordha Ua Cathasaigh, tigherna Bregh.

Annal M1074

M1074.0

Aois Críost, míle sechtmhodha a cethair.

M1074.1

Dunán, aird-easpug Atha Cliath.

M1074.2

Diarmaid, mac Maoil Brenainn, comharba Brénainn.

M1074.3

Maol Mordha, comharba Ailbhe.

M1074.4

Cobhthach, abb Disirt Diarmada.

M1074.5

Cú Cairrge Ua Ceallaigh, comharba Mura, d'écc.

M1074.6

Ard Macha do losccadh dia mairt iar m-Beltaine cona uilibh temploiph, & cloccaibh eittir Raith & Trian.

M1074.7

Cumuscach Ua h-Eredan, cenn bocht Ereann, d'ecc iar n-deigh-phennainn & iar n-aithrighe.

M1074.8

Raghnall Ua Madudhain, tanaisi Ailicch, d'ecc.

M1074.9

Donnchadh Ua Ceallaigh, tigherna Ua Maine, do marbhadh la a bhráthair, lá Tadhg, mac mic Concobhair Uí Cheallaigh i n-Inis Locha Caoláin.

M1074.10

Aodh Meranach, Uladh, do bháthadh i l-Luimneach no i Loch Eachach.

Annal M1075

M1075.0

Aois Críost, míle seachtmodha a cúicc.

M1075.1

Cumasccach Ua Erodhan, abb Arda Macha, d'ecc.

M1075.2

Donnchadh Ua Canannain, tigherna Ceneoil Conaill, do mharbhadh.

M1075.3

Amhalghaidh, mac Cathail, tigherna Iarthair Connacht, d'ecc.

M1075.4

Lughmhadh do losccadh cona teampull.

M1075.5

Cluain Ioraird do losccadh cona dertigh.

M1075.6

Domhnall, mac Murchadha, Laighen & Atha Cliath, d'ecc do galar trí n-oidhche.

M1075.7

Cionaoth Ua Con Bethadh, toiseach Cenel m-Binnigh, d'ecc.

M1075.8

Domhnall Ua Caindealbháin do mharbhadh do Airghiallaibh.

M1075.9

Dá mac Augairi I Lorcáin .i. Donnchadh & Giolla Chaoimhghin do mharbhadh lá mac mic Giollu Comhghaill I Thuathail


p.908

ag cosnamh forlámhais Ua Muirdaig dia n-athair.

M1075.10

Slóichcedh lá Toirrdhealbhach ua m-Briain co f-Feraibh Mídhe co Connachtaibh, co n-Gallaibh, Laighnibh, Osraighibh, & Muimhneachaibh imme co rángattar co h-Ath Fhir Diadh do chuingidh giall for Oirghiallaibh, & for Ultaibh. Do-ruachtattar maithe an chuiccidh ina n-acchaidh. Batar enech i n-ionchaibh fri aroile, co ro fighedh iomairecc occ Ard Mónann eitir Airghiallaibh & Muirchertach Ua Briain, .i. ríghdhamhna Mumhan, & ro sraoinedh for Mhuirchertach cona sochraide, & ro ládh dearg-ár a mhuintire, & do-chódar na mhaithe-sin dia t-tighibh gan giall, gan eittire don chur-sin.

M1075.11

Ath Cliath do ghabháil do Mhuirchertach Ua Briain.

Annal M1076

M1076.0

Aois Críost, míle seachtmodha a sé.

M1076.1

Céle, mac Donnaccáin, áird-senóir na n-Gaoidheal, .i. easbog Laighen, d'ecc iar n-deigh-bhethaidh i n-Glinn Dá Locha.

M1076.2

Murchadh, mac Floinn Ui Maoileachlainn, do marbhadh, i c-cend teora n-oidhche cona láibh iar n-gabháil forlámhais Temhra, i c-cloictheach Cenannsa tré fhéill lá tigherna Gaileng .i. la h-Amhlaoibh, mac mic Maoláin, & a mharbhadh-sidhe fein fo chédóir, tria fhertaibh Dé & Cholaim Chille, la Maol Seachlain, mac Concobhair.

M1076.3

Gairbheith Ua h-Innrechtaigh, tigherna Ua Méith, do mharbhadh la Feraibh Mídhe.

M1076.4

Giolla Chríosd ua Duibh Dara, tigherna Fer Manach, do mharbhadh lá Fioru Manach féissin i n-Daimhinis.

M1076.5

Domhnall Ua Críochán, toiseach Ua Fiachrach Arda Sratha, do mharbhadh co n-ár ime lá h-Uibh Tuirtri, & lá Cenel m-Binnigh Glinne.

M1076.6

Slóicchedh la Toirrdhealbhach ua m-Briain h-i c-Connachtaibh, co t-tánaicc Ruaidhri Ua Conchobhair, Connacht, ina theach.

M1076.7

Maidhm Belat ria n-Aodh Ua Maol Sechloinn & ria b-Feroibh Maighe h-Ithe for Chiannachtaibh


p.910

in ro ladh a n-ár.

M1076.8

Teirce bídh isin m-bliadhain-si.

M1076.9

Slóigheadh la cléirchibh Leithe Mogha im mac Maoil Da Lua go Cluain Dolcáin d'ionnarbadh I Rónáin a Cluain Dolcáin ar n-gabail abdaine dó dar sárughadh mic Maoil Da Lua. Conadh annsin do-radad regles cona fherann i c-Cluain Dolcáin do celibh Dé go brath maille re da fhichit decc bó tugadh i n-eneclann do mac Maoil Da Lua.

M1076.10

Ar do chur d'Ua Lorcáin for mhuintir mic Giollu Comhghaill, go t-tugaid trí cinn & tri fichit isin tealaigh re Disiort Diarmad aindes.

M1076.11

Giolla Chríost, mac Cathaláin, flaith Ua n-Ocra, do mharbhadh do mac mic Tuathail.

Annal M1077

M1077.0

Aois Críost, míle sechtmodha a seacht.

M1077.1

Muiredhach Ua Nuadhat, sruith-shenóir Dermhaighe.

M1077.2

Maol Martain mac ua Certa sruith-senóir Cluana Mic Nóis.

M1077.3

& Loingsech Ua Conaire sruith-senóir na Mumhan, do écc.

M1077.4

Fer Dá Chríoch Ua Coibhdenaigh saoi & saccart, d'ecc.

M1077.5

Colcu Ua h-Erodhán, cenn bocht Arda Macha.

M1077.6

Ailbhe, ben tigherna na n-Airther, & comharba Mo Ninne, d'écc.

M1077.7

Ua Loingsich, tigherna Dal n-Araidhe, do mharbhadh lá Dal n-Araidhe bhudhdéissin.

M1077.8

Giolla Pháttraicc Ua Ciardha, tigherna Coirpre, d'ecc.

M1077.9

Ua Celechan, tánaisi na n-Airther, & Ruarc Ua Cathasaigh do mharbhadh.

M1077.10

Murchadh, mac Conchobhair Uí Maoilechlainn, ríoghdhamhna Midhe, do mharbhadh do Fheraibh Teathbha & do Catharnach Sionnach tria format & misccnighe.

M1077.11

Slóigheadh lá Toirrdhealbhach


p.912

ua Briain i n-Uibh Ceinnsealaigh, go ro chuibhrigh mac Domhnaill Remhair, tigherna Ua c-Ceinsealaigh.

M1077.12

Gormlaith inghen Ui Fogarta, ben Toirrdhelbhaigh ui Bhriain, d'ecc, & maoine iomdha d'fodhail di ar cheallaibh & eccailsibh, & ar bhochtaibh an Choimhdheadh do raith a h-anma.

M1077.13

Teirce mhór dan, isin m-bliadhain-si, & ingreim for cheallaibh.

M1077.14

Cluain Mic Nóis do losccadh uile genmotáid a t-teampaill.

M1077.15

Glenn Uisen gona iobhraibh do losccadh.

Annal M1078

M1078.0

Aois Críost, míle seachtmodha a h-ocht.

M1078.1

Corbmac Ua Beáin, comharba Crónain Tuama Greine.

M1078.2

& Coibhdhenach Ultach anmchara Imleacha Iubhair d'ecc. Cenn crabhaidh Ereann esidhe.

M1078.3

Conchobhar Ua Briain, tigherna Ceneóil n-Eoghain & Tealcha Occ do mharbhadh la Cenel m-Bindigh Glinne.

M1078.4

Lethlobhar Ua Laidhgnén, tigherna Airghiall, do mharbhadh lá Ruaidhri Ua Ruadhacan.

M1078.5

Cathal, mac Domhnaill, tigherna Cenel Enda, do mharbhadh la Cenel n-Eoghain na h-Innsi.

M1078.6

Domhnall, mac mic Tighernain, tigherna Conmhaicne, d'ecc.

M1078.7

Maidhm for Uibh Cremhthainn ria f-Feraibh Fernmhaighe h-i Sleibh Fuaitt, i t-torchair Goll Cláraicch & araile amaille fris.

M1078.8

Ar for Conaillibh ria n-Uibh Meith, i t-torchair mac Uí Treodáin, tigherna Conaille.

M1078.9

Lorcán Ua Briain do écc.

M1078.10

Conchobhar Ua Donnchadha, ríoghdhamhna Caisil, d'écc.

M1078.11

Cend Faoladh Ua Dunghalaigh, tigherna Muscraighe Thire ordan & oirechas Mumhan, d'ég.

M1078.12

Cinnedigh Ua Briain do ghabháil tighernais Gaileng.

Annal M1079

M1079.0

Aois Críost, míle seachtmodha a naoi.

M1079.1

Maol Chiaráin, mac Cuinn na m-Bocht, comharba Ciaráin, do écc. Ba eisidhen ordan & airmittin Cluana ina rémhes.

M1079.2

Ceallach Remhor, comharba Brenainn Biorra & Ciaráin Saighre.

M1078.3

Mac Giolla Dhídhe Uí Lorcáin, tigherna Fernmhaighe, dh'écc.

M1079.4

Ceallach Ua Ruanadha, ard-ollamh Ereann ina aimsir, d'ecc.

M1079.5

Cú Midhe, mac Lorcáin, tigherna Fernmhaighe, d'ecc.

M1079.6

Fir Tethbha & Cairpre for crechaibh in h-Uibh Foilghe, go


p.914

gabhsat bú iomdha, co ruccsat h-Ui Failghe forra h-i c-Cluain Ferta Mo Lua, co ro cuiredh ár Fer Tethbha & Cairpre imma righ .i. Mac Con Geimhle.

M1079.7

Oenach Carman la Concobhar Ua c-Conchobhair Failghe .

M1079.8

Aedh Ua Flaithbhertaigh, tigherna Iarthair Connacht, do mharbhadh lá Ruaidhri Ua c-Conchobhair.

M1079.9

Giolla Cennlas, mac Iarnáin do Chonmhaicnibh, do mharbhadh, & a adhnacal h-i c-Cluain Mic Nois.

M1079.10

Mór-sluaighedh lá Toirrdhealbhach ua m-Briain i c-Connachtaibh, go ro dichuir Ruaidhri Ua Conchobhair a righe Connacht.

M1079.11

Toirrdhealbhach ua Briain do dhol for Loch m-Bennchuir, & for Innsibh Modh, & argain na Cruaiche lais.

Annal M1080

M1080.0

Aois Críost, míle ochtmodha.

M1080.1

Muiredhach Ua Mughróin, fer leighinn Cluana Mic Nóis, d'ecc.

M1080.2

Donn Ua Lethlobhair, tigherna Fernmhaighe, do mharbhadh do Uibh Laithen i Sléibh Fuaitt.

M1080.3

Derbhforghaill, inghen mic Briain, ben Diarmada mic Maoil na m-Bó, d'ecc.

M1080.4

Eochaidh Ua Merlígh, tigherna Fernmhuíghe, do mharbhadh.

M1080.5

Donn Sléibhe Ua h-Eochadha do dhol isin Mumhain co maithibh Uladh lais ar cend tuarasdail.

M1080.6

Maidhm Atha Earghail lá taobh Clochair for Feraibh Manach ria n-Domhnall Ua Lochlainn, & ria b-Fheraibh Moighe h-Iotha, i t-torcrattar ingrinntidhe Arda Macha .i. Sitrioc Ua Caomháin, & mac Néill Ui Sherraigh, & daoine iomdha oile. As occ tairrngire an chatha sin ro ráidheatth,

    1. Ath Ergail,
      in drong n-aittlaic aterbhaid,
      sochaidhe bhias gan ionmain,
      do iomghuin Atha Erghail.

M1080.7

Maol Sechlainn, mac Conchobhair, do thiachtain i t-Tethbha, co n-derna indreadh mór ann .i. crech Chuasáin a h-ainm eitir bú & braitt do bhreith lais, & daoine do mharbhadh tria fiortaibh naoimh Chiaráin, uair do airccset Fir Teathbha Cluain Mic Nóis cona derteach isin m-bliadhain-sin.

M1080.8

Sochaidhi do Fheraibh


p.916

Tethbha, & do Mhuinntir Geradháin, & do Cairbribh do theacht ar creich i n-Uibh Failghe, co ruachtattar tearmann Cille h-Achaidh. Tarthatar Uí Failghe iat, & ro mharbhsat Giolla Muire Ua Ciarrdha, tigherna Cairpre, & Aedh, mac meic Dubghaill Mic Fionnbháirr, toiseach Muintire Géradháin, & araill do saor-chlannaibh cenmo-tháit-sídhe.

M1080.9

Eochaidh Ua Loingsigh, tigherna Uaithne Thíre, d'ég.

M1080.10

Slóigheadh lá Toirrdhealbhach ua m-Briain go h-Ath Cliath & go Fiora Midhe, go t-táinic Maoilechlainn ina theach lá Bachaill Iosa, & la comharba Pháttraicc, & lá clérchibh Mumhan.

Annal M1081

M1081.0

Aois Críost, míle ochtmhodha a h-aon.

M1081.1

Mac mhec Con Dabhaill uasal-shagart Arda Macha.

M1081.2

Fothudh h-Ua h-Aille, ard-anmchara Cluana Mic Nóis, & Leithi Cuinn.

M1081.3

Flann Ua Lorcáin, uasal-shagart Lughmhaidh.

M1081.4

Ua Robhartaigh, airchinneach Lughmaidh.

M1081.5

Célechair Ua Cinneittigh, comharba Colaim mic Criomhthainn.

M1081.6

Coindeccan Ua Flainn, comharba Brénainn Cluana Ferta.

M1081.7

& h-Ua Bruic, comharba Senáin Insi Cathaigh, d'ecc.

M1081.8

Corcach Mór Mumhan do losccadh eittir tighibh & templaibh.

M1081.9

Ceall Da Lua do losccadh.

M1081.10

Mac Angeircce, tigherna Conaille, do mharbhadh lá Feraibh Fernmhaighe.

M1081.11

Mac Raith Ua h-Occáin, tigherna Cenel Ferccusa, do mharbhadh.

M1081.12

Maol Mithidh Ua Maol Ruanaidh, tigherna Ua t-Tuirtre, do mharbhadh lá Cenél m-Binnigh Glinne.

M1081.13

Giolla Siadnata mac Amhalghadha, mic Flainn, tigherna Calraighe, do mharbhadh do Mhaol Sechnaill tria fhiortaibh Ciaráin, uair ro aircc-sidhe dertheach Cluana Mic Nóis an bliadhain-sin.

M1081.14

Aru do argain do Ghallaibh.

M1081.15

Mac Amhalghaidh mac Floinn,


p.918

tigherna Callraighi, do mharbhadh la Maoileachlainn mac Conchobhair.

M1081.16

Cu Catha Ua Colmáin d'ég.

Annal M1082

M1082.0

Aois Críost, míle ochtmodha a dó.

M1082.1

Cionaedh Ua Ruaidhin, tánaissi abbadh Cluana Mic Nóis, senóir & cend athcomhairc.

M1082.2

Conchobhar Ua Uathghaile, fer leighinn Glinne h-Uissen.

M1082.3

& Dúnchadh Ua Cetfadha, dá shruith-shenóir iarthair Laighen iad-sidhe, & a n-écc.

M1082.4

Giolla Críost Ua Maol Fabhaill, tigherna Cairrcce Brachaidhe.

M1082.5

Fionnchadh mac Amhalghadha, toiseach Cloinne Bresail.

M1082.6

Flaithbhertach Ua Maoile Dúin, tigherna Luircc.

M1082.7

Uidhrin Ua Maoil Muire, taoisech Cenél Fearadhaigh, d'écc.

M1082.8

Domhnall, mac Taidhg Uí Chonchobhair, ríoghdhamhna Connacht, do mharbhadh la derbhrathair a athar, lá Cathal mac Aodha Uí Conchobhair, gan nach cion aithnidh do dhaoinibh, acht ar tnúth & format.

M1082.9

Cathal Ua Conchobhair do mharbhadh lá Ruaidhri Ua c-Conchobhair i c-cath co sochaidhe móir ime.

M1082.10

Dream mhór d'Iarthar Midhe, do Dealbhna, & Cuircne do mharbhadh for Loch RíbhDomhnall, mac Floinn, mic Maoilechlaind, & maidhm na n-ethar ainm an mhadhma tuccadh forra.

M1082.11

Reíleacc chailleach Cluana Mic Nóis do losccadh cona doimh liag, & gusan trian airtherach don chill uile.

M1082.12

Domhnall, mac Conchobhair Uí Bhriain, do mharbadh.